@tumoid2022 #tumoid
An Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh 10-11 Meitheamh 2022 Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach, Éire
An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh
CLÁR NA nÁBHAR • Aitheasc an Uachtaráin
5
• Aitheasc an Stiúrthóra
7
• Páirtnéirí na Comhdhála
9
• Buíochas
11
• Snáitheanna na Comhdhála
13
• Príomh-chainteoirí na Comhdhála
15
• Faisnéis Ghinearálta
17
• President’s Address
6
• Léarscáil na Comhdhála
19
• A Message from the Conference Director
8
• Forbhreathnú ar an gClár
21
• Conference Partners
10
• Sracfhéachaint ar Chlár na Comhdhála
23
• Acknowledgements
12
• Coimrithe na Comhdhála
28
• Conference Strands
14
• Plenary Speakers
16
• General Information
18
• Conference Room Map
19
• Programme Overview
22
• Conference Programme at a Glance
25
• Conference Abstracts
28
• Nótaí
TABLE OF CONTENTS
• Notes
Aitheasc an Uachtaráin
Fearaim fáilte ó chroí romhaibh ar fad chuig Coláiste Mhuire gan Smál, (CMgS), Luimneach. Ó bunaíodh an Stát, tá teagasc na Gaeilge ina ghné lárnach de gach clár gairmiúil Oiliúna Tosaigh Múinteoirí sa choláiste. Tá breis is 5,000 mac léinn ag freastal ar dhá champas mhóra sa Choláiste sa lá atá inniu ann, agus tá cláir ar fáil ann san Oideachas Bunscoile agus san Oideachas Iar-Bhunscoile, sna Saorealaíona agus sa Chúram agus san Oideachas Luath-Óige, mar aon le cláir iarchéime ar leibhéal dioplóma, máistreachta agus PhD. Tá an Coláiste chun tosaigh sa chóras oideachais go náisiúnta agus tá tionchar mór aige air. Tá dea-cháil ar an gColáiste, agus údar maith leis, as ardchaighdeán a chéimithe agus an méid ollmhór a chuireann siad leis an scolaíocht in Éirinn. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá CMgS ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht i réimse na forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí. De réir mhisean an Choláiste, tugaimid an-aird ar an bhfreagracht atá orainn cothú agus saibhriú a dhéanamh ar inniúlachtaí oideolaíocha, ar an gceannaireacht agus ar an taighde sa tumoideachas agus san oideachas Gaeltachta. Tá an-bhród orainn ar fad as an méid a chuirimid le réimse an tumoideachais agus leis an taighde. Tá M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á chur ar fáil sa choláiste ó bhí 2012 ann, Tá an clár hibrideach trasearnála seo ar an gcéad chlár i bPoblacht na hÉireann atá deartha go sonrach d’oideoirí agus do dhaoine gairmiúla eile san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá clár teastais iarchéime (An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA) san Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta) á chur ar fáil againn ó 2021 freisin. Sa chlár iarchéime seo, (TTA), déantar freastal ar na riachtanais forbartha gairmiúla mar aon leis na hinniúlachtaí teanga riachtanacha chun ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge (gaelcholáiste) agus Ghaeltachta agus in aonaid lán-Ghaeilge. Tá gealltanas i gClár an Rialtais, Ár dTodhchaí le Chéile (2020), chun beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó shuíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim go dtí an tríú leibhéal. An fhís atá ann, mar a leagtar amach i gClár an Rialtais, an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo agus cur le bunsraitheanna córais oideachais ina n-aithnítear an Ghaeilge mar theanga bheo labhartha agus scríofa agus ina spreagtar í agus ina mbítear ag saothrú go gníomhach chun í a chur chun cinn. Le forbairt beartais nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de limistéir Ghaeltachta, glacfar céim mhór i dtreo an sprioc fhoriomlán i gClár an Rialtais a bhaint amach, agus neartófar an dul chun cinn a rinneadh le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022. Creat a bheidh sna beartais thábhachtacha sin chun oideachas lán-Ghaeilge den chéad scoth a sheachadadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus i suíomhanna luathfhoghlama agus luathchúraim sa Ghaeltacht féin agus lasmuigh di. Tá plé gairmiúil lánbhrí, athmhachnamh criticiúil agus fiosrú comhoibríoch ríthábhachtach ag an bpointe seo le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais agus an oideachais mionteanga ar fud na cruinne. Ag an ócáid dhá lá seo, cuirfear deiseanna ar fáil do thaighdeoirí agus d’oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus sa tumoideachas idirnáisiúnta araon machnamh criticiúil a dhéanamh ar thaighde i gcomhthéacs an tumoideachais agus an taighde sin a chomhroinnt. Soláthrófar deiseanna freisin leis na treochtaí nua i réimse síorathraitheach an tumoideachais a mhalartú agus a phlé. Dá réir sin, tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an gcomhdháil seo, an Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Deis luachmhar atá sa chomhdháil freisin chun bualadh le comhghleacaithe agus aithne a chur ar phobal domhanda oideoirí agus scoláirí tumoideachais. Guím gach rath ort sna comhráite agus sa phlé go léir a dhéanfaidh tú anseo inár dteannta
An tOllamh Eugene Wall Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál
5
President’s Address
I warmly welcome you to Mary Immaculate College (MIC), Limerick. Since the foundation of the State, Irish language teaching has been an integral component of all professional Initial Teacher Education programmes at MIC. Today, hosting more than 5,000 students across 2 large campuses, MIC offers programmes in Primary and PostPrimary Education, Liberal Arts and Early Childhood Care and Education, as well as a range of postgraduate programmes at Diploma, Masters and PhD levels. The College is a leading and influential contributor to the education system nationally, and is justifiably renowned for the high calibre of its graduates and their immense contribution to schooling in Ireland. For some decades past, MIC has been at the vanguard of innovation in the field of continuing professional development for teachers. In keeping with the mission of the College, we are deeply mindful of our responsibility to support and enrich pedagogical competencies, leadership and research in language immersion and Gaeltacht education. We are especially proud of our contribution to the field of immersion education and research. Since 2012, MIC has offered an MEd in Irish-medium and Gaeltacht Education programme, the first hybrid cross-sectoral programme in the Republic of Ireland designed specifically for immersion educators and other professionals in Irish-medium and Gaeltacht education. We also offer a Postgraduate Certificate programme (An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe (TTA) san Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta) since 2021. This postgraduate programme attends to professional development requirements as well as the mandatory language proficiency required to teach content through Irish in Irish-medium (Gaelcholáistí) and Gaeltacht post-primary schools as well as Irish-medium units (Aonaid Lán-Ghaeilge). The Programme for Government, Our Shared Future (2020), includes a commitment to provide a comprehensive policy for the Irish language from early learning and care settings to third level. The ambition, as set out in the Programme for Government, is to foster Irish as a living language and to build on the foundations of an education system that recognises, encourages and actively works to promote Irish as a daily spoken and written language. The development of a new policy for Irish-medium education outside of Gaeltacht areas will be an important step towards achieving the overall target in the Programme for Government and will build on progress made in the implementation of the Policy on Gaeltacht Education 2017-2022. These important policies will provide a framework for the delivery of high-quality Irish-medium education in Irish-medium schools and early learning and care settings located in and outside of Gaeltacht areas. Meaningful professional dialogue, critical reflection and collaborative inquiry are key at this critical juncture for the continued success and growth of Irish-medium and Gaeltacht education in Ireland, as well as language immersion and minority language education across the globe. This two-day event provides opportunities for immersion researchers and Irish-medium immersion and immersion educators internationally, to critically reflect on and share research in the context of immersion education, providing the space to exchange and discuss new directions in the ever-evolving field of immersion education. Accordingly, I hope that this conference, an Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas, will be an engaging and impactful learning experience for you. The conference also provides a valuable opportunity to catch up with colleagues and network with a global community of immersion educators and scholars. I wish you every success in your discussions and your debates here with us.
Professor Eugene Wall President of Mary Immaculate College
6
Aitheasc Fáiltithe le Stiúrthóir na Comhdhála
Fearaim fáilte romhaibh ar fad chuig an Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh. Is é is aidhm leis an gcomhdháil seo ná an lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla a thabhairt le chéile chun taighde, teoiric agus dea-chleachtais an tumoideachais a chomhroinnt agus a phlé, agus chun plé gairmiúil bríoch a thionscnamh agus a chothú thar theangacha, leibhéil agus comhthéacsanna éagsúla an tumoideachais. Ní fhéadfaí An Tumoideachas: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh a reáchtáil gan tacaíocht agus dúthracht na gcomhpháirtithe seo a leanas: • • • • • •
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan-Campas Chiarraí Gaeloideachas Foras na Gaeilge Comhairle na Gaelscolaíochta.
Bíonn tacaíocht nach beag ag teastáil chun dearadh, cur i bhfeidhm agus mionchoigeartú a dhéanamh ar chóras tumoideachais a n éiríonn leis an dátheangachas suimitheach, an délitearthacht, an inniúlacht ilchultúrtha agus gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an tacaíocht sin bunaithe ar an léann sa teagasc agus san fhoghlaim sa tumoideachas, ar cheannaireacht fhíseach, agus ar an nuálaíocht agus ar an abhcóideacht i measc an phobail. Ardán idirnáisiúnta atá sa chomhdháil seo. Tarraingítear le chéile ann an plé is déanaí ar chúrsaí acadúla agus beartais, agus cuirtear díospóireacht chriticiúil chun cinn ar idirnaisc chasta an tumoideachais. Beidh an chomhdháil ar siúl ar feadh dhá lá agus, i rith an ama sin, déanfar spreagaithisc, siompóisiamaí, póstaeir agus páipéir thaighde a chur i láthair faoi na snáitheanna seo a leanas: • Oideolaíocht agus Measúnú sa Tumoideachas • Ceannaireacht agus Foghlaim Ghairmiúil • An Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha. Dealraíonn sé go mbeidh dhá lá iontacha agus an-suimiúil ann mar thoradh ar dhoimhneacht an léinn agus ar fhairsinge na taithí atá ag na rannpháirtithe. Tugaim cuireadh daoibh páirt a ghlacadh sna deiseanna iomadúla líonraithe a chuirfear ar fáil sa chomhdháil seo agus a bheith rannpháirteach sa díospóireacht chriticiúil ar na ceisteanna leanúnacha agus ar na freagraí nuálacha ar leith a bhaineann leis an tumoideachas. Thar ceann Choiste Feidhmiúcháin na Comhdhála, tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as an gcomhdháil agus gur ócáid nuálach, dhúshlánach a bheidh ann. Tá súil agam freisin go mbainfidh sibh ardtaitneamh as tréimhse a chaitheamh i gcathair álainn Luimnigh. Le mórbhuíochas,
________________________________ An Dr T.J. Ó Ceallaigh Tionólaí agus Cathaoirleach na Comhdhála
7
Welcoming address from the Conference Director
Welcome to The Third All-Ireland Research Conference on Immersion Education – Immersion Education: Taking Stock and Moving Forward. This conference aims to bring together academics, practitioners and professionals to exchange and discuss immersion research, theory and best practices and to initiate and sustain meaningful professional dialogue across languages, levels and diverse immersion contexts. Immersion Education: Taking Stock and Moving Forward would not have been possible without the support and commitment of the following conference partners: • • • • • •
Mary Immaculate College, Limerick An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta Munster Technological University-Kerry Campus Gaeloideachas Foras na Gaeilge Comhairle na Gaelscolaíochta.
Designing, implementing, and refining language immersion education which successfully promotes additive bilingualism, biliteracy, multicultural competence, and academic achievement requires considerable support. It is critical that this support is powered by scholarship in immersion teaching and learning, visionary leadership and community innovation and advocacy. This conference provides an international forum that brings together the latest academic and policy discussions, and promotes critical debate on these often-complex interconnections of language immersion education. During the two-day event, keynote addresses, symposia, posters and research papers will be presented under the following strands: • Immersion Pedagogy and Assessment • Leadership and Professional Learning • Policy and Innovation in Bilingual/Multilingual Communities. The depth of scholarship and breadth of experience represented by the participants promises an exciting and fruitful two days. I invite you to participate in the multiple network opportunities this conference offers and engage in critical debate on the enduring questions and innovative responses unique to immersion education. On behalf of the Conference Executive Committee, I wish you all an innovative, productive and challenging conference experience and an enjoyable time in the wonderful city of Limerick. Le mórbhuíochas,
__________________________________ Dr T.J. Ó Ceallaigh Conference Convenor and Chair
8
COMHPHÁIRTITHE NA COMHDHÁLA Tá an chomhdháil á heagrú i gcomhpháirt le:
Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh www.mic.ul.ie An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta www.cogg.ie Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan www.ittralee.ie Gaeloideachas www.gaelscoileanna.ie Foras na Gaeilge www.forasnagaeilge.ie Comhairle na Gaelscolaíochta. www.comhairle.org
FOIREANN FEIDHMIÚCHÁIN NA COMHDHÁLA • T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach • Jacqueline Ní Fhearghusa, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta • Muiris Ó Laoire, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Trá Lí • Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaeloideachas • Colm Ó hArgáin, Foras na Gaeilge • Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhairle na Gaelscolaíochta
9
CONFERENCE PARTNERS The conference is organised in conjunction with:
Mary Immaculate College, University of Limerick www.mic.ul.ie An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta www.cogg.ie Munster Technological University www.ittralee.ie Gaeloideachas www.gaelscoileanna.ie Foras na Gaeilge www.forasnagaeilge.ie Comhairle na Gaelscolaíochta. www.comhairle.org
CONFERENCE EXECUTIVE TEAM • T.J. Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach • Jacqueline Ní Fhearghusa, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta • Muiris Ó Laoire, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Trá Lí • Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaeloideachas • Colm Ó hArgáin, Foras na Gaeilge • Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhairle na Gaelscolaíochta
10
Buíochas
Ní fhéadfaí an chomhdháil seo a reáchtáil gan an tacaíocht fhial a thug an iliomad daoine dúinn. Is mian le Foireann Feidhmiúcháin na Comhdhála buíochas ó chroí a ghabháil le comhpháirtithe na comhdhála as an gcabhair airgeadais, as an treoir agus an tacaíocht a thug siad dúinn. Táimid go mór faoi chomaoin ag na daoine seo a leanas ach go háirithe: An tOllamh Eugene Wall, Uachtarán, Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS) an tOllamh Éimear Ní Rinn, Déan an Oideachais,(an Luathoideachas agus Oideachas Múinteoirí), CMgS agus an tUas. Seán de Brún, Ceann Roinne, an Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta, CMgS; An tUas. Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Aisling Sharkey, Ceann Roinne, Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Michéal S. Mac Donnacha, Uas., Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Gaeloideachas; An tUas.Seán Ó Coinn, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Fhoras na Gaeilge, An tUas. Gearóid Mac Ádhaimh, Cathaoirleach, agus comhaltaí boird Chomhairle na Gaelscolaíochta. Tá Foireann Feidhmiúcháin na Comhdhála fíorbhuíoch as an gcabhair a thug go leor daoine dúinn agus as an obair a rinne siad chun go mbeadh rath ar An Tríú Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Go háirithe, ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Foireann Pleanála agus Forbartha na Comhdhála, lena n-áirítear Sylvaine Ní Aogáin, Carmel Nic Airt, Toirdealbhach Ó Lionáird, Sarah Ní Dhuinnín, Karen Ní Chlochasaigh, Máire Uí Chonghaile, Nóra Ní Bheaglaoich, Siobhán Ní Mhurchú, Caitríona Ní Mhurchú, Christine Ní Chathasaigh, Caoileann Ní Dhonnchadha, Caitríona Ní Luasa, Conchúr Ó Brolcháin, Chris McDowell agus Avid Design. Ar deireadh, ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don tsárthacaíocht eagrúcháin agus riaracháin a thug baill foirne Choláiste Mhuire gan Smál dúinn, go háirithe Triena Delany agus Caroline Coyne san Oifig Oideachais; Ciara Ní Shúilleabháin agus an fhoireann go léir san Oifig na Cumarsáide Straitéisí agus na Margaíochta, Kieran Pearse agus baill foirne na Roinne TFC, Rachel Costello agus an Rannóg Cothabhála agus Emily Ronan agus an fhoireann lónadóireachta. Míle buíochas.
11
Acknowledgements
This conference would not have been possible without the support of many people. The Conference Executive Team gratefully acknowledges the financial assistance, direction and support provided by the conference partners and is especially indebted to: Professor Eugene Wall, President, Mary Immaculate College (MIC), Professor Emer Ring, Dean of Education, (Early Childhood and Teacher Education), MIC, and an tUas. Seán de Brún, Head of Department, Department of Language and Literacy, MIC; An tUas. Dónal Ó hAiniféin, Chairperson, and council members of An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Aisling Sharkey, Head of Department, Department Social Sciences, Institute of Technology Tralee; Michéal S. Mac Donnacha, Uas., Chairperson, and board members of Gaeloideachas; An tUas. Seán Ó Coinn, Chairperson, and board members of Foras na Gaeilge; An tUas. Gearóid Mac Ádhaimh, Chairperson, and board members of Comhairle na Gaelscolaíochta. The Conference Executive Team is very grateful for the help offered by many individuals who worked to make The Third All-Ireland Research Conference on Immersion Education a success. In particular, we wish to thank members of the Conference Planning and Development Team - Sylvaine Ní Aogáin, Carmel Nic Airt, Toirdealbhach Ó Lionáird, Sarah Ní Dhuinnín, Karen Ní Chlochasaigh, Máire Uí Chonghaile, Nóra Ní Bheaglaoich, Siobhán Ní Mhurchú, Caitríona Ní Mhurchú, Christine Ní Chathasaigh, Caoileann Ní Dhonnchadha, Caitríona Ní Luasa, Conchúr Ó Brolcháin, Chris McDowell and Avid Design. Finally, we would like to recognise the excellent organisational and administrative support provided by Mary Immaculate College staff, in particular, Triena Delany agus Caroline Coyne, Education Office; Ciara Ní Shúilleabháin and the team at the Strategic Communications & Marketing (SCM) Office and Kieran Pearse and staff at the ICT Department, Rachel Costello and the Maintenance Team and Emily Ronan and the Catering Team. Míle buíochas.
12
SNÁITHEANNA NA COMHDHÁLA Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus beidh páipéir, siompóisiamaí agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha i láthair: OIDEOLAÍOCHT AGUS MEASÚNÚ SA TUMOIDEACHAS Tá an teagasc ardchaighdeán ríthábhachtach chun feabhas a chur ar fhoghlaim na ndaltaí. Cé go bhfuil sé léirithe arís is arís eile sa taighde go bhfuil éifeacht leis an tumoideachas i suíomhanna teanga éagsúla, níl tuiscint iomlán againn fós ar oideolaíocht ná ar mheasúnú sa tumoideachas. Tá dúshláin ann i gcónaí do mhúinteoirí tumoideachais agus, freisin, d’oidí múinteoirí tumoideachais. Dírítear sa snáithe seo ar na ceisteanna teoiriciúla agus praiticiúla a bhíonn mar bhonn agus marthaca do..?? chleachtais teagaisc agus mheasúnaithe i gcomhthéacsanna tumoideachais agus oideachais mionteanga. Is ardán é an snáithe seo don taighde atá dírithe ar an seomra ranga agus do na cleachtais teagaisc ina dtugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an inniúlacht teanga, an délitearthacht trasna an churaclaim, agus máistreacht ar an ábhar tríd an tumtheanga nó an mionteanga, a chur chun cinn agus a mheasúnú.
CEANNAIREACHT AGUS FOGHLAIM GHAIRMIÚIL Ní mór d’oideoirí tumoideachais agus oideachais mionteanga a thuiscint conas gnéithe de dhearadh an chláir agus den chur i bhfeidhm a ailíniú go héifeachtach le cuspóirí sonracha, le pobail foghlaimeoirí, agus le riachtanais an phobail. Gnéithe ríthábhachtacha lena spreagtar cláir rathúla thumoideachais agus oideachais mionteanga is ea iad an oiliúint tosaigh múinteoirí agus iarrachtaí i leith na forbartha gairmiúla. Tá na gnéithe sin ríthábhachtach chun múinteoirí a sholáthar ag a bhfuil na hinniúlachtaí éigeantacha teanga agus cultúrtha mar aon leis na cleachtais oideolaíocha ghaolmhara atá ag teastáil chun go n-éireoidh go maith leis na foghlaimeoirí. Dírítear sa snáithe seo ar réimse paradacsaí agus mianach, agus soláthraítear leis athmheasúnú ar ghnéithe a bhaineann leis an bhféinmheastóireacht scoile, leis an gceannaireacht agus le forbairt oideoirí i gcomhthéacsanna tumoideachais agus mionlaigh teanga.
AN BEARTAS AGUS AN NUÁLAÍOCHT I BPOBAIL DHÁTHEANGACHA/ILTEANGACHA Is minic a bhíonn ról ríthábhachtach ag an gcóras oideachais i bhforbairt agus i gcothabháil teangacha (mionteangacha agus mórtheangacha ina measc) i bpobail dhátheangacha/ilteangacha. Faoin snáithe seo, is féidir iniúchadh a dhéanamh ar an ról sin agus féachtar ar bheartais, reachtaíocht, tionscnaimh abhcóideachta, straitéisí chun páirtithe leasmhara a mhealladh, agus tionscadail chun an tacaíocht le haghaidh an oideachais mionteanga a fhairsingiú i bpobail dhátheangacha/ilteangacha.
13
CONFERENCE STRANDS This conference will examine issues related to immersion education. Papers, symposia and posters will be presented based on the following general strands: IMMERSION PEDAGOGY AND ASSESSMENT High quality teaching is vital to improving student learning. While research has consistently shown immersion to be effective in various language settings, our understanding of immersion pedagogy and assessment remain incomplete. Challenges for immersion teachers and indeed immersion teacher educators persist. This strand focuses on the theoretical and practical questions that underpin instructional and assessment practices in immersion and minority language contexts. It showcases innovative classroom-orientated research and teacher practices that address the challenges of promoting and assessing language proficiency, biliteracy across the curriculum, and content mastery through immersion or minority language.
SCHOOL SELF-EVALUATION, LEADERSHIP AND EDUCATOR DEVELOPMENT Immersion and minority language educators need to understand how to align programme design and implementation features effectively with specific purposes, learner populations, and community needs. Initial teacher education and professional development endeavors are key drivers of successful immersion and minority language programmes. They are central to the supply of teachers with the mandatory linguistic and cultural competencies as well as associated pedagogical practices required to ensure learners’ success. This strand focuses on a range of paradoxes and potentialities and provides a re-examination of aspects pertaining to school self-evaluation, leadership and educator development in immersion and language minority contexts.
PUBLIC POLICY AND INNOVATION IN BILINGUAL/MULTILINGUAL COMMUNITIES The education system often plays a key role in the development and maintenance of languages (including minority and majority languages) in bilingual/multilingual communities. This strand allows for the exploration of that role and examines policies, legislation, advocacy initiatives, strategies for engaging stakeholders and projects for expanding support for minority language education within bilingual/multilingual communities.
14
PRÍOMH-CHAINTEOIRÍ NA COMHDHÁLA
Roy Lyster Ollamh Emeritus le hOideachas sa Dara Teanga, Ollscoil McGill, Ceanada
Mórthionól: Why and How to Support Sustained Use of the Immersion Language
Diane (Dee) Tedick Ollamh le hOideachas sa Dara Teanga, Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe
Mórthionól: Effective Immersion Teacher Professional Development
Tá Roy Lyster ina Ollamh Emeritus le hOideachas sa Dara Teanga in Ollscoil McGill. Ina chuid taighde, féachann sé ar an teagasc ábharbhunaithe sa dara teanga agus ar éifeachtaí idirghabhálacha teagaisc a bhfuil sé mar aidhm leo cothromaíocht a aimsiú idir cuir chuige fhoirmdhírithe agus cuir chuige ábharbhunaithe. Cuimsítear lena thaighde freisin an fhorbairt ghairmiúil agus an comhoibriú idir múinteoirí ar mhaithe leis an bhfoghlaim teanga chomhtháite agus le forbairt an dátheangachais. Bronnadh Gradam Paul Pimsleur as Taighde in Oideachas sa Dara Teanga air in 1998 i gcomhar le Leila Rannta agus bhronn Cumann Múinteoirí Dara Teanga i gCeanada Gradam Robert Roy air in 2017. Chaith sé tréimhse mar chomh-uachtarán agus mar uachtarán ar Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí i gCeanada idir 2004 agus 2008. Tá sé ina údar ar mhodúl dar teideal Content-Based Language Teaching a d’fhoilsigh Routledge in 2018, mar aon le trí leabhar: Learning and Teaching Languages Through Content a d’fhoilsigh Benjamins in 2007; Vers une approche intégrée en immersion a d’fhoilsigh CEC Publishing in 2016, agus Scaffolding language development in immersion and dual language classrooms (in éineacht le D. J. Tedick) a d’fhoilsigh Routledge in 2020.
Tá Diane (Dee) Tedick ina hOllamh le hOideachas sa Dara Teanga in Ollscoil Minnesota, áit a bhfuil sí ina hoideoir múinteoirí agus ina taighdeoir i réimse an tumoideachais le breis is 30 bliain anuas. I measc na réimsí spéise atá aici, áirítear forbairt teanga daltaí i ranganna tumoideachais agus oideachas agus forbairt ghairmiúil múinteoirí tumoideachais. Cuireann sí eispéiris foghlama gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí tumoideachais agus dátheangacha sna Stáit Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. Tá leabhar do mhúinteoirí tumoideachais foilsithe aici le déanaí (i gcomhar le Roy Lyster) dar teideal Scaffolding Language Development in Immersion and Dual Language Classrooms (Routledge). Bhí sí ar dhuine de chomheagarthóirí ar dhá leabhar ar an tumoideachas freisin atá foilsithe ag Multilingual Matters: Pathways to Multilingualism: Evolving Perspectives on Immersion Education (2008) agus Immersion Education: Practices, Policies, Possibilities (2011). Bronnadh Gradam Paul Pimsleur uirthi faoi dhó as a cuid taighde in Oideachas i dTeanga Iasachta: in 2013 i gcomhar le Laurent Cammarata agus in 2016 i gcomhar le Tara Fortune.
15
PLENARY SPEAKERS
Roy Lyster Professor Emeritus of Second Language Education, McGill University, Canada
Plenary Address: Why and How to Support Sustained Use of the Immersion Language
Diane (Dee) Tedick Professor of Second Language Education, University of Minnesota, USA
Plenary Address: Effective Immersion Teacher Professional Development
Roy Lyster is Professor Emeritus of Second Language Education at McGill University. His research examines content-based second language instruction and the effects of instructional interventions designed to counterbalance form-focused and content-based approaches. His research interests also include professional development and collaboration among teachers for the purpose of integrated language learning and biliteracy development. He was corecipient with colleague Leila Ranta of the 1998 Paul Pimsleur Award for Research in Foreign Language Education and was presented the Robert Roy Award by the Canadian Association of Second Language Teachers in 2017. He was co-president then president of the Canadian Association of Applied Linguistics from 2004 to 2008. He is author of a module called Content- Based Language Teaching published by Routledge in 2018, and three books: Learning and Teaching Languages Through Content published by Benjamins in 2007, Vers une approche intégrée en immersion published by CEC Publishing in 2016, and Scaffolding language development in immersion and dual language classrooms (with D. J. Tedick) published by Routledge in 2020.
Diane (Dee) Tedick is Professor of Second Language Education at the University of Minnesota, where she has been a teacher educator and researcher in the field of language immersion education for over 30 years. Her research interests include student language development in immersion classrooms and immersion teacher education and professional development. She provides professional learning experiences for immersion and bilingual teachers in the U.S. and internationally. She recently published (with co-author Roy Lyster) a book for immersion teachers titled Scaffolding Language Development in Immersion and Dual Language Classrooms (Routledge). She has also co-edited two books on immersion, both published by Multilingual Matters: Pathways to Multilingualism: Evolving Perspectives on Immersion Education (2008) and Immersion Education: Practices, Policies, Possibilities (2011). She has twice received the U.S. Paul Pimsleur Award for Research in Foreign Language Education, in 2013 with co-recipient Laurent Cammarata, and in 2016 with Tara Fortune.
16
FAISNÉIS GHINEARÁLTA Clárú I gcás ina bhfuil na táillí clárúcháin íoctha agat ar líne cheana féin, féadfaidh tú do phacáiste clárúcháin a bhailiú mar aon le do chárta aitheantais ag Deasc Clárúcháin agus Faisnéise na Comhdhála. Is é seo a leanas láthair Dheasc Clárúcháin agus Faisnéise na Comhdhála nuair a bheidh an chomhdháil ar siúl: Dé hAoine 9.00 r.n. - 5.00 i.n. – Limistéar Fáiltithe, Foirgneamh Teamhair Dé Sathairn 8.00 r.n.- 1.30 i.n. – Limistéar Fáiltithe, Foirgneamh Teamhair Má bhíonn ceist nó ábhar imní ar bith agat, beidh foireann na comhdhála ann chun cabhrú leat ar an uile bhealach. Aitheasc Fáiltithe na Comhdhála Reáchtálfar an seisiún iomlánaíoch maidin Dé hAoine. Cuirfear tús leis an ócáid ag 11-00 r.n. i Seomra T1.18, Foirgneamh Teamhair. Beidh sos tar éis an chéad phríomhchainteora, agus beidh sólaistí agus sneaiceanna in aisce ar fáil. Cuir i Láthair agus Trealamh Beidh ríomhaire ar a mbeidh PowerPoint ar fáil i ngach aon seomra, mar aon le scáileán agus teilgeoir LCD. Molaimid duit dhá chóip de do chur i láthair a thabhairt in éineacht leat ar eagla go dteipfeadh ar cheann acu. Anuas air sin, molaimid duit cóip den chur i láthair a sheoladh chugat féin ar ríomhphost freisin, ar fhaitíos na bhfaitíos. Leagan amach na seisiún Páipéir (léachtaí 20 nóiméad): Is é atá i gceist le páipéar anseo ná cur i láthair 20 nóiméad ar cheann de na trí fhothopaic comhdhála. Déanfar na páipéir a aicmiú de réir téama.. Beidh seisiúin phainéil ar siúl i gcomhthráth lena chéile i rith na comhdhála. Mairfidh na painéil ar feadh 120 nóiméad. Beidh ceathrar cainteoirí ar gach painéal, rud a fhágfaidh go mbeidh 30 nóiméad ar an iomlán ag gach cainteoir don chur i láthair agus chun ceisteanna a fhreagairt. Póstaer a chur i láthair 30 nóiméad): D’fhéadfaí go mbeadh an cineál cuir i láthair seo oiriúnach chun réamhthorthaí staidéir taighde a léiriú nó i gcás staidéir ina mbeadh léiriú amhairc níos oiriúnaí. Féadfaidh údair ag na seisiúin seo sonraí a chur i láthair agus tairbhe a bhaint as plé agus aiseolas neamhfhoirmiúil ó lucht freastail na comhdhála. Féadfar póstaeir, léiriúcháin dhigiteacha ar ríomhaire, ealaín, nó meáin amhairc a úsáid. Ba cheart achoimre ar chuspóirí agus ar mhodheolaíocht an taighde a chur i láthair, agus féadfar é sin a chur ar fáil ar bhileog ar leith. Cathaoirligh ar na Seisiúin Beifear ag súil go ndéanfaidh na cathaoirligh ar na seisiúin iad féin agus na cainteoirí eile a chur in aithne (go tapa), go gcinnteoidh siad go dtosóidh agus go gcríochnóidh an seisiún in am agus go roinntear an t-am go cothrom idir na cainteoirí éagsúla. Iarrtar ar an gcathaoirleach ar an seisiún ról an mhaoir ama a ghlacadh. Chuige sin, beidh cárta buí agus cárta dearg in úsáid mar leid amhairc do na cainteoirí, rud a chuirfidh in iúl dóibh nuair nach bhfuil ach 5 nóiméad fágtha acu agus nuair atá an t-am istigh. Ba cheart an t ord a leanúint faoi mar atá leagtha amach sa chlár. I gcás nach mbeadh cainteoir áirithe i láthair, , ba cheart cloí leis an gclár ama bunaidh mar bíonn an clár ama in úsáid ag an lucht freastail chun pleanáil a dhéanamh do na cuir i láthair éagsúla. Rochtain ar an Idirlíon agus na meáin shóisialta Beidh nasc gan sreang (WiFi) leis an Idirlíon ar fáil ar fud limistéar na comhdhála. Mar sin féin, molaimid go láidir duit gan bheith ag brath ar nasc beo leis an idirlíon don chur i láthair. Lean na treoracha seo a leanas chun an WiFi a úsáid: Fearann: Visitor
Ainm Úsáideora: tumoid
Pasfhocal: tumoid2022!
Twitter Lean sinne ar Twitter @tumoid2022 Haischlib na comhdhála: #tumoid Clib @tumoid2022 ag baint úsáide as #tumoid
17
GENERAL INFORMATION Registration If you have already paid online, you will be able to collect your registration pack along with your name tag at the Conference Registration and Information Desk. . The Conference Registration and Information Desk will be located at the following location during the conference: Friday 9. 00am - 5.00pm – Reception Area, Tara Building Saturday 8.00a m - 1.30pm – Reception Area, Tara Building If you have any questions or concerns, conference personnel will happily assist you in any way they can. Conference Welcome The plenary session will be held on Friday morning, with the event beginning at 11-00 a.m. in Room T1.18, Tara Building. There will be an interval after the first keynote address and complementary refreshments and snacks will be served. Presentations and Equipment All rooms will be equipped with a computer pre-installed with PowerPoint, as well as a screen and LCD projector. We recommend that you bring two copies of your presentation in case one fails, and suggest sending yourself the presentation by email as a further precaution. Session Format Papers (20 minute talks): A paper here is defined as a 20-minute presentation on one of the three sub-topics of the conference. Papers will be classified thematically.. Parallel panel sessions will run for the duration of the conference. Panels run for 120 minutes, with four presenters per panel, so each presenter has 30 minutes in total for presentation and Q&A. Poster presentation (30 minutes): This presentation format may be suitable to showcase preliminary results of a research study or for a study where visual representation may be more feasible. Authors at these sessions may present data and benefit from informal discussions and feedback from other conference delegates. Posters, digital computer-based representations, art or visual media may be used. A summary on the objectives and methodology of the research should be presented and may be made available on a separate sheet. Session Chairs Session chairs are expected to introduce themselves and other speakers (briefly), ensure that the session begins and ends on time, and that the time is divided fairly between presentations. The session chair is asked to assume a timekeeping role, and to this end, a yellow and red timekeeping card is used as a visual cue for presenters, letting them know when they have 5 minutes remaining, and when they must stop. Please follow the order in the programme, and if a presenter fails to show, the original timeslots should be retained as delegates use the programme to plan attendance at the various sessions. Internet and Social Media There is a free WiFi internet connection throughout the conference areas. However, we would strongly suggest that you do not rely on a live connection for your presentation. Domain: Visitor
Username: tumoid
Password: tumoid2022!
Twitter Follow us on Twitter @tumoid2022 Conference hashtag: #tumoid Please tag @tumoid2022 using #tumoid
18
T1.18
T1.17
T1.16
SOUTH CIRCULAR ROAD
An tSlí
LIBRARY FOUNDATION BUILDING
Entrance & Forum (Upper Level)
19
T1.
TAILTEANN
SPORTS FIELD
Entrance & Forum (Lower Level)
15
TARA
SUMMERVILLE HOUSE
TRAINING FIELD
SUMMERVILLE A VENUE
20
FORBHREATHNÚ AR AN gCLÁR Dé hAoine, 10 Meitheamh 2022 09.00 – 11.00
Deasc Clárúcháin agus Faisnéise na Comhdhála ar oscailt (Limistéar Fáiltithe, Foirgneamh Teamhair)
11.00 – 12.30
Aitheasc Fáiltithe, Seisiún an Phríomhchainteora agus Seisiún an Aoichainteora (T1.18)
11.00 – 11.30
Aitheasc Fáiltithe agus Aitheasc Tosaigh (T1.18) An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Stiúrthóir na Comhdhála, Coláiste Mhuire gan Smál An tOllamh Éimear Ní Rinn, Déan an Oideachais, (an Luathoideachas agus Oideachas Múinteoirí), Coláiste Mhuire gan Smál
11.30 – 11.45
Spreagaitheasc (T1.18) Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach, An Chomhairle Mhúinteoireachta
11.45 – 12.30
Effective Immersion Teacher Professional Development Diane (Dee) Tedick, Ollamh le hOideachas sa Dara Teanga, Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe
12.30 – 13.15
Sos Lóin (An tSlí)
13.15 – 15.15
Seisiúin Chomhthreormhara 1 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
15.15 – 15.30
Sos Iarnóna
15.30 – 17.30
Seisiúin Chomhthreormhara 2 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
19.30
Dinnéar na Comhdhála (Óstán na Trá, Luimneach)
Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2022 09.00 – 10.00
Mórthionól na Maidine: (T1.18) Peirspictíochtaí Idirnáisiúnta ar an Tumoideachas An Dr Ingeborg Birnie, Ollscoil Strathclyde, Glaschú, Albain An Dr Kananinohea Maka'imoku, Ollscoil Haváí ag Hilo, Na Stáit Aontaithe Sanna Pakarinen, PhD, Ollscoil Åbo Akademi, Vaasa, An Fhionlainn Kebir Colmenero Perez, Ollscoil Thír na mBascach UPV/EHU, Tír na mBascach
10.00 – 12.00
Seisiúin Chomhthreormhara 1 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
12.00 – 12.30
Seisiún Póstaer (An tSlí)
12.30 – 13.00
Sos Lóin (An tSlí)
13.00 – 14.00
Mórthionól: (T1.18) Why and How to Support Sustained Use of the Immersion Language Roy Lyster, An t Ollamh Emeritus le hOideachas sa Dara Teanga, Ollscoil McGill, Ceanada
14.00 – 16.00
Seisiúin Chomhthreormhara 2 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
16.00 – 16.30
Clabhsúr na Comhdhála
21
PROGRAMME OVERVIEW Friday, 10 June, 2022 09.00 – 11.00
Conference Registration and Information Desk Open (Reception Area, Tara Building)
11.00 – 12.30
Welcome, Featured Speaker and Keynote Address (T1.18)
11.00 – 11.30
Welcome and Introductory Addresses (T1.18) Dr T.J. Ó Ceallaigh, Conference Director, Mary Immaculate College Professor Emer Ring, Dean of Education, (Early Childhood and Teacher Education), Mary Immaculate College
11.30 – 11.45
Featured Address (T1.18) Phil Fox, Acting Director, Teaching Council
11.45 – 12.30
Plenary Address (T1.18) Effective Immersion Teacher Professional Development Diane (Dee) Tedick, Professor of Second Language Education, University of Minnesota, USA
12.30 – 13.15
Lunch (An tSlí)
13.15 – 15.15
Parallel Session 1 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
15.15 – 15.30
Tea/coffee Break
15.30 – 17.30
Parallel Session 2 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
19.30
Conference Dinner (Strand Hotel, Limerick)
Saturday, June 11, 2022 09.00 – 10.00
Plenary Address (T1.18) International Perspectives on Immersion Education Dr Ingeborg Birnie, Strathclyde University, Glasgow, Scotland Dr Kananinohea Maka'imoku, University of Hawaii at Hilo, Hawaii Sanna Pakarinen, PhD, Åbo Akademi University, Vaasa, Finland Kebir Colmenero Perez, University of the Basque Country UPV/EHU, The Basque Country
10.00 – 12.00
Parallel Session 1 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
12.00 – 12.30
Poster Session (An tSlí)
12.30 – 13.00
Lunch (An tSlí)
13.00 – 14.00
Plenary Address (T1.18) Why and How to Support Sustained Use of the Immersion Language, Professor Emeritus Roy Lyster, McGill University, Canada (T1.18)
14.00 – 16.00
Parallel Session 2 (T1.18, T1.17, T1.16, T1.15)
16.00 – 16.30
Close of Conference
22
AN TUMOIDEACHAS: SÚIL SIAR AGUS SÚIL AR AGHAIDH 10-11 MEITHEAMH 2022
CLÁR FRIDAY JUNE 10 2022
AOINE 09:00-11:00
Clárúchán
11:00-12:30
Aitheasc Fáiltithe: An Dr T.J. Ó Ceallaigh, Stiúrthóir na Comhdhála agus An tOllamh Éimear Ní Rinn, Déan an Oideachais,(an Luathoideachas agus Oideachas Múinteoirí), Coláiste Mhuire gan Smál Spreagaitheasc: Phil Fox, Stiúrthóir Gníomhach, An Chomhairle Mhúinteoireachta Mórthionól: Forbairt ghairmiúil éifeachtach do mhúinteoirí tumoideachais, An tOllamh Diane J. Tedick, Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe (T1.18)
12:30-13:15
LÓN
13:15-15:15
SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 Seomra T1.18 - Páipéir
Seomra T1.17 - Páipéir
Seomra T1.16 - Páipéir
Tionchar na forbartha gairmiúla ar fhorbairt an mhúinteora tumoideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Croí-inniúlachtaí an tumoideachais: Peirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara thuaidh agus theas
Scagthástáil dhátheangach don luathlitearthacht: tosaíochtaí agus tuairimí múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Ní Longaigh, E, Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Chlochasaigh, K., Coláiste Mhuire gan Smál
Ag droicheadú is ag dúnadh bearna: an idirghabháil mar ghníomh agus mar straitéis chumarsáide don mhúinteoir tumoideachais
Pobail chleachtais mar réiteach ar dhúshláin oideolaíochta an tumoideachais lán-Ghaeilge sa bhunscoil
Barnes, E. & Ó Duibhir, P., SEALBHÚ, Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
An Luath-Thumoideachas Iomlán: Deiseanna agus dúshláin
Ní Mhurchú, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Uí Dhuibhir, J., Scoil Gharbháin/ Coláiste Mhuire gan Smál
Forbairt cúrsa FGL san oideachas speisialta do mhúinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge
Feasacht an mhúinteora mar thiománaí na litearthachta sna luathbhlianta tumoideachais
Ó Duibhir, P. & Nic Aindriú, S., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ní Chatháin Uí Chonchúir, M., Coláiste Mhuire gan Smál
Sainriachtanais soláthair na nAonad/Sruthanna Lán-Ghaeilge: I dtreo réitigh
An luath-thumoideachas iomlán: Iniúchadh ar chur chuige éifeachtach
Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál, Ó Laoire, M., Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Uí Chonghaile, M., Coláiste Mhuire gan Smál
Uí Sheanlaoich, S., Scoil Gharbháin/Coláiste Mhuire gan Smál
Seomra T1.18 - Páipéir
Seomra T1.17 - Páipéir
Seomra T1.16 - Páipéir
Spiorad na Meithle: Tábhacht na comhpháirtíochta agus na comharfhoghlama i bpróiseas pleanála pobal cleachtais ar líne do mhúinteoirí ábhar iar-bhunscoile san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta (T1)
An bhfuil an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ag tacú le múinteoirí Sonraíocht Ghaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach? Iniúchadh ar eispéiris múinteoirí san iarbhunscoil Ghaeltachta
Oilteacht an mhúinteora sa dara teanga (T2) agus cleachtas an tseomra ranga a spreagadh trí FCÁT: Peirspictíochtaí múinteoirí bunscoile i gcomhthéacsanna Béarla
Ní Shé, C., Coláiste Mhuire gan Smál/Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ní Chonchúir, A. & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál
An Trasteangú sa Ghaelscoil: Deacracht nó Deis? Nic an Fhaillí, H., Coláiste Mhuire gan Smál
Iniúchadh ar eispéiris scoláirí ardteistiméireachta tumoideachais maidir leis an luach a chuirtear ar áiseanna tagartha dátheangacha le linn measúnuithe suimitheacha Mac Giolla Bhríde, C., Gaelcholáiste Reachrann/Coláiste Mhuire gan Smál
15:15-15:30
SOS IARNÓNA
15:30-17:30
SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2
Pádraig Ó Beaglaoich, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Fahey, P., Coláiste Mhuire gan Smál
Foghlaim, sealbhú agus úsáid teanga a shaibhriú i ngaelscoileanna sa tréimhse iar-phaindéime
Feidhm na ceannasaíochta i saibhriú na scríbhneoireachta san iar-bhunscoil Ghaeltachta
An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT): Ábhar iontais nó díol suntais do bhunmhúinteoirí ranga i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in Éirinn
Esther Ní Dhulchaointigh, Coláiste Mhuire gan Smál
Nic Stiofáin, S., Coláiste Mhuire gan Smál
Ní Bheaglaoich, N. Coláiste Mhuire gan Smál
‘Tabhair abhaile an Ghàidhlig’ – ceachtanna ó chuir chuige foghlama ar líne chun tacú le rannpháirtíocht leanaí in oideachas mionteanga
Ceannaireacht agus foghlaim ghairmiúil: Sainriachtanais an phríomhoide san iar-bhunscoil Ghaeltachta
Ar thóir na feasachta sa chleachtas chomhtháite
Birnie, I., Ollscoil Strathclyde
Ó Lionáird, T., Coláiste Mhuire gan Smál
Ról an chúntóra ranga chun inniúlacht sa dara teanga a fhorbairt i seomra ranga an oideachais lánGhaeilge Rogan, T., Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
20:00
Nig Uidhir, G., Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál
Machnamh, cuimhneamh agus insint ar an tsaothar san oideachas trí Ghaeilge: Cur chuige féineitneagrafaíoch MacCorraidh, S., Coláiste Ollscoile Naomh Muire
Dinnéar na Comhdhála, Óstán na Trá, Luimneach
23
Ní Dhuinnín, S., Coláiste Mhuire gan Smál
Feasacht teanga an mhúinteora ábhair iar-bhunscoile sa tumoideachas Ní Chathasaigh, C. Gaelcholáiste Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál
Seomra T1.15 - Páipéir/Siompóisiam An Ghaeilge in iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla: Soláthar reatha agus an tionchar ar dhearcadh scoláirí Ducey, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Iniúchadh ar theagasc ionchuimsitheach na Gaeilge Dunne, C. & Ní Aogáin, S., Institiúid Oideachais Marino & Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Guth láidir i saol oideachais na hÉireann Ní Chéileachair, M., Cumann Múinteoirí Éireann
Spreagadh na scríbhneoireachta sna hardranganna sa bhunscoil Ghaeltachta Ní Choistealbha, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Seomra T1.15 - Siompóisiam 15.30-16.30 Ceacht éifeachtach i mbunscoil lán-Ghaeilge: Cad iad na tréithe? Ní Mhurchú, S., Coláiste Mhuire gan Smál (Cathaoirleach) Mac Corraidh, S. Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste Ní Thiarnaigh, R. & Mac Suibhne, A., Institiúid Oideachais Marino
SATURDAY MAY 11 2022
AN SATHARN 09:00-11:00
Mórthionól: Peirspictíochtai Idirnáisiúnta ar an Tumoideachas, An Dr Ingeborg Birnie, Ollscoil Strathclyde, Glaschú, An Dr Kananinohea Maka'imoku, Ollscoil Haváí ag Hilo, Na Stáit Aontaithe, Sanna Pakarinen, PhD, Ollscoil Åbo Akademi, Vaasa, An Fhionlainn, Kebir Colmenero Perez, Ollscoil Thír na mBascach UPV/EHU, Tír na mBascach (T1.18)
10:00-12:00
SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 Seomra T1.18 - Páipéir
Seomra T1.17 - Páipéir
Seomra T1.16 - Páipéir
Seomra T1.15 - Páipéir
Teagasc agus foghlaim na léitheoireachta sna hardranganna sa bhunscoil, an áit a bhfuilimid agus an bealach chun tosaigh Cás-stáidéar
Ag aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil: An t-aistriú teanga
Gluaiseacht na Gaelscolaíochta le linn bhlianta an chúlaithe eacnamaíochta, 1977-84
Scoil Chéad Sprice Chéimithe an MGO – C’áil siad?
Ní Chonchubhair, H., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelcholáiste Mhic Shuibhne
Ó Luain, K., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ó Duibhir, P, Kennedy, E. & de Brún, J., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Iniúchadh ar amharclann na léitheoirí a úsáid mar chur chuige le líofacht léitheoireachta na Gaeilge a fheabhsú i mbunscoil Ghaeltachta Ní Mhurchadha, N., Scoil Náisiúnta na Rinne/Coláiste Mhuire gan Smál
Imscrúdú criticiúil ar cháilíocht an fhreastail a dhéantar ar dhaltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna lán-Bhéarla Nic Airt, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta: Cad a deir an taighde Ní Chuaig, N. Ó Brolcháin, C. Ní Chlochasaigh, K & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál
Riail na Gaeilge in iarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge: Polasaithe, dearcthaí agus eispéiris ceannairí scoile Ní Raghaill, E., Coláiste Mhuire gan Smál / Coláiste an Tulchann
Cainteoirí dúchais agus an Bhascais mar mhionteanga: Staidéar ar thuairimí daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí Colmenero Perez, K., Ollscoil Thír na mBascach
Úsáid shóisialta na Gaeilge i measc dhaltaí Rang 6 i ngaelscoil: Dualgais, Dúshláin agus Dea-Chleachtais
An bhfuil an scoil tagtha in áit an teaghlaigh maidir le seachadadh na máthairtheanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht? Scéalta ón ngort Breathnach, C. & Ó Laoire, M., Coláiste Mhuire gan Smál/Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan
Ó Grádaigh, S., Ní Ghuidhir, S. & Murray, C., OÉG
Ón nead amach: Lucht labhartha (nuachainteorí?) na Gaeilge agus a dtaithí tar éis na nGaelcholáistí Ó Goill, O., Coláiste Mhuire gan Smál
Múinteoirí faoi oiliúint agus teagasc ábharbhunaithe trí Ghaeilge: Peirspictíochtaí agus Impleachtaí
Ó Domagáin, G., Ollscoil Uladh
Dennehy, N., Ó Ceallaigh T.J., Ní Chonaill, M. & O’ Connor, A., Coláiste na hOllscoile Corcaigh/Coláiste Mhuire gan Smál
Imscrúdú ar chéimeanna a bhíonn le glacadh chun bunscoil Bhéarla a athbhunú ina Gaelscoil
Fás gairmiúil sa tumoideachas a spreagadh trí fhoghlaim agus trí mheasúnú teanga atá bunaithe ar ríomhphunann
Ní Luasa, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Ní Chlochasaigh, K. & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál
Bearta chun athshlánaithe in earnáil na Gaelscolaíochta
Uí Ruairc, S., Scoil Gharbháin/ Coláiste Mhuire gan Smál
10:00-12:30
PÓSTAEIR (An tSlí)
12:30-13:00
LÓN
13:00-14:00
Mórthionól: Cén fáth agus cén chaoi tacú le húsáid mharthanach na tumtheanga?, An tOllamh Emeritus Roy Lyster, Ollscoil McGill, Ceanada (T1.18)
14:00-16:00
SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 Seomra T1.18 - Páipéir
Seomra T1.17 - Páipéir
Seomra T1.16 - Páipéir
Seomra T1.15 - Siompóisiam
Feasacht teanga agus feasacht chultúrtha: Ag spreagadh eolais ar chultúr na sprioctheanga i gcás na ngaelscoileanna
Sintéis chun Scafaill: Léirbhreithniú comhtháite ar chomhtháthú an ábhair agus na teanga sa tumoideachas
Tionchar an bheartais ar cheannairí iar-bhunscoile i ngort an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Ní Mhaoilstéighe, E., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelscoil Bhrian Bóroimhe
Ní Ghráinne, M., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelscoil Mhic Amhlaigh
Iniúchadh ar thacaíochtaí d’oideachasóirí gaelscolaíochta agus saibhreas teanga á thabhairt ar láimh acu d’fhoghlaimeoirí gaelscolaíochta
Iniúchadh ar áit na mothúchán i bpróiseas fhoghlaim na Gaeilge ag an tríú leibhéal
Iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag critéir mheasúnaithe le béim chomhuaineach ar ábhar agus ar theanga ar ghnóthachtáil agus ar mheon aigne scoláirí i rang staire na chéad bhliana sa ghaelcholáiste
Ní Shluáin, M., Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Féiniúlacht múinteoirí tumoideachais: iniúchadh ar chúlra agus ar inspreagadh múinteoirí iarbhunoideachais a oibríonn i suímh thumoideachais
16:00-16:30
Uí Mhurchú, A., Coláiste Daibhéid/Coláiste Mhuire gan Smál
SIOF: Uirlis Oideolaíoch don Rang Ábharbhunaithe Iar-bhunscoile
Mac Seáin, C., Coláiste San Aingeal, Sligeach/Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh
Mac Gearailt, B., Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh
Féiniúlacht agus feasacht mac léinn tríú leibhéal na Gaeilge: cúinsí inspreagtha na mac léinn a thug faoin mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge
Iniúchadh ar straitéisí agus uirlisí idirghabhála a úsáidtear chun plé le teanga dhisciplíneach ábhair ar leith i ranganna sinsearacha gaelscoile
Ní Dhonnchadha, C., Coláiste Mhuire gan Smál/Institiúid Oideachais Marino
Ó Laoghaire, C., Coláiste Mhuire gan Smál
Ní Éigní, S., Coláiste Mhuire gan Smál/ Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
Ó Lionáird, T., Coláiste Mhuire gan Smál (Cathaoirleach)
Cé na cleachtais a úsáideann múinteoirí san oideachas lánGhaeilge chun freastal ar an bpáiste ilteangach i ranganna na naíonán sóisear agus sinsear agus cén tuiscint atá acu ar na cleachtais sin? de Barra, N., Coláiste Mhuire gan Smál, Gaelscoil an Ghoirt Álainn
It’s more the invisible benefits: Dearcthaí Tuismitheoirí Ilteangacha ar an Oideachas Lán-Ghaeilge Ní Dhiorbháin, A., Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Sainteanga eolaíochta a spreagadh le cabhair na foghlama ar bhonn fiosraithe (FBF) sa bhunscoil tumoideachais idirnáisiúnta Ní Luing, L., Coláiste Mhuire gan Smál
Clabhsúr na Comhdhála: Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (T1.18)
24
IMMERSION EDUCATION: TAKING STOCK AND MOVING FORWARD 10 & 11 JUNE 2022
PROGRAMME FRIDAY JUNE 10 2022
FRIDAY 09:00-11:00
Registration
11:00-12:30
Welcome address: Dr T.J. Ó Ceallaigh, Conference Director and Professor Emer Ring, Dean of Education, (Early Childhood and Teacher Education), Mary Immaculate College Featured Address: Phil Fox, Acting Director, The Teaching Council Plenary: Effective Immersion Teacher Professional Development, Professor Diane J. Tedick, University of Minnesota, USA (T1.18)
12:30-13:15
LUNCH
13:15-15:15
PARALLEL SESSION 1 Room T1.18 - Papers
Room T1.17 - Papers
Room T1.16 - Papers
Room T1.15 - Papers/Symposium
The impact of professional learning on immersion teacher development
Core competences of immersion education: Stakeholder perspectives north and south
Bilingual screening for early literacy: priorities and perspectives of teachers in Irishmedium and Gaeltacht schools
The Irish language in Englishmedium post-primary schools: Current provision and impact on student perspectives
Barnes, E. & Ó Duibhir, P., SEALBHÚ, Institute of Education, Dublin City University
Ducey, C., Mary Immaculate College
Early total immersion education: Opportunities and challenges
Dunne, C. & Ní Aogáin, S., Marino Institute of Education & Mary Immaculate College, Limerick
Ní Longaigh, E., Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Chlochasaigh, C. Mary Immaculate College
Nig Uidhir, G., St Mary's University College Belfast & Ó Ceallaigh, T.J., Mary Immaculate College
Bridge-building and closing gaps: intervention as a communication action and strategy for the immersion teacher
Communities of practice as a solution to pedagogy challenges in Irish-medium primary education Ní Mhurchú, C., Mary Immaculate College
Uí Dhuibhir, J., Scoil Gharbháin/Mary Immaculate College
Development of a CPD course in special education for teachers teaching through Irish
Teacher awareness as a driver of literacy in the early years of immersion education
Ó Duibhir, P. & Nic Aindriú, S., Dublin City University
Ní Chatháin Uí Chonchúir, M., Mary Immaculate College
Specific provision requirements of Irish-medium units/streams: Towards a solution
Early total immersion education: An investigation into an effective approach
Ó Ceallaigh, T.J., Mary Immaculate College, Ó Laoire, M., Munster Technological University, Uí Chonghaile, M., Mary Immaculate College
Uí Sheanlaoich, S., Scoil Gharbháin/Mary Immaculate College
Room T1.18 - Papers
Room T1.17 - Papers
Room T1.16 - Papers
Spiorad na Meithle: The importance of partnership and collaborative learning in planning an online community of practice for post-primary subject teachers in the Irish-medium and Gaeltacht sector (L1)
Does the Policy on Gaeltacht Education 2017-2022 support the effective implementation of the Junior Cycle Specification in Gaeilge T1? An investigation into teacher experiences in Gaeltacht post-primary schools
Driving teacher second language (L2) proficiency and classroom practice through CLIL: Perspectives of primary teacher in English-medium contexts
Pádraig Ó Beaglaoich, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Ní Shé, C., Mary Immaculate College/Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ní Chonchúir, A. & Ó Ceallaigh, T.J., Mary Immaculate College
Translanguaging in Gaelscoileanna: Difficulty or opportunity? Nic an Fhaillí, H., Mary Immaculate College
An investigation into experiences of Leaving Certificate immersion pupils of the value placed on bilingual reference material in summative assessments Mac Giolla Bhríde, C., Gaelcholáiste Reachrann/Mary Immaculate College
15:15-15:30
AFTERNOON BREAK
15:30-17:30
PARALLEL SESSION 2
Enriching language learning, acquisition and use in Irishmedium school in a postpandemic era Esther Ní Dhulchaointigh, Mary Immaculate College
‘Bring home the Gaelic’ - lessons from online learning approaches to support parental involvement in minority language education Birnie, I., University of Strathclyde
The role of the classroom assistant in developing second language proficiency in the Irishmedium immersion classroom Rogan, T., St Mary's University College Belfast
20:00
Fahey, P., Coláiste Mhuire gan Smál
Leadership function in enriching writing in Gaeltacht post-primary schools
Content and Language Integrated Learning (CLIL): Curiosity or revelation for primary teachers in Englishmedium schools in Ireland
Nic Stiofáin, S., Mary Immaculate College
Ní Bheaglaoich, N. Mary Immaculate College
Leadership and professional learning: Specific requirements for principals of Gaeltacht postprimary schools
Seeking awareness in integrated practice
Ó Lionáird, T., Mary Immaculate College
Reflection, recollection and narrative of composition in Irishmedium education: An autoethnographic approach MacCorraidh, S., St Mary's University College
Conference Dinner, Strand Hotel, Limerick
25
Ní Dhuinnín, S., Mary Immaculate College
Post-primary subject teacher language awareness in immersion education Ní Chathasaigh, C. Gaelcholáiste Luimnigh/Mary Immaculate College
An investigation into inclusive instruction of Irish
A strong voice in Irish education Ní Chéileachair, M., Irish National Teachers Organisation
Encouraging writing in senior classes in Gaeltacht primary schools Ní Choistealbha, C., Mary Immaculate College
Room T1.15 - Symposium 15.30-16.30 What are the characteristics of effective lessons in Irishmedium primary schools? Ní Mhurchú, S., Mary Immaculate College (Chair) Mac Corraidh, S, St Mary's University College, Belfast Ní Thiarnaigh, R. & Mac Suibhne, A., Marino Institute of Education
SATURDAY MAY 11 2022
SATURDAY 09:00-11:00
Plenary: International perspectives on immersion education, Dr Ingeborg Birnie, Strathclyde University, Glasgow, Dr Kananinohea Maka'imoku, University of Hawaiʻi at Hilo, USA, Sanna Pakarinen, PhD, University of Åbo Akademi, Vaasa, Finland, Kebir Colmenero Perez, University of the Basque Country UPV/EHU, Basque Country (T1.18)
10:00-12:00
PARALLEL SESSION 1 Room T1.18 - Papers
Room T1.17 - Papers
Room T1.16 - Papers
Room T1.15 - Papers
Teaching and learning literacy in senior classes in primary school: the current situation and the road ahead – A Case Study
Transition from primary to postprimary school: Language transition
The Irish-medium education movement during the economic recession, 1977-84
First destination school of MGO graduates – where are they?
Ní Chonchubhair, H., Mary Immaculate College/Gaelcholáiste Mhic Shuibhne
Ó Luain, K., Dublin City University
Ó Duibhir, P., Kennedy, E. & de Brún, J., Dublin City University
An investigation into the use of reader’s theatre as an approach for improving Irish-language reading fluency in Gaeltacht primary schools Ní Mhurchadha, N., Scoil Náisiúnta na Rinne/Mary Immaculate College
A critical examination of the quality of accommodation for pupils with literacy difficulties in Irish-medium and Englishmedium schools Nic Airt, C., Mary Immaculate College
Families raising children through Irish in Gaeltacht areas: What does the research tell us? Ní Chuaig, N. Ó Brolcháin, C. Ní Chlochasaigh, K & Ó Ceallaigh, T.J., Mary Immaculate College
The Irish-language rule in Irishmedium post-primary schools: Policies, perspectives and experiences of school leaders Ní Raghaill, E., Mary Immaculate College / Coláiste an Tulchann
Native speakerism and Basque as a minority language: A study of students’, parents’ and teachers’ perceptions Colmenero Perez, K., University of the Basque Country
Social use of Irish among 6th class pupils in a gaelscoil: Duties, Challenges and Best Practice
Has school taken the place of the family in transmitting the mother language from generation to generation in the Gaeltacht? Stories from the field Breathnach, C. & Ó Laoire, M., Mary Immaculate College/Munster Technological University
Rehabilitation measures in the Irish-medium education sector Ó Domagáin, G., University of Ulster
An examination of the steps required to re-establish an English-medium primary school as a gaelscoil Ní Luasa, C., Mary Immaculate College
Ó Grádaigh, S., Ní Ghuidhir, S. & Murray, C., NUIG
From the nest onwards: (New?) speakers of Irish and their experience after the gaelcholáiste Ó Goill, O., Mary Immaculate College
Student teachers and contentbased instruction through Irish: Perspectives and Implications Dennehy, N., Ó Ceallaigh T.J., Ní Chonaill, M. & O’ Connor, A., University College Cork/Mary Immaculate College
Driving professional growth in immersion through E-portfoliobased language learning and assessment Ní Chlochasaigh, K. & Ó Ceallaigh, T.J., Mary Immaculate College
Uí Ruairc, S., Scoil Gharbháin/Mary Immaculate College
10:00-12:30
POSTER SESSION (An tSlí)
12:30-13:00
LUNCH
13:00-14:00
Plenary: Why and How to Support Sustained Use of the Immersion Language, Professor Emeritus Roy Lyster, McGill University, Canada (T1.18)
14:00-16:00
PARALLEL SESSION 2 Room T1.18 - Papers
Room T1.17 - Papers
Room T1.16 - Papers
Room T1.15 - Symposium
Language awareness and cultural awareness: Driving knowledge of target language culture in the case of gaelscoileanna
Synthesis to scaffold: An integrated review of content and language integration in immersion education
An investigation into supports for Irish-medium educators passing on linguistic enrichment to Irishmedium learners
Impact of policy on post-primary school leaders in the field of Irish-medium and Gaeltacht education
Ní Mhaoilstéighe, E., Mary Immaculate College/Gaelscoil Bhrian Bóroimhe
Ní Ghráinne, M., Mary Immaculate College/Gaelscoil Mhic Amhlaigh
Ní Éigní, S., Mary Immaculate College/ Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg
Ó Lionáird, T., Mary Immaculate College (Chair)
An investigation into the place of emotion in the process of learning Irish at third level
An investigation into the impact of assessment criteria containing simultaneous emphasis on content and language on student achievement and mental attitude in a first-year history class in a gaelcholáiste
What are the practices used by teachers in Irish-medium education to accommodate multilingual children in junior and senior infants and what is their understanding of such practices?
Uí Mhurchú, A., Coláiste Daibhéid/Mary Immaculate College
de Barra, N., Mary Immaculate College/Gaelscoil an Ghoirt Álainn
SIOF: A Pedagogical Tool for Post-Primary Content-based Classes
It’s more the invisible benefits: Views of multilingual parents on Irish-medium education
Mac Gearailt, B., School of Education, NUI Galway
Ní Dhiorbháin, A., Institute of Education, Dublin City University
An investigation into intervention strategies and tools used to deal with disciplinary language in particular subjects in senior gaelscoil classes
Cultivating science-specific language through exploratory learning in the international immersion primary school
Ní Shluáin, M., Fiontar & Scoil na Gaeilge, Dublin City University
Immersion teacher identity: an investigation into the background and inspiration of post-primary teachers working in immersion settings Mac Seáin, C., St. Angela’s College, Sligo/Atlantic Technological University
Identity and awareness among third-level students of Irish: motivation of students who undertook the Bachelor of Education through Irish Ní Dhonnchadha, C., Mary Immaculate College/Marino Institute of Education College, Limerick
16:00-16:30
Ó Laoghaire, C., Mary Immaculate College
Ní Luing, L., Mary Immaculate College
Conference Closing: Jacqueline Ní Fhearghusa, Chief Executive, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (T1.18)
26
Íomhanna ó chomhdháil 2018 Images from the 2018 conference
27
AOINE FRIDAY 28
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Tionchar na forbartha gairmiúla ar fhorbairt an mhúinteora tumoideachais Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta Páipéar
Ní Longaigh, E., Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Chlochasaigh, K., Coláiste Mhuire gan Smál Gné riachtanach a spreagann cláir thumoideachais rathúla thar raon samhlacha éagsúla is ea soláthar múinteoirí ag a bhfuil na hinniúlachtaí éigeantacha teanga agus cultúrtha mar aon leis na cleachtais oideolaíocha ghaolmhara. Ar an ábhar sin, tá ullmhú agus forbairt múinteoirí tumoideachais ríthábhachtach in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga ar fud na cruinne. Sa pháipéar seo, pléifear tionchar na forbartha gairmiúla ar fhorbairt an mhúinteora tumoideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó pheirspictíochtaí éagsúla. Tá tuairisc sa pháipéar seo ar staidéar ina bhféachtar ar pheirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara ar thionchar an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fhorbairt an mhúinteora tumoideachais. Bailíodh sonraí ó cheistneoir fairsing ar líne agus agallaimh leathstruchtúrtha. Sa pháipéar, nochtfar réasúnaiocht an taighde agus déanfar léargas ar litríocht ábhartha an ghoirt. Ina dhiaidh sin, míneofar modheolaíocht an taighde agus tabharfar léiriú ar réamhthorthaí an tionscadail. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann maidir le h’eispéiris forbartha gairmiúla atá idir bhríoch agus éifeachtach a dhearadh.
An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1) Ag droicheadú is ag dúnadh bearna: an idirghabháil mar ghníomh agus mar straitéis chumarsáide don mhúinteoir tumoideachais Páipéar
Ní Chonchúir, A. & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál Téann coincheap na hidirghabhála siar amach sa stair (Dendrinos 2006; Coste agus Cavalli 2015; Stathopoulou 2015) ach tharraing Comhairle na hEorpa aird as an nua uirthi mar choincheap i ngort an oideachais teanga le foilsiú na cáipéise The Common European Framework of Reference for Languages – Teaching, Learning, Assessment sa bhliain 2001 (FTCE). Áiríodh an idirghabháil mar ghníomh cumarsáideach teanga sa Fhráma sin, mar aon le ginchumas, gabhchumas agus idirghníomhaíocht. Athshamhlú nuálach a bhí ann gluaiseacht ó na ceithre scil thraidisiúnta teanga – léamh, scríobh, éisteacht agus labhairt – agus an cur síos ar an gcumarsáid a leathnú chun idirghabháil a chur san áireamh (North 2016; North agus Piccardo 2019; Piccardo et al. 2019; Stathopoulou 2020). Ach cé gur tugadh aitheantas don idirghabháil mar ghníomh teanga in FTCE, níor forbraíodh go hiomlán í mar choincheap agus níor cruthaíodh aon tuairiscíní di ag an am. Is sa bhliain 2018 le foilsiú an Common European Framework of Reference for Languages: Learning, Teaching, Assessment. Companion Volume with New Descriptors (CV) a forbraíodh tuairiscíní léiritheacha don idirghabháil mar ghníomh agus mar straitéis chumarsáide den chéad uair. Laistigh den samhlú níos leithne a dhéantar ar an idirghabháil in CV, rangaítear í i dtrí ghníomh – idirghabháil ar théacs, idirghabháil ar choincheap agus idirghabháil ar chumarsáid. Sainítear chomh maith straitéisí idirghabhála – teicnící a dtéitear ina muinín chun brí a shoiléiriú agus tuiscint a éascú. Is féidir go mbeadh an gníomh idirghabhála ag tarlú laistigh de theanga amháin nó go trasteangeolaíoch ó theanga go teanga. Is scil thar a bheith oiriúnach í an idirghabháil don suíomh oideachais, agus go mór mór don mhúinteoir sa suíomh Gaeloideachais a bhíonn de shíor i mbun idirghabhála ar choincheapa, ar théarmaíocht, ar theanga an ábhair agus ar an teanga féin. Tabharfar spléachadh sa pháipéar seo ar an idirghabháil mar a léirítear í mar ghníomh agus mar straitéis teanga in Companion Volume. Díreofar go príomha ar an idirghabháil thrasteangeolaíoch agus féachfar le léargas a thabhairt ar fhéidearthachtaí don mhúinteoir Gaeloideachais.
29
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
An Trasteangú sa Ghaelscoil: Deacracht nó Deis? Páipéar
Nic an Fhaillí, H., Coláiste Mhuire gan Smál Is deacracht agus deis é an trasteangú don suíomh lán-Ghaeilge. Is éard atá i gceist le trasteangú malartú córasach in úsáid dhá theanga sa seomra ranga tumoideachais chun tacú le foghlaim an ábhair agus le forbairt inniúlachta sa dá theanga de réir mar a théann na daltaí i dtaithí ar an dátheangachas. Ní réitíonn an trasteangú go maith le prionsabail an tumoideachais iomláin ar a bhfuil an t-oideachas Gaeltachta agus an tumoideachas lán-Ghaeilge bunaithe go daingean. Léirítear sa taighde go bhfuil trasteangú ag tarlú i ngaelscoileanna ach go bhfuil easpa treoirlínte agus straitéisí oideolaíocha ar fáil do mhúinteoirí (Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin, 2020; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017). Sa pháipéar seo, tabharfar sainmhíniú ar an gcoincheap casta seo agus díreofar ar stair an trasteangaithe agus ar an bhfairsingiú atá déanta ar a shainmhíniú ag lucht an léinn timpeall na cruinne le dhá scór bliain anuas. Tabharfar spléachadh ansin ar bhuntáistí agus ar fhéidearthachtaí an trasteangaithe agus cíorfar dúshláin an trasteangaithe i gcomhthéacs na mionteanga, le béim ar leith ar an ngaelscolaíocht. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar impleachtaí mar a bhaineann le forbairt ghairmiúil agus oideachas múinteoirí don tumoideachas. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1) Iniúchadh ar eispéiris scoláirí ardteistiméireachta tumoideachais maidir leis an luach a chuirtear ar áiseanna tagartha dátheangacha le linn measúnuithe suimitheacha Páipéar
Mac Giolla Bhríde, C., Gaelcholáiste Reachrann/Coláiste Mhuire gan Smál Tabharfar tuairisc ar thaighde inar scrúdaíodh an leas a bhain scoláirí T2 i ngaelcholáiste cathrach as áis tagartha T1 le linn measúnuithe suimitheacha inmheánacha. D’aithin an taighdeoir fimíneacht maidir le beartas intuigthe a scoile féin i ndáil le beartas Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS). Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht an taighdeoir i gcoinne an tseaicéid chaoil oideolaíoch (Lín, 2015), bunús na modheolaíochta pragmataí, chomh maith leis an litríocht ábhartha a ghabhann le measúnú dátheangach. Ina dhiaidh sin, cuirfear na torthaí taighde i láthair le béim ar leith ar thearcfhorbairt inniúlachtaí oideolaíochta T2, neamh-inacmhainneacht fhoghlaimeoirí T2 agus áisiúlacht na háise d’iarratasóirí dara leibhéal le linn measúnuithe suimitheacha T2. Ag deireadh an pháipéir, pléifear na himpleachtaí atá ann d’iarratasóirí T2 agus cuirfear moltaí ar fáil maidir leis an bhforbairt ghairmiúil agus leis an gcóras measúnachta sa suíomh tumoideachais.
30
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Croí-inniúlachtaí an tumoideachais: Peirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara thuaidh agus theas Páipéar Nig Uidhir, G., Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál Tá scoláirí ar aon intinn go mbíonn bonn eolais agus tacar sainscileanna oideolaíocha ar leith ag teastáil sa tumoideachas, atá an-difriúil lena mbíonn ag teastáil sa teagasc traidisiúnta ábhair nó teanga. Mar sin féin, go dtí seo, ní aithníonn ach líon beag uirlisí tagartha atá bailíochtaithe le taighde na hinniúlachtaí sin a bhaineann go sonrach leis an tumoideachas a bhíonn de dhíth sa chomhthéacs oideachais lán-Ghaeilge. Bíodh is go bhfuil aitheantas breise á thabhairt ar na héilimh níos mó atá i gceist leis an tumoideachas i dtéarmaí saineolas agus eolas ar an disciplín (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2020; Tedick & Lyster, 2020), níl tuiscint mhaith againn ná níl tuairisc shoiléir déanta ar a bhfuil i gceist le bonn eolais den scoth le haghaidh an tumoideachais. Tá tuairisc sa pháipéar seo ar staidéar ina bhféachtar ar pheirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara ar inniúlachtaí múinteoirí a bhaineann go sonrach leis an tumoideachas agus ar an gcaoi a raibh na hinniúlachtaí sin le sonrú i ranganna tumoideachais. Bailíodh sonraí ó cheistneoir fairsing ar líne, agallaimh leathstruchtúrtha le daoine aonair agus agallaimh fócasghrúpa leis na príomhpháirtithe leasmhara – múinteoirí faoi oiliúint, múinteoirí agus príomhoidí atá i mbun oibre, soláthraithe tumoideachais don oiliúint tosaigh múinteoirí. Sa pháipéar, nochtfar réasúnaíocht an taighde agus tabharfar léargas ar litríocht ábhartha an ghoirt. Ina dhiaidh sin, míneofar modheolaíocht an taighde agus tabharfar léiriú ar réamhthorthaí an tionscadail. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann maidir le hoiliúint tosaigh múinteoirí tumoideachais agus eispéiris forbartha gairmiúla atá idir bhríoch agus éifeachtach a dhearadh. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1) Pobail chleachtais mar réiteach ar dhúshláin oideolaíochta an tumoideachais lán-Ghaeilge sa bhunscoil Páipéar Ní Mhurchú, C., Coláiste Mhuire gan Smál Sonraítear sa litríocht go bhfuil dualgas gairmiúil ar mhúinteoirí tumoideachais gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn agus a chinntiú, ag an am céanna, go bhforbraítear inniúlacht sa dara teanga agus sa litearthacht (Ó Ceallaigh et al. 2021). É sin ráite, tá sé tugtha le fios go seasmhach sa taighde le fada an lá go bhfuil scileanna teanga daltaí tumoideachais easnamhach maidir le cruinneas gramadaí, sofaisticiúlacht chomhréire agus léacsach, agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Harley 1984; Lyster 2007; Ó Duibhir 2009; 2018; Walsh 2007; Lyster agus Tedick 2020). Mar bharr ar an méid sin, áitítear gur féidir inniúlacht teanga thearcfhorbartha daltaí tumoideachais a leagan go páirteach ar an neamhaird a thugann múinteoirí tumoideachais ar theagasc na teanga agus na scileanna litearthachta agus iad ag teagasc an ábhair ( Lyster 2007; Fortune et al. 2008; Tedick agus Young 2016; Tedick agus Zilmer 2018). Tá géarghá le clár forbartha gairmiúla a bhainfidh go sainiúil le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí tumoideachais ar mhaithe lena n-eolas leanúnach a fhorbairt (Ó Ceallaigh agus Ní Shéaghdha 2017; Ó Ceallaigh 2019; Ní Mhurchú 2020). Sa pháipéar seo, déanfar scagadh ar an litríocht chun na dúshláin oideolaíocha agus na sainriachtanais a bhíonn ag múinteoirí tumoideachais a aithint. Cuirfear múnla an phobail chleachtais chun cinn mar réiteach féideartha chun dul i ngleic leis na riachtanais aitheanta. Déanfar cur síos ansin ar ábhar taighde atá beartaithe chun múnla an phobail chleachtais a úsáid ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar fhorbairt an mhúinteora tumoideachais i mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus iad ag plé le teagasc ábharbhunaithe thar scála ama ar bhonn scoile uile. Ag deireadh an pháipéir, déantar plé ar impleachtaí maidir le dearadh an taighde seo le freastal ar shainriachtanais tumoideachais na foirne scoile.
31
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Forbairt cúrsa FGL san oideachas speisialta do mhúinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge Páipéar Ó Duibhir, P. & Nic Aindriú, S., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Go hidirnáisiúnta is beag cúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí (FGL) atá ar fáil do mhúinteoirí tumoideachais ina ndírítear go sonrach ar riachtanais speisialta oideachais daltaí atá ag foghlaim tríd an dara teanga. Le blianta beaga anuas, tuairiscítear go bhfuil gá le tuilleadh cúrsaí FGL a fhorbairt dóibh siúd atá ag teagasc i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta chun cabhrú leo freastal ar riachtanais speisialta oideachais a gcuid daltaí atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Déanfaidh an cur i láthair seo plé ar fhorbairt chúrsa samhraidh ar líne a bhí faofa ag an Roinn Oideachais sa réimse seo. Pléifidh sé riachtanais múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta san ábhar seo, a aithníodh trí úsáid a bhaint as suirbhé anaithnid ar líne (N=133) agus agallaimh aonaracha (N=15). Rinneadh anailís ar shonraí an tsuirbhé ag baint úsáid as SPSS agus rinneadh anailís ar shonraí na n-agallamh ag úsáid anailís théamach. Pléifear torthaí foghlama agus imlíne an chúrsa mar aon leis na modhanna measúnaithe a úsáidtear le linn an chúrsa. Chomh maith leis sin, pléifear forbairt an chúrsa agus an chaoi a bhfuil sé bunaithe ar na cleachtais a mholtar go hidirnáisiúnta do dhaltaí dátheangacha nó dóibh siúd atá ag foghlaim i suíomh tumoideachais. Ar deireadh, déanfar moltaí maidir le conas is féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh sa réimse seo sa todhchaí. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1) Sainriachtanais soláthair na nAonad/Sruthanna Lán-Ghaeilge: I dtreo réitigh Páipéar Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál, Ó Laoire, M., Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Uí Chonghaile, M., Coláiste Mhuire gan Smál Tá an tumoideachas ag bláthú in Éirinn faoi láthair. Is cuid thábhachtach de sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge ó na 1980idí é Aonaid/Sruthanna a bhunú in óstscoileanna mar rogha eile ar scoileanna neamhspleácha lán-Ghaeilge. In ainneoin an éilimh mhéadaithe ar na cláir sin agus an ratha a bhíonn orthu, bíonn sé casta na cláir sin a chur i bhfeidhm. Sa pháipéar seo, déanfar tuairisciú ar thaighde inar fiosraíodh an soláthar oideachais reatha trí mheán na Gaeilge agus na sainriachtanais mar a bhaineann le ceannaireacht sna hAonaid/Sruthanna i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Nochtfar réasúnaíocht an taighde agus déanfar scagadh ar an litríocht ábhartha. Ansin, míneofar an mhodheolaíocht agus tabharfar léargas ar réamhthorthaí an tionscadail. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann maidir le sainriachtanais reatha na nAonad/Sruthanna a shásamh.
32
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Scagthástáil dhátheangach don luathlitearthacht: tosaíochtaí agus tuairimí múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge Páipéar Barnes, E. & Ó Duibhir, P., SEALBHÚ, Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Sa pháipéar seo, pléifear staidéar a raibh sé mar aidhm aige, (i) scagthástáil dhátheangach don luathlitearthacht a dhearadh, a d’fhéadfaí a úsáid le rang iomlán, agus (ii) tuairimí múinteoirí a fháil mar gheall ar dhearadh agus ar chur i bhfeidhm na scagthástála sa seomra ranga. Aithnítear sa taighde ar mheasúnú i suíomhanna tumoideachais go bhfuil sé an-tábhachtach measúnú a dhéanamh sa dá theanga (Genesee, 2022), chun tuiscint níos iomláine a fháil maidir le scileanna na bpáistí, agus le luath-idirghabháil a éascú. Bunaithe air sin, dearadh scagthástáil dhátheangach, i mBéarla agus i nGaeilge, leis na trialacha seo a leanas: cluastuiscint, feasacht fóineolaíochta, léamh agus litriú. Rinne múinteoirí Rang a hAon an scagthástáil lena rang féin thar choicís, tasc amháin in aghaidh an lae. Bhí eispéireas na bpáistí (n=179) an-tábhachtach i ndearadh na scagthástála, agus mar gheall air sin, rinneadh iarracht ar leith na tascanna a choinneáil gairid, agus iad a chur i láthair ar bhealach spraíúil agus soiléir. Cuireadh ochtar múinteoirí (beirt ó scoileanna Gaeltachta; seisear ó scoileanna lán-Ghaeilge) faoi agallamh i ndiaidh dóibh an scagthástáil a dhéanamh lena rang. Rinneadh iniúchadh ar na tosaíochtaí a bhíonn ag múinteoirí agus scagthástáil á roghnú acu, chomh maith lena dtuairimí faoin scagthástáil áirithe seo agus na moltaí a bhí acu maidir le feabhas a chur uirthi. Pléifear dearadh na scagthástála sa chaint seo, chomh maith leis na príomhthorthaí ó na hagallaimh agus moltaí maidir scagthástálacha litearthachta a fhorbairt amach anseo. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1) An Luath-Thumoideachas Iomlán: Deiseanna agus dúshláin Páipéar Uí Dhuibhir, J., Scoil Gharbháin/Coláiste Mhuire gan Smál Is é an Luath-Thumoideachas Iomlán (LTI) tumoideachas sa sprioctheanga agus gan tús a chur le teagasc na mórtheanga go dtí an tríú nó an ceathrú bliain sa bhunscoil. Tá an LTI aitheanta go hidirnáisiúnta mar dhea-chleachtas leis an délitearthacht a chothú (Cummins, 2000; Swain agus Lapkin, 1991). Tuigtear go bhfuil sé riachtanach go mbainfidh an foghlaimeoir an tairseach teanga (Cummins 2014) amach sula dtosnaítear ar aschur scileanna (Baker agus Wright 2017). Is léir mar sin go n-úsáideann daltaí na naíonán mór a scileanna teangacha ar fad (Garcia 2019) san idirghabháil sula sroicheann siad na Scileanna Bunúsacha Cumarsáide Idirphearsanta (SBIC) sa sprioctheanga. Cothaíonn sé sin suíomh dúshlánach don mhúinteoir naíonán LTI. Sa pháipéar seo, déanfar tuairisciú ar thaighde inar fiosraíodh na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an bpróiseas casta seo. Ag tús an pháipéir, cuirfear réasúnaíocht an taighde ar fáil agus tabharfar léargas ar litríocht ábhartha an ghoirt LTI. Déanfar cur síos freisin ar mhodheolaíocht an taighde. In a dhiaidh sin, nochtfar na torthaí. Aibhseofar na dúshláin ar leith atá ag múinteoirí dul i ngleic le rang ilchumais go háirithe rang ina bhfuil cainteoirí dúchais ina measc (Hickey 2001; Lenoach 2014). Roinnfear freisin conas a théitear i ngleic leis an mBéarla i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i rang na naíonán mór, mar a aithníodh sa taighde (Uí Dhuibhir, 2020). Ag deireadh an pháipéir, léireofar na dea-chleachtais atá i bhfeidhm ó phleanáil go teagasc agus féachfar ar cad é a threoraíonn na peirspictíochtaí ar na cleachtais seo.
33
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Feasacht an mhúinteora mar thiománaí na litearthachta sna luathbhlianta tumoideachais Páipéar Ní Chatháin Uí Chonchúir, M., Coláiste Mhuire gan Smál Is fairsing í an litríocht atá ann ar fheasacht múinteoirí le fiche bliain anuas agus fócas faoi leith inti ar chleachtais múinteoirí éifeachtacha na litearthachta. Tá múinteoirí eolacha íogaire lárnach i dteagasc na litearthachta. Go hidirnáisiúnta, tá béim mhór á cur ar sholáthar oiriúnach luath-idirghabhálacha coisctheacha rangbhunaithe agus ar sholáthar tacaíochta litearthachta seachas ar mhodhanna aistarraingthe na tacaíochta san oideachas. In Éirinn, is iomaí bunscoil a chuireann an clár luath-idirghabhála rangbhunaithe Béarla Literacy Lift-Off (LLO) i bhfeidhm chun caighdeáin litearthachta a ardú sa Bhéarla. I roinnt scoileanna, is dian-idirghabháil litearthachta chomhoibritheach é LLO atá dírithe ar na Naíonáin Mhóra / Rang a hAon. Sa pháipéar seo, déanfar tuairisciú ar thaighde feidhmeach inar fiosraíodh an tionchar a bhí ag clár luath-idirghabhála litearthachta rangbhunaithe ar nós LLO, ach a bhí aistrithe go Gaeilge agus curtha in oiriúint do chomhthéacs gaelscoile DEIS, ar shealbhú na scileanna luathlitearthachta i Rang na Naíonán Mór. Nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde agus déanfar spléachadh ar fheasacht an mhúinteora mar théama amháin a d’eascair ón taighde seo. Pléifear impleachtaí na torthaí cáilíochtúla ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar oideachas múinteoirí ar mhaithe le teagasc agus foghlaim na litearthachta a chur chun cinn sna luathbhlianta tumoideachais. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1) An luath-thumoideachas iomlán: Iniúchadh ar chur chuige éifeachtach Páipéar Uí Sheanlaoich, S., Scoil Gharbháin/Coláiste Mhuire gan Smál Tá saothar cuimsitheach foilsithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta maidir leis an iliomad tairbhe a mhaítear leis an tumoideachas, go háirithe i gcomhthéacs uathúil an luath-thumoideachais (Ó Ceallaigh agus Ní Shéaghdha 2017; Ní Aogáin et al. 2021). In ainneoin na sonraí rathúla atá le maíomh sa chóras luath-thumoideachais, is léir go bhfuil obair dhian dhíograiseach le saothrú sa ghort go fóill ar mhaithe le cur chuige, cleachtais agus modheolaíochtaí éifeachtachta a aithint chun an luath-thumoideachas iomlán (LTI) a shaibhriú. Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde inar fiosraíodh na cuir chuige, na cleachtais, agus na modheolaíochtaí LTI is éifeachtaí ar mhaithe le huirlis inspreagtha a sholáthar do lucht an tumoideachais le cleachtas an luath-thumoideachais iomláin a shárú go muiníneach sa todhchaí. Baineadh leas as ceistneoirí, fócasghrúpaí agus breathnóireacht ranga le sonraí ó fhoinsí éagsúla a bhailiú. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde. Ina dhiaidh sin, tabharfar léargas ar thorthaí an taighde le béim ar théama amháin – ionchur agus ionchais na dtuismitheoirí/gcaomhnóirí. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar impleachtaí atá ann don chóras tumoideachais, do scoileanna, do cheannairí agus don lucht deartha beartais.
34
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
An Ghaeilge in iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla: Soláthar reatha agus an tionchar ar dhearcadh scoláirí Páipéar Ducey, C., Coláiste Mhuire gan Smál Aithnítear i dTuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020 go bhfuil sé riachtanach deiseanna breise a chruthú do scoláirí chun an Ghaeilge a úsáid le linn ceachtanna ar mhaithe le foghlaim, sealbhú agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tuairiscítear chomh maith go raibh cáilíocht foghlama na scoláirí sa Ghaeilge i bhfad níos ísle ná na caighdeáin a baineadh amach i gcroí-ábhair eile (An Roinn Oideachais, 2022). Léirítear freisin gur chóir do scoileanna tosaíocht a thabhairt do phleanáil ghnímh le haghaidh ceachtanna Gaeilge, acmhainní spéisiúla ábhartha comhaimseartha, modheolaíochtaí nuálacha agus straitéisí éifeachtúla measúnaithe chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge a shaibhriú (An Roinn Oideachais, 2022). Sa pháipéar seo, tabharfar léargas ar dtús ar dhréachtsonraíocht T2 na hArdteiste agus ar na cúiseanna atá leis an athbhreithniú. Tabharfar tuairisc ansin ar thaighde inar scrúdaíodh oiriúnacht an tsoláthair reatha sa Ghaeilge mar mhodh chun an Ghaeilge a chaomhnú. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde. Ina dhiaidh sin, cuirfear na torthaí taighde i láthair le béim ar leith ar mheon na scoláirí. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil, le béim ar leith ar scoláirí a bhfuil an Ghaeilge á saothrú acu mar an dara teanga go príomha agus atá i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1) Iniúchadh ar theagasc ionchuimsitheach na Gaeilge Páipéar Dunne, C. & Ní Aogáin, S., Institiúid Oideachais Marino & Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach Is bunphrionsabal de Churaclam na Bunscoile é an ceart atá ag gach páiste ar thaithí foghlama a oireann dá bhuanna agus dá riachtanais féin, agus tá dualgas ar an scoil na tacaíochtaí cuí a chur i bhfeidhm (Acht Oideachais, 1988; Acht EPSEN, 2004). Is léir, mar sin, nach mór freastal ar riachtanais, ar chumais agus ar láidreachtaí gach foghlaimeora sa rang. Faoi scáth na teoirice um Dhearadh Uilíoch (DU), tuigtear ó thús phleanáil aon cheachta go mbeidh réimse cumas, spéiseanna, dearcthaí, agus taithí sa rang agus déantar cúram de na héagsúlachtaí saibhre sin ón tús. Feictear anois go bhfuil deiseanna luachmhara ar fáil, faoi theoiric DU, gach foghlaimeoir a chur san áireamh sa cheacht Gaeilge ar mhaithe le heispéiris shaibhre i leith fhoghlaim na Gaeilge a chothú i measc fhoghlaimeoirí uile an ranga. Is é aidhm mhór an taighde faoi chaibidil ná breathnú ar na bealaí is féidir cur le teagasc ionchuimsitheach na Gaeilge chun gach cineál foghlaimeora a chur san áireamh sa cheacht. Sa pháipéar seo, pléifear na príomhthorthaí cáilíochta a d’eascair as an gcéad chéim den taighde seo. Bailíodh taighde ó oideachasóirí, ó iardhaltaí, ó iarmhúinteoirí, agus eile, trí cheistneoirí agus agallaimh. Baineann formhór na dtorthaí le dea-chuimhní rannpháirtithe an taighde i leith fhoghlaim agus mhúineadh na Gaeilge. Anuas air sin, pléifear roinnt straitéisí agus gníomhaíochtaí praiticiúla is féidir le múinteoirí a dhéanamh sa seomra ranga chun teagasc ionchuimsitheach na Gaeilge a chur chun cinn.
35
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Guth láidir i saol oideachais na hÉireann Páipéar Ní Chéileachair, M., Cumann Múinteoirí Éireann Bunaíodh Cumann Múinteoirí Éireann in 1868 agus ‘sé an ceardchumann is sine agus is mó do mhúinteoirí in Éirinn é. Tá breis is caoga míle ball thar 32 chontae idir thuaisceart agus deisceart na hÉirinn, idir bhunleibhéal, mheánleibhéal agus tríú leibhéal. Tá guth láidir ag an eagraíocht, ní hamháin i gcúrsaí caidrimh thionsclaíoch ach i gcúrsaí oideachais freisin. Tá réimse leathan oibre agus freagrachta ag an Rannóg Oideachais, Taighde agus Foghlaim, curaclam agus measúnú, oideachas speisialta, ionchuimsiú sóisialta, oideachais múinteoirí, an Ghaeilge agus Oideachas trí mheáin na Gaeilge ina measc. Tugann an rannóg tacaíocht don Choiste Oideachais agus eagraítear an Chomhdháil Oideachais bhliantúil mar aon leis an gComhdháil Oideachais dhébhliantúil ar Oideachas Speisialta. Déantar taighde rialta le cinntiú go bhfuil polasaithe agus moltaí na heagraíochta ó thaobh an oideachais de fiúntach, réadúil agus bunaithe ar shonraí indeimhnithe. Faoi láthair, tá an rannóg i mbun taighde ar ualach oibre príomhoidí agus múinteoirí le fócas faoi leith ar réitigh a aimsiú. Tá an taighde seo bunaithe ar rún a ritheadh ag Comhdháil Bhliantúil na heagraíochta. Tá comhthaighde ar an aistriú ón suíomh réamhscolaíochta go dtí ranganna na naíonán ar siúl i gcomhpháirt le Early Childhood Ireland, agus táthar ag iarraidh modhanna éifeachtacha agus dea-chleachtas ar aistriú eolais a aimsiú agus a scaipeadh. Mar aon leis an obair seo, foilsítear The Irish Teachers Journal go bliantúil, agus tugann The Irish Teachers Journal deis do mhúinteoirí atá i mbun taighde a gcuid oibre a fhoilsiú. Cuireann INTO Learning forbairt ghairmiúil ar ard-chaighdeán ar fáil do bhaill na heagraíochta mar aon le daoine eile in earnáil an oideachais, cúrsaí samhraidh ina measc. Déantar freastal agus freagairt do riachtanais eolais agus foghlama ár múinteoirí go leanúnach i rith na bliana le clár cuimsitheach cúrsaí agus seimineár gréasáin. Cuirfear páipéar i láthair le hobair na heagraíochta ó thaobh an oideachais de a thaispeáint agus a phlé. An Aoine 13.15 – 15.15, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1) Spreagadh na scríbhneoireachta sna hardranganna sa bhunscoil Ghaeltachta Páipéar Ní Choistealbha, C., Coláiste Mhuire gan Smál Tabharfar tuairisc sa pháipéar seo ar thaighde inar fiosraíodh na bealaí is fearr le meoin dearfach a spreagadh i leith na scríbhneoireachta sa Ghaeilge i ndaltaí ardranganna i scoil Ghaeltachta. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht an taighde agus déanfar scagadh ar an litríocht ábhartha le béim ar mhúineadh éifeachtach na scríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin, déanfar cur síos ar modheolaíocht an taighde. Tabharfar léargas ar an taighde gníomhaíochta a cuireadh i bhfeidhm agus ar na ceardlanna scríbhneoireachta a bhí dírithe ar am, rogha agus deis freagairt dá gcuid oibre a thabhairt do na páistí. Ansin roinnfear torthaí an taighde agus déanfar plé ar impleachtaí do theagasc na scríbhneoireachta sna hardranganna sa bhunscoil Ghaeltachta.
36
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Spiorad na Meithle: tábhacht na comhpháirtíochta agus na comharfhoghlama i bpróiseas pleanála pobal cleachtais ar líne do mhúinteoirí ábhar iar-bhunscoile san earnáil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta (T1) Páipéar Pádraig Ó Beaglaoich, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta Díreofar ar an aistear taighde mar a bhain le cíoradh na gcéimeanna pleanála le múinteoirí ábhar iar-bhunscoile T1 maidir le bunú pobal cleachtais ar líne. Eascraíonn bunús an taighde seo ó phointí gnímh a leagadh amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 i ndáil le tairseach thiomnaithe ar líne agus pobail chleachtais ar líne a bhunú. Thug an taighde ardán agus guth do chleachtóirí reatha agus rinneadh tochailt ar riachtanais ghairmiúla na n-oidí ábhar i nGaelcholáistí agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Ag baint leasa as anailísiú téamach, ba dhíol spéise go raibh tuairimíocht na n-oidí T1 ailínithe go suntasach leis na cúig chéim fhorbartha a leagadh amach i bpáipéar taighde de chuid na Roinne Oideachais sa NuaShéalainn ar bhunú pobail chleachtais ar líne. Leagfar béim sa chur i láthair ar na torthaí ba shuntasaí a tháinig chun solais sa phróiseas pleanála chun pobal cleachtais ar líne a bhunú - tábhacht an chomhoibrithe, na solúbthachta, na comhghleacaíochta, na nuálachta, na fiontraíochta agus na hinbhuanaitheachta. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2) Foghlaim, sealbhú agus úsáid teanga a shaibhriú i ngaelscoileanna sa tréimhse iar-phaindéime Páipéar Ní Dhulchaointigh, E., Coláiste Mhuire gan Smál Sonraítear sa litríocht go bhfuil dualgas gairmiúil ar mhúinteoirí tumoideachais gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn agus a chinntiú, ag an am céanna, go bhforbraítear inniúlacht sa dara teanga agus sa litearthacht (Ó Ceallaigh, et al., 2019; Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021). É sin ráite, tá sé tugtha le fios go seasmhach sa taighde le fada an lá go bhfuil scileanna teanga daltaí tumoideachais easnamhach maidir le cruinneas gramadaí, sofaisticiúlacht chomhréire agus léacsach, agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Ní Dhulchaointigh 2007; Ó Duibhir 2009; 2018; Walsh 2007; Lyster agus Tedick 2020). Léirítear an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar fhoghlaim acadúil agus ar fholláine scoláirí sa litríocht chomh maith (Almeida et al., 2021; König & Frey, 2022). Déanfar iniúchadh sa pháipéar seo ar an litríocht mar a bhaineann le tionchar na paindéime ar fhoghlaim agus ar mhúineadh le béim ar leith ar an gcomhthéacs tumoideachais. Ag tús an pháipéir, léireofar sprioc an pháipéir agus cuirfear an réasúnaíocht i láthair. Ina dhiaidh sin, déanfar anailís ar thaighde ábhartha an ghoirt ar bhonn idirnáisiúnta mar a bhaineann le tionchar na paindéime ar oideachas i gcoitinne. Ansin, déanfar scagadh ar leith ar an litríocht ábhartha a bhaineann go sonrach leis an tumoideachas. Ar deireadh, cíorfar impleachtaí don chomhthéacs tumoideachais lán-Ghaeilge in Éirinn.
37
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
‘Bring home the Gaelic’ - lessons from online learning approaches to support parental involvement in minority language education Paper Birnie, I., Strathclyde University Gaelic Medium Education (GME), an immersion which aims to ensure children develop equal fluency and literacy in English and Gaelic and feel confident in using the language in a range of domains, has been one of the main strands of the language management initiatives to support Gaelic in Scotland, and is considered the main mechanism for language acquisition. Approximately 0.9% of all primary school children in Scotland are enrolled in GME, with the majority living in households and communities where the language is not (routinely) spoken, meaning that the class teacher acts as the main language 'gate-keeper'. This presentation will discuss the findings of a small multi-modal practitioner enquiry which explored how online learning materials and tasks could be used to support the development of linguistic competences of children outside of the classroom. Using parental questionnaires, classroom observations, class-based assessments and focus groups, this study found that children that were actively engaged in structured, teacher-designed online learning activities at home showed a greater confidence and proficiency in their use of Gaelic compared to their peers who had not used these materials. These online materials also supported an increased involvement of caregivers in Gaelic classroom tasks compared to 'traditional' home-learning tasks, resulting in a shared learning experience and contributing to fostering positive ideologies towards the use of the language. These findings allow for a re-imaging of approaches to homework in minority language immersion settings to support both its acquisition and use beyond the classroom. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2) The role of the classroom assistant in developing second language proficiency in the Irish-medium immersion classroom Paper Rogan, T., St Mary's University College Belfast Classroom assistants have become an integral part of classroom life and play a major role in supporting teaching and learning. In the immersion setting, through purposeful interaction, classroom assistants are pivotal in supporting children develop proficiency in the second language. The small-scale study in a Northern Irish-medium primary school which informs this paper aimed to discover the perceptions of the role of classroom assistants in relation to the development of second language proficiency and any associated challenges, with a variety of stakeholders as participants. The study focused primarily on the role of the classroom assistant in the Irish immersion classroom in the early years. An aim of the study was to determine in what ways classroom assistants could be deployed as effectively as possible to enhance the children’s language learning. The opinions of school managers, teachers and classroom assistants were sought to determine perceptions of issues relating to the deployment and role of the classroom assistant. Semi-structured interviews were conducted with senior school managers, followed by focus groups of teachers and classroom assistants. The data were analysed using thematic analysis to identify key themes arising. Evidence shows that classroom assistants carry out many duties to support learning and teaching. Results from a small-scale study into the role of classroom assistants in the immersion classroom indicate that although the main role of classroom assistants was seen as supporting the class teacher in whatever way support is required, a more specific role was also identified regarding the development of children’s language proficiency through language modelling in the form of both formal and informal interaction. The findings indicate a need for a particular focus on training for both classroom assistants and teachers to enhance the role of classroom assistants in promoting children’s linguistic accuracy.
38
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
An bhfuil an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ag tacú le múinteoirí Sonraíocht Ghaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach? Iniúchadh ar eispéiris múinteoirí san iar-bhunscoil Ghaeltachta Páipéar Ní Shé, C., Coláiste Mhuire gan Smál/Pobalscoil Chorca Dhuibhne Is é sprioc uileghabhálach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná oideachas ar ardchaighdeán a sholáthar trí mheán na Gaeilge i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta chun tacú léi mar theanga phobail. De réir an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, chun aitheantas mar scoil Ghaeltachta a fháil, beifear ag súil go gcuirfidh na hiar-bhunscoileanna Sonraíocht Ghaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí i bhfeidhm. Táthar ag súil go dtabharfar spreagadh do scoláirí, go háirithe do chainteoirí dúchais, eispéireas foghlama saibhrithe teanga a fháil ionas gur féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh i measc an phobail mar úsáideoirí cumasacha Gaeilge. Déanfar tuairisciú sa pháipéar seo ar thaighde inar scrúdaíodh taithí, eispéiris agus tuairimí na múinteoirí atá ag múineadh shonraíocht T1 sa Ghaeilge agus Polasaí Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm sa scoil chomh maith. Taighde cáilíochtúil a bhí i gceist agus roghnaíodh an pharaidím thógachaíoch mar fhráma teoiriciúil de bharr ghuth an mhúinteora a bheith i gcroílár na ceiste seo. Bailíodh sonraí ó chúigear múinteoirí Gaeilge ag baint leas as agallaimh agus fócasghrúpaí. Ag tús an pháipéir seo, nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde. Ansin cuirfear torthaí an taighde i láthair – torthaí a léirigh na dúshláin reatha atá ag múinteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht inniu agus a cheistíonn tionchar an Pholasaí agus éifeacht na n-uaireanta tacaíochta Gaeilge atá ar fáil chun freastal ar riachtanais teanga na ndaltaí. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé agus machnamh ar oiriúnacht na shonraíocht T1 sa Ghaeilge do riachtanais teanga na n-óg sa Ghaeltacht inniu agus roinnfear moltaí praiticiúla ón taighde a d'fhéadfadh a bheith mar chabhair don mhúinteoir agus don fhoghlaimeoir Gaeilge. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2) Feidhm na ceannasaíochta i saibhriú na scríbhneoireachta san iar-bhunscoil Ghaeltachta Páipéar Nic Stiofáin, S., Coláiste Mhuire gan Smál Sonraítear sa litríocht go bhfuil dualgas gairmiúil ar mhúinteoirí tumoideachais gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn agus a chinntiú, ag an am céanna, go bhforbraítear inniúlacht sa dara teanga agus sa litearthacht (Ó Ceallaigh et al. 2021). É sin ráite, tá sé tugtha le fios go seasmhach sa taighde le fada an lá go bhfuil scileanna teanga daltaí tumoideachais easnamhach maidir le cruinneas gramadaí, sofaisticiúlacht chomhréire agus léacsach, agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Harley 1984; Lyster 2007; Ó Duibhir 2009; 2018; Walsh 2007; Lyster agus Tedick 2020). Sa pháipéar seo, tabharfar léargas ar dtús ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar réiteach agus mar spreagadh chun scríbhneoireacht na Gaeilge san iar-bhunscoil Ghaeltachta a chur chun cinn agus scrúdófar ról na ceannaireachta sa phróiseas seo. Tabharfar tuairisc ansin ar thaighde inar scrúdaíodh feidhm na ceannaireachta i saibhriú na scríbhneoireachta in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde agus cuirfear na torthaí taighde i láthair. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil, le béim ar leith ar ról na ceannaireachta san iar-bhunscoil Ghaeltachta.
39
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Ceannaireacht agus foghlaim ghairmiúil: Sainriachtanais an phríomhoide san iar-bhunscoil Ghaeltachta Páipéar Ó Lionáird, T., Coláiste Mhuire gan Smál Tá aird á tabhairt le tamall de bhlianta anuas ar an gceannaireacht scoile agus tá na dúshláin a ghabhann leis an bpost ag fás bliain i ndiaidh bliana. Ag trácht ar na cúinsí a cruthaíodh de bharr na paindéime in 2020, ní fhéadfaí na féidearthachtaí don cheannaireacht agus don fhoghlaim ghairmiúil a shamhlú. Má thógtar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhthéacs Gaeltachta agus na riachtanais a chruthaíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, is iomaí cor a bhíonn i saol an phríomhoide san iar-bhunscoil Ghaeltachta. Sa pháipéar seo, tabharfar aghaidh ar an mbearna shuntasach sa litríocht atá dírithe ar phríomhoidí Gaeltachta (Murphy 2019, Ní Thuairisg, 2014), trí iniúchadh a dhéanamh ar eispéireas an tsainghrúpa seo. Ar dtús, déanfar plé ar an litríocht ábhartha náisiúnta a baineann le príomhoidí agus le ceannaireacht iar-bhunscoile sa Ghaeltacht. Ina dhiaidh sin, déanfar cur síos ar mhodheolaíocht agus ar mhodhanna an taighde. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an páipéar seo léiriú ar théamaí áirithe mar shnáithe leanúnach sa taighde: 1. Próifíl Teanga na Scoileanna, 2. Pobal na Scoile, 3. An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus Próiseas na Pleanála Teanga, 4. Féiniúlacht an phríomhoide, 5. agus go príomha don pháipéar seo, 6. Na Cleachtais Cheannaireachta agus an Fhoghlaim Ghairmiúil. Ag deireadh an pháipéir, cuirfear san áireamh moltaí don chóras, do na soláthraithe oiliúna, don phleanáil teanga agus féidearthachtaí do thaighde breise. Pléifear na moltaí thuas i gcomhthéacs na riachtanais ó thaobh ceannaireachta agus oiliúna de a bhíonn ag an bpríomhoide Gaeltachta go háirithe. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2) Machnamh, cuimhneamh agus insint ar an tsaothar san oideachas trí Ghaeilge: Cur chuige féineitneagrafaíoch Páipéar MacCorraidh, S., Coláiste Ollscoile Naomh Muire Modh cruthaitheach taighde í an fhéineitneagraíocht agus is é an modh sin an ceann a bheas in úsáid le scéal mo shlí bheatha agus móimintí criticiúla inti go nuige seo, a insint agus mé ag obair i ngort an oideachais trí Ghaeilge mar chleachtóir bunscoile, comheagraí curaclaim i scoil, oiliúnóir oidí don earnáil, léachtóir ollscoile, comhairleoir ar an tumoideachas agus ar oideolaíocht san oideachas lán-Ghaeilge, taighdeoir agus comheagraí ar chúrsa feabhsúcháin ar chúrsaí Gaeilge, gaelscolaíochta agus tumoideachais. Beifear ag iarraidh ciall a dhéanamh de na gníomhartha agus de na cinntí a rinneadh agus de na cúinsí sóisialta, polaitíochta agus oideachais faoinar tharla siad.
40
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Driving teacher second language (L2) proficiency and classroom practice through CLIL: Perspectives of primary teacher in English-medium contexts Paper Fahey, P., Mary Immaculate College Coyle et al. (2010: 1) define CLIL as ‘a dual focused educational approach in which an additional language is used for the learning and teaching of both content and language.’ The benefits of a CLIL approach for the learner have been clearly established across international research to date including studies undertaken by Fernandez-Fontecha (2014); Dalton-Puffer (2007, 2008); De Diezmas (2016); Gierlinger and Wagner (2016); Harris and Ó Duibhir (2011) and Morton (2015). However, studies on the benefits of using a CLIL approach for the development of teachers’ own language proficiency as well as the enhancement of their language teaching and learning skills are limited. This paper reports on research which explored the impact of a CLIL approach on teacher L2 proficiency and language classroom practices. A case study approach using a mixed methods methodology generated a participant-informed perspective of the benefits of CLIL on teacher’s own L2 proficiency as well as their L2 classroom practices. Conducted with a sample of five primary school teachers working in English-medium schools (for whom the Irish language was an L2), this paper firstly presents the benefits that emerged for the participants while they engaged in efforts to implement a CLIL approach, using Irish as the language of instruction, in their classrooms. Participant perceptions of areas of improvements emerged across three core themes. Benefits included an improved self-efficacy in relation to L2 proficiency for participants as language users in their own right. In addition, further benefits encompassed professional identity and classroom practice with participants reporting an improved sense of professional legitimacy as successful language teachers together with enhanced language classroom practices. This paper concludes with a discussion of the implications for teacher education and professional development, exploring potential within existing systems to support CLIL implementation that further teachers might reap the benefits realised in this study. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2) An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT): Ábhar iontais nó díol suntais do bhunmhúinteoirí ranga i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in Éirinn Páipéar Ní Bheaglaoich, N. Coláiste Mhuire gan Smál Is iomaí hata atá léirithe ag an bhfoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga (FCÁT) go hidirnáisiúnta ó na nóchaidí i leith mar chur chuige chun an dara teanga a theagasc (Coyle et al. 2010). Nasctar teagasc an ábhair le bláthú na teanga araon in FCÁT le dualgas ar an múinteoir teanga agus ábhar a mhúineadh le hais a chéile nó i bpáirt le chéile (Cammarata 2016; Tedick agus Lyster 2020). Nuair a thugtar breithiúnas ar an litríocht fhairsing atá foilsithe ar FCÁT feictear go bhfuil féidearthachtaí inaitheanta leis an gcur chuige seo ar fiú iad a fhiosrú níos doimhne agus teagasc na Gaeilge (mar T2) i mbunscoileanna na hÉireann a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ar bun, ábhar suntais an ailt seo. Aithnítear ón ngort dúchasach go bhfuil FCÁT aitheanta i gcáipéisíocht an rialtais le fada (Harris 2006; Rialtas na hÉireann 2010; Harris agus Ó Duibhir 2011; An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta 2015) ach go réalaíoch tá uaillmhianta le fíorú sna cohóirt scoile seo ina leith go fóill. Sa pháipéar seo, tagraítear do chúlra agus réasúnaíocht FCÁT i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in Éirinn. Eachtraítear an teoiric atá laistiar de mar oideolaíocht chomhtháite agus pléitear buneolas an mhúinteora FCÁT nuair atá teagasc trí Ghaeilge ar bun. Lena chois sin, dírítear ar chleachtas ranga FCÁT nó go príomha an próiseas inár féidir le múinteoirí déileáil le teoiric FCÁT chun ceachtanna ábhartha a dhearadh, a theagasc agus a luacháil. Ar deireadh thiar, eachtraítear na himpleachtaí atá romhainn don fhorbairt ghairmiúil agus don taighde agus múinteoirí ag iarraidh FCÁT a thabhairt chun beochta i gcomhthéacs an ranga amach anseo.
41
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Ar thóir na feasachta sa chleachtas comhtháite Páipéar Ní Dhuinnín, S., Coláiste Mhuire gan Smál Tá raidhse leathan litríochta ón gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta ann a thráchtann ar an gconstaic leanúnach a bhíonn ag múinteoirí tumoideachais an teanga a chomhtháthú leis an ábhar ina gcuid gcleachtais (Cammarata & Ó Ceallaigh 2018; Cammarata agus Tedick 2012; Ní Aogáin 2019; Ó Ceallaigh & Ní Chathasaigh 2021; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha 2017; Ó Ceallaigh, Ó Laoire & Uí Chonghaile 2019; Tedick & Lyster 2020). Ní hamháin sin ach luann táscairí dea-chleachtais in Polasaí don Oideachas Gaeltachta gur cheart go mbeadh múinteoirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta mar eiseamláirí na tumtheanga do dhaltaí an chórais, go mbeidís ag díriú ar chruinneas agus ar shaibhreas mar chuid lárnach dá gcleachtas agus go mbeadh an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga curtha i bhfeidhm trasna na n-ábhar éagsúil (An Roinn Oideachais 2016). Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde inar fiosraíodh creidiúintí, tuiscintí agus cleachtais múinteoirí ábhair in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Ag baint leas as an bparaidím bhunaithraitheach mar lionsa, úsáideadh réimse leathan uirlisí taighde (dialann taighde, ceistneoirí, breathnóireachtaí, agallaimh agus idirphlé gairmiúil) le sonraí loma a bhailiú ó rannpháirtithe. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht mar aon le modheolaíocht an taighde. Ina dhiaidh sin, cuirfear téama amháin a d'eascair as na torthaí i láthair – 'Cleachtas Oideolaíoch Ábharbhunaithe'. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar impleachtaí na forbartha gairmiúla do mhúinteoirí ábhair in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. An Aoine 15.30 – 17.30, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2) Feasacht teanga an mhúinteora ábhair iar-bhunscoile sa tumoideachas Páipéar Ní Chathasaigh, C. Gaelcholáiste Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál Múnlaíonn an fheasacht teanga acmhainn an mhúinteora tumoideachais chun spriocanna teanga agus gníomhaíochtaí a chruthú ina ndírítear ar riachtanais forbartha na bhfoghlaimeoirí tumoideachais agus ar spriocanna teagaisc an ábhair féin. Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh feasacht teanga sa tumtheanga mar bhonn agus thaca ag cleachtais teagaisc an mhúinteora sa tumoideachas. Faraor, ní mar sin a bhíonn i gcónaí áfach. Faoi mar a leathnaíonn an córas tumoideachais in Éirinn agus líon níos mó scoláirí ag freastal ar Ghaelcholáistí, is suntasaí i bhfad an tábhacht a bhaineann le múinteoirí atá an-inniúil i dteanga an teagaisc agus atá cáilithe chun na réimsí ábhair a theagasc. Sa pháipéar seo, tugtar spléachadh ar an litríocht a bhaineann le feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais. Cíorfar tábhacht na feasachta teanga mar ghné lárnach de chleachtas an mhúinteora agus tugtar léargas ansin ar na dúshláin le béim ar leith ar na riachtanais forbartha gairmiúla a bhíonn ag múinteoirí ábhair san iarbhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil ag leibhéal na scoile agus ag leibhéal náisiúnta agus don taighde amach anseo.
42
AN AOINE 10 MEITHEAMH – SIOMPÓISIAM 1 An Aoine 15.30-16.30 Seomra T1.15
1
SIOMPÓISIAM
Siompóisiam 1 Ceacht éifeachtach i mbunscoil lán-Ghaeilge: Cad iad na tréithe? Ní Mhurchú, S., Coláiste Mhuire gan Smál (Cathaoirleach) Mac Corraidh, S. Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste Ní Thiarnaigh, R. & Mac Suibhne, A., Institiúid Oideachais Marino Gné riachtanach a spreagann cláir thumoideachais rathúla thar raon samhlacha éagsúla is ea soláthar múinteoirí ag a bhfuil na hinniúlachtaí éigeantacha teanga agus cultúrtha mar aon leis na cleachtais oideolaíocha ghaolmhara. Ar an ábhar sin, tá ullmhú agus forbairt múinteoirí tumoideachais ríthábhachtach in éabhlóid an tumoideachais éifeachtaigh teanga ar fud na cruinne. Sa phléghrúpa seo, pléifear inniúlachtaí sainiúla an mhúinteora tumoideachais ó pheirspictíocht an mhúinteora faoi oiliúint agus ar an gcaoi sin déanfar iarracht na ceisteanna idirghaolmhara seo a leanas a iniúchadh: •
Céard iad an bonn eolais agus an tacar scileanna oideolaíocha a bhaineann go sainiúil leis an tumoideachas lánGhaeilhe agus Gaeltachta?
•
Cad iad na saintréithe bunriachtanacha a bhaineann le ceacht éifeachtach sa chomhthéacs lán-Ghaeilge agus Gaeltachta?
•
Cad iad dea-chleachtais oideolaíochta sa tumoideachas?
43
AN SATHARN SATURDAY 44
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Teagasc agus foghlaim na léitheoireachta sna hardranganna sa bhunscoil, an áit a bhfuilimid agus an bealach chun tosaigh Páipéar Ó Duibhir, P., Kennedy, E. & de Brún, J., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Sa chaint seo déanfar cur síos ar ghnéithe den tráchtas a scríobh mé do dhochtúireacht le gairid. Ag teacht le téama an tionóil, ba mhaith liom amharc ar dtús ar chleachtais theagasc agus fhoghlaim na léitheoireachta Gaeilge mar atá anois, dar le heolas a bailíodh ó cheistneoirí a cuireadh chuig scoileanna tumoideachais ar fud na tíre agus dar le dhá scoil a roghnaíodh do chás-staidéar, ceann i ngach dlínse sa tír. Trí cheistneoirí, agallaimh, breathnú agus taifid fuarthas mioneolas ar an chleachtas, ar na hionchais agus an dearcadh a bhíonn ag príomhoidí, múinteoirí agus daltaí ar léitheoireacht na Gaeilge. Leis na scileanna léitheoireachta a mheas, dearadh fardal measúnuithe léitheoireachta le measúnú a dhéanamh ar chomhpháirteanna na léitheoireachta; aithint focal, díchódú, líofacht agus tuiscint. Baineadh úsáid as na torthaí measúnuithe sin, ailt taighde chuí agus áiseanna léitheoireachta spreagúla leis na múinteoirí sa chás-staidéar a chur ag athmhachnamh ar a gcleachtas agus le féidearthachtaí a fhiosrú leis an chleachtas sin a fheabhsú. Sa chaint seo déanfar moltaí do mheasúnú, do chleachtas agus inspreagadh na délitearthachta agus don fhorbairt ghairmiúil mar a moladh sa staidéar iad. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1) Iniúchadh ar amharclann na léitheoirí a úsáid mar chur chuige le líofacht léitheoireachta na Gaeilge a fheabhsú i mbunscoil Ghaeltachta Páipéar Ní Mhurchadha, N., Scoil Náisiúnta na Rinne/Coláiste Mhuire gan Smál Molann Rasinski (2010) agus Young et al. (2020) do mhúinteoirí leas a bhaint as cur chuige tairbheach Amharclann na Léitheoirí chun líofacht léitheoireachta daltaí scoile a fheabhsú. Sna suíomhanna tumoideachais in Éirinn go háirithe, níl mórán forleathnú ar an gcleachtas seo le feiceáil sa litríocht reatha. Díríonn an páipéar seo ar an tionchar a bhain le cleachtas Amharclann na Léitheoirí a chur i bhfeidhm le grúpa daltaí Rang 4 agus Rang 5 i mbunscoil Ghaeltachta. Leagtar béim ann ar dhá mhór-ghné: meon na ndaltaí i leith léitheoireacht na Gaeilge go ginearálta roimh ionchur an chleachtais agus ina dhiaidh. Dírítear ansin ar mheastóireacht na líofachta, ina ndéantar anailís ar scóir na ndaltaí chun an feabhas, más amhlaidh, a thabhairt chun solais don léitheoir. Aithníonn sonraí an pháipéir seo an mhaitheas a bhain leis an gcleachtas a chur i bhfeidhm le grúpa daltaí i mbunscoil Ghaeltachta, ó thaobh líofacht léitheoireachta sa sprioctheanga a fheabhsú chomh maith le muinín a thabhairt do na páistí a bheith ag léamh ina dteanga dhúchais. Molann an páipéar go láidir do shuíomhanna tumoideachais Amharclann na Léitheoirí a chur i bhfeidhm anois agus arís, ní hamháin mar áis mheastóireachta le haghaidh na líofachta ach ina theannta sin le spreagadh taitneamhach a thabhairt do dhaltaí a bheith ag léamh sa sprioctheanga faoi mar a tharla sa staidéar áirithe seo.
45
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Imscrúdú criticiúil ar cháilíocht an fhreastail a dhéantar ar dhaltaí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna lán-Bhéarla Páipéar Nic Airt, C., Coláiste Mhuire gan Smál Is ábhar beo díospóireachta staidéar na Gaeilge agus oiriúnacht an tsocrúcháin oideachasúil lán-Ghaeilge do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, deacrachtaí litearthachta san áireamh. Tuairiscítear go minic go moltar do thuistí páiste ar íseal-inniúlacht litearthachta nó teanga a athlonnú ó scoil lán-Ghaeilge (SLG) go scoil Bhéarla (SB). Ag leibhéal an chórais oideachais, faoi fhorálacha Chiorclán 52/2019, ceadaítear do bhainistíocht scoile díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a bhronnadh ar dhaltaí atá ag an 10ú peircintíl nó faoina bun i scileanna an Bhéarla. Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde ina ndearnadh imscrúdú criticiúil ar cháilíocht an fhreastail a dhéantar ar dhaltaí ag a bhfuil deacrachtaí litearthachta i SLG agus SB. Rinneadh anailís ar chleachtais agus ar thuiscintí rannpháirtithe leasmhara, tuismitheoirí, síceolaithe, teiripeoirí teanga agus Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS). Díríodh na fiosrúcháin ar cháilíocht an tsoláthair sa dá earnáil. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht an taighde agus déanfar scagadh ar litríocht ábhartha an ghoirt. Ansin, déanfar plé ar mhodheolaíocht an taighde agus ar théama amháin a d’eascair as na torthaí taighde – go ndéanfar taighde ar chóras nuálach ina mbeidh tuairiscí cáilíochtúla ar ghnóthachtáil daltaí ar nós ríomhphunann foghlama. Ag deireadh an pháipéir, pléifear impleachtaí na forbartha gairmiúla agus cuirfear béim ar leith ar impleachtaí an chórais. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 1) Teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta: Cad a deir an taighde Páipéar Ní Chuaig, N., Ó Brolcháin, C., Ní Chlochasaigh, K. & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál Seoladh Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla Gaeltachta i 2021. Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a choimisiúnaigh agus a mhaoinigh an taighde, agus tá léargas úr ann ar líon agus ar shuíomh na dteaghlach i limistéir Ghaeltachta a bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu mar aon le tuairisc ar na deiseanna a bhíonn ag tuismitheoirí agus na dúshláin a bhíonn rompu agus a ndícheall á dhéanamh acu a mbealach a dhéanamh ar bhóthar na Gaeilge lena gclann. Sa tuarascáil, féachadh ar nádúr, scóip agus scála úsáid laethúil na Gaeilge ann. Sa pháipéar seo, cuirfear fócas, réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde i láthair agus tabharfar léargas ar thorthaí an taighde. Ag deireadh an pháipéir, tabharfar mionsonraí freisin ar chreat le haghaidh plean chun tacú le teaghlaigh ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.
46
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Ag aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil: An t-aistriú teanga Páipéar Ní Chonchubhair, H., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelcholáiste Mhic Shuibhne Trí úsáid a bhaint as cur chuige pragmatach, céimnithe don taighde, úsáidfear modhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla chun an cheist taighde a fhiosrú: Conas is féidir aistriú rathúil a chinntiú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil d’fhoghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh? Sa pháipéar seo, déanfar scagadh ar an litríocht reatha, ag baint úsáid as coincheap Galton et al. (1999) mar chreatlach theoiriciúil don taighde, is é sin ‘droichid’ an aistrithe, mar aon leis an droichead breise atá aitheanta ag an taighdeoir, droichead na teanga, chun cúinsí a aimsiú a thacaíonn leis an aistriú rathúil: 1. 2. 3. 4. 5. 6.
An droichead riaracháin An droichead sóisialta agus mothúchánach An droichead curaclaim An droichead oideolaíoch An droichead neamhspleáchais foghlama An droichead teanga
Tá sé mar aidhm ag an taighde seo cumarsáid idir an dá earnáil a fheabhsú agus dea-chleachtas a aimsiú a chabhróidh le hoidí agus ceannairí scoile tacú le foghlaimeoirí an tumoideachais dhéanaigh. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1) Riail na Gaeilge in iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge: Polasaithe, dearcthaí agus eispéiris ceannairí scoile Páipéar Ní Raghaill, E., Coláiste Mhuire gan Smál / Coláiste an Tulchann Braitear den mhórchuid ar chleachtas pionósach atá leabaithe sa Chód Iompair chun daltaí a chur ag labhairt Gaeilge in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Riail na Gaeilge an gnáthainm ar an gcleachtas sin. Maíonn Ó Duibhir (2018) go gcasann thart ar 70% de na daltaí ar an mBéarla lasmuigh den seomra ranga, rud a ardaíonn ceist maidir le cáilíocht an chleachtais sin in Éirinn ilchultúrtha an 21ú haois. Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde inar fiosraíodh conas mar a chuirtear Riail na Gaeilge i bhfeidhm in iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath trí iniúchadh a dhéanamh ar pholasaithe, ar dhearcthaí agus ar eispéiris ceannairí scoile. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht an tionscadail agus cíorfar litríocht ábhartha an ghoirt. Ansin, míneofar modheolaíocht an taighde agus cuirfear torthaí an taighde i láthair. Molann fianaise ar dhea-chleachtais sa taighde seo straitéisí chun plean teanga a dhearadh d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ina measc feasacht ar oideolaíochtaí an tumoideachais a mhéadú agus buntáistí an dátheangachais a shonrú. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar impleachtaí mar a bhaineann le beartais thacúla don fhoireann agus do na daltaí chun inniúlacht teanga phobal na scoile a mhéadú.
47
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Native speakerism and Basque as a minority language: A study of students’, parents’ and teachers’ perceptions Paper Colmenero Perez, K., University of the Basque Country Over the past few decades, the native speakerism ideology and its implications in the field of TESOL have been widely researched. The majority of studies have analysed the assignment of the “native speaker” and “non-native speaker” labels as regards English, whereas minority languages such as Basque have hardly been paid heed to. In fact, up to today little is known about the impact of native speakerism (an ideology characterised by the belief that native speakers are better) in minority language learning, especially in multilingual contexts where the minority language coexists with the majority and the foreign language. With this in mind, through an analysis of students’, parents’ and teachers’ opinions and attitudes towards minority language native speaker teachers (NSTs) and non-native speaker teachers (NNSTs), the main goal of this paper is to explore the effect of native speakerism in education stakeholders in the Basque multilingual context. Data was collected from 473 secondary and high-school students, parents and teachers using questionnaires and focus groups, where participants were questioned about their teacher preferences in four different categories: assessment and support; attitudes and motivation; culture; and perceived linguistic abilities. The analysis of data revealed that native speakerism does also impact Basque as a minority language, raising the figure of NSTs and negatively affecting NNSTs, especially at advanced levels. Despite exhibiting explicit preferences in concrete items and categories, results also indicate that there is an overall support for team-teaching approaches in minority language teaching. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 1) Úsáid shóisialta na Gaeilge i measc dhaltaí Rang 6 i ngaelscoil: Dualgais, Dúshláin agus Dea-Chleachtais Páipéar Uí Ruairc, S., Scoil Gharbháin/Coláiste Mhuire gan Smál Bunaidhm agus fealsúnacht láidir de chuid na hearnála tumoideachais in Éirinn is ea úsáid shóisialta na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn i measc na ndaltaí, i dteaghlaigh agus sa phobal lasmuigh de cheantair Ghaeltachta (Comhairle na Gaelscolaíochta 2009). É sin ráite, sonraítear go bhfuil leibhéal íseal d’úsáid shóisialta na Gaeilge le sonrú i measc daltaí Gaelscoile (Ó Duibhir 2018). Aithníonn oideoirí atá ag obair sa suíomh oideachais lán-Ghaeilge cothú nósmhaireacht na húsáide sóisialta i measc na ndaltaí ar an réimse dea-chleachtais is dúshlánaí (Ó Ceallaigh agus Ní Shéaghdha 2017). Tabharfar tuairisc sa pháipéar seo ar thaighde feidhmeach a cuireadh ar bun i ngaelscoil. Mar chuid den taighde, bailíodh sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla ó dhaltaí Rang 6 agus ó oideoirí chun iniúchadh a dhéanamh ar na cúinsí a mhúnlaíonn úsáid shóisialta na Gaeilge i measc na ndaltaí. Nochtfar réasúnaíocht an taighde agus déanfar scagadh ar litríocht ábhartha an ghoirt. Casfar ansin ar mhodheolaíocht an taighde fheidhmigh agus tabharfar léiriú ar threochtaí atá ag teacht chun cinn san anailís. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann maidir le cothú agus neartú úsáid shóisialta na Gaeilge i measc daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge.
48
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Gluaiseacht na Gaelscolaíochta le linn bhlianta an chúlaithe eacnamaíochta, 1977-84 Páipéar Ó Luain, K., Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Tháinig gluaiseacht na Gaelscolaíochta ar an bhfód ar fud na hÉireann ag tús na seachtóidí. Bunaíodh scoileanna nua ‘lán-Ghaeilge’ i mBaile Átha Cliath, go háirithe, agus i mBéal Feirste agus i nGaillimh. Bhí an eagraíocht Gaelscoileanna tagtha ar an saol faoi 1976. I rith na tréimhse 1977-84 thit mórathruithe amach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i réimse na gceart teanga. Anuas air sin, bhí geilleagar Phoblacht na hÉireann oscailte don domhan mór faoin tráth sin. Dá réir sin, imríodh tionchar ar idé-eolaíocht Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta. Leagadh níos mó béime ar an dátheangachas agus ar bhuntáistí oideachais ná mar a leagadh ar fhís na hathbheochana. Mar a dúradh in Comhar in 1981 ba thábhachtaí ‘an fhorbairt réigiúnda ná caomhnú an náisiúin’. Mar sin féin, chuir Gaelscoileanna an ghluaiseacht in oiriúint do na cúinsí idé-eolaíochta agus eacnamaíochta inar mhair pobal na Gaelscolaíochta. Cuireadh bonn gairmiúil faoin eagras agus fostaíodh tuilleadh oibrithe. Ní gan freasúra a tharla an fás sin, áfach. I roinnt mhaith ceantair thuaithe, bhí Cumann Múinteoirí Éireann agus an Eaglais Chaitliceach ina gconstaicí. Mar bharr ar an donas, bhí an Roinn Oideachais ag feidhmiú de réir pholasaithe na déine. Ba ré é sin ina dúirt an Taoiseach Charles Haughey le muintir na hÉireann go gcaithfidís maireachtáil ar chaoi ní ba thíosaí. Scrúdófar sa pháipéar seo na forbairtí tábhachtacha a tharla le linn na tréimhse úd a chuir bonn gairmiúil faoin nGaelscolaíocht in ainneoin na gconstaicí agus na dispeansáide claochlaithe. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1) An bhfuil an scoil tagtha in áit an teaghlaigh maidir le seachadadh na máthairtheanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht? Scéalta ón ngort Páipéar Breathnach, C. & Ó Laoire, M., Coláiste Mhuire gan Smál/Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Ag scríobh dó in 2006 faoin bpleanáil teanga phobalbhunaithe bhí Mac Giolla Chríost den tuairim go gcuirfeadh pleanáil éifeachtach níos mó deiseanna ar fáil an teanga a úsáid (Mac Giolla Chríost 2006:245). Bhí sé den tuairim chomh maith go dtagann ardú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla nuair a thosnaíonn páistí ag freastal ar scoil agus nárbh í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh i leath de theaghlaigh phríobháideacha sa Ghaeltacht. Léirigh tuarascáil a d’eisigh Tuismitheoirí na Gaeltachta in 2021 nach bhfuil ach 23% den líon iomlán teaghlach sa Ghaeltacht ag tógaint a gclann le Gaeilge. Anuas ar sin, léirigh tuarascáil ó Ghlór na nGael nach bhfuil ach 7,000 teaghlach ar fud na hÉireann ina bhfuil páistí á dtógaint le Gaeilge lasmuigh den nGaeltacht. Tá sé mar bhun-aidhm an chórais pleanála teanga reatha an Ghaeilge a láidriú ar bhealach comhordaithe agus úsáid na teanga a mhéadú dá réir sna réimsí éagsúla den bpobal, an teaghlach ina measc. Beidh an t-alt seo bunaithe ar thaighde a deineadh le déanaí nuair a cuireadh agallaimh leath-struchtúrtha ar Oifigigh Pleanála Teanga i gceantracha Gaeltachta éagsúla ar mhaithe lena dtaithí sa Phleanáil Teanga a chíoradh agus a phlé leo. Baineadh úsáid as agallaimh taighde cháilíochtúil mar uirlis bailithe sonraí mar gur theastaigh uainn tuiscint a fháil ar thaithí ar leith an agallóra faoin ábhar ‘rather than generating generalizable understandings of large groups of people’ (McGrath, Palmgren & Liljedahl, 2018:1002). Tagann na húdaráis le Mac Giolla Chríost a dúirt ‘[that] local, community-based language planning activities would be more effective than a regional, macro approach to intervention in the field’ (Mac Giolla Chríost 2006:245). Ceal gréasán tacaíochta comhleanúnach, áfach, atá riachtanach chun é sin a bhaint amach, ní bheidh rath ar an gcóras. Tugadh faoi deara fiche bliain ó shin gurb é an córas oideachais, seachas an teaghlach, an príomhbhealach seachadta teanga a bhí sa Ghaeltacht (Mac Giolla Chríost 2006:248). Sa pháipéar seo, déanfar fírinneacht an ráitis seo a chíoradh ag baint úsáid as eispéaras na nOifigeach Pleanála Teanga: an bhfuil an scoil tagtha in áit an teaghlaigh maidir le seachadadh na máthairtheanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht?
49
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Bearta chun athshlánaithe in earnáil na Gaelscolaíochta Páipéar Ó Domagáin, G., Ollscoil Uladh Ní haon áibhéil é gur cuireadh bac ar dhul chun cinn acadúil gach dalta scoile mar thoradh ar an phaindéim. Is faoi dhálaí fíordhúshlánacha a bhí múinteoirí agus ceannairí scoile ag iarraidh bunghnéithe an churaclaim a chur i láthair na ndaltaí tríd an chianfhoghlaim. Mar sin féin, in éineacht le teagasc an churaclaim, tá sé de chúram ar chleachtóirí in earnáil na Gaelscolaíochta daltaí a chur ar an eolas faoi theanga eile laistigh de theorainneacha an tseomra ranga. Forbraítear na scileanna teanga seo go horgánach tríd an tumoideachas; tumoideachas nach raibh indéanta le beagnach dhá scoilbhliain. Maítear go gcuirfidh an easpa ionchuir teanga seo isteach go mór ar inniúlacht Ghaeilge na ndaltaí seo, go háirithe na daltaí sin a bhfuil tuismitheoirí aonteangacha acu. Ar imeacht na paindéime, ní mór an bhearna teanga seo a líonadh agus beidh ar mhúinteoirí agus ar cheannairí, amhail gach suíomh eile, díriú ar réiteach a fháil ar na fadhbanna atá roimh dhaltaí maidir leis na bunscileanna seo. Sa pháipéar seo, cuirtear i láthair sonraí eimpíreacha a bailíodh mar chuid de thionscadal taighde arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais ó Thuaidh. Tuairiscítear tuairimí agus eispéiris na bpríomhpháirtithe leasmhara (An Roinn Oideachais, Comhairle na Gaelscolaíochta, ceannairí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí) maidir leis an iarmhairt ar na daltaí agus déantar iarracht moltaí praiticiúla a thabhairt maidir le pleanáil an téarnaimh sa ghearrthéarma (0-3 mhí), sa mheántéarma (6-12 mhí) agus san fhadtéarma (12+ mí). An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 1) Imscrúdú ar chéimeanna a bhíonn le glacadh chun bunscoil Bhéarla a athbhunú ina Gaelscoil Páipéar Ní Luasa, C., Coláiste Mhuire gan Smál Cé go bhfuil molta bunscoileanna lán-Bhéarla a athbhunú ina ngaelscoileanna chun tacú le sprioc lárnach in Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhlíonadh (Gaeloideachas, 2021), léirítear nach bhfuil aon chur chuige aitheanta ann chun bunscoileanna a athbhunú ina ngaelscoileanna. Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde inar fiosraíodh céimeanna an athbhunaithe trí shúile ceannairí scoileanna a bhíodh ag feidhmiú mar scoileanna lánBhéarla tráth. Rinneadh iniúchadh ar rathúlacht an athbhunaithe ó pheirspictíochtaí éagsúla i bpobail na scoileanna lena n-áirítear cathaoirligh, príomhoidí, iar-phríomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí. Ag tús an pháipéir, nochtar réasúnaíocht an taighde agus tabharfar léargas ar litríocht ábhartha an ghoirt. Ansin, déanfar plé ar mhodheolaíocht an taighde agus roinnfear torthaí an tionscadail. Ag deireadh an pháipéir, cuirfear impleachtaí an taighde i láthair mar a bhaineann le sainmheon teanga scoile a athrú san am atá le teacht.
50
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Scoil Chéad Sprice Chéimithe an MGO – C’áil siad? Páipéar Ó Grádaigh, S., Ní Ghuidhir, S. & Murray, C., OÉG Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Mháistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iar-bhunscoile lán-Ghaeilge. Ag tógáil ar thaighde dár gcuid a foilsíodh in Irish Educational Studies ‘Who are qualified to teach in second-level Irish-medium schools?’ (2015), déanann an taighde seo iniúchadh ar an ‘Scoil Chéad Sprice’ ag céimithe an MGO ó 2016-2021. Is iomaí staidéar atá déanta ar ‘Scoil Chéad Sprice’ múinteoirí nua-cháilithe in Éirinn (Drudy 1993, Heinz 2013) ach níl aon taighde sonrach déanta san earnáil lán-Ghaeilge. Taispeánann an litríocht idirnáisiúnta ar fhorbairt ghairmiúil an mhúinteora go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le comhthéacs scoile múinteoirí nua-cháilithe mar gur anseo a bhuanaítear meonta agus cuir chuige teagaisc a shealbhaítear i rith cúrsaí oiliúna tosaigh múinteoirí. Anuas air sin, i gcomhthéacs na hÉireann, leagann an córas ionduchtaithe múinteora de chuid na Comhairle Múinteoireachta, Droichead, béim ar an leanúnachas ó chéim go céim i bhforbairt an mhúinteora. Is léir, mar sin, go bhfuil tuiscint ar chéad sprioc chéimithe an MGO riachtanach chun léargas a thabhairt ar sholáthar múinteoirí oilte don earnáil lán-Ghaeilge. Bailíodh na dálaí sa taighde seo (n=120) trí cheistneoir fóin a chur ar chéimithe agus is iad luathshonraí an taighde, ag díriú isteach ar chúpla saincheist gur mhaith linn a chíoradh, a bheidh á roinnt againn sa chur i láthair taighde seo. 1 2 3 4 5 6 7
Céard iad na príomhfháthanna/gnéithe a imríonn tionchar ar mhic léinn MGO agus iad ag roghnú scoile/poist? An mó tairiscint poist a fuair céimithe MGO? An bhfuil ‘cineál scoile’ (Scoil Ghaeltachta / Gaelcholáiste srl.) san áireamh sa chinneadh seó? An imríonn tíreolaíocht tionchar ar an gcinneadh? An mó céimithe MGO a thosaíonn ag teagasc i nGaelcholáistí? An mó céimithe MGO a thosaíonn ag teagasc sa Ghaeltacht? Má tá scoil Bhéarla mar ‘chéad sprioc’ ag céimithe MGO, an mbíonn rún acu aistriú go scoil lán-Ghaeilge le himeacht aimsire?
An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1) Ón nead amach: Lucht labhartha (nuachainteoirí?) na Gaeilge agus a dtaithí tar éis na nGaelcholáistí Páipéar Ó Goill, O., Coláiste Mhuire gan Smál Leis an mborradh atá tagtha ar an oideachas lán-Ghaeilge le blianta beaga anuas, tá níos mó daoine óga ag críochnú oideachas lántumtha ná mar a bhí riamh, iad líofa, báúil i leith na teanga agus ag iarraidh í a “choinneáil suas” (Ní Thuairisg & Ó Duibhir 2022). Is beag an t-eolas atá againn faoi conas a éiríonn leo. Sa pháipéar seo, déanfar taiscéaladh ar eispéireas Nuachainteoirí na Gaeilge, iad siúd a dhéanann iarracht fhollasach chun an teanga a labhairt go sóisialta tar éis fágáil na hiar-bhunscoile lán-Ghaeilge dóibh. Déanfar aibhsiú ar a gcuid idé-eolaíochtaí agus ar a gcuid inspreagtha chun tuiscint níos fearr a fháil ar chúinsí agus gnéithe cainteoirí gníomhacha. Chun eolas a bhailiú, reáchtáladh trí ghrúpa fócais de nuachainteoirí ó chúlraí éagsúla: mic léinn ollscoile; céimithe ollscoile leis an gcúlra iar-bhunscoile céanna; agus céimithe ollscoile le cúlra iar-bhunscoile éagsúil. Tabharfar léargas ar an taighde ábhartha a bhaineann le nuachainteoirí na Gaeilge, déanfar cur síos ar mhodheolaíocht an taighde, déanfar anailís ar ghnéithe comhchoiteanna na rannpháirtithe agus pléifear torthaí na hanailíse i gcomhthéacs an tumoideachais, an tírdhreacha shochtheangeolaíoch, agus na pleanála teanga.
51
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 1 An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1)
1
Múinteoirí faoi oiliúint agus teagasc ábharbhunaithe trí Ghaeilge: Peirspictíochtaí agus Impleachtaí Páipéar Dennehy, N., Ó Ceallaigh T.J., Ní Chonaill, M. & O’ Connor, A., Coláiste na hOllscoile Corcaigh/Coláiste Mhuire gan Smál Úsáidtear an iliomad téarmaí chun tagairt do chuir chuige theagaisc ina ndéantar an fhoghlaim ábhair agus an fhoghlaim teanga a chomhtháthú, mar shampla tumoideachas, teagasc ábharbhunaithe (CBI), foghlaim chomhtháite ábhair agus teanga (FCÁT), cé go bhfuil mar an cuspóir coiteann acu go léir an dátheangachas suimitheach ina ndírítear ag an am céanna ar an bhfoghlaim ábhair agus ar an bhfoghlaim teanga. Níl tuiscint iomlán againn go fóill áfach ar chomhtháthú oideolaíocht an tumoideachais eispéireasaigh ná ar conas a théann múinteoirí faoi oiliúint i ngleic leis an teagasc ábharbhunaithe. Áitítear gur rud bunriachtanach é an tuiscint sin chun freagairt go hoiriúnach dá sainriachtanais agus, ar an gcaoi sin, chun feabhas a chur ar cháilíocht fhoriomlán an tsoláthair. Sa pháipéar seo, tabharfar spléachadh ar dhearcthaí múinteoirí faoi oiliúint maidir le tosú ar an teagasc ábharbhunaithe san oideachas lán-Ghaeilge, agus ar a dtaithí ar an teagasc sin. Bailíodh sonraí ó cheistneoir fairsing ar líne. Léiríonn na torthaí go bhfuil deacracht ag múinteoirí teacht ar eolas ábhartha atá ailínithe le riachtanais an mhúinteora agus go bhfuil sé dian orthu am agus ualach oibre an mhúinteora a bhainistiú go sciliúil agus iad ag plé le comhtháthú oideolaíocht an tumoideachais. Léiríonn na torthaí freisin go bhfuil easpa muiníne, easpa inniúlachta agus easpa tacaíochta mar bhaic ag múinteoirí faoi oiliúint. Ag deireadh an pháipéir, tabharfar aghaidh ar mholtaí, ar impleachtaí agus ar thaighde amach anseo chun an teanga agus an t-ábhar a chur chun cinn go comhuaineach sa teagasc san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. An Satharn 10.00 – 12.00, Seomra T1.15 (Seisiún Comhthreomhar 1) Fás gairmiúil sa tumoideachas a spreagadh trí fhoghlaim agus trí mheasúnú teanga atá bunaithe ar ríomhphunann Páipéar Ní Chlochasaigh, K. & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál Bíonn leibhéal ard feasachta teanga de dhíth ar an múinteoir go sonrach chun pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim teanga sa tumtheagasc. Mar sin féin, tá sé sonraithe ag scoláirí áirithe go bhfuil bearnaí móra i bhfeasacht teanga múinteoirí tumoideachais. Bac mór atá sna bearnaí sin do na múinteoirí sin a bhfuil an fhreagracht orthu a bheith ina samhlacha inniúla den tumtheanga, raon leathan ardscileanna agus ard-inniúlachtaí teanga a léiriú, agus an t-eolas faisnéiseach sin ar an teanga a aistriú ina thascanna oideolaíocha éifeachtacha. Tá tuairisc sa pháipéar seo ar an úsáid a baineadh as foghlaim teanga agus measúnú bunaithe ar ríomhphunann chun feasacht teanga fiche a dó múinteoir lán-Ghaeilge a chothú agus iad rannpháirteach i gclár iarchéime ar líne a bhí dírithe ar an bhfoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga. Bailíodh sonraí ó fhoinsí éagsúla, mar shampla ceistneoir fairsing ar líne, pleananna teanga aonair, ríomhphunanna, machnamh, agus fócasghrúpaí. Tugtar le tuiscint sna torthaí go raibh úsáid ríomhphunainne bunriachtanach chun acmhainní teanga múinteoirí sa tumtheanga a fhorbairt, agus cothaíodh neamhspleáchas, inspreagadh agus rath na bhfoghlaimeoirí leis an ríomhphunann freisin. Cuireadh ar a gcumas d’fhoghlaimeoirí a gcuid foghlama féin a phleanáil agus monatóireacht agus machnamh a dhéanamh uirthi, fianaise a thabhairt ar a ndul chun cinn, léargais a chomhroinnt, agus teacht suas le réitigh chruthaitheacha. Chuir an próiseas sin dúshlán rompu freisin a bheith ina n-úsáideoirí inniúla neamhspleácha den tumtheanga, rud a chothaigh foghlaim teanga atá féinrialaithe agus dírithe ar ghníomh.
52
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN PÓSTAEIR An Satharn 12.00 – 12.30, An tSlí (Seisiún Póstaeir) Aonach na bPóstaer 1. Tumoideachas na Maoraise sa Nua-Shéalainn, Geary, S., Coláiste Mhuire gan Smál 2. An Délitearthacht: Bua an dátheangachais, Ó Cinnéide, D., Coláiste Mhuire gan Smál 3. Tuismitheoirí: Crann taca aonair nó foraois taca don tumoideachas agus don dátheangachas, Ó Cearúil, N., Coláiste Mhuire gan Smál 4. Polasaí teanga teaghlaigh: Iniúchadh ar pholasaí teanga sa teaghlach ar son sealbhú mionteanga, Ó Cathmhaoil, B., Coláiste Mhuire gan Smál 5. Castachtaí an oideachais dhátheangaigh, Ní Chonchúir, I., Coláiste Mhuire gan Smál 6. Ról an phobail teanga i bhforbairt an dátheangachais i ndaltaí bunscoile Gaeltachta, Ní Shuibhne, S., Coláiste Mhuire gan Smál 7. Na meáin shóisialta a úsáid ar mhaithe le hathneartú na Gaeilge, Ó Liodáin, P., Coláiste Mhuire gan Smál 8. Gréasán teanga: An taobh eile de thairseach na scoile, Mac Donnacha, C., Coláiste Mhuire gan Smál 9. Trasteangú sa suíomh lán-Ghaeilge: Deiseanna agus dúshláin, Ó Muirí, R., Coláiste Mhuire gan Smál 10. Conas a imríonn cúinsí pearsanta tionchar ar fhorbairt an dátheangachais shuimithigh i scoileanna T2, Nelligan, E., Coláiste Mhuire gan Smál 11. Trasteangú i suíomh an tumoideachais, Nic Chonghamhna, D., Coláiste Mhuire gan Smál 12. Clann a thógáil go dátheangeach i gcomhthéacs na Gaeilge, Ní Mhuirí, S., Coláiste Mhuire gan Smál 13. Forbairt na litearthachta sa seomra ranga bunscoile: Sé phríomhghné, Nic an Fhailí, H., Ní Dhúill, C., Ó Laoighre, C & Ní Dhubhghaill, E., An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí 14. Teanga chaidrimh na scoile agus ag smaoineamh mar scríbhneoirí, Nic an Fhailí, H., Ní Dhúill, C., Ó Laoighre, C & Ní Dhubhghaill, E., An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí 15. Scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta, Nic an Fhailí, H., Ní Dhúill, C., Ó Laoighre, C & Ní Dhubhghaill, E., An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí 16. Leathanach Gaeilge SFGM, Nic an Fhailí, H., Ní Dhúill, C., Ó Laoighre, C & Ní Dhubhghaill, E., An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí 17. Mataí gramadaí, Nic an Fhailí, H., Ní Dhúill, C., Ó Laoighre, C & Ní Dhubhghaill, E., An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
53
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Feasacht teanga agus feasacht chultúrtha: Ag spreagadh eolais ar chultúr na sprioctheanga i gcás na ngaelscoileanna Páipéar Ní Mhaoilstéighe, E., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelscoil Bhrian Bóroimhe Pléitear sa pháipéar seo na straitéisí teagaisc agus foghlama a cuireadh i bhfeidhm le linn taighde le hiniúchadh a dhéanamh ar na straitéisí ab éifeachtaí chun inspreagadh dhaltaí Rang 6 a mhéadú i leith na Gaeilge. Baineadh úsáid as oideolaíochtaí atá molta ag Dörnyei agus Csizér (1998) mar mhúnla taighde chun foghlaimeoirí teanga a spreagadh thar thréimhse ceithre seachtaine. Baineadh úsáid as ceistneoir taighde chun inspreagadh na ndaltaí a mheas roimh thabhairt faoi na straitéisí agus arís tar éis tabhairt faoi na straitéisí. Cuireadh na torthaí ón dá cheistneoir taighde i gcomparáid lena chéile chun treochtaí a aithint. Fuarthas tuiscint níos doimhne ar na treochtaí sin trí ghrúpaí fócais agus trí bhreathnóireacht an mhúinteora. Sa chaoi sin, bailíodh eolas cáilíochtúil agus cainníochtúil chun léargas a fháil ar rath na straitéisí teagaisc agus foghlama. Sonraíonn torthaí an taighde go dtacaíonn inspreagadh uirliseach le hinspreagadh comhtháite i gcás na Gaeilge agus go mbíonn an dá chineál inspreagtha ag obair i dteannta a chéile. Díreofar sa saothar seo ar cheann amháin de na straitéisí, ‘spreag eolas ar chultúr na sprioctheanga’ a thagann leis an bprionsabal ‘Feasacht Teanga agus Feasacht Chultúrtha’ i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Táthair ag súil go mbeidh moltaí an taighde ina gcabhair do oideachasóirí, do lucht deartha curaclaim agus do phlé ar an ábhar amach anseo chun oideolaíochtaí éifeachtacha teanga a chur i bhfeidhm sa suíomh tumoideachais. An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2) Iniúchadh ar áit na mothúchán i bpróiseas fhoghlaim na Gaeilge ag an tríú leibhéal Páipéar Ní Shluáin, M., Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Tagraíonn an achoimre seo do staidéar dochtúireachta reatha a dhíríonn ar thaithí foghlama teanga fhoghlaimeoirí na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Tugtar tosaíocht sa taighde do mhothúcháin na bhfoghlaimeoirí trí leas a bhaint as forbairtí i réimse Shíceolaíocht na Foghlama agus an Teagaisc Teanga agus i gcúrsaí an Inspreagtha T2. Rangaítear na rannpháirtithe de réir cúlra s’acu ar mhaithe le léargais a fháil ar éagsúlacht na bhféiniúlachtaí sa déimeagrafach. B’údar suime ollmhór é dá aimseofaí codarsnacht idir foghlaimeoirí a d’fhreastail ar ghaelscoileanna agus iadsan a d’fhreastail ar scoileanna Béarla. Baineann aistear foghlama fada le teanga a shealbhú ina mbíonn frustrachas, féin-amhras agus easpa muiníne i gceist agus bíonn gá le buanseasmhacht, le dóchas agus le misneach dá bharr. Bíonn tionchar sunstasach ag mothúcháin an duine ar a inspreagadh agus ar a infheistíocht i dtaca leis an bpróiseas foghlama teanga. Rialaíonn a chuid mothúchán an teangmháil a dhéantar leis an teanga agus an meon chomh maith leis an gcaidreamh a chruthaítear ina leith. Tugadh formhór na hairde i ngort Shealbhú an Dara Teanga go dtí seo ar ghné chognaíoch an phróisis. Áitítear anois i gcomhair cur chuige iomlánaíoch a chur in úsáid a bhreathnaíonn ar an bhfoghlaimeoir mar dhuine iomlán atá lonnaithe i gcomhthéacs faoi leith. Caithfear an cúram céanna a dhéanamh den mhúinteoir fosta mar gheall ar éifeacht dhíreach a mheoin féin ar thaithí agus ar thaitneamh a chuid foghlaimeoirí. Úsáidtear peirspictíochtaí na Síceolaíochta Dearfaí agus an Cur Chuige Daonnachaíoch sa tionscadal chun freastal ar ábharthacht na mothúchán sa phróiseas foghlama teanga. Cuirtear béim ar an ngá le tuairim an fhoghlaimeora a chur san áireamh i gcleachtais an teagaisc teanga. Léirítear sa phóstaer an chaoi a bhféadfaí creat teoiriciúil agus modheolaíochta a chur in oiriúint do thaighde ar mhothúcháin fhoghlaimeoirí na Gaeilge ag aon leibhéal oideachais.
54
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Féiniúlacht múinteoirí tumoideachais: iniúchadh ar chúlra agus ar inspreagadh múinteoirí iar-bhunoideachais a oibríonn i suímh thumoideachais Páipéar Mac Seáin, C., Coláiste San Aingeal, Sligeach/Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh Aithnítear go hidirnáisiúnta go mbíonn dúshláin éagsúla le treascairt ag múinteoirí a oibríonn i suímh thumoideachais agus iad ag iarraidh ábhar agus teanga a theagasc go comhuaineach (Fortune agus Tedick 2008; Ó Duibhir 2011; Genesee agus Lindholm-Leary 2013; Ní Thuairisc 2014; Ó Duibhir 2018). In ainneoin na ndúshlán sin, tá earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta fós tarraingteach do mhúinteoirí ar earnáil í atá ag fás agus ag méadú faoi láthair. Déanfar iniúchadh sa pháipéar seo ar na fáthanna a roghnaíonn múinteoirí iar-bhunoideachais earnáil an Ghaeloideachais trí anailís a dhéanamh ar a gcúlra, ar a roghanna gairmiúla mar aon lena gcleachtais oideolaíochta féin. Chuige sin, baineadh feidhm as coincheap na féiniúlachta gairmiúla mar fhráma teoiriciúil chun an staidéar a struchtúrú. Bailíodh sonraí cáilíochtúla mar aon le sonraí cainníochtúla ó shampla breisitheach de mhúinteoirí iar-bhunoideachais a mhúineann i suímh thumoideachais. Cruthaíodh ceistneoir sainiúil le sonraí cainníochtúla a bhailiú agus baineadh feidhm as agallaimh leath-struchtúrtha chun na sonraí cáilíochtúla a bhailiú. Is é sprioc an pháipéir seo ná plé a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus féachfar le roinnt moltaí a dhéanamh dóibh siúd a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí tumoideachais mar aon le lucht déanta beartas i bhfianaise na dtorthaí sin.
An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.18 (Seisiún Comhthreomhar 2) Féiniúlacht agus feasacht mhic léinn tríú leibhéal na Gaeilge: cúinsí inspreagtha na mac léinn a thug faoin mBaitsiléir san Oideachas trí mheán na Gaeilge Páipéar Ní Dhonnchadha, C., Coláiste Mhuire gan Smál/Institiúid Oideachais Marino Tugann taighde máistreachta an údair le fios gur mhúscail cúinsí inspreagtha uirlisigh, chomhtháite agus altrúíoch mhic léinn an Bhaitsiléara san Oideachas trí Mheán na Gaeilge chun tabhairt faoin gcéad chéim oifigiúil sa bhunmhúinteoireacht trí mheán na Gaeilge. Tugadh faoin taighde le fiche is a haon mac léinn sa chead bhliain agus sa dara bliain den chéim agus tarraingíodh ar thorthaí ceistneora, agallaimh aonair agus ar sheisiúin le grúpaí fócais chun mórcheist an staidéir seo a fhreagairt. Léiríonn torthaí an taighde gur bhain cúinsí inspreagtha na mac léinn le caidreamh, deiseanna teanga agus cúinsí inspreagtha ar leith. Spreag caidrimh idir na mic léinn agus a gcuid múinteoirí, tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) agus cairde iad i dtreo na Gaeilge agus na céime. Bhain an teagmháil ba mhó a bhí ag mic léinn leis an nGaeilge taobh amuigh de shuíomh na scoile le coláistí samhraidh Gaeltachta, na meáin shóisialta agus caithimh aimsire ag a bhfuil nasc láidir leis an gcultúr Gaelach. Spreagadh cuid de na mic léinn tabhairt faoin gcéim mar gheall ar inspreagadh uirliseach cosúil le deiseanna fostaíochta, ach roghnaigh níos mó ná leath de na mic léinn tabhairt faoin gcéim mar gheall ar inspreagadh comhtháite; báúlacht teanga. Níos suntasaí fos, roghnaigh formhór de na mic léinn tabhairt faoin gcéim mar gheall ar inspreagadh altrúíoch; theastaigh uathu difríocht a dhéanamh o thaobh na Gaeilge de i saol páistí. Cé go dtugann torthaí an taighde fianaise shaibhir chun solais maidir leis na cúinsí inspreagtha is cumhachtaí chun bá fad saoil a chothú i leith na Gaeilge, ba léir go raibh géarghá tabhairt faoi thuilleadh taighde chun iarmhairtí na céime ar oideachas in Éirinn a thuiscint. Tá an t-údar ag tabhairt faoi thaighde dochtúireachta a dhíríonn ar dhianspreagadh ardchumhachtach na mac léinn agus ar an éifeacht a bheidh acu ar an bpobal timpeall orthu i dtaobh na Gaeilge amach anseo.
55
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Sintéis chun Scafaill: Léirbhreithniú comhtháite ar chomhtháthú an ábhair agus na teanga sa tumoideachas Páipéar Ní Ghráinne, M., Coláiste Mhuire gan Smál/Gaelscoil Mhic Amhlaigh In ainneoin bhuntáistí an tumoideachais, is mó tuiscint atá ann anois ná riamh go bhfuil tionchar na neamhairde ar ghné na teanga i dteagasc ábhair le sonrú in inniúlacht teanga na bhfoghlaimeoirí. Cuirtear cur chuige comhtháite idir teagasc na teanga agus an ábhair chun tosaigh mar bhealach amháin chun an bua a fháil ar an mbearna seo i seomraí ranga tumoideachais. Cé go soláthraíonn taighde an tumoideachais léargais luachmhara ar a chasta is atá cur i bhfeidhm an fheiniméin, is beag treoirlínte agus áiseanna praiticiúla atá ag eascairt astu a chabhraíonn le múinteoirí an dúshlán seo a shárú ó lá go lá. Tugadh aghaidh ar an mbearna sin a líonadh leis an taighde tánaisteach seo trí léirbhreithniú comhtháite ar an litríocht a dhéanamh. Rinneadh sintéisiú ar phrionsabail na gcáipéisí ar mhaithe le teimpléad pleanála taighde-bhunaithe a dhearadh. Díríonn an teimpléad go follasach ar chomhtháthú an ábhair agus na teanga i gcleachtais ranga na ngaelscoileanna agus cuirtear sé mhórphrionsabal chun tosaigh ann, lena n-áirítear anailís agus oiriúint ar ionchur, cuspóirí ábhair, cuspóirí teanga, ginchumas aschuir, cognaíocht agus measúnú. Sa pháipéar seo, nochtfar réasúnaíocht, tabharfar sárthaispeántas agus cíorfar feidhmeanna éagsúla an teimpléid ar mhaithe le cleachtas comhtháite idir teagasc na teanga agus an ábhair a shaibhriú. An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2) Iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag critéir mheasúnaithe le béim chomhuaineach ar ábhar agus ar theanga ar ghnóthachtáil agus ar mheon aigne scoláirí i rang staire na chéad bhliana sa ghaelcholáiste Páipéar Uí Mhurchú, A., Coláiste Daibhéid/Coláiste Mhuire gan Smál & Ó Ceallaigh, T.J., Coláiste Mhuire gan Smál Sonraítear sa litríocht go bhfuil dualgas gairmiúil ar mhúinteoirí tumoideachais gnóthachtáil acadúil a chur chun cinn agus a chinntiú, ag an am céanna, go bhforbraítear inniúlacht sa dara teanga agus sa litearthacht (Ó Ceallaigh, et al., 2019; Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021). É sin ráite, tá sé tugtha le fios go seasmhach sa taighde le fada an lá go bhfuil scileanna teanga scoláirí tumoideachais easnamhach maidir le cruinneas gramadaí, sofaisticiúlacht chomhréire agus léacsach, agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Ó Duibhir 2009; 2018; Walsh 2007). Sa litríocht, moltar cothromaíocht idir múineadh na foirme agus múineadh an bhrí sa chomhthéacs tumoideachais chun an cruinneas sin a fhorbairt (Lyster 2007). Cé go bhfuil comhtháthú an ábhair agus na teanga ag croílár an churaclaim sa ghaelscolaíocht iar-bhunscoile in Éirinn, ní dhéantar measúnú ach ar an ábhar amháin sna scrúduithe seachtracha. Sa pháipéar seo, déanfar cur síos ar thaighde gníomhaíochta inar scrúdaíodh conas mar a théann an teagasc foirm-dhírithe mar aon le critéir mheasúnaithe ina bhfuil béim chomhuaineach ar ábhar agus ar theanga i bhfeidhm ar ghnóthachtáil agus ar mheon aigne na scoláirí i rang staire na chéad bhliana. Tabharfar spléachadh sa pháipéar ar réasúnaíocht, ar mhodheolaíocht agus ar théama amháin a tháinig chun cinn sa taighde, is é sin éifeacht na hidirghabhála ar leibhéal gnóthachtála agus ar mheon aigne na scoláirí. Ag deireadh an pháipéir, pléifear impleachtaí na dtorthaí don chóras scrúduithe agus do gnóthachtáil na scoláirí san ábhar agus sa Ghaeilge.
56
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
SIOF: Uirlis Oideolaíoch don Rang Ábharbhunaithe Iar-bhunscoile Páipéar Mac Gearailt, B., Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh Tá comhaontú sa litríocht go mbaineann daltaí an tumoideachais leibhéal níos airde cumais amach sa sprioctheanga le hais a gcomhdhaltaí a dhéanann staidéar ar an teanga i ranganna ar leith (Cammarata agus Tedick, 2012; Ó Ceallaigh agus Ní Shéaghdha, 2017). Aithnítear chomh maith, áfach, nach mbaintear inniúlacht chomhréireach an chainteora dúchais amach; léiríonn daltaí an tumoideachais gramadach shimplithe agus stór focal teoranta (Ó Ceallaigh, 2016). Is dúshlán leanúnach é do mhúinteoirí tumoideachais múineadh an ábhair agus múineadh na teanga a chomhtháthú (Mehisto, 2008). Mar chuid de thionscnamh taighde reatha tá uirlis oideolaíoch á dearadh don rang ábharbhunaithe iar-bhunscoile. Cumasóidh an uirlis múinteoirí tumoideachais iar-bhunscoile le múineadh an ábhair agus múineadh na teanga a chomhtháthú. Cuirfidh an uirlis seo le bonn eolais na múinteoirí agus forbróidh sí a gcumas pleanála mar aon le comhráití proifisiúnta agus athmhachnamh a spreagadh. Díreofar ar ghnéithe na Scaflála, an Ionchuir, an Aischuir agus an Aiseolais (SIOF an Bhéarla). Déanfaidh SIOF iarracht an teoiric agus an taighde a nascadh leis an gcleachtas. Pléifidh an páipéar seo gnéithe na Scaflála agus an Aiseolais. Ó thaobh na Scaflála bainfear leas as coincheap na Triptice Teanga (Coyle, Hood agus Marsh, 2010) le cíoradh a dhéanamh ar mhíreanna teanga a bheadh riachtanach agus cabhrach in aon cheacht ar leith. Cuirfear i láthair coincheap na Timpeallachta Foghlama Teanga-Íogaire. Díríonn sé sin ar fhéinriar daltaí, ar chleachtais, ar nósanna agus ar chultúr ranga d’fhonn daltaí a spreagadh agus a chumasú le freagracht a ghlacadh as a bhforbairt teanga féin. Ag tógaint ar shaothar Tedick agus Lyster (2021) mar aon le Lyster agus Ranta (1997) déanfar cíoradh ar ghnéithe éagsúla den aiseolas d’fhonn teacht ar chur chuige don rang ábharbhunaithe iar-bhunscoile. Pléifear aiseolas ó bhéal agus aiseolas scríofa araon. Ag eascairt as sin, agus gné na Scaflála, cuirfear i láthair coincheap an Aiseolais Threoraithe. An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.17 (Seisiún Comhthreomhar 2) Iniúchadh ar straitéisí agus uirlisí idirghabhála a úsáidtear chun plé le teanga dhisciplíneach ábhair ar leith i ranganna sinsearacha gaelscoile Páipéar Ó Laoghaire, C., Coláiste Mhuire gan Smál Tá borradh aníos thar chuimse tagtha ar an tumoideachas in Éirinn le 30 bliain agus níos mó anuas. Cé go dtuairiscítear go mbaineann daltaí an tumoideachais an caighdeán céanna nó níos airde amach i léitheoireacht agus scríbhneoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge araon ná mar a bhaineann a gcomhscoláirí a fhreastalaíonn ar scoil phríomhshrutha (Ó hAiniféin, 2008), is beag taighde atá déanta ar theanga fhorásach dhisciplíneach na n-ábhar tras-churaclaim i suíomhanna tumoideachais in Éirinn. Déanann an taighdeoir iniúchadh ar na straitéisí a mbaineann múinteoirí an tumoideachais úsáid astu chun Gaeilge na ndaltaí a mhaoiniú sa teanga dhisciplíneach seo. Dar le Cammarata agus Tedick (2010), cé go n-éiríonn go maith le foghlaimeoirí an tumoideachais go hacadúil agus go mbíonn a scileanna gabhchumais ar nós scileanna cainteoirí dúchasacha, ní hamhlaidh dá dtáirgíocht ná dá scileanna ginchumais a bhíonn easnamhach, agus chuige sin pléitear an tumoideachas agus foirm na sprioctheanga chun an cheist a fhréamhú. Sa chéad chuid eile den pháipéar, cíortar an litríocht chun léargas a fháil ar chumas agus muinín na n-oideachasóirí chun an teanga a sheachadadh i measc na ndaltaí agus eolas na múinteoirí sin ar oideolaíochtaí ábhartha agus oiriúnacha son tumoideachas. Ar deireadh, pléitear straitéisí, cuir chuige agus oideolaíochtaí mar an teagasc foirm-dhírithe, FCÁT agus an trasteangú agus fiosraítear an bhfuil ann dóibh i seomraí ranga an tumoideachais in Éirinn, trí lionsa mheonta maíte na múinteoirí a chleachtann an tumoideachas.
57
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
Iniúchadh ar thacaíochtaí d’oideachasóirí gaelscolaíochta agus saibhreas teanga á thabhairt ar láimh acu d’fhoghlaimeoirí gaelscolaíochta Páipéar Ní Éigní, S., Coláiste Mhuire gan Smál/ Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg Aithnítear gur suaithinseach an láthair í an scoil i dtaobh athbheochan agus caomhnú teanga i bpobal lena luaitear teanga mhionlaigh. Maireann an ghaelscolaíocht, córas a d’eascair agus a d’fhorbair as an bpobal, ar cheann de na hinnill is cumhachtaí i gcás iompar teanga na Gaeilge. Ainneoin an fháis mhóir atá le sonrú ar líon na ngaelscoileanna sa tír le himeacht na mblianta, áirítear gur sriantach an coinníoll é i gcothú na teanga agus a laghad deiseanna teagmhála leis an teanga ag foghlaimeoirí seachtracha ar an gcomhthéacs tumoideachais. Faoi scáth na paraidíme tógachaíche a déanadh ceisteanna an staidéir a iniúchadh ar mhaithe le himscrúdú criticiúil a dhéanamh ar thacaíochtaí a d’fhéadfadh uasmhéid deiseanna teagmhála le saibhreas teanga a chinntiú d’fhoghlaimeoirí gaelscoile. Ag tús an pháipéir seo, cuirfear réasúnaíocht an taighde i láthair agus déanfar scagadh ar an litríocht ábhartha. Ansin, déanfar plé ar mhodheolaíocht an taighde agus ar thoradh na hanailíse a baineadh amach. Aithníodh Ionchur Teanga an Oideachasóra, Cruinneas Teanga na bhFoghlaimeoirí, Acmhainní Teanga, Aistear Teanga Pearsanta an Oideachasóra agus Cuir Chuige Scoile Uile mar mhórthéamaí plé. Déanfar plé ar théama amháin, Cuir Chuige Scoile Uile, sa pháipéar seo agus déanfar plé ar impleachtaí chun saibhreas teanga a chothú i bhfoghlaimeoirí gaelscolaíochta. An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2) Cé na cleachtais a úsáideann múinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge chun freastal ar an bpáiste ilteangach i ranganna na naíonán sóisear agus sinsear agus cén tuiscint atá acu ar na cleachtais sin? Páipéar de Barra, N., Coláiste Mhuire gan Smál, Gaelscoil an Ghoirt Álainn Tá athrú déimeagrafach tagtha ar Éirinn le blianta beaga anuas, agus is léir anois go labhraíonn 14% de pháistí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna na tíre teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017, lch. 56). Sa pháipéar seo, tabharfar tuairisc ar thaighde inar scrúdaíodh na cleachtais a úsáideann múinteoirí i ngaelscoileanna chun freastal ar na páistí ilteangacha seo i ranganna na naíonán, agus ar an tuiscint atá ag múinteoirí ar na cleachtais sin. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht agus modheolaíocht an taighde. Ina dhiaidh sin, cuirfear na torthaí taighde i láthair le béim ar leith ar na dea-chleachtais a bhí in úsáid ag na rannpháirtithe, mar aon leis na bearnaí a léiríodh ina gcuid cleachtais. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil, le béim ar na riachtanais ar leith atá ag páistí ilteangacha agus an tacaíocht a chabhródh leo, ról an Bhéarla sa seomra ranga tumoideachais, agus ról na máthairtheanga agus traschur scileanna.
58
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SEISIÚN COMHTHREOMHAR 2 An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2)
2
It’s more the invisible benefits: Dearcthaí Tuismitheoirí Ilteangacha ar an Oideachas Lán-Ghaeilge Páipéar Ní Dhiorbháin, A., Institiúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Is tír ilteangach í Eire ina labhraítear breis is 200 teanga go laethúil. Níl na scoileanna lán-Ghaeilge ionadaíoch ar an éagsúlacht teanga agus chultúir atá sa phobal áfach. Úsáideann thart fan 1.5% de pháistí a fhreastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge teanga bhreise sa bhaile seachas Gaeilge nó Béarla i gcomparáid le breis is 10% de pháistí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Déanfar cur síos sa pháipéar seo ar shonraí taighde a bailíodh ó agallaimh le tuismitheoirí ilteangacha a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Breathnófar ar na mórthéamaí a tháinig chun solais ó anailís ar chuid de na hagallaimh le tuismitheoirí maidir leis na cúiseanna ar cláraíodh na páistí i scoil lán-Ghaeilge, dearcthaí i leith na Gaeilge agus i leith an oideachais lán-Ghaeilge, buanna agus dúshláin a bhaineann leis an gcóras lán-Ghaeilge do theaghlaigh ilteangacha agus réamh-mholtaí d’fhonn tacú le teaghlaigh ilteangacha sa chóras lán-Ghaeilge amach anseo. Déanfar naisc idir na téamaí agus an litríocht atá ar fáil ar dhearcthaí tuismitheoirí i leith an oideachais lán-Ghaeilge agus ar dhearcthaí tuismitheoirí ilteangacha i leith an tumoideachais i suíomhanna eile. An Satharn 14.00 -16.00, Seomra T1.16 (Seisiún Comhthreomhar 2) Sainteanga eolaíochta a spreagadh le cabhair na foghlama ar bhonn fiosraithe (FBF) sa bhunscoil tumoideachais idirnáisiúnta Páipéar Ní Luing, L., Coláiste Mhuire gan Smál Déanann an páipéar seo cur síos ar thaighde feidhmeach ar scála beag a cuireadh i bhfeidhm sna meánranganna i mbunscoil tumoideachais idirnáisiúnta in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA). Ba é sprioc an taighde ná sainteanga eolaíochta na ndaltaí a fhorbairt agus tacú le sealbhú an Bhéarla (a bhí mar theanga theagaisc) le cabhair na foghlama ar bhonn fiosraithe (FBF) mar chur chuige teagaisc. Ag tús an pháipéir, nochtfar réasúnaíocht an taighde agus déanfar scagadh ar an litríocht ábhartha le béim ar fhorbairt na teanga sa chomhthéacs ábharbhunaithe. Ina dhiaidh sin, déanfar cur síos ar mhodheolaíocht an taighde. Ansin, nochtfar torthaí an taighde le béim ar leith ar fhorbairt agus ar thraschur scileanna teanga agus ar rathúlacht an tionscadail maidir le sainteanga eolaíochta na ndaltaí a chur chun cinn trí FBF. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar impleachtaí a bhaineann le teagasc agus le foghlaim teangacha i gcomhthéacs na bunscoile tumoideachais go hidirnáisiúnta.
59
AN SATHARN 11 MEITHEAMH – SIOMPÓISIAM 1 An Satharn 14.00 – 16.00, Seomra T1.15 (Siompóisiam 2)
1
SIOMPÓISIAM
Tionchar an bheartais ar cheannairí iar-bhunscoile i ngort an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta Ó Lionáird, T., Coláiste Mhuire gan Smál (Cathaoirleach) Bíodh sé sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, níl aon amhras ach go dtreoraíonn beartais na dteangacha obair an gceannairí sa ghort lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, go díreach nó go hindíreach. San áireamh, tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2009), Polasaí don Oideachas Gaeltachta (2016), Réamhthuarascáil mar Bhonn Eolais d’Fhorbairt Polasaí don Earnáil Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht (2022) agus fiú nár cuireadh dáta leis, luadh reachtaíocht i dtaobh na Gaeilge ó thuaidh le déanaí agus tá feachtas leanúnach ann ag iarraidh stádas na teanga san oideachas a láidriú ann. Áitítear in Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 tábhacht an chórais “chun an cumas teanga a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú” (Rialtas na hÉireann 2010, lch 12). Chuige sin, tá scoileanna sa Ghaeltacht i mbun oibre ar aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach ó 2017 chun “a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge ar fáil […] agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta” (ROS 2016, lch 7). Bheifí ag súil sna forbairtí go mbeadh roinnt mhaith den bhéim curtha ar cheannaireacht, ar fhoghlaim, ar theagasc agus ar fhorbairt na scoile. Bíonn bainistíocht an tsealbhaithe teanga ag brath ar chinntí a dhéantar ag leibhéal na scoile agus an chórais agus is sa tsamhail sin a fheictear an fiúntas a bhíonn nó nach mbíonn sna beartais. Más ón mbarr anuas a thagann na beartais, ní mór rannpháirtíocht ó gach leibhéal den chóras a chinntiú (Kaplan 2008, lch 239) seachas brath an iomarca ar na scoileanna agus ar an gcóras oideachais (Moriarty 2015, lch 46). Sa siompóisiam seo, díreofar ar thionchar an bheartais ar obair an cheannaire sa ghort lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Féachfar ar dtús ar pholasaí: polasaí teanga agus polasaí oideachais. Déanfar cur síos ar an díospóireacht atá ar lean maidir le sainmhíniú ar théarmaíocht mar a bhaineann sé le polasaí teanga, pleanáil teanga agus polasaí teanga san oideachas. Ina dhiaidh sin, féachfar ar pholasaí teanga (nó easpa polasaithe) an stáit ó dheas agus ó thuaidh agus mar thoradh ar an mbuneolas sin, pléifear na himpleachtaí d’obair na gceannairí sa ghort lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
60
Nótaí / Notes
61
Nótaí / Notes
62
Nótaí / Notes
63
Coláiste Mhuire gan Smál
AN M OID SAN OIDEACHAS LÁN-GHAEILGE AGUS GAELTACHTA Clár iarchéime trasearnála ar
líne agus ar láthair
Bí linn Meán Fómhair 2022!
www.mic.ie
www.mic.ie Coláiste Mhuire gan Smál
AN TEASTAS IARCHÉIME I dTEAGASC ÁBHARBHUNAITHE (TTA) SAN IARBHUNSCOLAÍOCHT LÁN-GHAEILGE AGUS GHAELTACHTA
do mhúinteoirí ábhair iarbhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht
www.mic.ie
www.mic.ie
@tumoid2022 #tumoid
The Third All-Ireland Research Conference on Immersion Education Immersion Education:Taking Stock and Moving Forward