Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2019-2020

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh NUI Galway Students’ Union Annual Report

TUARASCAIL Bhliantúil 2019-2020



Clár na nÁbhar • Contents

12 34 56 78 9 10 11 12

Focal ón Uachtarán • President’s Foreword Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights

Coiste Feidhmiúcháin 2019/20 • Executive Committee 2019/20 Comhairle an Chomhaltais • SU Council

Nuachtán SIN • SIN Newspaper Toghcháin • Elections

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies CÉIM

Scileanna Saoil • Life Skills Tiomsú Airgid • Fundraising

Siamsaíocht & Imeachtaí • Entertainment & Events

13 14 15

Feachtais • Campaigns

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services Airgeadas an Chomhaltais • SU Finance

Coiste Feidhmiúcháin 2020/21 • Incoming Executive 2020/21


Clare k c i t s u A


1

Focal ón Uachtarán President’s Foreword

Ba mhór an onóir é a bheith i m’uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh in 2019/2020 agus tá sé ar cheann de na heispéiris ab fhearr a bhí agam riamh. Is iontach an rud é a bheith ag obair le foireann atá thar a bheith fuinniúil, díograiseach agus uaillmhianach. Bíonn gach aon lá éagsúil, agus bíonn dúshláin agus deiseanna nua ann gach lá, rud a fhágfaidh go mbíonn obair an aontais an-dinimiciúil, an-bhríoch agus fíorthábhachtach. Bíonn éagsúlacht mhór in obair Chomhaltas na Mac Léinn lena n-áirítear ionadaíocht ar choistí chun a chinntiú go gcloistear guth na mac léinn i gcónaí ag na leibhéil is airde, seachtainí agus feachtais de réir téamaí a eagrú, agus tacaíocht aonair a thairiscint in am an ghátair. Ag croílár ár gcuid oibre go léir, tá ionadaíocht a dhéanamh dár mbaill, agus cearta ár mball a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí. Bímid ag tabhairt dúshlán leanúnach don bhealach chun rudaí a dhéanamh agus déanaimid ár ndícheall i gcónaí na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do mhic léinn. Is éard a bhí i gceist le cuid mhór dár gcuid oibre aghaidh a thabhairt ar na srianta atá ar an rochtain ar oideachas tríú leibhéal. Ina theannta sin, rinneamar agóid i gcoinne na méaduithe cíosa ar an gcóiríocht do mhic léinn ar an gcampas agus chuireamar béim ar na dálaí maireachtála faoi bhun an chaighdeáin agus na costais chíosa iomarcacha. Faoi thionscnamh na gcupán coinneála, spreagadh mic léinn le bheith réamhghníomhach maidir leis an éigeandáil aeráide agus a bheith aireach agus freagrach faoin gcomhshaol. Thógamar ar obair a rinneadh roimhe seo le cinntiú go leanann an ollscoil de chultúr a chothú ina ndéantar an lucht iarrtha tearmainn, dídeanaithe agus daoine den lucht siúil a chuimsiú agus a cheiliúradh. Leanann an obair seo ainmniú na hollscoile mar Ollscoil Tearmann le déanaí. Chuireamar an clár oibre maidir le hoideachas toilithe agus úsáid agus mí-úsáid substaintí chun cinn agus chinntíomar go bhfuil beartais éifeachtacha i bhfeidhm chun tacú le mic léinn leochaileacha agus chun iad a chosaint. Ghlacamar páirt ghníomhach i gceapadh phlean straitéiseach nua na hOllscoile, lena gcinntítear cuntasacht iomlán agus lena dtugtar tosaíocht do shaincheisteanna atá tábhachtach do mhic léinn. Ag druidim le deireadh an téarma, i gcomhpháirtíocht leis an ollscoil, b’éigean dúinn dul in oiriúint d’imthosca gan fasach phaindéim dhomhanda an choróinvíris lena chinntiú nach raibh mic léinn faoi mhíbhuntáiste sa tréimhse roimh na scrúduithe. Bhí sé tábhachtach tacaíocht mhothúchánach, airgeadais agus acadúil a sholáthar. Bíonn rath ar an gComhaltas mar thoradh ar roinnt daoine díograiseacha a bhíonn ag saothrú gan staonadh chun go n-éireodh lenár bhfeachtais. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann OÉ Gaillimh as a dtacaíocht agus a rannpháirtíocht i rith na bliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár bhfoireann féin: Chris, an bainisteoir ginearálta; Lorna, an fáilteoir;

agus Joanna, an bainisteoir cúnta atá ina gceann feadhna ar reáchtáil rathúil laethúil an Chomhaltais. Is mór agam a gcuid comhairle agus treorach. Gabhaim buíochas ar leith le Amber, Órla agus Emma atá tugtha agus tiomanta do Thionscadal Piarfhoghlama CÉIM a chabhraíonn le mic léinn na chéad bhliana aistriú chuig an saol nua agus a mbealach a dhéanamh tríd an gcoláiste trí thimpeallacht foghlama fháilteach ionchuimsitheach a sholáthar. Gabhaim buíochas freisin le Bord na nIontaobhaithe as a maoirseacht agus leis an bhfoireann dhícheallach ar fad i Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn (SUCS) Teoranta as seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar do phobal OÉ Gaillimh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le m’fhoireann de naoi n-oifigeach déag agus leis na hionadaithe ranga go léir atá mar chnámh droma le dul chun cinn agus le rath an Chomhaltais. Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Brandon Walsh, an LeasUachtarán Leasa & Comhionannais, agus le Cameron Keighron, an Leas-Uachtarán Oideachais, a chuidigh leis na céadta mac léinn trí abhcóideacht, feachtais agus tacaíocht a chur ar fáil go pearsanta do gach aon duine. Ní bheadh an bhliain seo chomh rathúil céanna gan a ndíograis agus a mbuanseasmhacht. Tá Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ar an bhfód le 56 bliana ag ceistiú agus ag briseadh síos na mbacainní ar oideachas, na cathanna atá fós romhainn sa lá atá inniu ann. Tá an-dul chun cinn déanta againn; táimid tar éis fás agus dul in oiriúint ó shin, agus tá an eagraíocht mar atá anois ina toradh ar an bpróiseas sin. Tagann dúshláin agus deiseanna nua chun cinn le gach bliain nua. Ba é an príomhspreagadh a bhí againn i gcónaí a bheith ag obair ar son leas na mac léinn agus a bheith mar fhórsa d’athrú dearfach ar an gcampas agus sa phobal i gcoitinne, agus tá súil agam go mairfidh tionchar ár saothair ar feadh i bhfad tar éis ár dtéarma oifige. Thar ceann Brandon Walsh, Cameron Keighron, ár gCoiste Feidhmiúcháin, Chomhairle an Chomhaltais, na foireann iomláine, agus thar mo cheann féin, is mór agam tuarascáil bhliantúil 2019/2020 do Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, a chur i láthair.

Ní neart go cur le chéile,

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN, 2019/20


2

Ráiteas Misin/Buaicphointí Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ar bun den chéad uair in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin. Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”.

Chuamar i dteagmháil leis na meáin áitiúla agus náisiúnta araon ar go leor saincheisteanna a bhaineann le mic léinn lena n-áirítear costas cóiríochta do mhic léinn, na bacainní atá ann agus iad ag teacht ar ardoideachas, an tábhacht a bhaineann le vótáil san olltoghchán, leideanna maidir le strus scrúduithe agus go leor eile chun a chinntiú go raibh guth na mac léinn le cloisteáil agus ar an gclár oibre i gcónaí.

D'oibríomar le gluaiseacht One Galway chun imeacht toghchánaíochta don Olltoghchán a óstáil ar an gcampas lena chinntiú go gcuirfí mic léinn agus an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi na hiarrthóirí éagsúla agus a gcuid beartas sula gcaitheann siad a gcuid vótaí.

Chomhordaíomar an feachtas Freeze the Four chun an cinneadh méadú 4% a chur le cíosanna cóiríochta do mhic léinn ar an gcampas a aisiompú. Áiríodh air sin litreacha a scríobh, aird na meán cumarsáide a tharraingt, slógaí, agóidí, freastal ar chruinnithe agus campáil amach agus seilbh a ghabháil ar an gCearnóg.

Chabhraíomar le heagrú an dara ócáid chun Soilse an Chrainn Nollaig a lasadh, agus ghlacamar páirt ann. Ceiliúradh a bhí san ócáid de theacht le cheile fhoireann agus mhic léinn na hollscoile mar chuid de phobal OÉ Gaillimh.

Bhailíomar €10,000 dár dhá gcarthanas roghnaithe i mbliana: Sexual Health West agus Domestic Violence Response.

Rinneamar cur i láthair d’Fhoireann Bhainistíochta na hOllscoile ar shaincheisteanna na mac léinn.

Thionólamar ár gcéad Chruinniú Ginearálta Bliantúil le 10 mbliana ag an gcéad Chomhairle Mac Léinn den bhliain le bheith níos cuntasaí agus níos trédhearcaí le hairgeadas an Chomhaltais.

“Ní neart go cur le chéile” Buaicphointí 2019/20 •

D’éirigh linn maoiniú a fháil do na busanna scrúdaithe chuig ár n-ionaid scrúduithe satailíte i mBóthar na Trá. Ní bheidh ar mhic léinn íoc as iompar chuig na háiseanna sin a thuilleadh.

Thugamar togra chun tosaigh agus fuaireamar €57,000 don tionscnamh Scéim Iasachta Ríomhairí Glúine Leabharlainne. Mic léinn nach bhfuil a gcuid ríomhaire glúine pearsanta féin acu nó nach féidir leo leas a bhaint as ríomhaire ar an gcampas, beidh siad in ann ceann de na ríomhairí glúine a fháil ar iasacht ón leabharlann ar feadh cúpla uair an chloig in aghaidh an lae.

Rinneamar 3,000 cupán coinneála a scaipeadh ar fud an champais agus shínigh os cionn 3,000 mac léinn ár nGealltanas Inbhuanaitheachta le gealladh go mbeadh siad níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ina saol laethúil. Chabhraíomar le OÉ Gaillimh ainmniúchán mar Ollscoil Tearmainn a bhaint amach trínár rannpháirtíocht ar an gcoiste stiúrtha ó tionscnaíodh é in 2017. Tá sé mar aidhm ag feachtas na hOllscoile Tearmainn go mbeadh OÉ Gaillimh níos ionchuimsithí agus níos fáiltí d’iarrthóirí tearmainn, do dhídeanaithe agus don lucht siúil trí na himeachtaí, comhoibriú, cúrsaí agus scoláireachtaí a chuirtear ar fáil. Chuir OÉ Gaillimh 6 scoláireacht fochéime agus 3 scoláireacht iarchéime ar fáil i mbliana tríd an tionscnamh sin, a dtógfar air bliain i ndiaidh bliana.


D’éirigh linn méadú 4.5% a bhaint amach ar líon na vótálaithe a tháinig amach do Thoghcháin Oifigeach Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn i gcomparáid le 2019.

Reáchtálamar feachtais ar an tsláinte mheabhrach, feasacht agus treoir ar shláinte ghnéis, clárú vótálaithe, briseadh na mbacainní ar an rochtain ar oideachas, athrú aeráide agus inbhuanaitheacht, ciapadh tráth na scrúduithe, agus mná a chumhachtú chun páirt a ghlacadh i spóirt.

Chuireamar le rannpháirtíocht na mac léinn ar shaincheisteanna éagsúla ar an gcampas trí chruinnithe rialta grúpa oibre ar an inbhuanaitheacht, tobhach na mac léinn, an bunreacht agus pá maireachtála.

Bhí baint ghníomhach againn le ceapadh Phlean Straitéiseach nua na hOllscoile do 2020-2025 dar teideal 'Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna’, agus ba iad na mic léinn go príomha a rinne dhá cheann de na croíluachanna 'Oscailteacht' agus 'Inbhuanaitheacht' a chur chun cinn. Chuir na mic léinn a dtuairimí in iúl, agus tugadh cluas éisteachta dóibh. Beidh an Ollscoil cuntasach as a chinntiú go mbainfear a príomhspriocanna amach chun campas níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a dhéanamh de OÉ Gaillimh.

D'oibríomar leis an aontas náisiúnta, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), i rith na bliana ag comhdhálacha náisiúnta agus ar fheachtais náisiúnta, agus thugamar aghaidh le chéile ar shaincheisteanna a bhaineann le mic léinn. Chuireamar mic léinn chuig a bpríomhimeachtaí mar Oiliúint Pink, Mná chun Tosaigh, Cumhacht an Mhíchumais – Fóram Náisiúnta, agus Seimineár na Mac Léinn Lánfhásta. Bhí bliain rathúil eile ag CÉIM, ár gclár foghlama piarchuidithe. Moladh an clár i dTuarascáil Athbhreithnithe Institiúideach CINNTE agus moladh go ndéanfaí an clár a phríomhshruthú. Tháinig méadú os cionn 35% ar líon na mac léinn ar cuireadh CÉIM ar fáil dóibh i mbliana. Bhí Comhaltas na Mac Léinn páirteach in infheistíocht de chuid na hOllscoile de bheagnach €200,000 chun iniúchadh a dhéanamh ar chleachtais foghlama níos ionchuimsithí. Chuamar i mbun feachtais chun aird a tharraingt ar na constaicí atá roimh mhic léinn ina dtimpeallacht foghlama. Thug sé sin deis do Chomhaltas na Mac Léinn ceardlanna a phleanáil agus a éascú chun oiliúint a chur ar bhaill foirne i gcleachtais ionchuimsitheacha le haghaidh an teagaisc, comhdháil idirnáisiúnta a phleanáil ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim, agus aip nua Blackboard a sheoladh darb ainm Ally a chuireann ar chumas mac léinn a n-ábhar foghlama a íoslódáil i bhformáidí níos inrochtana. Bhí baint ag Oifigigh Idirnáisiúnta agus Leas-Uachtarán / Oifigeach Oideachais an Chomhaltais leis an tionscadal ENLIGHT atá ina thoradh ar obair foirne agus iarracht ó 9 n-ollscoil ar fud na hEorpa, ag obair le chéile chun pobal nasctha a chruthú agus tacú leis an bhfoghlaim inrochtana shoghluaiste. Má dheonaítear maoiniú, beidh an deis ag mic léinn bogadh idir gach ceann de na hollscoileanna seo, go fisiciúil nó trí fhoghlaim ar líne, agus céim chomhtháite a ghnóthú ó ollscoileanna ó gach cearn den AE. Má éiríonn leis, óstálfar imeacht oscailte an tionscadail seo anseo in OÉ Gaillimh.

Ghlac an Comhaltas cur chuige níos réamhghníomhaí i leith Mic Léinn Iarchéime. Toghadh os cionn 100 ionadaí ranga iarchéime agus cruthaíodh timpeallacht rannpháirtíochta níos fearr idir mic léinn iarchéime agus an Comhaltas. Dréachtaíodh páipéar seasaimh de phríomhréimsí chun abhcóideacht a dhéanamh do mhic léinn iarchéime, lena n-áirítear dálaí oibre agus pá, rochtain ar acmhainní, stipinní, tacaíocht mheabhairshláinte, fhisiciúil agus airgeadais do mhic léinn PhD agus tacaíocht do mhic léinn iarchéime ar chúrsaí teagasctha.

Don tríú bliain as a chéile, roghnaigh USI OÉ Gaillimh chun Oiliúint Pink a óstáil, an deireadh seachtaine ceardlainne LADT+ is mó san Eoraip. Bhí os cionn 300 toscaire rannpháirteach i gceardlanna thar 3 lá ag féachaint ar conas an Comhaltas a dhéanamh níos cairdiúla do LADT+, conas a bheith mar chara maith nó conas cuid de d’fhéiniúlacht a iniúchadh i dtimpeallacht shábháilte. Bhí an-áthas orainn a bheith mar chuid d’imeacht iontach den sórt sin a leag béim ar thábhacht an phobail LADT+.

D'oibríomar chun naisc níos mó a bhunú le Coláiste Ósta na Sionainne. Labhair cainteoir dár gcuid ag an ócáid fáiltithe do mhic léinn na chéad bhliana, toghadh roinnt ionadaithe ranga, agus tugadh cuairt orthu roinnt uaireanta sa seimeastar.

Cuireadh grúpa oibre ar bun chun breathnú ar an gcroídhoiciméad a rialaíonn a mbíonn ar siúl againn – Bunreacht an Chomhaltais. Chuir an grúpa oibre sin reifreann ar bun inar ceistíodh na tuairimí a bhí ag daoine maidir lena bhfuil i gceist le Feidhmeannas éifeachtach de Chomhaltas na Mac Léinn. Cé gur theip ar an reifreann sin, mhúscail sé roinnt ceisteanna tábhachtacha faoi Chomhaltas na Mac Léinn amach anseo.

Tionóladh agóid roimh an Olltoghchán toisc gur chuir an Ollscoil foirgneamh Áras na Mac Léinn ar fáil do RTÉ le haghaidh díospóireacht idir na ceannairí. Ag an gcaoi sin, ní raibh rochtain ag mic léinn ná ag baill foirne ar an bhfoirgneamh agus cuireadh isteach go mór ar go leor cumann freisin. Bhí Cathaoirleach na gCumann i gceannas ar agóid 70 mac léinn agus ghlac na hagóideoirí seilbh ar spás sa Chearnóg chun an fhadhb a chur in iúl go soiléir d’Fhoireann Bhainistíochta na hOllscoile agus chun a gcuid frustrachais a chur in iúl faoin easpa comhairliúcháin leis an bhfoireann agus leis na mic léinn maidir le dúnadh Áras na Mac Léinn.

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ar an ngearrliosta in ocht gcinn de na catagóirí ag na Gradaim um Éachtaí Mac Léinn, lena n-áirítear: Oifigeach Páirtaimseartha na Bliana – Pádraic Toomey, Oifigeach Lánaimseartha na Bliana – Clare Austick, Mac Léinn Idirnáisiúnta na Bliana – Mansi Kesarwani, Feachtas Comhionannais na Bliana – Ollscoil Tearmainn, Gníomhaíocht Mheabhairshláinte Shármhaith – Emma Jane Kinsella, Ionadaí Mac Léinn na Bliana – Réiltín Tynan, Curadh Iarchéime na Bliana – Cameron Keighron, Curadh Rochtana na Bliana – Scéim Iasachta Ríomhairí Glúine SU.


3

Coiste Feidhmiúcháin 2019/20 Incoming Executive 2019/20

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer

Cameron Keighron

Oifigeach na Gaeilge Oifigeach na Gaeilge

Erin Mac An tSaoir

Cathaoirleach na gCumann Societies Chairperson

Oissíne Moore

Kenny Cooke

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta International Students Officer

Avery Fenton

Clare Austick

Brandon Walsh

Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta Mature Students’ Officer

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Postgraduate Research Officer

Chuka Paul Oguekwe

Captaen na gClubanna Clubs Captain

Scott Green

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Aisling Fitzgerald

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer

Kaushik Narasimhan

Emily Tock

Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn / SU Council Chairperson

Pádraic Toomey

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta Convenor of the College of Science

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Leasa agus Comhionannais / Vice President / Welfare and Equality Officer

An tUachtarán / President

Martin Smyth

Clodagh McGivern

Morgan Queeney

Dheeraj Gudluru

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Postgraduate Taught Officer

Laura O’Toole

Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice / Convenor of the College of Engineering & Informatics

Sachi Sinha

An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas Disability Rights Officer

Alex Coughlan

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

Oifigeach na Mionlach Eitneach Ethnic Minorities Officer

Victoria Chihumura


4

Comhairle an Chomhaltais SU Council

Toghadh os cionn 450 ionadaí ranga i mbliana i measc fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus cianfhoghlaimeoirí páirtaimseartha. Bhí roinnt dúshlán romhainn chun ionadaithe a thoghadh maidir le cinneadh cé na ranganna a mbeadh ionadaithe acu agus cé na ranganna nach mbeadh, chomh maith leis an gcaoi ar cheart dúinn na hionadaithe sin a thoghadh. Spreag sé sin comhráite maidir leis an bpróiseas atá againn chun ionadaithe a thoghadh agus cibé ar cheart nó nár cheart an próiseas sin a athchóiriú. Rinneadh athdhearadh iomlán ar oiliúint ionadaithe ranga i mbliana agus cuireadh béim mhór ar chleachtaí idirghníomhacha agus ar líonrú le hionadaithe eile. Ar an gcaoi sin, cinntíodh go raibh na scileanna ag ionadaithe chun páirt a ghlacadh sa chomhairle, agus chuir siad aithne ar dhaoine eile freisin ionas nach mbeadh sé chomh scanrúil céanna freastal ar an gcomhairle. Shocraigh muid Comhairle an Chomhaltais a thabhairt níos gaire dár n-oifigí agus do SULT, rud a d’fhágfadh go gcoinneofaí níos mó ionadaithe tar éis na comhairle agus go dtógfaí líonra níos sóisialta idir na hionadaithe agus an coiste feidhmiúcháin. Tháinig níos mó

rún tríd an gComhairle ná mar a tháinig i mblianta roimhe seo, agus bhí níos mó fós le teacht sular cuireadh an chomhairle dheireanach den bhliain ar ceal mar gheall ar Covid-19. Rinneamar uainiú na comhairle a mhaolú freisin agus spreagamar iad siúd a bhí ag iarraidh labhairt chun a nguth a úsáid ar son a ranga. Spreag sé sin réimse leathan díospóireachtaí agus comhráite suimiúla! Mar gheall ar Covid-19, cuireadh ár gcomhairle dheireanach agus cúpla seachtain den seimeastar ar fáil ar líne. Ba thréimhse gan fasach é sin don Chomhaltas agus don Ollscoil araon. Rinneamar iarracht ár gcuid ionadaithe a choinneáil suas chun dáta leis an bhfaisnéis ábhartha uile i rith an ama sin, agus ríomhphost a sheoladh chucu dhá uair sa tseachtain leis an bhfaisnéis uile a theastaigh uathu. Chabhraigh sé sin linn nasc a choinneáil lenár n-ionadaithe in ainneoin nach raibh muid in ann bualadh leo go pearsanta.

Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2019/2020 Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo. • • • • • • • •

Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais – Scott Green Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh – Martin Smyth Tionólaí Choláiste na hEolaíochta – Kenny Cooke Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Aisling Fitzgerald Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Clodagh McGivern Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice – Sachi Sinha Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Emily Tock Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Dheeraj Gudluru



5

Nuachtán SIN SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn i nGaillimh agus foilsítear 12 eagrán sa bhliain acadúil, uair sa choicís. Foilsítear é i rith na bliana acadúla, agus 6,000 cóip a fhoilsítear. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ Gaillimh. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta. Foireann 2019/2020: • • • • • • • •

Eagarthóir – Mark Lynch Leas-Eagarthóir agus Nuacht – Paddy Henry Gné-ailt – Shauna McHugh Tuairimíocht – Anastasia Burton Faisean agus Stíl Bheatha – Catherine Taylor Na hEalaíona agus Siamsaíocht – Sarah Gill Spórt – Darren Casserly Ar líne – Daniel Brennan

Foilsíodh 12 eagrán de SIN i mbliana, 6 eagrán sa seimeastar. Cuimsítear leis sin an t-eagrán speisialta don toghchán: 8 leathanach bhreise a cuireadh le hEagrán 10 (32 leathanach a bhíonn in eagrán go hiondúil). Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha san eagrán sin le gach iarrthóir do thoghcháin oifigigh lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn, chomh maith le hagallaimh le hoifigigh a bhí ag dul as oifig agus míreanna vox pop le mic léinn ó dhisciplíní agus coláistí éagsúla in OÉ Gaillimh. Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN rudaí nua a thriail lenár leagan amach agus lenár gcur i láthair d’ábhar i rith na bliana, mar shampla torthaí na dtoghcháin do Chomhaltas na Mac Léinn in Eagrán 11.

Buaicphointí 2019/2020: •

• • • •

Chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, mar shampla nuashonruithe ar chóiríocht do mhic léinn, tobhach na mac léinn, agus scéal beirt iarmhac léinn de chuid OÉ Gaillimh atá ag troid ar son antoiscigh Ioslamacha. Bhí agallamh eisiach lán-leathanaigh ag SIN freisin le Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, inar phléigh sé saincheisteanna tábhachtacha. In dhá eagrán as a chéile (8 & 9), ba í foireann oibrithe deonacha SIN a líon na 32 leathanach ar fad gan gá don eagarthóir cur leis an scríbhneoireacht ar chor ar bith. Thug SIN comórtas crosfhocail isteach i mbliana, agus chuir sé sin go mór leis an spéis a léiríodh sa pháipéar. D’fhás SIN a láithreacht ar líne i mbliana freisin trí thosú ar Instagram a úsáid (@sin_news) chun ailt atá le teacht a phoibliú agus chun an scéal a chur amach nuair a fhoilsítear eagráin nua. Thosaigh beagnach 200 duine á leanúint sna chéad 4 mhí. Rinne SIN tástáil maidir leis an bpáipéar a dháileadh go pearsanta ar mhic léinn roinnt uaireanta, agus léiríodh gur chuir sé sin go mór leis an lucht léite agus leis an rannpháirtíocht.

Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.


6

Toghcháin Elections

Reáchtáladh toghcháin i mí Mheán Fómhair chun poist fholmha Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha agus Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh a líonadh. Toghadh Dheeraj Gudluru agus Martin Smyth faoi seach chun na bpost. Tionóladh fothoghchán eile i mí na Samhna chun post an Oifigigh um Chearta Inscne agus LADT+ a líonadh tar éis do Morgan Queeney éirí as, agus ba é Kaushik Narasimhan a toghadh. Reáchtáladh reifreann i mí Eanáir chun féachaint ar athstruchtúrú a dhéanamh ar ról na nOifigeach i gComhaltas na Mac Léinn lena n-áirítear an líon oifigeach a laghdú, ach diúltaíodh don mholadh sin sa reifreann. Ba mhór an t-údar díomá é nár chaith ach 889 mac léinn vóta sa reifreann. Chuir tríocha mac léinn a n-ainm ar an bpáipéar ballóide i mí an Mhárta agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad chun Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2020-2021. Mar sin féin, ní raibh iarrthóir ar bith san iomaíocht do cheithre cinn de na poist mar oifigigh pháirtaimseartha, rud a tharraing anuas ceisteanna uair amháin eile maidir le méid agus struchtúr an choiste feidhmiúcháin. Mar thoradh ar chumasc an dá Choláiste, cumascadh post Thionólaí na hEolaíochta agus post Thionólaí na hInnealtóireachta/Faisnéisíochta agus is aon phost amháin atá ann anois: Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta. Bhí ar chumas na mac léinn a vótaí a chaitheamh i dtrí cinn de stáisiúin vótála, agus bhí rogha acu vóta a chaitheamh ar líne freisin. Rinne Ken Coyne maoirseacht ar na toghcháin, agus bhí an-chlúdach orthu i Sin agus ar Flirt FM. Bhí na sluaite i láthair ag ócáid toghchánaíochta ag Sult do thoghcháin na n-oifigeach lánaimseartha, agus chaith 2,700 mac léinn vóta sna toghcháin sin. Faraor, b’éigean deireadh luath a chur leis an vótaíocht sna toghcháin do na hoifigigh pháirtaimseartha mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, ach cuireadh na toghcháin agus comhaireamh na vótaí i gcrích sular dúnadh an campas. Níor chaith ach 582 mac léinn vóta. Níorbh fhéidir an toghchán a reáchtáil do Chathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais mar gheall ar an dianghlasáil. Reáchtálfar é sin i mbliain acadúil 2020-21, mar aon le toghchán do na poist fholmha, mar atá Oifigeach Idirnáisiúnta; Cathaoirleach na gCumann; Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; agus Oifigeach na Mionlach Eitneach. Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post

Ainm

Leas-Uachtarán/an tOifigeach Oideachais

Emma Sweeney

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus Comhionannais

Róisín Nic Lochlainn

Oifigeach na Gaeilge

Erin Mac an tSaoir

An tOifigeach um Chúrsaí Mac Léinn Lánfhásta

Michelle Mitchell

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Maeve Arnup

An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas

Patricia O’Mahony

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

Martin Smyth

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Sebastiaan Bierema

Captaen na gClubanna

Kirsty Moran

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Claire McHale

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Aoife Buckley

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Evan O’Flaherty

Uachtarán

Pádraic Toomey



7

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú. Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha: Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017 Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS) Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013 Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine. Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012 Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.


8

CÉIM

Moladh CÉIM, ár gclár foghlama piarchuidithe, i dTuarascáil Athbhreithnithe Institiúideach CINNTE agus moladh go ndéanfaí an clár a phríomhshruthú. Tháinig méadú os cionn 35% ar líon na mac léinn ar cuireadh CÉIM ar fáil dóibh i mbliana. Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana Clár comhchuraclaim piarfhoghlama acadúla ar chuir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh tús leis in 2013 is ea CÉIM, agus tacaíonn sé le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun an ardoideachais, lena sláinte agus folláine, lena ndul chun cinn agus lena scileanna inaistrithe a fhorbairt.

Buaicphointí 2019/20 • Moladh an obair a rinne CÉIM i dTuarascáil Athbhreithnithe Institiúideach CINNTE agus moladh ann freisin go ndéanfaí an clár a phríomhshruthú. • Tháinig méadú os cionn 35% ar líon na mac léinn ar cuireadh CÉIM ar fáil dóibh mar thoradh ar an gclár a thabhairt isteach i Scoil na Síceolaíochta agus ar leathnú an chláir i Scoil an Dlí. • Faoi réir maoiniú leanúnach, tá sé beartaithe go ndéanfar CÉIM a leathadh amach a thuilleadh i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta agus go ndéanfar é a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach i Scoil an Leighis. • Rinneadh triail ar phróiseas comhchéime LIFT (liftireland.ie) le ceannairí CÉIM. Conas a oibríonn CÉIM Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

Na huimhreacha a bhaineann le CÉIM

1,650 3 105 500 5,000 10-31% 99% 100%

Líon na mac léinn ar cuireadh CÉIM ar fáil dóibh in 2019/20* Líon na gcoláistí as 4 Choláiste in OÉ Gaillimh atá ina gcomhpháirtí le CÉIM Líon na gceannairí mic léinn i mbliana Líon uaireanta an chloig de sheisiúin phiarfhoghlama a cuireadh ar fáil i mbliana Líon uaireanta an chloig curtha ar fáil ar bhonn deonach ag ceannairí CÉIM i mbliana Céatadán na ngrád níos airde atá bainte amach ag daoine a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta Ráta coinneála ceannairí An líon ceannairí a chuir isteach sa bhreis ar a bhfuil ag teastáil * Cuirtear CÉIM ar fáil do go leor de mhic léinn na nDán in iliomad ábhar

'Ceann de na cúiseanna ar shocraigh mé staidéar a dhéanamh in OÉ Gaillimh ab ea CÉIM.' Mac léinn sa chéad bhliain, 2019/20 ‘Gan aon amhras, an rud is fearr faoi CÉIM ná an bhaint níos mó a bhíonn agat le pobal na hollscoile mar thoradh ar an gclár. Tá sé iontach freisin a bheith in ann cabhrú le daoine sa chéad bhliain i réimsí ina raibh tú féin ag streachailt roimhe seo.’ Ceannaire CÉIM 2019/20



9

An Clár Scileanna Saoil Life Skills Programme

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí, agus chríochnaigh níos mó ná 400 mac léinn 12 chúrsa éagsúla. Cuireadh cúrsa oiliúna maidir le Ceannaireacht LIFT ar fáil i mbliana den chéad uair. Seasann LIFT do Leading Ireland’s Future Together agus is é aidhm LIFT tacú le saol níos fearr in Éirinn trí cheannairí a bhfuil spiorad iontu a fhorbairt ar fud ár dtíre. Rinne an Comhaltas cruinnithe comhchéime LIFT a stiúradh inar pléadh téama ceannaireachta difriúil gach seachtain lena n-áirítear Éisteacht; Dearcadh Dearfach; Meas; Ionbhá agus Tuiscint; Macántacht agus Ionracas; Inniúlacht; Díograis agus Cuntasacht. I gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, cuireadh cúrsa maidir le hOiliúint Nochta ar fáil arís do mhic léinn i mbliana, rud a chur ar a gcumas plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh. Cuireadh Oiliúint sa Chosaint Leanaí ar fáil i gcomhar le Comhairle Náisiúnta na nÓg. D’oibrigh an Comhaltas i gcomhar le hInstitiúid Oiliúna na Seirbhísí Éigeandála chun breis cúrsaí do Fhreagróirí Garchabhrach agus do Fhreagróirí Cairdiacha a thabhairt chun na hollscoile. Sna ranganna sin, fuair na mic léinn scileanna ríthábhachtacha tarrthála a chuirfidh ar a gcumas déileáil le cásanna éigeandála. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc in FSS chun Oiliúint i Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú (ASIST) agus safeTALK a chur chun cinn arís ionas go mbeadh na scileanna ag mic léinn comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin. Chuaigh an Comhaltas i gcomhar leis an dornálaí gairmiúil MMA Benjamin Davis ó Shaolin MMA Galway le cúrsa a chur ar fáil sna hEalaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint, cúrsa a raibh an-tóir ar fad air. Reáchtáladh sraith cúrsaí teanga comharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn na bunscileanna a theastaíonn chun comhrá a dhéanamh sa teanga chomharthaíochta le daoine bodhra. Cuireadh Cúrsa Barista an Chomhaltais, a mbíonn an-tóir air i gcónaí, ar siúl arís i gcomhar leis an Coffee Company. Thug an cúrsa leathlae an deis do mhic léinn bunscileanna an barista a fhoghlaim agus bronnadh táillí uile an chúrsa ar chiste carthanachta an Chomhaltais. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le Galway One World Centre freisin chun an cúrsa oiliúna frith-chiníochais dá chuid, a bhfuil an-tóir air, a chur ar fáil ar an gcampas arís. Bhí deis ag mic léinn fáil réidh leis an strus agus a solúbthacht a fheabhsú ag na ranganna Ióga a bhíonn ar siúl ó thús deireadh na bliana anois.



10

Tiomsú Airgid Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar mhaithe le carthanais i mbliana, agus bailíodh €10,000 dár gcarthanachtaí roghnaithe: Sexual Health West (ar a dtugtaí AIDS West roimhe seo) agus Domestic Violence Response. Cuireann Sexual Health West cúram agus tacaíocht ardchaighdeáin ar fáil dóibh siúd atá buailte ag VEID / SEIF / ionfhabhtú gnéastarchurtha (STI) agus dóibh siúd atá buartha faoina sláinte ghnéis. Eagraíocht faoi stiúir an phobail is ea Domestic Violence Response a fhreagraíonn ar shaincheist na drochíde teaghlaigh i gContae na Gaillimhe. Reáchtálamar roinnt Cúrsaí Barista leathlae do mhic léinn i mí Dheireadh Fómhair a bhuí leis an Coffee Company. D’fhoghlaim na mic léinn scileanna úsáideacha barista agus cuireadh an t-airgead go léir a gnóthaíodh i dtreo charthanais an Chomhaltais. I mí na Samhna, sheolamar ár dtáirge nua tiomsaithe airgid, Stocaí Big Yellow Thing, díreach in am do shéasúr bronnta céimeanna. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead uile ó dhíolacháin na stocaí i dtreo chiste carthanachta an Chomhaltais agus bhí an-tóir ar na stocaí mar bhronntanais chéime agus Nollag do mhic léinn agus don fhoireann. Díolfar na stocaí i gcaitheamh na bliana in Oifig an Chomhaltais, i Siopa an Chomhaltais agus ar láithreán gréasáin an Chomhaltais. I mí na Nollag, bhí deis ag mic léinn a bheith rannpháirteach sa Sos Mór ón Staidéar nuair a eagraíodh an Díolachán Cácaí ar son na Carthanachta AGUS an Chuairt ar Fheirm Peataí le linn na seachtaine staidéir. Thug lámaí, gabhair, uain, coiníní, caoirigh, sicíní, lachain, muca guine agus sicíní ionradh ar an gcampas. Bhí go leor cácaí, tae agus duaiseanna crannchuir ann freisin, chomh maith le neart ceoil ó Flirt FM. Bhí David O'Doherty, fuirseoir, le feiceáil i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh mar chuid de Ghig Grinn an Chomhaltais ar son na carthanachta i mí Eanáir, agus cuireadh an brabús ar fad ón oíche ghrinn i dtreo charthanais an Chomhaltais. Thug oifigigh agus oibrithe deonacha de chuid an Chomhaltais aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe ar Shatharn fuar, gaofar agus grianmhar i mí Feabhra don Lá Bailithe Airgid bliantúil ar son na Carthanachta, agus d’éirigh leo tabhairt ar mhuintir fhlaithiúil na Gaillimhe a sóinseáil bheag a thabhairt uathu! Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla Biongó Gnéasbhréagáin ag Sult le linn na bliana. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais. Fuaireamar síntiús an-fhlaithiúil freisin ónár gcairde maithe ag Electric le cur leis an airgead iomlán a thiomsaíomar i rith na bliana.


11

Siamsaíocht & Imeachtaí Entertainment and Events

Mic léinn na chéad bhliana, Meán Fómhair 2018 I measc na n-imeachtaí do mhic léinn na chéad bhliana, áiríodh seachtain mhór ionduchtaithe eile inar cuimsíodh ár bPictiúrlann Faoin Spéir in OÉ Gaillimh, Caradú Gasta, Biongó, DJanna, cáirióice, lá na gclubanna, lá na gcumann, agus Féile Oibre Deonaí ALIVE. Bhí Aonach Lucht na Chéad Bhliana dubh le cuideachtaí báúla do mhic léinn, earraí in aisce, agus bia blasta ó stainníní margaidh, gach duine acu a bhí ann chun fáilte a chur roimh na mic léinn chuig an ollscoil. Sciob na mic léinn 12,000 cóip shaor in aisce de Dhialann Chomhaltas na Mac Léinn sula raibh coicís caite! I measc na ngigeanna do lucht na chéad bhliana, bhí tráth na gceist leis an bhfuirseoir Karl Spain, amhráin le Coafalla & Engel agus Oldskool, DJanna, cáirióice agus Biongó Loco ag Sult. Bhí an deis ag mic léinn freisin bualadh le hOifigigh Chomhaltas na Mac Léinn le linn ócáid Iarr Rud ar Bith Orm ag Sult, agus páirt a ghlacadh i dtóraíocht taisce leis na hoifigigh. Aonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear Reáchtáladh an t-ochtú hAonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ag deireadh mhí Eanáir in Áras na Mac Léinn. Imeacht go hiomlán saor sin aisce a bhí ann, agus tugadh le chéile cuideachtaí víosa J1, cuideachtaí taistil, cuideachtaí oibre deonaí/eachtraíochta, cuideachtaí intéirneachta agus oiliúna chun cabhrú le mic léinn de chuid OÉ, Gaillimh an samhradh a phleanáil. Cláir Ghrinn Bhí deis arís i mbliana ag mic léinn OÉ Gaillimh dul chuig seónna le fuirseoirí mór le rá ar an gcampas agus gach ticéad ar €5, táille i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn ann de ghnáth! Cuireadh tús le cláir ghrinn na bliana le gig den chéad scoth leis an hiopnóisí grinn, Barry Jones. Reáchtáladh an seó mar chuid d’imeachtaí do lucht na chéad bhliana i mí Mheán Fómhair. Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla Biongó Gnéasbhréagáin ag Sult le linn na bliana. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo chiste carthanachta an Chomhaltais. I mí Eanáir, chuir Neil Delamere, fuirseoir, a sheó “End of Watch” i láthair an tslua arís i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh, arna thacú ag Gearóid Farrelly, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais. Oiliúint Pink I mí na Samhna/Nollag bhí lúcháir orainn 300+ toscaire a óstáil arís a bhí ag freastal ar Oiliúint Pink Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) in éineacht le GIG Soc. Is ionann Oiliúint Pink agus an imeacht oiliúna LADT+ is mó san Eoraip lena dtugtar na céadta mac léinn LADT+ agus a gcomhghuaillí le chéile chun eolas a fháil faoina gcearta, an rochtain atá acu ar chumhacht agus an méid is féidir leo a dhéanamh chun athrú dearfach a dhéanamh ar shochaí na hÉireann. Imeachtaí na Seachtaine Scíthe I mí na Nollag, reáchtálamar roinnt imeachtaí thar an tSeachtain Scíthe chun sos maith a thabhairt do mhic léinn ón staidéar, lena n-áirítear ranganna ióga, ranganna húlahúp, díolachán cácaí, cuairt ar fheirm peataí, ceardlanna machnaimh, agus an deis bualadh le roinnt reiptílí suaimhneasacha. Le linn na scrúduithe, dháileamar

pacaí laghdaithe struis lena n-áirítear cupáin choinneála a mbíonn an-tóir orthu agus leabhair dathúcháin. Lean Sult lena chinntiú go bhfuair gach duine a sháith leite saor in aisce le gach cupán tae nó caife le linn shéasúr na scrúduithe. Tionscadail For-rochtana I mí Mheán Fómhair, thacaigh an Comhaltas leis an ócáid Fierce As Female i mBóthar na Trá. Reáchtáladh rang dornálaíochta ollmhór do mhná ann chun rannpháirtíocht na mban i spóirt a spreagadh. Ina theannta sin, rinne an Comhaltas an feachtas 20x20 a chur chun cinn. Is é is aidhm leis an bhfeachtas cur le rannpháirtíocht na mban sa spórt ar gach leibhéal, mar aon le feabhas a chur ar an gclúdach a dhéanann na meáin ar spórt na mban agus cur leis an lucht féachana ag cluichí na mban. D’eagraigh Pádraig, Captaen na gClubanna sa Chomhaltas, dúshlán rámhaíochta le Student Sport Ireland mar chuid den fheachtas sin. Ina theannta sin, chun corpacmhainn na mac léinn agus na leibhéil rannpháirtíochta a fheabhsú, d’eagraigh Captaen na gClubanna caint ar an Traenáil Friotaíochta agus Cothú mar aon le seisiún traenála sa pheil Ghaelach do mhic léinn idirnáisiúnta. I mí Dheireadh Fómhair, d'óstálamar tointeálaí agus ionsamhlóirí tuairte an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ar an gcampas maidir le Lá Feasachta um Shábháilteacht ar Bhóithre a bhí anfhaisnéiseach. Dháileamar na céadta míreanna ard-infheictheachta agus soilse rothair le cinntiú go gcoinnítear mic léinn sábháilte agus infheicthe. I mí na Samhna, thacaigh an Comhaltas le feachtas tiomsaithe airgid Coldvember a bhailigh airgead do Sheirbhísí Meabhairshláinte do Mhic Léinn in OÉ Gaillimh. Gach lá i mí na Samhna, thug siad aghaidh ar an gCarraig Dhubh le dul ag snámh agus tháinig Joanna, duine de bhaill foirne an Chomhaltais, agus Pádraig, Captaen na gClubanna in éineacht leo (scaití!) san uisce préachta. Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire agus roimh an Olltoghchán freisin, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghchán Sheanad Éireann. Chuireamar ócáid ar siúl i mí Feabhra i gcomhar le One Galway chun bualadh leis na hiarrthóirí san Olltoghchán. I mí an Mhárta d’eagraigh an Comhaltas 53 foireann ó OÉ Gaillimh, a chuaigh in iomaíocht sa dúshlán Marchathon. In ainneoin ghéarchéim COVID-19, ghlac 210 ball foirne agus mac léinn páirt sa dúshlán agus chríochnaigh siad an dúshlán thar an tréimhse 4 seachtaine. Ba iad na Red Hot Chile Steppers an fhoireann ab fhearr ó OÉG, agus rinne siad líon ollmhór de 452,966 céim ar an meán i rith an imeachta! Sna sála orthu, bhí foireann ISS Plodders agus bhí foireann an Chomhaltais, Stride of Pride, sa tríú háit. Lean an Comhaltas de bheith ag obair le Gaillimh 2020 agus le grúpaí pobail eile i rith na bliana ar thionscadal EYE on the Edge. Tá súil againn go mbeidh an tionscadal ar siúl anseo in OÉG ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2020.



12

Feachtais Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, i rith na bliana acadúla, 2019/20. Áirítear ina measc feachtais maidir le leas, ag díriú ar mheabhairshláinte agus sláinte ghnéis, mar aon le feachtais laghdaithe struis um scrúduithe, feachtais um lóistín agus feachtais eile nach iad. I mbliana d’fhorbraíomar agus reáchtálamar meitheal inbhuanaitheachta ina bhféadfadh daoine a raibh spéis acu in aon réimse den inbhuanaitheacht páirt a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil céimeanna á nglacadh ag an ollscoil le bheith chomh cairdiúil don chomhshaol agus is féidir. Bhí mar aidhm le cuid de na tionscnaimh a raibh baint againn leo i mbliana an méid plaistigh aonúsáide i seirbhísí tráchtála ar an gcampas a laghdú agus féachaint le fuaraitheoirí uisce agus micreathonnáin bhreise a chur ar fáil ar an gcampas. Fuair an Comhaltas maoiniú freisin agus dáileadh 3,000 cupán saor in aisce ar mhic léinn OÉ Gaillimh. Reáchtáladh an feachtas nua #TellTheSU i rith na bliana le mic léinn a spreagadh chun teagmháil a dhéanamh leis an gComhaltas maidir le haon fhadhbanna a bhíonn acu is cuma cé chomh beag is atá siad. Mar thoradh ar an bhfeachtas sin, tharraing an Comhaltas aird ar a lán saincheisteanna le baill foirne iomchuí na hOllscoile chun saol na mac léinn a dhéanamh níos fearr, céim bheag amháin ag an am. I mí Mheán Fómhair, threoraigh an Comhaltas mic léinn ón Ollscoil go dtí an Fhaiche Mhór chun páirt a ghlacadh sa Stailc Aeráide Dhomhanda. Íslíodh Brat Glas na hOllscoile lena chrochadh ar leathchrann mar chomhartha siombalach ag Pobal na hOllscoile chun dlúthpháirtíocht leis na daltaí scoile ar stailc a léiriú. Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí Dheireadh Fómhair chun mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte. I rith na seachtaine, reáchtáladh ranganna aireachais, bhí madraí teiripe sa leabharlann, agus reáchtáladh gníomhaíochtaí spóirt saor in aisce, cainteanna painéil agus imeachtaí féinchúraim. I mí Dheireadh Fómhair b’éigean an agóid náisiúnta #BreakTheBarriers i mBaile Átha Cliath a chur ar ceal mar gheall ar Stoirm Lorenzo. Mar sin féin, bhí an Comhaltas agus Aontas na Mac Léinn i mbun feachtais i rith na bliana i gcoinne constaicí ar an rochtain ar oideachas amhail costas ard cóiríochta, easpa maoinithe phoiblí don oideachas, leibhéil ísle deontais SUSI agus an easpa bonneagair iompair inacmhainne. Go déanach i mí Dheireadh Fómhair, d’eagraigh Oifigeach Míchumais an Chomhaltais imeachtaí chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna inrochtaineachta in OÉ Gaillimh. Ina measc siúd, bhí clinic buail isteach faoi chearta mac léinn, caint ar an gcleachtas is fearr i gcásanna éigeandála dóibh siúd faoi mhíchumas, agus imeachtaí ar líne ag féachaint ar inrochtaineacht an champais agus gnéithe sóisialta an mhíchumais. Reáchtáladh dúrún dúnmharaithe freisin leis an gCumann Teanga Comharthaíochta

Bhí an tSeachtain Scíthe ar siúl arís i mí na Nollag chun sos a thabhairt do mhic léinn ó na leabhair roimh scrúduithe na Nollag. I rith na seachtaine, cuireadh ióga, aireachas agus machnamh ar fáil saor in aisce in éineacht le ranganna húlahúp. Reáchtáladh díolachán cácaí ar son carthanais agus cuairt ar fheirm peataí freisin, agus bhí an-tóir orthu mar a bhíonn i gcónaí. Bhí na hAmbasadóirí Ainmhithe idir lámha le nathracha, madraí, maintisí agus seilidí ar theastaigh uathu cairde nua a dhéanamh. Dáileadh 3,000 cupán coinneála de chuid an Chomhaltais le linn na seachtaine freisin ar gach mac léinn a shínigh Gealltanas Inbhuanaitheachta an Chomhaltais. Reáchtáladh an searmanas bliantúil chun Soilsí an Chrainn Nollag a lasadh freisin le cóir agus go leor de spiorad na féile ann, agus ba dheas an sos é ó strus na scrúduithe. D’éirigh go hiontach le Seachtain SHAG na bliana seo. Reáchtálamar raon leathan imeachtaí i rith na seachtaine. Ina measc, bhí Ceardlanna le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus COPE na Gaillimhe, Biongó Gnéasbhréagáin, Bailiúchán Cíochbheart an-rathúil le BioMed Soc, agus Seastán faisnéise le hAonad na Mac Léinn, Comhairle Náisiúnta na mBan, agus Sexual Health West. Bhí go leor imeachtaí carthanais againn freisin i rith na seachtaine, agus bhailíomar os cionn €1,000 dár gcarthanais roghnaithe: Sexual Health West agus Domestic Violence Response. Le teacht an choróinvíris, rinne an Comhaltas iarracht an oiread tacaíochta agus is féidir a sholáthar ar líne do mhic léinn le linn na géarchéime. Scaipeadh nuashonruithe rialta ar mhic léinn maidir le gach saincheist chun suaimhneas agus seasmhacht a sholáthar le linn na paindéime domhanda.



13

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Services

Sult Bhí go leor imeachtaí ar siúl arís in 2019/2020 sa bheár nó san ionad bia / ceoil / spóirt bheo / imeachtaí is fearr ar an gcampas. Chuireamar ar siúl an líon ba mhó riamh de sheónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna, píotsaí saindeartha, agus oícheanta bia dána. Lean ár mBoscaí Bia de gach aon éileamh a shásamh, ag dul ó neart go neart taobh lenár dtairiscint Bia Sráide nua, agus d’éirigh linn níos mó de na deochanna is fearr leat, margaí iontacha agus lascainí speisialta a chur ar fáil ná riamh roimhe sin! Le bliain anuas, bhí an-áthas orainn gur óstálamar agus gur thugamar tacaíocht do mhórán imeachtaí, lena n-áirítear: • • • • • • • • •

20 x Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí daonnúla agus carthanas 110 x Cóisir Ranga 110 x Ócáid Cumann 90 x Cóisir Clubanna 120 x Cóisir foirne roinne agus iarchéime 45 x Ócáid Chomhaltas na Mac Léinn 105 x Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra Craoltaí don Náisiún! Agus a thuilleadh nach iad!

Chomh maith leis na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána cabaret, craic ar an áit suí amuigh cois abhann is deise agus tuileadh eile nach iad! Agus ná déan dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil in aisce do gach cumann, club agus cóisir ranga nuair a eagraítear imeacht dá chuid in Sult! Is muide a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin! Chomh maith leis sin, saorchead isteach sa chlub oíche an oíche sin!! Cén áit eile a bhfaighfeá a leithéid?! Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae / caifé ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn OÉ Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe i míonna fuara an gheimhridh! Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Choinnigh Siopa Chomhaltas na Mac Léinn, an t-aon siopa áise amháin ar an gcampas, leis an toradh láidir i rith na bliana le nuachtáin ar lascaine, uisce, torthaí agus gach riachtanas stáiseanóireachta agus grósaeireachta le ceannach ann! Cuireadh cuma úrnua ar an Siopa freisin nuair a cuireadh isteach soilsí nua LED agus comharthaíocht nua taobh istigh agus taobh amuigh. Bhí an Siopa níos gile mar thoradh orthu sin, agus laghdaíodh ár dtomhaltas fuinnimh bliantúil. Tá ár ranna grósaeireachta agus earraí tí leathnaithe againn freisin, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca na bunriachtanais uile a cheannach go tapa ar an mbealach abhaile duit! Lean an Siopa de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanamar de bheith níos fearr ná iad freisin! Bronnadh Gradam 5 Réalta, an gradam náisiúnta is fearr, ar Ár Siopa ag Gradaim Shiopa na Bliana de chuid XL as na caighdeáin is airde sa tionscal a bhaint amach agus a choinneáil.

Smokey's Café Is é Smokey’s Café an áit is fearr fós ar an gcampas chun do scíth a ligean, bualadh le cairde, d’oíche amuigh a phleanáil agus tú ag ól an chaife is fearr ar an gcampas. Lean Smokey’s Café le háiseanna micreathonnáin a chur ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne ar feadh na bliana. Thugamar táirgí blasta nua isteach ar ár mbiachláir don bhricfeasta, don lón agus don tráthnóna, agus tá an-tóir ag ár gcustaiméirí orthu. Coinnigh súil amach le haghaidh tairiscintí agus promóisin rialta uainn. Bíonn siad á nuashonrú againn gach mí i rith an téarma, agus cuirimid fáilte roimh mholtaí i gcónaí freisin! Cárta an Chomhaltais Lenár gCárta Comhaltais, cinntíodh go bhfuair tú i gcónaí an luach is fearr, lascainí, earraí saor in aisce, agus rinneadh níos éasca ar dhaoine muinteartha “cúpla euro a chur ar an gCárta” le beagnach 10 mbliana anuas! Tá sé seo ar fáil i ngach áit miondíola de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn agus is bealach é chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ar feadh na bliana, gach bliain – gan sibh, ní bheimis ann! Cuid de bhuaicphointí Chárta Chomhaltas na Mac Léinn in 2019/2020: • • • • •

Bronnadh beagnach 2 mhilliún pointe dílseachta do Chárta an Chomhaltais. Beagnach 2,000 dinnéar curtha ar fáil do bhaill. Tugadh amach beagnach 12,000 cupán tae/caife saor in aisce. Bhí breis agus 10,000 cuntas gníomhach ann in 2019/2020. Craic shéimh, nuashonruithe craiceáilte, comhairle mhaith agus réamheolas den chéad scoth ar thairiscintí, imeachtaí, lascainí agus scéalta ón gcampas caol díreach isteach i do bhosca isteach, le Nuachtlitir Chárta an Chomhaltais!

An Inbhuanaitheacht Bímid ag obair i ndlúthchomhar le Ethnical Coffee Co., cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland. Maidir leis an tae, caife, siúcra agus blastán i ngach ceann d’ionaid mhiondíola Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn, is táirgí cóirthrádála orgánacha iad go léir mar thoradh ar an gcomhar sin. Caife 100% arabica, fásta sa scáth, ó Puro, atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó. Tá na cupáin, cláir, corraitheoirí srl. uile inmhúirínithe chomh maith! Chomh maith leis sin, is é an luach is fearr ar an gcampas é. Gan amhras! Ar aghaidh leat mar sin, bí cineálta leat féin! Athinfheistiú ionatsa Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil duitse a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Smokey’s, Siopa an Chomhaltais) €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil chun cabhrú leis na seirbhísí go léir a sholáthraítear ann a mhaoiniú agus tugann an chuideachta €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn. Déantar na ranníocaíochtaí go léir a luaitear thuas beag beann ar bhrabúsacht, chun cabhrú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach.


s

Fostaíocht Mic Léinn Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey's, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí! Urraíocht ar Imeachtaí Mic Léinn I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hOllscoile. Taisceadáin Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ligeadh 1,749 taisceadán ar cíos do mhic léinn i mbliana. Cártaí Leap do Mhic Léinn Ceannaíodh méid mór Cartaí Leap do mhic léinn trí Chomhaltas na Mac Léinn i mbliana, is é sin 4,792. Féadann mic léinn anois leas a bhaint as seirbhís bhreisithe sa Chomhaltas chun creidmheas a chur ar a gCártaí Leap agus chun tuilleadh airgid a shábháil. Leabhair Athláimhe Tá seirbhís an tsiopa leabhar athláimhe ag dul ó neart go neart. Dhíolamar 1,568 leabhar de bhur gcuid i mbliana. Seomra Cótaí Chomhaltas na Mac Léinn Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agusCÓTAÍ á bhainistiú ag Comhaltas SEOMRA na Mac Léinn.SU Is LOCKERS mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, AN CHOMHALTAIS agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn ar an Déardaoin agus an Aoine i rith an téarma.

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

TA

AN

clár DIANCHEACHTANNA

clár DIANCHEA

TAISCEADÁIN

AN CHOMHALTAIS

grinds Clár Scileanna Saoil REGISTER SU

AN CHOMHALTAIS

Dialann Chomhaltas na Mac Léinn Scaipeadh 12,000 cóip shaor in aisce de dhialanna Chomhaltas SEOMRA CÓTAÍ KROOM na Mac Léinn ar mhic léinn sa chéad seimeastar. Acmhainn AN CHOMHALTAIS úsáideach do mhic léinn atá sa dialann agus tá eolas ann ar dhátaí TAISCEADÁIN TAISCEADÁIN CHOMHALTAIS na scrúduithe, ar áiseanna ar anChomhaltas gcampas, agus Chlubanna naar Mac Léinn agus ANAN CKERS CHOMHALTAIS ar Chumainn.

grinds REGISTER

U

TORE

clár clár DIANCHEACHTANNA

AN CHOMHALTAISAN CHOMHALTAIS Chomhaltas na Mac Léinn

Siamsaíocht

SEOMRA CÓTAÍ SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS an Chomhaltais

TAISCEADÁIN

AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

DIANCHEACHTANNA an Chomhaltais

AN CHOMHALTAIS

Clár Scileanna Chomhaltas Saoil na Mac Léinn Siamsaíocht SEOMRA CÓTAÍ Second Hand Chomhaltas na Mac Léinn AN CHOMHALTAIS

HALTAIS

an Chomhaltais

AN CHOMHALTAIS clár DIANCHEACHTANNA

Chomhaltas na Mac Léinn

A CÓTAÍ

E

AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil

ENTS Clár Scileanna clár BOOKSTORE Saoil

udents’ Union

clár DIANCHEACHTANNA

SEOMRA CÓTAÍTAISCEADÁIN Clár Scileanna Saoil

fe Skills

Hand

AN CHOM

DIANCHEACHTANNA

an Chom

SU CARD Cárta Chomhaltas na Mac Léinn

Student

Independent ClárSiamsaíocht Scileanna Saoil Siamsaíocht AN CHOMHALTAIS SIOPA LEABHAR an Chomhaltais Second Hand News Chomhaltas na Mac Léinn

BOOKSTORE Siamsaíocht Caife

Wall THE

CAFE

an Chomhaltais ár Scileanna Saoil

an Chomhaltais ATHLÁIMHE

NUACHTÁN SAOR IN AISCE

an Chomhaltais

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

SIOPA LE ATHLÁ

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE an Chomhaltais


14

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais SU Finance

Income Statement 30 June 2019 Income

Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2019.

Student Levy

D'fhan ioncam an Chomhaltais seasmhach le bliain anuas. Chuir an Ollscoil le maoiniú CÉIM agus, sa bhliain airgeadais reatha, táimid sásta a thuairisciú go bhfuil méadú breise curtha le maoiniú CÉIM, agus tá maoiniú leordhóthanach ann anois. Is é Tobhach na Mac Léinn príomh-mhaoiniú an Chomhaltais i gcónaí. Faigheann an Comhaltas leithdháileadh €25.14 ón tobhach €224 atá le híoc ag gach mac léinn.

€437,634

Locker Rentals Income Secondhand Books - Income Student Levy Student Leapcard Commission Locker Rentals Contribution from Students' Union Commercial Services Secondhand Books - Income Sult Licence Fee Contribution Student Leapcard Commission University Allocation from Student Charge Contribution from Students' Union Commercial Services CÉIM Funding Sult Licence Fee Contribution Total Income University Allocation from Student Charge

€21,713 €854 €437,634 €13,270 €21,713 €36,000 €854 €30,000 €13,270 €80,396 €36,000 €102,000 €30,000 €721,867 €80,396

CÉIM Funding

€102,000

Total Income Expenditure

€721,867

Staff and Officer Costs Total Staff & Officer Costs Expenditure Officer & Staff Expenses Staff and Officer Costs Training,Development &Welfare Total Staff & Officer Costs Total Staff and Officer Costs Officer & Staff Expenses

Tugann an Ollscoil maoiniú €80,396 ón ranníocaíocht €3,000 atá le híoc ag mic léinn i láthair na huaire. Dealraíonn sé go bhfuil an maoiniú sin ar an ráta maoinithe is ísle i measc na gcomhaltas mac léinn ar fud na tíre. Is gá súil a choinneáil air sin. Faigheann comhaltais mac léinn eile an chuid is mó dá maoiniú ó ranníocaíocht na mac léinn, agus ní bhíonn drochthionchar ar thacaíochtaí mac léinn eile ina n-institiúidí mar thoradh air sin.

€244,879 €10,251 €19,273 €244,879 €274,403 €10,251

Training,Development &Welfare Office & Administration Total Staff and Officer Costs Subscriptions & Membership

Chomh maith le seirbhísí den scoth a sholáthar do phobal an champais, agus tacú leis na céadta imeachtaí do mhic léinn, déanann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn ranníocaíocht airgeadais €36,000 le gníomhaíochtaí an Chomhaltais. Faigheann an Comhaltas cuid den táille cheadúnais a íocann Sult leis an Ollscoil freisin. Féachann an Comhaltas lena acmhainní a úsáid ar mhaithe lena bhaill agus breathnaítear ar an gcaiteachas go léir ar an mbealach sin. Bhain 43% den chaiteachas le hIonadaíocht agus Seirbhísí, agus bhain 15% le Cúrsaí Oifige agus Riaracháin. Costais Foirne agus Oifigeach a bhí i gceist leis an 42% eile. Taifeadadh barrachas €64,571 ag deireadh na bliana seo caite. Cé nach ndéanaimid buiséadú do bharrachas ag an leibhéal sin, tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach. Faightear an chuid is mó dár maoiniú sa dara ráithe den bhliain ach bíonn costais foirne agus oifigeach, chomh maith le costais oifige agus riaracháin, ag fabhrú ar bhonn míosúil. Chomh maith leis sin, mar chomhlacht ionadaíoch, caithfimid a chinntiú go bhfuil na hacmhainní againn chun ligean dúinn freagairt do shaincheisteanna nach bhfuil smacht againn orthu.

Income Statement 30 June 2019

€19,273 €274,403 €865

Telephone Office & Administration Water Cooler Subscriptions & Membership Website & I.T. Telephone Printing, Postage and Stationary Water Cooler Promotions Website & I.T. Seirbhisi Na MacLeinn Levy Printing, Postage and Stationary Accountancy Fees Promotions Auditor Renumeration Seirbhisi Na MacLeinn Levy Bank Charges Accountancy Fees Fundraising Campaigns Expenses Auditor Renumeration Insurance Bank Charges Legal Fees Fundraising Campaigns Expenses Depreciation of tangible assets Insurance Depreciaton of intangible assets Legal Fees Total Office & Administration Depreciation of tangible assets

€10,363 €526 €865 €10,782 €10,363 €9,525 €526 €6,924 €10,782 €31,798 €9,525 €797 €6,924 €3,582 €31,798 €2,602 €797 €556 €3,582 €6,885 €2,602 €9,840 €556 €2,163 €6,885 €3,328 €9,840 €100,537 €2,163

Depreciaton of intangible assets Representation & Services Total Office & Administration USI

€100,537 €96,400

€3,328

Campaigns Representation & Services SU Council USI Election & Referendum Expenses Campaigns Entertainment Costs SU Council Total CÉIM Expenditure Election & Referendum Expenses Life Skills Expenses Entertainment Costs Total Representation & Services Total CÉIM Expenditure

€39,875 €20,231 €96,400 €10,267 €39,875 €11,378 €20,231 €101,974 €10,267 €2,230 €11,378 €282,355 €101,974

Life Skills Expenses Total Expenditure Total Representation & Services

€2,230 €657,296 €282,355

Surplus Total Expenditure

€64,571 €657,296

EXPENDITURE

SurplusREPRESENTATION & SERVICES Campaigns

SU Council

Election & Referendum Expenses Entertainment Costs

Staff and Officer Costs, 42% Staff and Officer Costs, 42% USI

Total CÉIM Expenditure

Life Skills Expenses

Staff and Officer Costs, 42%

EXPENDITURE

EXPENDITURE€64,571 Office & Administration, 15%

Office & Administration 15%

Office & Administration 15% Representation & Services, 43%


15

Coiste Feidhmiúcháin 2020/2021 Incoming Executive 2020/2021

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer

Emma Sweeney

Oifigeach na Gaeilge Oifigeach na Gaeilge

Erin Mac An tSaoir

An tUachtarán / President

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Leasa agus Comhionannais Vice President / Welfare and Equality Officer

Pádraic Toomey

Róisín Nic Lochlainn

Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta Mature Students’ Officer

Michelle Mitchell

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer

Maeve Arnup

An tOifigeach um Chearta Daoine faoi Mhíchumas Disability Rights Officer

Patricia O’Mahony

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Postgraduate Taught Officer

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Postgraduate Research Officer

Captaen na gClubanna Clubs Captain

Sebastiaan Bierema

Kirsty Moran

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta / Convenor of the College of Science and Engineering

Martin Smyth

Claire McHale

Evan O’Flaherty

Aoife Buckley

Poist le líonadh an chéad seimeastar eile: Cathaoirleach na gCumann • Cathaoirleach Chomhairle an Chomhaltais • Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí • Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta • Oifigeach na Mionlach Eitneach


www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU

www.su.nuigalway.ie

facebook.com/NUIGalwayStudentsUnion

twitter.com/NUIGSU


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.