Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn
A chairde go léir, Dean Kenny is ainm dom agus is mise Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn don bhliain 2023/24. As Baile na Cora i gContae Mhaigh Eo dom agus céimí le Mata agus Oideachas atá ionam. Tá baint agam le heagraíochtaí éagsúla go leor go dtí seo, Comhairle na nÓg Mhaigh Eo, Foróige agus Mindspace Mhaigh Eo ina measc, chomh maith le CLG Bhalla, mo chlub áitiúil féin.
Is mór an phribhléid dom an deis seo a fháil agus tá mé ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn. Is é is aidhm dom go mbeidh an saol is fearr agus is féidir ar an gcoláiste ag gach mac léinn agus go mbeidh na deiseanna acu iad féin a chur in iúl de réir mar is toil leo féin i gcultúr sábháilte fáilteach. Táimidne anseo chun ionadaíocht a dhéanamh daoibhse. Mar sin, bígí i dteagmháil má bhíonn smaointe, gearáin nó moltaí agaibh nó fiú mura mbíonn de dhíth ach comhrá beag. Féadfaidh sibh teacht chugam aon uair. Tá mé ag tnúth go mór le bualadh le gach uile dhuine agaibh gan mhoill, Dean.
An tUachtarán | President
Leas-Uachtarán/ Oifigeach Leasa agus Comhionannais an Chomhaltais
Dia daoibh, Izzy Tiernan is ainm dom agus tá ríméad orm go mbeidh mé mar an Leas-Uachtarán nua um Leas agus Comhionannas! As Port Láirge ó dhúchas mé. Tá baint mhór agam le cúrsaí polaitíochta agus gníomhaíochais ó bhí mé óg agus mé mar rúnaí ar an Aoine don Todhchaí, Port Láirge, agus mar ambasadóir ar son eagraíocht neamhbhrabúsach dar teideal The Shona Project a thugann cumhacht do chailíní óga. Táim ag gabháil do Chearta an Duine faoi láthair agus táim tar éis titim i ngrá go gasta leis an ollscoil agus le Gaillimh.
Creidim gur cuidiú a bheidh sa taithí atá agam ó mo shaol féin, mar dhuine aiteach, mar dhuine uathach, mar iar-andúileach drugaí agus ón bhfulaingt ó mheabhairghalair, ionas go mbeidh tuiscint agam do neacha léinn ar fud Chomhaltas na Mac Léinn agus comhbhá agam leo. Déanaigí teagmháil liom má theastaíonn comhairle, comhrá nó fiú cupán caife uaibh, beidh fáilte romhaibh i dtólamh chun m’oifige!
Leas-Uachtarán / An tOifigeach Leasa agus Comhionannais | Vice President / Welfare and Equality Officer
Dean Kenny Izzy TiernanLeas-Uachtarán/ Oifigeach
Oideachais
Heileo, Raimey an t-ainm atá orm agus mise atá mar Leas-Uachtarán/ Oifigeach Oideachais le haghaidh 2023/24. Táim ar bís le tosú sa ról agus le bheith mar ionadaí thar ceann ghuth na mac léinn! Tá tréimhsí caite agam mar ionadaí ranga, Ceannaire ar CÉIM, meantóir ATS, Leas-Reachtaire ar an gCumann Síceolaíochta agus Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha ar Chomhaltas na Mac Léinn.
Agus mé sna róil sin bhí deiseanna agam le bheith ag obair le mic léinn i gcomhthéacsanna éagsúla. Táim ag súil go mór le leanúint ar aghaidh ar an dóigh chéanna mar Leas-Uachtarán agaibh don Oideachas! Tá tábhacht nach beag le guth na mac léinn sa Chomhaltas. Mar sin, má bhíonn aon cheisteanna, moltaí, gearáin agus/nó achainíocha agaibh iarraim oraibh teagmháil a dhéanamh liom. Táim ar bís faoi bhualadh libh agus faoi bheith ag obair libh go léir!
An Leas-Uachtarán don Ghaeilge
Haigh a chairde! Mise Faye agus is mé atá mar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge agaibh don bhliain acadúil 2023/2024! As Contae an Chabháin mé agus tá céim agam sa Dlí, Béarla agus Drámaíocht. An aidhm atá agam ná go mbeidh gach mac léinn in ann teacht chugam san oifig agus a rá “Cé na hacmhainní atá ann domsa?”. Bhí mé mar Thionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in 2021 agus tá mé ag dúil go mór le bheith ag treabhadh ar son na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana. Ná bíodh drogall oraibh teacht chugam má bhíonn ceisteanna ar bith agaibh!
Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn
Ionadaithe ranga ó gach uile rang san ollscoil a bhíonn ar Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Is é an comhlacht a dhéanann maoirseacht ar Chomhaltas na Mac Léinn agus a thugann treoir dó. Bíonn deis ag na hionadaithe ranga saincheisteanna a bhaineann lena ranganna a tharraingt anuas ag na gComhairle chomh maith.
Cén chaoi ar féidir liom a bheith páirteach? Reáchtálfar toghcháin na nIonadaithe Ranga ar ardán YourSpace ag tús na bliana agus beidh siad ar siúl go dtí go mbeidh ionadaíocht ag gach rang. Má thoghtar thú, gheobhaidh tú oiliúint agus freastalóidh tú ar chruinnithe Ionadaí Ranga agus Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn le linn na bliana chun gníomhú mar ghuth do ranga.
Cén tairbhe domsa é sin?
• Oiliúint i scileanna agus rannpháirtíocht
• Taithí le feabhas a chur le do CV
• Fairsingigh do líonra
• Cruthaigh cairde nua
• Húdaí Ionadaí Ranga saor in aisce!
Déan teagmháil le Raimey ar su.education@universityofgalway.ie le tuilleadh eolais a fháil faoina bheith i do Ionadaí Ranga
Tobhach na Mac Léinn Is
é d’airgeadsa
é
Íocann gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe Tobhach na Mac Léinn sa bhreis ar tháillí bliantúla.
Úsáidtear Tobhach na Mac Léinn chun roinnt gníomhaíochtaí mic léinn a mhaoiniú amhail Comhaltas na Mac Léinn; Clubanna; Cumainn; Aonad Sláinte na Mac Léinn; Raidió an Champais; agus Clár Piarfhoghlama CÉIM.
Teastaíonn an Tobhach toisc nach soláthraíonn an Ollscoil maoiniú leordhóthanach do na seirbhísí seo. Tá áiseanna i bhfad níos fearr ag coláistí eile nach gá dá gcuid mac léinn a fhóirdheonú, agus faigheann a n-aontas, clubanna agus cumainn maoiniú níos fearr freisin.
Bíonn do Chomhaltas ag obair air seo i gcónaí. Anuraidh laghdaíodh Tobhach na Mac Léinn ó €224 in aghaidh an mhic léinn go €140 in aghaidh an mhic léinn, rud a chiallaíonn nach bhfuil mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe ag íoc an tobhaigh is airde sa tír a thuilleadh.
Leithdháiltear Tobhach na Mac Léinn mar seo a leanas:
Is leatsa an t-airgead ag deireadh an lae agus, mar sin, ná bíodh aon drogall ort ceisteanna a chur maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear Tobhach na Mac Léinn. Níl ort ach teagmháil a dhéanamh le hUachtarán an Chomhaltais, Dean, ag su.president@universityofgalway.ie
Cuireann Comhaltas na Mac Léinn a chuntais faoi bhráid
Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn gach bliain, agus bíonn siad ar fáil le híoslódáil
ónár láithreán gréasáin freisin.
Piarfhoghlaim do Mhic Léinn na chéad bhliana
Buailfidh tú le chéile go seachtainiúil i ngrúpaí beaga le mic léinn ó do chúrsa agus ceannairí mic léinn oilte ó bhlianta níos airde ar do chúrsa. Beidh tú in ann ceisteanna a chur, páirt a ghlacadh i mionghníomhaíochtaí spraíúla, obair chúrsa a phlé agus a bheith ag foghlaim le chéile. Tá ábhar na seisiún CÉIM go hiomlán faoi stiúir na mac léinn.
Tá sé bunaithe ar shamhail na Foghlama Piarchuidithe (FPC), a bhfuil dea-theist air agus a úsáidtear i níos mó ná 30 tír. Chuir Comhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe tús leis thiar in 2013, agus tá sé á reáchtáil mar chomhpháirtíocht idir na mic léinn, an fhoireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn ó shin i leith.
Tá CÉIM á thairiscint faoi láthair do mhic léinn na chéad bhliana sna cúrsaí seo a leanas:
Biteicneolaíocht • Staidéar Gnó/Tráchtáil i mBainistíocht Óstán Idirnáisiúnta • Innealtóireacht/Bainistíocht
Foirgníochta • Tíreolaíocht • Géineolaíocht & Géanómaíocht • Dlí • Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht • Eolaíocht
• Spáinnis • Síceolaíocht
Cén fáth a bhfreastalófá ar CÉIM?
• Cuideoidh sé leat socrú isteach in Ollscoil na Gaillimhe
• Beidh tú in ann cairde a dhéanamh i do dhisciplín féin
• Cuideoidh sé leat a bheith rathúil ó thaobh na hacadúlachta de
• Scileanna staidéir a fhorbairt
• Scileanna inaistrithe a chleachtadh
Tionchar CÉIM
• Baineann siad siúd a fhreastalaíonn ar CÉIM go rialta gráid níos airde amach ar an meán (11-31% níos airde) ná iad siúd nach bhfreastalaíonn ach corruair agus iad siúd nach bhfreastalaíonn ar chor ar bith
• 88% de na mic léinn sa chéad bhliain a ndearnadh suirbhé orthu in 2022/23, chuir siad in iúl gur chabhraigh CÉIM leo bualadh le daoine eile ar a gcúrsa
An méid a deir mic léinn sa chéad bhliain faoi CÉIM
‘Ba dheas gurbh eol dom nár liom féin a bhí mé, d’airigh mé go raibh mé páirteach i rud.
'Deis mhaith bualadh le daoine nua.'
'An-sóisialta agus cabhrach le ceisteanna ... bhí míniú ar an obair chúrsa léirsteanach'.
www.ceim.su.nuigalway.ie su.ceim@universityofgalway.ie
Seirbhísí do Chomhaltais
Cárta Leap Mic Léinn – Is gníomhaire Cárta Leap Mic Léinn muid, agus mar sin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcárta ar líne (ar chuntar go bhfuil 23 bliain d’aois slánaithe agat) agus bualadh isteach inár n-oifig thuas staighre in Áras na Mac Léinn le do chód le gur féidir linn an cárta a phriontáil duitse. Má tá tú idir 19 agus 23 bliana d'aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gCárta d’Aosaigh Óga a chuirfear sa phost chugat.
Siopa Chomhaltas na Mac Léinn – Oibríonn Comhaltas na Mac Léinn an siopa campais, atá lonnaithe san íoslach i bhfoirgneamh na Leabharlainne. Is ann ar féidir leat húdaithe agus t-léinte Ollscoil na Gaillimhe, creidmheas fóin, málaí ríomhaire glúine, stáiseanóireacht, nuachtáin, sólaistí, cótaí saotharlainne, fearas diosctha, milseáin, deochanna boga, deochanna teo agus gach bunriachtanas grósaeireachta a cheannach agus a bheadh de dhíth ort. Earraí brandáilte a ordú ar líne ó shopcampus. ie.
TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS
Taisceadáin agus Seomra Cótaí – Tá taisceadáin ar cíos againn ar fud an champais agus is féidir leat do cheann a chur in áirithe ar www.yourspace.universityofgalway.ie. Tá ár seirbhís seomra cótaí saor in aisce, san íoslach i bhfoirgneamh na Leabharlainne gar do shiopa an Chomhaltais, ar oscailt le linn an téarma.
SU CLOAKROOM Life Skills
grinds
REGISTER
clár
SU SU Second Hand
SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil
DIANCHEACHTANNA
Sult – Is é Sult an beár is fearr le cách ar an gcampas agus bíonn scoth an cheoil/ an spóirt bheo/na n-imeachtaí ar siúl ann. Tá sé suite in aice le hÁras na Mac Léinn agus is é Comhaltas na Mac Léinn a oibríonn é. Cuireann Sult an caife is fearr ar fáil ar an gcampas, in éineacht le rogha bia agus togha dí ar phraghsanna iontacha. Is é lár an aonaigh é le haghaidh cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, imeachtaí clubanna agus cumann, DJanna, grúpaí ceoil, coiméide, karaoke agus go leor eile nach iad! Tá suíocháin lasmuigh ar ár nArdán Cois Abhann.
Students’
SU LOCKERS BOOKSTORE
SU LOCKERS
SU
AN CHOMHALTAIS ENTS
grinds
Cárta an Chomhaltais – Sula ndéanfaidh tú aon rud eile, déan deimhin de Cárta an Chomhaltais a fháil! Tá sé saor in aisce agus is féidir é a úsáid inár nIonaid go léirSult, Caifé Smokey agus Siopa an Chomhaltais - chun pointí a bhailiú, margaí a fháil agus airgead a shábháil duit féin.
SU
SU CLOAKROOM Life Skills
REGISTER
Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais
Caifé Smokey – Is láthair chruinnithe iontach é Caifé Smokey ar an tSlí Dála mar a bhfaightear caife, scroideanna, súnna, smúdaithe, fillteoga, ceapairí tóstáilte den scoth agus go leor féiríní milse nach iad!
SIOPA LEABHAR ATHLÁIMH E
SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS Clár Scileanna Saoil Chomhaltas na Mac Léinn
ENTS Students’ Union Siamsaíocht an Chomhaltais
Second Hand
BOOKSTORE
SU Síbín – Is spás nua sóisialta ar an gcampas duit é Síbín an Chomhaltais. Beidh réimse Seirbhísí de chuid an Chomhaltais ar fáil ann. Ina measc siúd tá: Cárta Leap Mac Léinn, taisceadáin, coiscíní/táirgí míostraithe/tástálacha toirchis saor in aisce, seomra cótaí, oifig earraí caillte agus, ar ndóigh, cabhair agus comhairle. Beidh micreathonnáin, uisce te, suíocháin neamhfhoirmeálta agus faighneoga cruinnithe ar fáil duit ann.
Siamsaíocht agus Feachtais – I rith na bliana beimid ag reáchtáil go leor feachtas agus imeachtaí le do rannpháirtíocht a mhealladh agus le cabhrú leat bualadh le daoine nua. Idir Sheachtain SHAG agus an phictiúrlann faoi spéir, is iomaí imeacht atá ar bacáin againn! Bí ar an gCriú Leasa nó an Criú Imeachtaí más mian leat a bheith páirteach. Beidh tú in ann clárú dár nDúshlán Carthanais freisin.
Scileanna Saoil – Tugann ár gClár Scileanna Saoil deis duit d’fhorbairt a chur ar aghaidh lasmuigh den saol acadúil trí ranganna i réimsí mar: Garchabhair, an Teanga Chomharthaíochta, Féinmharú a Chosc, Oiliúint Nochta agus Féinchosaint. Beidh líon laghdaithe spásanna ar fáil sna ranganna agus is cinnte go líonfar go tapa iad!
Diancheachtanna– Cuirimid clár ar fáil ar yourspace.universityofgalway.ie chun diancheachtanna a fhógairt. Anseo is féidir leat daoine a aimsiú chun cabhrú leat le d’ábhair nó chun do scileanna féin a chur ar fáil agus roinnt airgid a thuilleamh.
SU LOCKERS SU CLOAKROOM Life Skills
SU LOCKERS SU SU
grinds
REGISTER
Cliceáil agus Bailigh – Beidh tús á chur againn go luath le seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ó gach ceann dár n-ionaid tráchtála le go mbeidh tú in ann tairbhe iomlán a bhaint as am sosa gach lá! Bí ag faire amach dár n-aip, EatCampus.
SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS
Síbín
clár DIANCHEACHTANNA
AN CHOMHALTAIS
Clár Scileanna Saoil
TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS Chomhaltas na Mac Léinn
Siamsaíocht
"Are you into this?" That's all it takes to show your sexual partner that you care about their experience.
Asking for consent doesn't have to be awkward - it can be hot! Being good in bed means making sure it's good for everyone.
Because consent is for everyone. All genders, orientations, and all relationships
of Galway cares about creating a culture of consent – tell us what you think a bout our Active* Consent resources, and you’ll be in with a chance to win a pair of AirPods! (Deadline: October 6th, 5pm) Learn
Follow
The
Do Leas
Seo liosta de roinnt de na tacaíochtaí iomadúla atá ar fáil duit agus má ritheann aon cheist leat déan teagmháil le Izzy, Leas-Uachtarán/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais.
• Tugann an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn – Cabhair Airgeadais do mhic léin a mbaineann Cruatan Airgeadais dóibh.
• Oifig Cóiríochta agus Leasa – Is féidir leis an Oifig Cóiríochta agus Leasa comhairle a thabhairt duit ar shaincheisteanna cóiríochta agus folláine eile. Tugann Threshold comhairle shaor in aisce ar shaincheisteanna cóiríochta freisin.
• Ionad Rochtana – Tá sé mar aidhm ag Ionad Rochtana na hOllscoile timpeallacht foghlama thacúil a chruthú ina gcuirtear ar chumas mic léinn a d’fhulaing míbhuntáiste socheacnamaíoch, mic léinn faoi mhíchumas agus mic léinn lánfhásta rochtain a fháil ar oideachas tríú leibhéal agus a bheith rathúil ann.
• FLAC – Soláthraíonn FLAC comhairle dlí shaor in aisce do mhic léinn.
• Aonad Sláinte na Mac Léinn – Soláthraíonn Aonad Sláinte na Mac Léinn cúram leighis ar an gcampas do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Féadfaidh tú do choinne a chur in áirithe ar a láithreán gréasáin.
• Seirbhís Tacaíochta Míchumais - Tá an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ar fáil do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe a dteastaíonn tacaíochtaí nó cur in oiriúint réasúnach uathu mar gheall ar thionchar míchumais, fadhb leanúnach cholanda nó mheabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith.
• Sláinte Ghnéis – Is féidir leat coiscíní agus tástálacha toirchis a fháil saor in aisce ón Oifig CML má theastaíonn siad uait. Cuireann Sexual Health West comhairle agus seirbhísí iontacha ar fáil freisin. Bí ag faire ar ár bhfeachtais Seachtain SHAG le linn na bliana chun níos mó a fhoghlaim faoi do shláinte agus folláine ghnéis.
• Toiliú Gníomhach* – Tacaíonn an clár le daoine óga sláinte agus folláine ghnéis dhearfach agus mhuiníneach a bheith acu tríd an Toiliú Gníomhach*.
• Aip Galway Safe - Úsáideann “Aip Safe Galway” teicneolaíocht GPS chun tacaíocht a thairiscint do dhaoine a bhraitear ag fanacht timpeall ar cheantair cois uisce sa chathair go déanach istoíche nó go luath ar maidin.
• Do Mheabhairshláinte – Is acmhainn thábhachtach shaor in aisce do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe í an tSeirbhís Chomhairleoireachta do Mhic Léinn. Is féidir leat tacaíocht a fháil freisin ón Ionad Séiplíneachta agus Tréadchúraim.
• A bheith LADTAÉ+ ar an gCampas – is é an Cumann Bród cumann LADTAÉ+ Ollscoil na Gaillimhe, a sholáthraíonn áit shábháilte do mhic léinn LADTAÉ+ teacht agus casadh ar a chéile in atmaisféar spraíúil.
Mental Health Supports Acmhainní Meabhairshláinte
Don’t be afraid to reach out, you’re not alone.
Ná bíodh eagla ort cabhair a lorg; níl tú leat féin.
University of Galway Counselling - counselling@universityofgalway.ie
University of Galway Student Health Unit - Phone 091 492 604
University of Galway Chaplaincy - chaplains@universityofgalway.ie
Text HELLO to 50808
Samaritans - Phone 116 123
Bodywhys - Phone 01 2107906 or email alex@bodywhys.ie
Pieta House - Phone 1800 247 247 or Text HELP to 51444
BeLonG To - Text LGBTI+ to 086 1800 280 or email info@belongto.org
Spunout.ie - Phone 01 675 3554 or email hello@spunout.ie
COPE Galway - Phone 091 778 750 or email info@copegalway.ie
Women’s Aid - Phone 1800 341 900
Galway Community Café - https://galwaycommunitycafe.ie/
A problem shared is a problem halved. Laghdú gach anró é a roinnt.
Mental Health Supports Acmhainní Meabhairshláinte
Don’t be afraid to reach out, you’re not alone. Ná bíodh eagla ort cabhair a lorg; níl tú leat féin.
Rape Crisis Helpline - Phone 1800 77 8888
Jigsaw - Email info@jigsaw.ie - Phone 01 472 7010
Turn2Me Mental Health Support - www.turn2me.ie
LGBT Ireland Helpline - Phone 1890 929 53 or email info@lgbt.ie
Helplink Mental Health - Email helplinksupport@helplink.ie
The Traveller Counselling Service - Email info@travellercounselling.ie
MyMind - Email hq@mymind.org
ADHD Ireland - Phone 01 874 8349
Men’s Aid - Phone 01 554 3811 Galway Community Café - https://galwaycommunitycafe.ie/
A problem shared is a problem halved. Laghdú gach anró é a roinnt.
UniversityOfGalwayStudentsUnionD’oideachas
Seo liosta de roinnt de na tacaíochtaí iomadúla atá ar fáil duit agus má ritheann aon cheist leat déan teagmháil le Raimey, Leas-Uachtarán/an tOifigeach Leasa agus Comhionannais
• Leabharlann – Le linn do chuid ama ag Ollscoil na Gaillimhe bainfidh tú úsáid as an Leabharlann le haghaidh réimse seirbhísí. Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh ansin, comhoibriú i gcomhar le comhghleacaithe, leabhair chúrsa a fháil ar iasacht, acmhainní ar líne na leabharlainne a úsáid chun faisnéis a chuardach agus a bheith cruthaitheach sa Maker Space. Cuireann siad seisiúin oiliúna scileanna iontacha ar fáil i rith na bliana freisin.
• ATS – Is é an aidhm leis an gClár Meantóireachta Attract Transition Succeed (ATS) piarmheantóireacht agus seirbhísí tacaíochta iomchuí a sholáthar le cur ar chumas na mac léinn rannpháirteach a gcuspóirí oideachais a chur i gcrích go rathúil agus spreagadh, sásamh agus rathúnas á chur chun cinn i saol an choláiste.
• SUMS – Is ionad tacaíochta Matamaitice agus Staitisticí buail isteach saor in aisce é SUMS do gach mac léinn fochéime in Ollscoil na Gaillimhe.
• Ionad Scríbhneoireachta Acadúla – Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla ranganna teagaisc duine ar dhuine ar fáil ar scríobh aistí do mhic léinn. Is féidir leo cabhrú leat má bhaineann deacracht duit d’aiste a thosú nó ábhar aiste a roghnú.
• ComputerDISC – Is acmhainn shaor in aisce é ComputerDISC (Ionad Tacaíochta Buail Isteach don Ríomhchlárúchán) do gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe atá cláraithe i gcúrsaí ríomhchlárúcháin nó cúrsaí forbartha bogearraí.
• Mol na Scileanna Acadúla – Tá sé mar aidhm ag Mol Scileanna Acadúla ar líne Ollscoil na Gaillimhe tacú le mic léinn na príomhscileanna is gá don rath acadúil a fhorbairt.
• Ionad Forbartha Gairme – Tacaíonn an tIonad Forbartha Gairme le mic léinn pleananna gairmréime rathúla a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, déanann sé idirchaidreamh le fostóirí maidir leis an earcaíocht iarchéime agus éascaíonn sé do mhodúl socrúcháin oibre do roinnt cláir acadúla.
• Dámhachtain Infhostaitheachta – Aithníonn an Dámhachtain Infhostaitheachta an méid atá foghlamtha agat agus na scileanna a d’fhorbair tú trí obair agus trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim.
• RSF – Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (RSF) ann chun cabhrú leat le haon fhadhbanna TF a bhainfeadh duit. Tá deasc chabhrach acu sa Leabharlann nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ar líne.
• DigiChamps – Is comhpháirtíocht foirne / mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe é DigiChamps a bhaineann le do mhuinín agus do scileanna digiteacha a fhorbairt.
D’Am Saor
• Nuachtán Sin – Is é Sin an t-aon Nuachtán do Mhic Léinn i nGaillimh agus ba é buaiteoir Ghradam Nuachtán Coláiste na Bliana 2019 é. Tagann Sin amach gach coicís agus bíonn sé eagrán ann in aghaidh an tseimeastair. Is é d’fhoinse nuachta é atá dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas. Ná déan dearmad é a léamh leis an eolas is déanaí a fháil. Féadfaidh tú obair dheonach a dhéanamh freisin chun cabhrú leis an nuachtán más mian leat triail a bhaint as scríbhneoireacht nó grianghrafadóireacht - ba bhreá linn go dtiocfá ar bord.
• Flirt FM – Is é Flirt FM 101.3 an stáisiún raidió mac léinn do chathair na Gaillimhe a bhfuil duaiseanna buaite aige. Is le mic léinn tríú leibhéal na Gaillimhe an stáisiún. Bíonn go leor deiseanna iontacha deonacha acu, agus mar sin cad chuige nach dtiúnálfá isteach?
• Clubanna Spóirt – Tá os cionn 50 club spóirt ar an gcampas le triail a bhaint astu saor in aisce! Ina measc tá idir Bhoghdóireacht agus Lúthchleasaíocht, idir Chispheil agus Rámhaíocht, idir Shléibhteoireacht agus Friosbaíis é is aidhm leo ná an oiread mac léinn agus is féidir a bheith páirteach sa ghníomhaíocht. Cuireann gach club gníomhaíochtaí, oiliúint agus imeachtaí sóisialta ar fáil do gach leibhéal agus cumas.
• Cumainn – Tá os cionn 120 cumann ar an gcampas agus is iad an bealach is fearr chun aithne a chur ar dhaoine a bhfuil na suimeanna céanna leatsa, chun scileanna nua a fhoghlaim agus chun d’eispéireas foghlama ollscoile a leathnú. Eagraíonn siad turais, imeachtaí, aoichainteoirí, ceardlanna, ranganna, cóisirí agus báil chéiliúrtha ghalánta.
• Clár Oibre Deonaí ALIVE – Tá stór tionscadal ag ALIVE ar féidir leat obair dheonach a dhéanamh ar a son.
Gheobhaidh tú Gradam Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe as Obair Dheonach freisin, a dtugtar “Teastas ALIVE” air. Is bealach iontach í an obair dheonach chun casadh ar chairde nua, difríocht a dhéanamh, an comhar a íoc leis an bpobal, do scileanna a thógáil agus spraoi a bheith agat!
Victor Sosanya University of Economics Global Winner 2022Léarscáil den Champas Campus Map
An Campas Spóirt, an Daingean - an tIonad Spóirt Réigiúnach san áireamh
Sports Campus, Dangan - including Regional Sports Centre
An tÁras Spóirt
Sports Pavilion
Teach Maryville
Maryville House
An Campas Thuaidh North Campus
An Daingean A
Dangan A
Cúrsa Saoil
Lifecourse
Baile na Coiribe
Corrib Village
Baile an Chíorbhuí
Goldcrest Village
Eolaíochtaí Bithleighis
Biomedical Sciences
Institiúid na hEolaíochta Sonraí
Data Science Institute
Naíolann na hOllscoile
University Crèche
Páirceáil agus Taisteal Park and Ride
An Campas Láir Central Campus
An tIonad Nuálaíochta agus Gnó
Business and Innovation Centre
An tIonad Taighde agus Nuálaíochta
Research and Innovation Centre
An tIonad Taighde don Chothú Sláinte
Health Promotion Research Centre
Áras Cairnes
Cairnes Building
Áras Innealtóireachta Alice Perry
Alice Perry Engineering Building
Áras Mhaighe Seola
Moyola Building
An Clinic Teiripe Urlabhra agus Teanga
Speech and Language Therapy Clinic
An Campas Theas South Campus
10 Bóthar an Chaisleáin Nua
10 Newcastle Road
14 Bóthar na hOllscoile
14 University Road
14 Bóthar na Drioglainne (An Oifig Slándála)
14 Distillery Road (Security)
An Chearnóg Quadrangle
An Foirgneamh Anatamaíochta Anatomy Building
An Foirgneamh IT IT Building
An tIonad Spóirt Sports Centre Áras Dán na Mílaoise Arts Millennium Building
Áras de Brún
Áras Mhairéad (Ma) Ní Éimhigh
Áras Mháirtín Uí Riain Martin Ryan Building
Áras na Bitheolaíochta Daonna
Human Biology Building
Áras na Gaeilge
Áras na Mac Léinn
Áras Oirbsean
Orbsen Building
Áras Uí Argadáin
Hardiman Building
Áras Uí Chathail
Aula Maxima
Beár na Mac Léinn - Sult
College Bar - Sult
Bloc E Block E
Bloc F
Block F
Bloc S Block S
Bloc T
Block T
Bóthar na Drioglainne
Distillery Road
Ceoláras Emily Anderson
The Emily Anderson Concert Hall
Comhaltas na Mac Léinn
Students’ Union
Deasc Eolais na Mac Léinn (SID)
Student Information Desk (SID)
Foirgneamh na nDán / na hEolaíochta
Arts / Science Building
Fortheach Institiúid Uí Riain
Ryan Institute Annexe
Halla Bailey Allen
Bailey Allen Hall
Institiúid na hEolaíochta Cliniciúla
Clinical Science Institute
Ionad na hÉireann do Chearta an Duine Irish Centre for Human Rights
Ionad na Seirbhísí Poist
Mail Services Centre
Ionad Uí Dhonnchadha - An Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú
O’Donoghue Centre - Drama, Theatre and Performance
Institiúid Lambe
Oideachas
Réamhdhéantán Scoil Huston
The Huston School Bubble
Scoil Scannán agus Meán
Digiteach Huston
Huston School of Film and Digital Media
Séipéal Naomh Columbán
The Chapel of St Columbanus
Síceolaíocht
• Na hEalaíona & Cultúr
• Sláinte & Folláine
• Oideachas
• Ceartas Sóisialta
• Gníomhaíochas Pobail
• An Timpeallacht
• Taithí Idirnáisiúnta
Cláraigh INNIU
na
Ceannaigh 10 gcupán tae / caife agus gheobhaidh tú ceann saor in aisce!
Faigh 2 phointe as gach €1 a chaitheann tú in ionaid de chuid an Chomhaltais
Tairiscint l e CártaCML
Tairiscintí Laethúla Lóin
Welcome to your Union.
Fáilte chuig d’Aontas.
Thanks to your SU, you’re a member of the Union of Students in Ireland. For 64 years we’ve been the recognised voice of Ireland’s students and we’re strong because of members like you getting involved.
A bhuíoch le d ’Aontas, tá tú mar bhall d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Le 64 bliain anuas, táimid aitheanta mar ghuth na mac leinn in Éirinn agus táimid láidir mar gheall arrannpháir tíocht na mball, cosúil leatsa.
You are USI. We’re glad you could join us.
Is tusa AMLÉ . Tá lúchair orainn tú a bheith linn.
USI’s beliefs
Access to education is a fundamental right of all people in Ireland
Students have rights to a decent standard of living including financial support, decent housing and decent safe jobs in Ireland, among others Students should be active in the promotion and defence of all human and democratic rights
What we do for you
A strong unified voice for you lobbying, campaigning and negotiating with government, politicians # and education bodies
Supporting your Students' Union Training and assisting your Students' Union o icers to represent you locally, nationally and internationally
Meeting students’ needs
Mental health campaigns, sexual health info and work on sustainability, housing and the environment.
Ceard a chreideann AMLÉ
Rochtain ar oideachas ... mar bhunchear t ag muintir na hÉ ireann uilig
Tá cear ta ag mac léinn... maith le tacaíocht airgeadais , tithíocht chuí agus poist shábháilte
Rannpháir tíocht na mac léinn...
...i gcur chun cinn agus cosaint cear ta daonna agus daonlathacha uilig
Oibríonn AMLÉ ar do shon
Guth láidir amháin ar do shon...
...stocaireacht, feachtasaíocht agus idirbheartaíocht le polaiteoirí Rialtais agus eagraíochtaí oideachais.
Ag tacú le d'Aontas Mac Léinn
Ag oiliúint d'oifigigh Aontas Mac Léinn agus ag cabhrú leo ionadaíocht a dhéanamh ort ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Freastal ar riachtanas na mac léinn...
...feachtais mheabhairshláinte, eolas ar shláinte ghnéis agus obair ar an inbhuanaitheacht, tithíocht agus tacaíocht airgeadais.
WITH
Seo roinnt de na Leideanna is Fearr atá againn don saol i nGaillimh:
1. Ceannaigh cóta báistí maith. Tugtar “Reilig na Scáthanna Báistí” ar Ghaillimh
2. Siúltar duine i ndiaidh an duine eile i gcónaí thar Dhroichead Chora na mBradán nó is cinnte go dtabharfar míle drochshúil ort.
3. Ná hiarr ar an DJ Galway Girl a sheinm. Leagan ar bith de. In aon chás.
4. Má tá cuma bhrónach/fheargach nó póit ort téigh ag siúl ar an bProm. Is gearr go mbeidh tú ag mothú níos fearr agus beidh aghaidh shnoite agat a bhuíochas leis an ngaoth
5. Is féidir siúl aon áit i nGaillimh taobh istigh de 10 nóiméad (má shiúlann tapa go leor).
6. Bíonn rudaí saor in aisce i gcónaí in Oifig an Chomhaltais – coiscíní, pinn, súitíní, milseáin, pleanálaithe balla, leabhair chíosa, comhairle, barróga srl. – ní gá ach teacht isteach agus do mhéar i do bhéal agat.
7. Bí páirteach san oiread clubanna agus cumann agus is féidir. Faigh pizza saor in aisce agus cuir snas ar do CV le héachtaí cosúil le “Cisteoir ar an 4ú Cumann Ómóis Home & Away is Mó ón tSionainn Aniar”.
8. Bíodh léarscáil den champas leat i gcónaí. Ní rachaidh tú amú agus is féidir leat x a scríobh san áit a bhfuil an taisce curtha sa talamh.
9. Níl dada ar thalamh an domhain is measa ná stocaí fliucha. Bíodh péire breise stocaí agat i gcónaí #SlíAnAtlantaighFhliuch
10. Bí i do Dhónal Dearfach i gcónaí; ní maith le duine ar bith Dónal Diúltach.