Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh 2021-2022

Page 1

Tuarascáil Bhliantúil Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh

2021-2022



Clár na nÁbhar • Contents

1

Focal ón Uachtarán • President’s Foreword

2

3

Ráiteas Misin/Buaicphointí • Mission Statement/Highlights

Coiste Feidhmiúcháin 2021/22 • Executive Committee 2021/22

4

5

Comhairle an Chomhaltais • SU Council

Nuachtán SIN • SIN Newspaper

6

7

Toghcháin • Elections

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Policies

8

9

CÉIM

Scileanna Saoil • Life Skills

10

Tiomsú Airgid • Fundraising

11

Siamsaíocht agus Imeachtaí • Entertainment & Events

13

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn • Students’ Union Services

12 14

15

Feachtais • Campaigns

Cúrsaí Airgeadas an Chomhaltais • SU Finance

Coiste Feidhmiúcháin 2022/23 • Incoming Executive 2022/23


RÓISÍN

NIC LOCHLAINN


1

Focal ón Uachtarán President’s Foreword

Bhí sé de phribhléid agam i mbliana a bheith i m’Uachtarán ar

leis na mic léinn ó thaobh oideachais de, agus go mbeadh an

Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, rud a mbeidh cuimhne

deis acu chomh maith aithne a chur ar chairde nua. Cuid fhíor-

go deo agam air. Tá an t-ádh dearg orm go raibh an deis agam a

thábhachtach d’eispéireas an choláiste é CÉIM do roinnt mhaith

bheith i mo chuid d’fhoireann chomh díograiseach agus bríomhar

mic léinn.

sin agus níl aon amhras orm ach go bhfuil rudaí iontacha i ndán do gach duine a bhí ar Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais,

Gabhaim buíochas freisin le Bord na nIontaobhaithe as a

2021/22. Ní éireodh linn i mbliana gan an obair chrua a chuir

maoirseacht agus le Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac

isteach an fhoireann ar fad. Caithfear dúshláin nua a shárú gach

Léinn (SUCS) Teoranta as seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar

uile lá beo sa Chomhaltas, agus is féidir liom a rá go cinnte gur

do phobal OÉ Gaillimh nuair nárbh éasca a leithéid a dhéanamh.

bhliain dhúshlánach í nuair a smaoiním siar ar an gcibirionsaí agus ar theacht amach as na dianghlasálacha. Ó mo dhearcadh

Ar deireadh, tá buíochas ag dul do na hionadaithe ranga agus do

féin, bhí sé aisteach go leor dul ó Leas-Uachtarán in aimsir na

na 17 n-oifigeach a bhíonn ag saothrú gan staonadh ar son na mac

paindéime go hUachtarán tráth a raibh an saol ag teacht ar ais

léinn – chuir bhur ndíograis go mór leis an gcomhaltas agus ba

chuige féin arís. Tá sé mar aidhm ag an gComhaltas a chinntiú

mhór an onóir dom a bheith ag obair libh. A Chlodagh McGivern,

go mothaíonn mic léinn slán sábháilte ina nOllscoil, agus tús

Leas-Uachtarán Oideachais agus a Chora Clarke, Leas-Uachtarán

áite a thabhairt d’fholláine na mac léinn i dtimpeallacht a bhíonn

Leasa agus Comhionannais – aireoidh mé uaim a bheith ag obair

deacair go leor in amanna. Sílim gur éirigh linn ina thaobh sin.

libh. Táim an-bhuíoch as an méid ama a chaitheamar le chéile i mbliana, agus táim ag tnúth go mór le tús a chur le haistear nua in

Ní hamháin gur dhíríomar i mbliana ar na héagothromaíochtaí a

éineacht le Clodagh ar Choiste Gnó AMLÉ, 2022/23 – déanfaimid

bhíonn roimh mhic léinn maidir le rochtain ar an oideachas, ach

cinnte de go seasfar an fód ar son Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ

dhíríomar chomh maith ar rudaí amhail: an toiliú, mar chuid dár

Gaillimh in AMLÉ!

gcéad seachtain toilithe riamh; oideachas sláinte gnéis; ionracas acadúil; comhionannas inscne; tacú le mic léinn faoi mhíchumas;

Tá an comhaltas ar an bhfód le 58 bliain anuas, agus tá sé ag

obair ar an leibhéal náisiúnta ar reachtaíocht maidir le halcól,

troid ó shin i leith le hathruithe chun feabhais a bhaint amach do

ar uathriail na n-aontas mac léinn agus ar reachtaíocht maidir

chách. Glactar céim eile gach aon bhliain i dtreo todhchaí níos

le cóiríocht; mionlaigh eitneacha; ionadaíocht do mhic léinn,

dearfaí. Thar ceann Clodagh McGivern, Cora Clarke, ár gCoiste

agus meas don Ghaeilge. I dtreo dheireadh ár dtéarma, d’éirigh

Feidhmiúcháin, Chomhairle an Chomhaltais, na foirne ar fad,

linn reifreann a reáchtáil chun post lánaimseartha a chruthú do

agus thar mo cheann féin, is mór agam tuarascáil bhliantúil

Leas-Uachtarán na Gaeilge. Is é sin an chéad phost dá leithéid

2021/2022 do Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, a chur i

sa tír, agus léiriú go bhfuilimid ar thús cadhnaíochta ó thaobh na

láthair.

Gaeilge de.

Le gach dea-ghuí, Comhlacht atá sa chomhaltas a sheasann an fód in éineacht le daoine, agus is é cabhrú le daoine an príomhchuspóir atá againn. Tá sé tábhachtach buíochas a ghlacadh leo siúd go léir a chabhraigh linn agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh. Tá mé thar a bheith buíoch as an obair chrua a dhéanann ár bhfoireann féin: Chris, an bainisteoir ginearálta; Joanna, an bainisteoir cúnta; agus Lorna, an fáilteoir, agus bíonn siad go léir ag obair go crua de shíor sa chúlra. Is mór agam a dtacaíocht agus a gcomhairle. Bhí CÉIM ina cuid thábhachtach den chéad bhliain san ollscoil dom féin agus do go leor daoine eile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Amber, le hÓrla agus le Niamh, a d’oibrigh go dian dícheallach i rith na bliana lena chinntiú go n-éireodh go geal

UACHTARÁN CHOMHALTAS NA MAC LÉINN 2021/22


2

Ráiteas Misin/Buaicphointí Mission Statement/Highlights

Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh ar bun den chéad uair in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin.

Rinneamar cur i láthair agus scríobhamar páipéir go rialta d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile ar shaincheisteanna a bhain le saol na mac léinn.

Cuireadh ar an ngearrliosta muid i ndeich gcinn de na catagóirí ag na Gradaim um Éachtaí Mac Léinn, lena n-áirítear: Laoch Inrochtaineachta na Bliana – Anne Marie Ward, Éacht ar son na Gaeilge - Club na Bliana – Surf Club, Oifigeach Lánaimseartha na Bliana - Róisín Nic Lochlainn agus Clodagh McGivern, Mac Léinn Idirnáisiúnta na Bliana – Matthew Connolly, Oifigeach Páirtaimseartha na Bliana – Eímear Nig Oireachtaigh, Sai Gujulla agus Niamh McGrath, Feachtas Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta na Bliana – Luan na hInbhuanaitheachta agus Pantrach na Mac Léinn, Ionadaí Acadúil na Bliana – Jason Sherlock, Cumann na Bliana – Mincéirs Whiden, Gníomhaíochas den Scoth ar son na Meabhairshláinte – Mincéirs Whiden.

Fuaireamar an gradam ór don Ghníomhaí Gaeilge is fearr ó AMLÉ/Chonradh na Gaeilge.

Chuireamar tús le comhpháirtíocht le Banc Sláinteachais na hÉireann agus d’eagraíomar feachtais mhíosúla le daoine a spreagadh chun earraí a thabhairt.

Chuireamar cuntas ar bun don Chomhaltas ar TikTok agus bhí ní ba mhó daoine i dteagmháil leis ná aon aontas mac léinn eile ar an ardán.

Reáchtálamar seisiúin chun na tránna a ghlanadh, agus reáchtálamar Luan na hInbhuanaitheachta mar chuid dár bhfeachtas ar an inbhuanaitheacht.

Labhraíomar ag an gcéad Slógadh ar son na Tithíochta in 2021 agus d’fhreastalaíomar ar imeachtaí eile ar nós sheoladh Bhród na Gaillimhe.

Chabhraíomar le heagrú an tríú hócáid chun Soilse an Chrainn Nollaig a lasadh, agus ghlacamar páirt ann. Ceiliúradh a bhí san ócáid ar theacht le cheile fhoireann agus mic léinn na hollscoile mar chuid de phobal OÉ Gaillimh.

Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta ná “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”. “Ní neart go cur le chéile” Buaicphointí 2021/22 •

Dháileamar 7,000 mála gualainne in-athúsáide agus 3,000 cupán caife in-athúsáide ar mhic léinn ag tobsheastán an Chomhaltais sa Chearnóg.

D’éirigh linn suíocháin bhreise amuigh faoin aer a fháil ar an gcampas.

Bhailíomar €11,000 don dá charthanas a roghnaíomar don bhliain: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Seirbhísí Óige LADT+ BeLonG, trí imeachtaí éagsúla amhail Take Me Out, Biongó Gnéasbhréagán, Charaoke, Crannchuir, Lá Spórt agus go leor eile nach iad.

D’eagraíomar imeachtaí éagsúla, amhail Cóisir na Céadaoin Crua, Aonaigh Éadaí Seanré, Bingo Loco, Oícheanta Club Taylor Swift, Pictiúrlann Amuigh faoin Aer agus Siúlta Scéalacha.

Reáchtálamar reifreann, ár éirigh leis, le post lánaimseartha a chruthú do Leas-Uachtarán na Gaeilge, agus bhíomar ar an gcéad aontas ollscoile le déanamh amhlaidh. Labhraíomar ag roinnt seoltaí in OÉ Gaillimh, amhail seoladh oifigiúil Straitéis na Gaeilge, 2021-2025 agus seoladh Uirlis Tuairiscithe Speak Out.


Toghadh breis agus 600 ionadaí ranga, d’fhreastail 300 duine ar ár gcéad chruinniú agus bhí an líon ba mhó riamh i láthair ag cruinnithe na Comhairle, a bhí ar siúl ar an láthair arís. Chuireamar oiliúint ar bhreis is 100 ionadaí ranga mar chuid d’Oiliúint Chárta JAM. Bhíomar rannpháirteach sna meáin, idir áitiúil agus náisiúnta, maidir le go leor de na saincheisteanna a bhaineann le saol na mac léinn, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar SUSI, athoscailt an champais, cúrsaí meabhairshláinte, saincheisteanna maidir le mic léinn idirnáisiúnta, an íosphraghsáil alcóil de réir an aonaid, foréigean inscne agus cúrsaí lóistín.

D’oibríomar le AMLÉ ar fheachtais ó thús deireadh na bliana, lena n-áirítear Feachtas Chostas an Choláiste, Give Us Our Grads agus a thuilleadh nach iad.

D’oibríomar leis an Oifig Bronnta le hócáidí bronnta céimeanna a bhaint amach ar deireadh thiar tar éis 2 bhliain do ranganna 2020 agus 2021.

Reáchtálamar feachtais seachtaine, amhail an tSeachtain um Fheasacht agus Treoir ar an tSláinte Ghnéis, Seachtain na Gaeilge, Seachtain na hÉagsúlachta, Seachtain an Chomhshaoil agus na hInbhuanaitheachta, an tSeachtain um Fheasacht ar an Meabhairshláinte, agus Seachtain na hInchinne.

Reáchtálamar ár gcéad Seachtain Toilithe riamh in OÉ Gaillimh.

Tar éis bualadh leis an Aire Ardoideachais, fuaireamar leithdháileadh €9 milliún faoi chomhair tástálacha antaigine saor in aisce do mhic léinn

Reáchtálamar ár bhfeachtas #NoInPersonExams agus bogadh 50% de na scrúduithe ar líne dá bharr.

Tá ár gclár foghlama piarchuidithe, CÉIM, ag dul ó neart go neart i gcónaí.

Cuireadh clinicí seachtainiúla ar bun le haghaidh mic léinn lánfhásta agus mic léinn faoi mhíchumas, agus reáchtáil oifigigh pháirtaimseartha imeachtaí chun bualadh le hoifigigh, ceardlanna maidir le haistí a scríobh, agus go leor imeachtaí eile.

Fuaireamar gealltanas ó OÉ Gaillimh go gcuirfí táirgí míostraithe ar fáil saor in aisce i seomraí folctha ar an gcampas, agus chuireamar tús le próiseas soláthair chuige sin.

Chuireamar ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do mhic léinn.

Sheolamar an scéim “Ask for Angela” go hoifigiúil i gCathair na Gaillimhe, agus d’oibríomar as lámha a chéile le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le hionaid áitiúla le hí a chur i bhfeidhm.

Sheolamar cárta JAM i gcomhar leis an Ollscoil

Reáchtálamar agóid lasmuigh de chruinniú an Údaráis Rialaithe i mí Aibreáin le stocaireacht a dhéanamh go gcuirfí taifeadtaí ar léachtaí ar fáil do mhic léinn.

D’oibríomar le hionadaithe ranga le Pantrach na Mac Léinn a sheoladh, an chéad cheann dá leithéid sa tríú leibhéal, d’fhonn dul i ngleic le cur amú an bhia.

Toghadh beirt dár nOifigigh Lánaimseartha, Clodagh agus Róisín, chun AMLÉ mar Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Acadúla agus mar Leas Uachtarán don Ghaeilge, faoi seach

Rinneamar ceiliúradh ar an gcéad Seachtain um Eitneachas an Lucht Siúil in OÉ Gaillimh, faoi stiúir Oifigeach na Mionlach Eitneach, Anne Marie Ward, a bhí ar an gcéad duine den Lucht Siúil a toghadh chun an phoist riamh.

D’óstálamar Comhairle Náisiúnta AMLÉ i nGaillimh i mí an Mheithimh.


3

Coiste Feidhmiúcháin 2021/22 Executive Committee 2021/22

Leas-Uachtarán / An tOifigeach Oideachais Vice President / Education Officer

Leas-Uachtarán / an tOifigeach Leasa agus ComhionannaisVice-President / Welfare and Equality Office

An tUachtarán / President

Clodagh McGivern

Róisín Nic Lochlainn

su.education@oegaillimh.ie 086 385 3658

Cora Clarke

su.welfare@oegaillimh.ie 086 385 3659

su.president@oegaillimh.ie 086 385 5502

Irish Language Officer Oifigeach na Gaeilge

Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta Mature Students’ Officer

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+ Gender and LGBT+ Rights Officer

083 407 7672 su.gaeilge@oegaillimh.ie

087 974 4075 su.maturestudents@oegaillimh.ie

087 747 9171 su.lgbt@oegaillimh.ie

Eímear Nig Oireachtaigh

Anita O’Halloran

Orlaith Nic Cába

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha Postgraduate Taught Officer

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde Postgraduate Research Officer

Captaen na gClubanna Clubs Captain

087 781 0130 su.pgtaught@oegaillimh.ie

087 269 1104 su.pgresearch@oegaillimh.ie

085 882 4797 su.clubs@oegaillimh.ie

Mairtín Mac Gabhann

Shane O’Connell

Kirsty Ní Mhóráin

Oifigeach um Chearta Míchumais Disability Rights Officer

Niamh McGrath

087 418 0866 Glao físe / Téacs / WhatsApp amháin mar gheall ar lagú éisteachta su.disability@oegaillimh.ie

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh / Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies

Faye Ní Dhomhnaill 087 282 1383 su.arts@oegaillimh.ie

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte / Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences

Convenor of the College of Science and Engineering / Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Cathaoirleach na gCumann Societies Chairperson

091 493 570 su.medicine@oegaillimh.ie

085 193 8978 su.scienceengineering@oegaillimh.ie

087 989 3695 su.socs@oegaillimh.ie

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí / Convenor of the College of Business, Public Policy & Law

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta International Students Officer

Oifigeach na Mionlach Eitneach Ethnic Minorities Officer

087 459 0127 su.business@oegaillimh.ie

091 493 570 su.international@oegaillimh.ie

091 493 570 su.ethnicminorities@oegaillimh.ie

Jack Collins

Krystian Bachan

Sai Gujulla

Matthew Connolly

Ethan Wilkinson

Anne Marie Ward


4

Comhairle an Chomhaltais SU Council

Toghadh os cionn 600 ionadaí ranga i mbliana i measc fochéimithe, iarchéimithe, foghlaimeoirí fásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha. Bhí moill ar thoghchán na nIonadaithe Ranga de dheasca cibirionsaí a rinne ar an Ollscoil sa tseachtain dheireanach de mhí Mheán Fómhair. Lena gceart a thabhairt dóibh, d’éirigh le foireann an Chomhaltais roinnt mhaith ionadaithe ranga a thabhairt ar bord, oiliúint a chur orthu agus iad a spreagadh le bheith páirteach i gcruinnithe in ainneoin na céime móire sin ar gcúl go luath sa bhliain. Reáchtáladh an oiliúint do na hIonadaithe Ranga ar líne arís i mbliana agus tugadh an deis dóibh freastal ar Oiliúint Tosaigh NStEP ar líne i seimeastar a dó chomh maith. Ba mhór againn go rabhamar in ann tús a chur le cruinnithe míosúla Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn ar an láthair arís i mbliana agus go raibh fáilte roimh na hionadaithe ranga ar fad freastal orthu. Bhí ionadaithe in ann freastal ar na cruinnithe trí Zoom freisin mura raibh siad in ann a bheith sa seomra féin. Bhí cruinnithe Chomhairle an Choláiste ar Zoom go fóill d’fhonn is go mbeadh fáil éasca ag mic léinn orthu. Mar gheall ar an athrú chuig YourSpace mar ardán na nIonadaithe Ranga, tá méadú ollmhór tagtha ar rannpháirtíocht na nIonadaithe Ranga. Mhol ionadaithe an-chuid rún, roinnt acu a mbeidh tionchar acu ar ghnéithe tábhachtacha de shaol na mac léinn go ceann i bhfad, lena n-áirítear cinn a bhain le cúrsaí teagaisc, comhshaoil agus Gaeilge. Chuir YourSpace, ár n-ardán nua ar líne, ar chumas na n-ionadaithe ranga teagmháil a dhéanamh go héasca leis na mic léinn ina rang, agus cuireadh ríomhphost chuig na hionadaithe ranga uair sa tseachtain ar a laghad a luaithe a bhí an cibirionsaí curtha dínn. Ba dhúshlánach an bhliain í, ach rinneamar dul chun cinn ollmhór leis an bpróiseas ionadaithe ranga a chuíchóiriú agus le cur leis an rannpháirtíocht. Tá súil againn go mbeidh samhail chumaisc i bhfeidhm againn as seo amach. Cathaoirleach an Chomhaltais, Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais agus Oifigeach na nIarchéimithe in 2020/2021 Buíochas speisialta as an obair atá déanta ag an gCathaoirleach, ag na Tionólaithe agus ag Oifigeach na nIarchéimithe maidir le hIonadaithe Ranga a thoghadh agus teagmháil a dhéanamh leo. • • • • • • •

Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn – Cathal Sherlock Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh – Faye Ní Dhomhnaill Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta – Sai Gujulla Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte – Jack Collins Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí – Krystian Bachan Oifigeach na nIarchéimithe Taighde – Shane O’Connell Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha – Mairtín Mac Gabhann



5

Nuachtán SIN SIN Newspaper

Is é SIN (Student Independent News) an t-aon nuachtán amháin atá ann do mhic léinn in OÉ Gaillimh agus foilsítear 12 eagrán sa bhliain acadúil, ceann sa choicís. Foilsíodh SIN ar líne le ISSUU i mbliana mar gheall ar Covid-19. Tá an nuachtán dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ Gaillimh. Féadann an uile dhuine ábhar a chur ar fáil do SIN, agus tá scríbhneoirí deonacha éagsúla againn ó réimsí an dlí, na tráchtála agus na hiriseoireachta. Foireann 2021/2022: • • • • • • • • • •

Eagarthóir – Valerie McHugh Leas-Eagarthóir – Darragh Nolan Eagarthóirí Nuachta – Darragh Nolan and Caoimhe Killeen Gné-Ailt – Anastasia Sytnyk Tuairim – David Cendon Garcia Ealaíona agus Faisean – Saoirse Higgins Sláinte agus Stíl Mhaireachtála – Ewelina Szybinska Spórt – Darren Casserly Cainte – Caitlín Ní Mhurchú Ar Líne – Katie Barragry agus Aine Fogarty

D’fhoilsigh SIN 12 eagrán 32 leathanach, 6 eagrán sa seimeastar, mar aon le heagrán speisialta toghcháin 16 leathanach roimh na Toghcháin le haghaidh Oifigigh Lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn. Bhí agallaimh dhoimhne eisiacha san eagrán sin le gach iarrthóir do thoghcháin oifigigh lánaimseartha Chomhaltas na Mac Léinn, chomh maith le hagallaimh le hoifigigh a bhí ag dul as oifig agus míreanna vox pop le mic léinn ó dhisciplíní agus coláistí éagsúla in OÉ Gaillimh. Is é Shannon Reeves ár ndearthóir agus tá sé ag obair ar SIN le roinnt blianta anuas. Chabhraigh sé le SIN an leagan amach a chur in oiriúint lena dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta ar líne agus oiriúnach do nuachtán nua-aimseartha. D’éirigh linn é sin a bhaint amach trí ghné-ailt fhada thar dhá leathanach agus grianghraf d’údair rialta a thabhairt isteach, mar aon le húsáid níos mó a bhaint as grafaic mhealltach chun spéis na léitheoirí a mhúscailt. Buaicphointí 2021/2022: •

Faoi stiúir Shannon Reeves, rinneadh athdhearadh iomlán ar leagan amach agus dearadh SIN i mbliana, rud a raibh daoine an-tógtha leis.

Bhris agus chlúdaigh SIN scéalta ceannródaíocha i mbliana, agus choinnigh sé na mic léinn ar an eolas faoi imeachtaí a bhí ag titim amach anseo san ollscoil tráth a raibh siad ag obair sa bhaile agus ar an gcampas araon.

Bhí an nuachtán ar an ngearrliosta le haghaidh roinnt gradam ag Gradaim Meán na Mac Léinn i mbliana, Nuachtán na Bliana ina measc. Ainmníodh cuid de scríbhneoirí SIN freisin, Valerie McHugh (Iriseoireacht a bhaineann le Sábháilteacht ar Bhóithre) Áine Ní Dhonnaile (Iriseoireacht Scríofa) agus Tiffany Greenwaldt-Simon (Gradam SFI don Iriseoireacht a Bhaineann le hEolaíocht agus Teicneolaíocht) ina measc. Bhuaigh an t-eagarthóir Valerie McHugh dhá ghradam ag Gradaim Meán na Mac Léinn, 2022.

Foilsíodh saothar le roinnt scríbhneoirí SIN ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta i mbliana, mar shampla in The Irish Times, Irish Examiner agus Connacht Tribune.

Chuir SIN go mór lena sholáthar ar líne i mbliana freisin, agus tháinig méadú faoi dhó ar inneachar ar Twitter agus ar Instagram i rith na bliana. Bhí ár gcuntas Twitter, @NuigSIN, á leanúint ag 1,200 duine faoi mhí Bealtaine. Thosaigh beirt eagarthóirí ar líne nua linn i mí Mheán Fómhair, rud a chabhraigh go mór lenár soláthar ar líne. Bhain siad anúsáid as optamú innill cuardaigh agus as grafaic ar ár bpostálacha ar na meáin shóisialta, agus chabhraigh sé sin go mór linn teacht a bheith againn ar a thuilleadh daoine.

Foilsítear SIN i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá an nuachtán neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.


6

Toghcháin Elections

Chuir 42 mac léinn a n-ainm síos ar an bpáipéar ballóide fíorúil i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin, agus iad ag iarraidh go dtoghfaí chun Choiste Feidhmiúcháin an Chomhaltais, 2022-2023 iad. Glacadh le reifreann chomh maith le post lánaimseartha nua a chruthú mar Leas-Uachtarán na Gaeilge. Rinne Phelim Kelly, an Ceann Comhairimh, maoirseacht ar na toghcháin agus d’fhógair torthaí an chomhairimh ar líne. Tháinig laghdú ar líon na mac léinn a chaith vóta sna toghcháin go léir i gcomparáid leis an mbliain seo caite in ainneoin go raibh líon mór iarrthóirí san iomaíocht. Beimid ag breathnú ar bhealaí a bhféadfaimis cur le líon agus rannpháirtíocht na vótálaithe don bhliain seo chugainn. Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna toghcháin:

Post

Ainm

An tUachtarán

Sai Gujulla

Leas-Uachtarán / Oideachas

Joe Mee

Leas-Uachtarán / Leas agus Comhionannas

Imogen O’Flaherty Falconer

Leas-Uachtarán / An Ghaeilge

Barry Ó Siochrú

Irish Language Officer

Seánie Ó Gáibhín

Oifigeach um Chearta Míchumais

Michaela Margaret Joyce

Oifigeach na Mionlach Eitneach

Anne Marie Ward

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Connor Boyle Ferry

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

Julia Egan

Mic Léinn Lánfhásta

Benjamin George

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Tom Forde

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Holly Leech

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Rain Puiman Yan

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Jack Reidy

Cathaoirleach na gCumann

Vickie Popoola

Captaen na gClubanna

Tahsin Kamal

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

Raimey O’Boyle

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Greta Westerwald

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Malena Thren



7

Beartais Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Policies

Glacann Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le beartais ar cheisteanna éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, le Comhairle an Chomhaltais, nó trí reifreann ar bhaill uile an Chomhaltais, beartas a shocrú. Is iad seo a leanas na beartais a daingníodh trí reifreann ar na saolta deireanacha: Reifreann ar Leasuithe ar Bhunreacht Chomhaltas na Mac Léinn Ritheadh in Aibreán 2021 Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta páirtaimseartha a chruthú. Cuireadh Cathaoirleach neamhspleách seachtrach in ionad Chathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn. Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn Ritheadh in Aibreán 2021 Ón 1 Iúil 2021, cheadaigh comhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh cealú an tobhaigh reatha €224 a bhíonn le híoc ag mic léinn faoi láthair agus tugadh isteach tobhach nua €140 ina ionad. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith athaontú oileán na hÉireann D’éirigh leis i mí an Mhárta 2017 Tacaíonn Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh le hathaontú oileán na hÉireann agus iarrann ar an Stát reifreann náisiúnta a reáchtáil ar cheist athaontaithe den sórt sin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith an Chórais Soláthair Dhírigh D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Déanann Comhaltas na Mac Léinn cáineadh ar an gCóras Soláthair Dhírigh, atá míthrócaireach agus a shéanann ar an lucht iarrtha tearmainn a gcearta bunúsacha, agus éilíonn sé go gcuirfear deireadh leis agus go gcuirfear córas nua ina ionad a léireoidh meas do chearta daonna iarrthóirí tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Díchoiriúlú Drugaí D’éirigh leis i mí an Mhárta 2016 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh go dtacóidh sé go gníomhach leis an díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta amháin. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i dtaobh saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil D’éirigh leis i mí an Mhárta 2015 Tá seasamh glactha ag Comhaltas na Mac Léinn ar son saothrú, díol agus sealbhú cannabais a dhlisteanú agus a rialáil. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar Cheist an Phósta Shibhialta Comhghnéis D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Tá sé de bheartas ag Comhaltas na Mac Léinn tacú le lánúineacha comhghnéis ar mian leo dul faoi chuing an phósta. Tar éis an reifrinn náisiúnta i mí na Bealtaine 2015, tá an beartas seo comhlíonta anois. Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn ar an bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael D’éirigh leis i mí an Mhárta 2014 Ghlac Comhaltas na Mac Léinn le seasamh ar son tacú leis an “bhFeachtas Baghcatála, Dífheistithe agus Smachtbhannaí i gcoinne Stát Iosrael” (Feachtas BDS) Seasamh Chomhaltas na Mac Léinn i leith Cheist an Ghinmhillte D’éirigh leis i mí an Mhárta 2013 Tá seasamh “ar son na rogha” glactha ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh mar thaca leis an bhfeachtas náisiúnta ar son cearta iomlána atáirgthe, lena n-áirítear ceart na mná chun ginmhilleadh, beag beann ar cibé acu a bheidh an ginmhilleadh sin roghnach nó riachtanach de réir míochaine. Beartas Gan Ardán a Thabhairt do Bhaill d’Eagraíochtaí Áirithe D’éirigh leis i mí an Mhárta 2012 Éilítear ar Chomhaltas na Mac Léinn dul i gcoinne aon chuiridh do bhaill d’eagraíochtaí áirithe labhairt ag an ollscoil. Tá na sonraí ar fad le fáil ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn.


8

CÉIM

Ar an bhfód anois le naoi mbliana anuas, thosaigh CÉIM ag cur na piarfhoghlama ar fáil ar an gcampas arís i mbliana. Ag tacú le heispéireas na chéad bhliana Chuir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh tús le CÉIM, clár comhchuraclaim piarfhoghlama acadúla, in 2013 agus soláthraítear an clár trí chomhpháirtíocht idir mic léinn, foireann acadúil agus Comhaltas na Mac Léinn. Cuireadh ar fáil do thimpeall ar 1,930 mac léinn in 2021/22 é. Sa bhliain acadúil seo a bhí iontach dúshlánach arís, lean CÉIM de thacú le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chun an ardoideachais, chomh maith le sláinte agus folláine, rath acadúil, dul chun cinn agus forbairt scileanna inaistrithe.

Buaicphointí 2021/22 • Tar éis do phiarfhoghlaim CÉIM a bheith ar líne le bliain, tosaíodh ag cur an chláir ar fáil ar an láthair arís. In ainneoin gur fhág COVID-19, an cibirionsaí, agus teagasc agus foghlaim hibrideach go raibh ní ba lú mic léinn ar an gcampas, bhí tinreamh CÉIM agus rannpháirtíocht sa chlár fós ard. • Ní raibh fáil ar chuid mhaith córais ná próisis TF de dheasca an chibirionsaithe agus léirigh an chaoi ar thacaigh ceannairí CÉIM le forbairt na bpobal foghlama go raibh anteacht aniar iontu agus go raibh siad idir sholúbtha agus chruthaitheach. • Tosaíodh ag cur CÉIM ar fáil do mhic léinn Eolaíochta in 2021/22. Tháinig méadú 324 ar líon na mac léinn ar cuireadh CÉIM ar fáil dóibh i mbliana. • Thug comhordaitheoir CÉIM, ceannaire acadúil agus ceannaire mic léinn cur i láthair maidir le CÉIM ag Comhdháil Teagaisc agus Foghlama ENLIGHT i mí na Samhna 2021. • Glacadh le cás-staidéar a bhfuil CÉIM faoi thrácht ann lena fhoilsiú san Iris um Rannpháirtíocht Mac Léinn san Ardoideachas i mí na Bealtaine 2022. Scríobhadh i gcomhar le hOllscoil Lund, Ollscoil Mhanchain agus Ollscoil Nord é. An chaoi a n-oibríonn CÉIM Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil uirthi. Déanann ceannairí mic léinn ó bhlianta níos airde éascaíocht ar sheisiúin staidéir sheachtainiúla do ghrúpaí beaga mac léinn de chuid na chéad bhliana. Cuirtear pobail foghlama ar bun ar an gcaoi sin, atá á dtreorú ag piaraí agus ina bhfuil sé éasca ceisteanna a chur.

Na huimhreacha a bhaineann le CÉIM, 2021/22

2,486 90%+ 38% Soláthraíodh CÉIM i 144 98%

Líon na mac léinn sa 1ú bhliain ar tairgeadh CÉIM dóibh i ní ba mhó ná ábhar amháin* Céatadán na mac léinn sna Dána ar tairgeadh CÉIM dóibh Céatadán na mac léinn sna Dána ar tairgeadh CÉIM dóibh i ní ba mhó ná ábhar amháin 3 cinn de na 4 choláiste ceannaire mic léinn ráta coinneála na gceannairí

*Tairgtear CÉIM in ábhair éagsúla do go leor mic léinn sna Dána Piarfhoghlaim ar an gcampas ar ais arís

‘Chabhraigh sé go mór liom socrú isteach i saol na hollscoile.’ Duine de mhic léinn na chéad bhliana, 2021/22 ‘Áit an-idirghníomhach é a bhíonn pleanáilte go han-mhaith. Déantar iarracht gach duine a spreagadh le bheith páirteach sa rang.’ Duine de mhic léinn na chéad bhliana, 2021/22

 Seisiúin Sheachtainiúla Phiarfhoghlama

Comhrá Grúpa

Obair Chúrsa Tacaíocht

Suaitheantas Digiteach

www.su.nuigalway.ie/ceim



9

An Clár Scileanna Saoil Life Skills Programme

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí ar líne agus ar an láthair le linn na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin. Reáchtáladh cúrsaí AED Heartsaver ar an láthair arís agus fáilte mhór rompu. Is í an Institiúid Náisiúnta um Chosc agus Sláinte Cardashoithíoch ag Lárionad CROÍ a chuir an oiliúint ar fáil. I gcomhar le hIonad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú, cuireadh cúrsaí ar líne maidir le hOiliúint Nochta ar fáil arís do mhic léinn i mbliana, rud a chur ar a gcumas plé a dhéanamh go cuí le nochtadh foréigin ghnéasaigh. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn leis an Oifigeach um Fhéinmharú a Chosc in FSS chun na cúrsaí ar líne LivingWorks Start a chur chun cinn ionas go mbeadh na scileanna ag mic léinn comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin. Chuireamar an cúrsa oiliúna ar líne Ohana Zero Suicide chun cinn i rith na bliana freisin, rud nach dtógann ach 20 nóiméad ar an mac léinn. Chuir Jigsaw Galway dhá Cheardlann Mheabhairshláinte ar líne ar fáil do mhic léinn de chuid OÉ Gaillimh, agus ní raibh áit ar bith fágtha ar cheachtar acu. Tá duine de na mic léinn a d’fhreastail ar an oiliúint páirteach anois i nGrúpa Tacadóirí Óga Jigsaw Galway. Reáchtáladh sraith cúrsaí ar líne sa teanga comharthaíochta le linn na bliana ina bhfuair mic léinn agus baill foirne na bunscileanna a theastaigh uathu chun comhrá a dhéanamh sa teanga. Reáchtáladh Ranganna Gaeilge i gcomhar le Conradh na Gaeilge (ar an láthair) agus le Gaelchultúr (ar líne). Bhí an-tóir go deo orthu sin agus ní raibh áit ar bith fágtha sna ceithre leibhéal cúrsa a cuireadh ar fáil gach seimeastar. Reáchtáladh ranganna Nirt agus Aclaithe gach seachtain i seimeastar 1, áit ar chuir Lucia Byrne diantástáil orainn i ranganna fíorúla crua. Reáchtáladh Cúrsaí Pilates 6 seachtaine ar líne i rith na bliana i gcomhar le Marie Hegarty Pilates d’fhonn solúbthacht agus neart cabhlach na mac léinn a fheabhsú. Níorbh fhéidir cuid de na gnáthchúrsaí Scileanna Saoil a reáchtáil i mbliana de dheasca COVID-19, lena n-áirítear: Oiliúint maidir le Cosaint Leanaí, Oiliúint i Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú, safeTALK, Ealaíona Comhraic Measctha don Fhéinchosaint, agus an Cúrsa Barista. Tá súil againn na cúrsaí sin a chur ar fáil arís i mbliain acadúil 2022/23.



10

Tiomsú Airgid Fundraising

Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar mhaithe le carthanais i mbliana, agus bailíodh €11,000 dár gcarthanachtaí roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Seirbhísí Óige BeLonG To. Tá Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, rúnda cúraim agus tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd sa phobal atá buailte ag an mí-úsáid gnéis agus foréigean gnéasach. An fhís atá ag Seirbhísí Óige BeLonG To ná saol ina gcaithfear go cothrom le daoine óga atá LADTI+, saol ina mbeidh siad sábháilte agus ina léireofar meas dóibh agus don éagsúlacht féiniúlachtaí agus taithí atá acu. Bhailíomar €2,800 trí Raifil Ollmhór na Nollag a bhuíochas le baill foirne agus mic léinn a cheannaigh ticéid ar líne chun deis a bheith acu ceann de 30 duais iontach a bhuachan a thug gnólachtaí i nGaillimh don raifil go flaithiúil. Meascán de dhíolachán cístí agus díolachán leabhar athláimhe a bhí inár n-imeacht Leabhair agus Cístí. D’éirigh go hiontach leis agus tiomsaíodh breis is €700. Bhí an-ráchairt ar an oíche Take Me Out ag Sult, leis an bhfear grinn Steve Bennett mar fhear an tí. Chuaigh mic léinn in iomaíocht le páirt a ghlacadh, craic a bheith acu agus iarracht a dhéanamh teacht ar a ngrá geal! D’eagríomar roinnt tráth na gceist boird in Sult le linn na Gaelseachtaine agus Sheachtain na Gaeilge araon. I measc na n-oícheanta iontacha eile a bhí againn bhí “Charaoke” (Karaoke ar son na Carthanachta!), Bingo Loco agus tobsheastán a bhí ag díol lúbáin frithspíceála i gcomhar le Scrunch Up. Thug roinnt mic léinn chróga suas a gcuid gruaige mar chuid de dhúshlán Hair Raiser le hairgead a bhailiú do na carthanachtaí. Ghabhamar ceannas ar Fhaiche an Uachtaráin don chéad Squid Games riamh in OÉ Gaillimh, áit ar thug 12 fhoireann aghaidh ar a chéile i gcluichí spraíúla le seans a bheith acu duaiseanna iontacha a bhuachan. Óstáladh Díolachán Éadaí Athláimhe in Oifig an Chomhaltais le deis a thabhairt do mhic léinn a lámha a leagan ar fhaisin inbhuanaithe ar phraghas iontach. Reáchtálamar dhá ócáid theaspúla de Bhiongó na nGnéasbhréagán ag Sult le linn na bliana, agus Steve Bennett ina fhear tí arís. Díoladh na ticéid go léir, agus cuireadh an t-airgead ar fad i dtreo charthanais an Chomhaltais. Tháinig Swifties OÉ Gaillimh le chéile ar Oíche Chlub Taylor Swift i Sult le deireadh na bliana acadúla a chéiliúradh agus níos mó airgid a bhailiú do na carthanachtaí. Leanamar orainn ag díol Stocaí Big Yellow Thing ar líne agus ar an gcampas. Cuideachta atá lonnaithe anseo i nGaillimh, Irish Socksciety, a dhear na stocaí, agus tugtar ómós ar na stocaí do dhealbh aitheanta “Galway Yellow” (ar a dtugtar Big Yellow Thing freisin) ar an gcampas. Cuireadh an t-airgead uile ó dhíolacháin na stocaí i dtreo chiste carthanachta an Chomhaltais agus bhí an-tóir ar na stocaí mar bhronntanais do alumni, mic léinn agus don fhoireann.


11

Siamsaíocht agus Imeachtaí Entertainment and Events

Imeachtaí do Lucht na Chéad Bhliana Ghabh tobsheastán an Chomhaltais ceannas ar an gCearnóg i rith mhí Mheán Fómhair agus thugamar amach na mílte málaí gualainne in-athúsáidte lán le haiscíní, amhail cupáin chaife in-athúsáidte, deochanna saor in aisce, Cárta an Chomhaltais agus creidmheas €10 air, maisc aghaidhe in-athúsáidte, pinn agus deochanna boga. D’fhill an phictiúrlann faoin aer ar an gcampas faoi dheireadh chomh maith. Bhí Pop Up Gaeltacht i Sult chun fáilte a chur roimh chách ar ais chuig an gcampas agus iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a chleachtadh, leis. Chomh maith leis sin, d’óstálamar Siopa Malartaithe Éadaí ar líne i gcomhar le NUW. Siúlta Scéalacha Leanamar leis na Siúlta Scéalacha i seimeastar 1, áit a raibh mic léinn in ann bualadh le hOifigigh an Chomhaltais agus lena chéile, chomh maith le píosa beag aclaíochta a dhéanamh ag an am céanna. Cóisir na Céadaoin Crua Bhí Cóisir na Céadaoin Crua ar ais i seimeastar 1, agus b’iontach an deis iad do mhic léinn bualadh le chéile ar bhealach neamhfhoirmiúil, craic a bheith acu, cairdeas a dhéanamh go gasta agus a bheith san iomaíocht le haghaidh duaiseanna. D’óstáil an fear grinn Steve Bennett na himeachtaí, agus bhí ceann speisialta ar siúl ar Oíche Shamhna. Dúshlán Rothaíochta, Siúlóid mhí Dheireadh Fómhair agus Mórshiúl mhí an Mhárta Bhí cuid mhór de bhaill foirne agus mic léinn OÉ Gaillimh páirteach i mbliana i nDúshlán Rothaíochta Smarter Travel i mí Mheán Fómhair, i Siúlóid mhí Dheireadh Fómhair agus i Mórshiúl mhí an Mhárta. Ghlac 6 fhoireann leis an dúshlán rothaíochta, chláraigh 38 foireann le haghaidh Shiúlóid mhí Dheireadh Fómhair agus bhuail 25 foireann eile an bóthar le haghaidh Mhórshiúl mhí an Mhárta. Choinnigh na trí imeacht gach duine gníomhach agus nasctha, agus spreag siad roghanna iompair inbhuanaithe, leis. Gaelchara Chabhraigh an tionscnamh Gaelchara le mic léinn cairde a dhéanamh trí Ghaeilge. Clárú Vótálaithe Lean an Comhaltas de mhic léinn a spreagadh chun clárú le vótáil i rith na bliana le Feachtais Cláraithe Vótálaithe do vótálaithe céaduaire, mar aon le Céimithe a spreagadh chun clárú dá vóta i dtoghcháin Sheanad Éireann ag ócáidí bronnta céimeanna. Aiscíní sa tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre I mí Dheireadh Fómhair thugamar amach veisteanna sofheicthe agus earraí eile saor in aisce mar chuid den tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre. Oíche Dhathanna na gContaetha D’éirigh thar barr leis an oíche dathanna contaetha a d'eagraíomar i Sult i mí na Samhna. Chuir na mic léinn a ngeansaí orthu agus bhí an-oíche acu le ceol ó na Juicy DJs. Aoine na nAiscíní Bhí Aoine na nAiscíní ar siúl in Oifig an Chomhaltais dhá uair i seimeastar a dó. Tugadh amach t-léinte seanré an Chomhaltais, Keep Cups, Stuif Sofheicthe, Málaí Gualainne, Maisc Aghaidhe, Trialacha Antaigine, téacsleabhair, deochanna boga agus neart neart eile do mhic léinn. D’óstálamar Red Bull Reaction Wall chomh maith agus bhí go leor aiscíní agus duaiseanna le tabhairt amach acu. Lá an Fhéinchineáltais Le haghaidh Lá an Fhéinchineáltais, bhí Comhrá Craicinn againn ar líne saor, áit a raibh neart caint faoi chúram craicinn sa gheimhreadh, chomh maith le roinnt mhaith aiscíní. Maidineacha Caife Le Lá Idirnáisiúnta na Mac Léinn a chomóradh bhí maidin chaife againn i Sult i mí na Samhna. Bhí maidin chaife againn do mhic léinn lánfhásta i mí Aibreáin freisin.


Ruagairí Struis Agus scrúduithe na Nollag ag teannadh linn, bhí Babhtaí Traenála ar líne againn le Wilder Wellbeing d’fhonn an strus a ruaigeadh agus an deis a thabhairt do mhic léinn na leabhair a chur síos ar feadh píosa. Take Me Out I mí Feabhra ghabhamar ceannas ar Sult arís eile le haghaidh leagan OÉ Gaillimh de Take Me Out. Bhí sé mar aidhm acu siúd a bhí san iomaíocht dul i bhfeidhm ar na himreoirí eile d’fhonn teacht ar a ngrá geal. Is é an fear grinn Steve Bennett a bhí mar fhear an tí ar an oíche agus díoladh amach go hiomlán é. Bingo Loco Chuamar i gcomhar le Cumann na Mac Léinn Dlí Eorpaigh in OÉ Gaillimh agus Bingo Loco chun Legally Loco a thabhairt go Sult i mí an Mhárta. Busanna Scrúdaithe D’eagraíomar busanna go dtí na hionaid scrúdaithe i mBóthar na Trá le haghaidh scrúduithe na Nollaig agus na scrúduithe iarchurtha. Fuaireamar maoiniú ón Ollscoil le haghaidh na seirbhíse agus bhí sí saor in aisce do mhic léinn dá bharr sin. Squid Games Chuireamar lá spórt ar an tseanstíl ar siúl ar Fhaiche an Uachtaráin. Ní b’fhearr fós, bhí téama Squid Games ag baint leis. Chuaigh 12 fhoireann mac léinn in iomaíocht le chéile ar lá breá grianmhar i mí Aibreáin chun duaiseanna a bhuachan, lena n-áirítear turas chuig féile don fhoireann a raibh na feistis ab fhearr acu.


12

Feachtais Campaigns

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, le linn na bliana acadúla, 2021/22. Áirítear leo feachtais leasa a bhí dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte agus sláinte gnéis, mar aon le feachtais inbhuanaitheachta, feachtais ar son na Gaeilge agus feachtais eile nach iad. Mar chuid den fheachtas GaelSeachtain i mí Dheireadh Fómhair bhí Dul i gCeann Cuntais ar Instagram, Siúlóid agus Caint, PopUp Gaeltacht, an Ciorcal Comhrá seachtainiúil, maidin chaife, tráth na gceist boird agus rang ióga saor in aisce. Bhain mic léinn leas as na deiseanna sin chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh nó chun tuilleadh a fhoghlaim! Ghlacamar páirt in Gaeilge24 i mí na Samhna freisin. Reáchtáladh imeachtaí na Seachtaine Meabhairshláinte i mí na Samhna chun mic léinn a spreagadh chun am a thógáil le haire a thabhairt dá meabhairshláinte, chun feasacht a mhúscailt agus chun comharthaí fadhbanna meabhairshláinte a aithint. Le linn na seachtaine bhí caint ar dhul i ngleic le do mhothúcháin, siúlóidí agus comhrá, caint ar cheist na meabhairshláinte sa Lucht Siúil le Cumann Mincéirs Whiden agus d’eagraigh an Cumann Néara-Éagsúil imeachtaí ar néar-éagsúlachtaí agus ar an meabhairshláinte. Bhí ceardlann ar líne saor in aisce ann freisin le Jigsaw, chomh maith le caint ar ghnéas agus meabhairshláinte le Caroline West agus seisiúin mhachnaimh ar líne saor in aisce. D’óstáil an tOifigeach Míchumais, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta agus Oifigeach na Mionlach Eitneach clinicí buail isteach le linn na bliana. I mbliana chuamar i gcomhar le Banc Sláinteachais na Gaillimhe le feachtais mhíosúla a reáchtáil d’fhonn daoine a spreagadh le hearraí sláinteachais, cúraim phearsanta agus glantacháin tí a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar. Leanamar orainn ag cur earraí ar fáil do mhic léinn i ngátar saor in aisce chomh maith, pacaí míostraithe agus coiscíní ina measc. Lean an grúpa oibre inbhuanaitheachta ar aghaidh ag teacht le chéile i mbliana chun iarracht a dhéanamh teacht ar bhealaí chun an ollscoil a dhéanamh chomh tacúil leis an gcomhshaol agus ab fhéidir. Bhí feachtas ann i mí Mheán Fómhair arbh aidhm leis daoine a spreagadh le cótaí agus spéaclaí cosanta saotharlainne a athchúrsáil. Thugamar ar ais ár bhfeachtas ‘Luan na hInbhuanaitheachta’ i mí Feabhra, agus cuireadh tairiscintí speisialta ar fáil ar mhilseoga veigeánacha, eagraíodh glanadh trá agus bhí tobshiopa éadaí seanré ann. Bhí cupáin chaife inathúsáidte agus málaí gualainne in-athúsáidte á dtabhairt amach againn ó thús deireadh na bliana. Ghlacamar páirt i stailceanna aeráide de chuid Fridays For Future ar an bhFaiche Mhór. Chuireamar tacaíocht ar fáil freisin do Phantrach Mac Léinn OÉ, Gaillimh d’fhonn cur amú bia a laghdú. D’eagraíomar glantacháin gach mí ach in áit dhifriúil gach uair d’fhonn Gaillimh a dhéanamh níos glaine agus níos glaise. I mí na Samhna áiríodh leis na himeachtaí a bhí ar siúl mar chuid de Sheachtain SHAG seimineár ar stalcaireacht, eolas ar UTInna, oiliúint nochtaithe, mearthástáil VEID saor in aisce, Biongó Gnéasbhréagán, ceardlann ar Mhí-úsáid Ghnéis ÍomháBhunaithe agus seisiún faisnéise ar líne ar “An Gnéas is Fearr Riamh”. Bhí bigil faoi sholas coinnle againn chomh maith le haghaidh an Lae um Dheireadh a Chur leis an bhForéigean in aghaidh na mBan. Thacaíomar le Tionscadal UniCov trí mhic léinn agus baill foirne a spreagadh chun clárú le páirt a ghlacadh i gclár féintástála le haghaidh Covid. Chuireamar na clinicí vacsaínithe ar an gcampas chun cinn freisin agus dháileamar maisc aghaidhe agus tástálacha

antaigine saor in aisce chun ár gcuid mac léinn a choinneáil slán sábháilte. I mí na Samhna ghlacamar páirt san agóid ‘Costas an Oideachais’, a d’eagraigh AMLÉ ag an bPóirse Caoch. San agóid aibhsíodh fadhbanna móra amhail táillí arda do mhic léinn, tithíocht neamhleor do mhic léinn agus an easpa infheistíochta san ardoideachas. D’eagraíomar bus freisin do mhic léinn a bhí ag iarraidh freastal ar Agóid Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas i mí na Nollag bhí Clinic Ceart Míchumais, Ceardlann ISL, Ceardlann Eispéiris Míchumais. Iarradh ar mhic léinn corcra a chaitheamh leis an lá a cheiliúradh chomh maith. D’eagraíomar agóidí ar an gcampas nuair a bhí Scrúduithe na Nollag ar bun faoi na dálaí neamhshábháilte sna hionaid scrúduithe, chomh maith le dhá agóid eile le linn an tseimeastair maidir leis an gcaoi a raibh an ollscoil le scor de léachtaí a thaifeadadh. Bhí an chéad Seachtain Toilithe riamh ar siúl i mí Feabhra le go leor imeachtaí iontacha saor in aisce. Ina measc siúd bhí Painéal Podchraolta Green* Light, Ceardlann um Thoiliú Gníomhach*, Comórtas Póstaer ar Cheist an Toilithe, Ceardlann ar Mhí-Úsáid Ghnéis Íomhá-Bhunaithe, clinic mearthástála VEID saor in aisce, caint ar an oideachas gnéis do dhaoine LADTA agus Bingo na nGnéasbhréagán, a mbíonn an-tóir air i gcónaí. Nocht Cumann Mincéirs Whiden saothar nua ealaíne in Oifig an Chomhaltais le comóradh a dhéanamh ar Lá Eitneachais an Lucht Siúil. Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ar feadh trí seachtaine i mí an Mhárta agus bhí neart imeachtaí ar siúl mar chuid di, lena n-áirítear tráth na gceist boird, maidineacha caife, rang Gaeilge 101, caint ar ghairmeacha beatha le Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus turas go hInis Mór. Nuair a bhris an cogadh amach san Úcráin, d'eagraíomar bigil ar an bhFaiche Mhór le hAontas na Mac Léinn, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo. Sheolamar feachtas tiomsaithe airgid freisin chun tacú le muintir na hÚcráine le hearraí a bhí ar díol i siopaí an Chomhaltais. Bhí ár gcéad Seachtain Inchinne riamh ar siúl i mí an Mhárta agus i measc na rudaí a bhí ar siúl bhí cainteanna ar cén chaoi an tSeirbhís Tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a úsáid, Oiliúint ar Thaomanna ó Epilepsy Éireann, Caint ar an Neamhord Dépholach agus Caint faoin Andúil. Cuireadh oiliúint ar fáil do chumainn agus do chlubanna mar chuid de Sheachtain Ionchuimsitheachta Le Chéile. Áiríodh leis ceardlann ISL, ceardlann ar an gComhionannas Inscne, caint ar cén chaoi an Ghaeilge a chur san áireamh in imeachtaí agus comhairle ar imeachtaí a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana. Reáchtáladh Cainteanna ar Chearta Oibrithe d’oibrithe san earnáil fáilteachais/miondíola, altraí faoi oiliúint, PME agus mic léinn oideachais. I mí Bealtaine, shocraíomar bus go dtí An Lá Dearg i mBéal Feirste. Bhí sé mar aidhm ag an ócáid seo aird a tharraingt go bhfuil éileamh forleathan ar Acht Gaeilge ó thuaidh.



13

Seirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn Students’ Union Services

Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Is é Siopa an Chomhaltais an t-aon siopa áise atá ar an gcampas, agus is é an fhírinne gur siopa áitiúil OÉ Gaillimh é! Is i croílár na hollscoile i Leabharlann Hardiman atáimid lonnaithe agus ní fhéadfadh sé a bheith ní b’áisiúla. Ag Siopa an Chomhaltais, bímid ár bhforbairt i gcónaí le freastal ar riachtanais na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú de shíor. Cuirimid neart bianna úra iontacha ar fáil; ceapairí; fillteacha; rollaí; sneaiceanna; deochanna teo agus fuara; príomhearraí grósaeireachta agus tí; stáiseanóireacht; nuachtáin ar lascaine agus go leor roghanna sláintiúla! Más ar stáiseanóireacht atá tú sa tóir le haghaidh an ruda iontach tábhachtach sin ach ní féidir leat dul chuig an siopa féin, téigh chuig ár nOllsiopa Stáiseanóireachta ag http://nuig.stationerysuperstore. ie/ agus, níos fearr fós, bíonn an seachadadh saor in aisce ar gach ordú os cionn €20! Tá raon leathan d’earraí oifigiúla OÉ Gaillimh le fáil sa siopa, lena n-áirítear húdaithe, t-léinte, agus stáiseanóireacht OÉ Gaillimh. Lean an Siopa de bheith san iomaíocht i gcoinne na siopaí móra is fearr, agus leanamar de bheith níos fearr ná iad freisin! Tá duaiseanna buaite ag ár siopa ina chatagóir féin, lena n-áirítear Gradam 5 Réalta ag ‘Gradaim Shiopa XL na Bliana’ as na caighdeáin is airde sa tionscal a bhaint amach agus a choinneáil. Sult Bliain eile lán imeachtaí a bhí in 2021/2022 ag an mbeár/mbialann/ ionad ceoil/ionad spórt beo/spás imeachtaí is fearr le gach duine ar an gcampas (agus an t-aon cheann atá ann) – sin in ainneoin a dheacra a bhí na srianta go léir a bhain leis an troid in COVID-19! D’óstáil Sult líon millteanach seónna beo, cóisirí ranga, ócáidí tiomsaithe airgid, beárbaiciúnna agus oícheanta píotsa agus bia dána, a luaithe a bhí an cead againn tar éis mhaolú na srianta. Táimid ag obair go dian lenár seirbhísí lónadóireachta agus fáilteachais a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear Bia Sráide/ Te, a mbíonn an-tóir air i gcónaí, agus laethanta téama a bhíonn ar siúl go rialta, amhail Luan Meicsiceach; Dinnéir ó do Mhamaí; Lá Indiach agus Lá Meiriceánach. Beidh tús á chur againn go luath le seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ le gur féidir tairbhe iomlán a bhaint as d’am sosa gach lá! Bhí an-tóir arís ar ár mBoscaí Bia taobh leis an mBia Te a chuirimid ar fáil, agus d’éirigh linn níos mó de na deochanna is fearr leat, margaí iontacha agus lascainí speisialta a chur ar fáil ná riamh roimhe! Tá an pacáistiú ar fad a úsáidimid le haghaidh bia agus tae/caife go hiomlán inmhúirínithe nó in-athúsáidte freisin! Bíonn ríméad orainn gach bliain raon ollmhór imeachtaí a chur ar siúl agus tacú leo, amhail na cinn atá liostaithe thíos! • • • • • • • •

110 x Cóisir Ranga 110 x Ócáid Cumann 90 x Cóisir Clubanna 120 x Cóisir foirne roinne agus iarchéime 20 x Imeacht Tiomsaithe Airgid ar son eagraíochtaí daonnúla agus carthanas 45 x Ócáid Chomhaltas na Mac Léinn 105 x Imeacht Beo Spóirt ar na scáileáin mhóra Craoltaí Beo don Náisiún!

Chomh maith leis na DJanna is ansa libh, bannaí ceoil, fuirseoirí, cáirióice agus oícheanta dána cabaret, craic ar an áit suí amuigh cois abhann is deise agus neart eile nach iad! Tá tús curtha againn le hoícheanta rialta anois a dteastaíonn ticéad lena n-aghaidh le roinnt de na grúpaí is mó le rá, lena n-áirítear Verve, Onabumble, D2AL, Groovy Tuesdays, Arriba Night agus a thuilleadh nach iad! Agus ná déan dearmad – cuirtear méaróga bia ar fáil in aisce do gach cumann, club agus cóisir ranga nuair a eagraítear imeacht dá chuid in Sult. Is muidne a íocfaidh as, mar táimid chomh hálainn sin! Chomh maith le tairiscintí speisialta rialta agus tabhartais in aisce, lean Sult de leite saor in aisce a thabhairt amach le gach cupán tae/ caife ar maidin lena chinntiú nach mbeadh mic léinn OÉ Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar an lá ar bholg folamh, go háirithe le linn na scrúduithe i míonna fuara an gheimhridh! Smokey’s Café Fós an áit is fearr chun do scíth a ligean, bualadh le cairde, obair thionscadail (agus d’oíche ar an drabhlás, b’fhéidir) a phleanáil, agus an caife is fearr ar an gcampas a ól ag an am céanna! Cuireann Smokey’s deochanna teo agus fuara den chéad scoth ar an mbord, lena n-áirítear caifí cóirthrádála Arabacha ónár n-innill úrnua barista. Cuirtear taenna, caoineoga, súnna, sailéid, ceapairí, rollaí, taosráin, sneaiceanna; roghanna milse agus roghanna sláintiúla ar fáil freisin. Cárta an Chomhaltais Tá mic léinn ag fáil luach níos fearr ar a gcuid airgid, lascainí agus rudaí saor in aisce le Cárta an Chomhaltais le 12 bhliain anuas. Níos fearr fós, tá an cárta saor in aisce. Tá sé seo ar fáil i ngach áit miondíola de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn agus is bealach é chun buíochas a ghabháil leis na mic léinn agus baill foirne a thugann tacaíocht dúinn ar feadh na bliana, gach bliain – gan sibh, ní bheimis ann! Sna haonaid go léir, coinnigh súil amach dár dtairiscintí rialta, cuid acu nach féidir leas a bhaint astu ach le Cárta an Chomhaltais – bíonn cuid acu ann an t-am ar fad agus ní bhíonn cuid eile ann ach seal. Is le Cárta an Chomhaltais a gheobhaidh tú an margadh is fearr i gcónaí agus cuirimid fáilte is fiche roimh mholtaí chomh maith! An Inbhuanaitheacht Téimid i ndlúthchomhar le Ethical Coffee Co., cuideachta anseo i nGaillimh, agus le Fairtrade Ireland lena chinntiú gur táirge cóirthrádála, órgánach, inmhúirínithe gach tae, caife, siúcra, blastán, cupán, clúdach agus meascthóir a úsáidtear i ngach aonad de chuid Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn! Caife Arabica ó Puro a fhástar faoi scáth atá inár gcaife go léir. Ar an gcaoi sin, tá sé ar an gcaife is fearr agus is eiticiúla atá ar fáil áit ar bith ar an gcampas nó gar dó. Táimid ag tabhairt lascaine do gach custaiméir a úsáideann a chupán (in-athúsáidte) féin le breis agus 13 bliana anuas.


Athinfheistiú ionatsa Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú chun na seirbhísí go léir a chuirimid ar fáil duitse a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Ní féidir le haon oibreoir eile ar an gcampas an méid sin a rá! Tugann Seirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn Teoranta (Sult, Smokey’s agus Siopa an Chomhaltais) €30,000 do Choiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann ár gcuideachta seirbhísí tráchtála breis agus €250,000 don ollscoil gach bliain d’fhonn a chinntiú go ndéanaimid ár gcion féin leis na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil a mhaoiniú. Tugann sí €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn, leis. SU LOCKERS

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

Déantar na ranníocaíochtaí thuasluaite is cuma cé acu a éiríonn leis an gcuideachta brabús a dhéanamh nó nach n-éiríonn, agus déantar iad chun tacú leis an obair luachmhar a bhíonn ar siúl ag na páirtithe faoi seach chun na mac léinn, na SUleas LOCKERS mball foirne agus cuairteoirí ar OÉ Gaillimh.

grinds

SU Fostaíocht Mic Léinn SU CLOAKROOM Is mic léinn iad níos mó ná 85% dár bhfoireann ar fud ár n-aonad oibríochta go léir – Sult, Smokey’s, agus Siopa an Chomhaltais. Ar an gcaoi sin, coinnítear ár REGISTER n-ioncam trádála ar an gcampas agus i do phócaí!

AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS

SU

SU LOCKERS/ Iarrachtaí Spóirt Mac Léinn agus ar na Urraíocht ar Imeachtaí / Tionscnaimh Life Skills hEalaíona I gcaitheamh na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ar siúl SU LOCKERS SU LOCKERS ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúlaSUnaLOCKERS hOllscoile. Bí ag faire amach mar go bhfuilimid ag súil le comhpháirtíochtaí spreagúla nua a fhógairt as seo go SU LOCKERS SU Students’ Union ceann bliana!

SU CLOAKROOM Taisceadáin BOOKSTORE REGISTER Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar in áiteanna éagsúla ar fud an SUcíos LOCKERS REGISTER champais. Chuireamar seirbhís bhreise taisceadán arREGISTER fáil i gcomhair na scrúduithe LOCKERS i mbliana d’fhonn an saol a dhéanamh níos éasca agSU na mic léinn a bhíonn ag SU LOCKERS SU comaitéireacht. SU SU Second Hand

grinds

Life Skills Life Skills Life Skills

SU CLOAKROOM

grinds Life Skills grinds REGISTER ENTS ENTSENTS

Cártaí Leap do Mhic Léinn SU LOCKERS SU Tá Comhaltas na Mac Léinn ina ghníomhaire don Chárta Leap do Mhic Léinn, rud is REGISTER SEOMRA CÓTAÍ SU CLOAKROOM CHOMHALTAIS féidir le mic léinn a úsáid le lascainí iontacha a fháil ar thaisteal. FéadannANmic léinn SU leas a bhaint as seirbhís bhreisithe sa Chomhaltas freisin chun creidmheas a chur SU Students’ Union REGISTER ar a gCártaí Leap agus chun tuilleadh airgid a shábháil. SEOMRA CÓTAÍ CLOAKROOM Students’ Union Students’ Union AN CHOMHALTAIS

Chomhaltas na Mac Léinn

TAISCE

AN CHOM

clár clár DIANCHEACHT DIANCHEACHTANNA TAISCEADÁIN

SEOMRA CÓTAÍAN CHOMHALTAIS

Siamsaíocht AN CHOMHALTAIS

CÓTAÍ SEOMRA CÓTAÍanSEOMRA Chomhaltais AN CHOMHALTAIS AN CHOMHALTAIS

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE an Chomhaltais

AN CHOMHAL AN CHOMHALTAIS

clár DIANCHEACHTANNA

TAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

Clár Scileanna Sao Chomhaltas na Mac Léinn Clár Scileanna Saoil Clár Scileanna Saoil

SEOMRA CÓTAÍ AN CHOMHALTAIS

AN CHOMHALTAIS clár DIANCHEACHTANNA

Chomhaltas naChomhaltas Mac Léinn na Mac Léinn

Clár Scileanna Saoil AN CHOMHALTAIS clár DIANCHEACHTANNA Siamsaíocht Chomhaltas na Mac Léinn

Siamsaíocht

Second Hand

Siamsaíocht

an Chomhaltais SU Second Hand Leabhair Athláimhe BOOKSTORE SIOPA LEABHAR an Chomhaltais Second Hand an Chomhaltais BOOKSTORE Clár Scileanna Saoil Bíonn leabhair athláimhe á ndíol le mic léinn ag an tseirbhís leabhar athláimhe ATHLÁIMHE SIOPA LEABH AN CHOMHALTAIS BOOKSTORE Chomhaltas na Mac Léinn an Chomhaltais ATHLÁIMH thar ceann na mac léinn. Cabhraíonn sé sin le costais na leabhar a choinneáil an Chomhaltais íseal, cuireann sé airgead breise ar fáil do mhic léinn, agus cuireann sé an Students’ Union Clár Scileanna Saoil Student inbhuanaitheacht chun cinn.

Life Skills

SU

Clár Scileanna SaoilTAISCEADÁIN AN CHOMHALTAIS

grindsgrinds grinds

ENTS

SU CLOAKROOM

SU SU SU CLOAKROOM

clár DIANCHEACHTANNA

SEOMRA CÓTAÍ

Life Skills

ENTS

Chomhaltas na Mac Léinn

Second Hand

BOOKSTORE

Siamsaíocht Independent an Chomhaltais News

Students’ Unionna Mac Léinn Seomra Cótaí Chomhaltas Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is Siamsaíocht Second agus Hand cuirtear an tseirbhís ar fáil saor mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, an Chomhaltais in aisce do mhic léinn i rith an téarma.BOOKSTORE Táthar ag súil go dtiocfaidh an tseirbhís seo Students’ Union ar ais i mí Mheán Fómhair 2022.

ENTS ENTS BOOKSTORE Second Hand

Siamsaíocht an Chomhaltais

Málaí an Chomhaltais do Lucht na Chéad Bhliana Bhí an Comhaltas ag tabhairt málaí gualainne in-athúsáidte amach do mhic léinn saor in aisce ó cheann ceann na bliana, ina raibh masc aghaidhe, cupán caife inathúsáidte, deoch bog, badhró, Cárta an Chomhaltais agus creidmheas €10 air, chomh maith le hIris Fáilte an Chomhaltais. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá san iris agus tá eolas inti ar Fhoireann an Chomhaltais, Seirbhísí an Chomhaltais, áiseanna ar an gcampas, agus Clubanna agus Cumainn. Ina theannta sin, leagadh de chúram ar an gComhaltas tástálacha antaigine saor in aisce agus maisc aghaidhe in-athúsáidte a thabhairt amach.

NUACHTÁN SAOR IN AISCE

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE an Chomhaltais

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE SU CARD an Chomhaltais

SIOPA LEABHAR ATHLÁIMHE

Cárta Chomhaltas na Mac Léinn

Check your account at www.su.nuigalway.ie

an Chomhaltais

SU Swipe Card.indd 1

11/08/2021 14:51


14

Cúrsaí Airgeadais an Chomhaltais SU Finance Ráiteas Ioncaim CML OÉ Gaillimh 30 Meitheamh 2021

Ráiteas Ioncaim an Chomhaltais, an 30 Meitheamh 2021 Maireann bliain airgeadais Chomhaltas na Mac Léinn ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh. Baineann na sonraí thíos leis an mbliain dar chríoch an 30 Meitheamh 2021, agus tugtar figiúirí ó Mheitheamh 2020 chomh maith le gur féidir iad a chur i gcomparáid. Bhí tionchar suntasach ag Covid 19 ar ghníomhaíochtaí Chomhaltas na Mac Léinn sa bhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2021. Cé gur fhan ár bpríomhshruthanna ioncaim, i.e. Tobhach na Mac Léinn agus an leithdháileadh ó Ranníocaíocht na Mac Léinn, mar a bhí sna blianta roimhe seo, tháinig laghdú ar chineálacha eile ioncaim nó tháinig deireadh leo. Ar na cinn ba mhó díobh sin bhí an leithdháileadh ón táille cheadúnais a íocann Sult leis an Ollscoil (€30,000), agus an ranníocaíocht ó SUCS Ltd (€36,000). Bhí laghdú gan choinne freisin ar an maoiniú a d’íoc an Ollscoil le haghaidh Chlár CÉIM, rud nár cuireadh in iúl go dtí an-déanach sa bhliain airgeadais. Tháinig an laghdú seo aniar aduaidh orainn de bharr go raibh an Ollscoil i dteagmháil linn roinnt uaireanta faoin méid maoinithe a bhféadfaimis a bheith ag súil leis, gan trácht ar na gealltanais a thug an Ollscoil in Athbhreithniú CINNTE go gcuirfí maoiniú leordhóthanach ar fáil do CÉIM. Féachann an Comhaltas lena acmhainní a úsáid ar mhaithe lena bhaill agus breathnaítear ar an gcaiteachas go léir ar an mbealach sin. Bhain 42% den chaiteachas le hIonadaíocht agus Seirbhísí, agus bhain 17% le Cúrsaí Oifige agus Riaracháin. Costais a bhain le baill foirne agus oifigigh a bhí i gceist leis an 41% eile, i.e. na daoine a bhíonn i mbun shaothar an Chomhaltais. Bhaineamar amach barrachas €4,758 ag deireadh na bliana seo caite. Agus d’éirigh linn an méid sin a bhaint amach in ainneoin ioncam laghdaithe agus caiteachas seasta. Tuigimid go rímhaith gur eagraíocht san earnáil phríobháideach muid agus go dteastaíonn clár comhardaithe láidir agus airgead ar láimh uainn chun muid a choinneáil seasmhach. Cuireadh na cuntais don bhliain dar críoch an 30 Meitheamh 2021 faoi bhráid Chomhairle Comhaltas na Mac Léinn (Comhairle an Chomhaltais) agus tá siad ar fáil don phobal ar ár láithreán gréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí airgeadas Chomhaltas na Mac Léinn, téigh chuig ár láithreán gréasáin www. su.nuigalway.ie. Maoiniú Chomhaltas na Mac Léinn Mar thoradh ar an Reifreann ar Thobhach na Mac Léinn i mí Aibreáin 2021 chun an tobhach a íocann gach mac léinn a laghdú, bheartaigh an Ollscoil maoiniú a bhaint de Chomhaltas na Mac Léinn faoi chomhair fiachas an ionaid spórt a laghdú, mar dhea. Níl aon dul siar ar an gcinneadh le maoiniú a bhaint den Chomhaltas agus ní dhéanfaidh sé ach míchlú a tharraingt ar an Ollscoil. Is é Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh an t-aon aontas mac léinn sa tír anois nach bhfaigheann leathphingin ó ranníocaíocht na mac léinn. Gheobhaidh sé maoiniú trí thobhach na mac léinn go fóill. Mar thoradh ar an reifreann laghdaíodh an méid a chaithfidh mic léinn a íoc ó €224 go €140 agus tháinig méadú ar an maoiniú do Chlubanna, Cumainn, Aonad Sláinte na Mac Léinn, Flirt FM agus Comhaltas na Mac Léinn. Tá méadú tuairim is €242,000 tagtha ar an leithdháileadh ón tobhach do Chomhaltas na Mac Léinn, i.e. €652,000 san iomlán.

30 Meitheamh 2021

30 Meitheamh 2020

Ioncam An Tobhach Mic Léinn Taisceadáin Leabhair Athláimhe - Ioncam Coimisiún ar Chártaí Leap Mic Léinn

€451,100.00

€449,542.00

€788.00

€20,462.00

€67.00

€784.00

€1,688.00

€18,000.00

Síntiús ó Sheirbhísí Tráchtála Chomhaltas na Mac Léinn

€0.00

€27,000.00

Síntiús i gComhair Tháille Cheadúnais Sult

€0.00

€30,000.00

Leithdháileadh Ollscoile ó Mhuirear na Mac Léinn

€80,396.00

€80,396.00

Maoiniú CÉIM

€130,979.00

€148,767.50

Ioncam Iomlán

€665,018.00

€774,951.50

€257,262.78

€247,126.60

Caiteachas Costais Oifigeach agus Foirne Iomlán na gCostas Oifigeach agus Foirne Speansais Oifigeach agus Foirne Oiliúint, Forbairt agus Leas Iomlán na gCostas Foirne agus Oifigeach

€515.38

€8,173.00

€12,419.33

€16,938.00

€270,197.49

€272,237.60

Oifig agus Riarachán Síntiúis agus Táillí Ballraíochta Teileafón Fuaraitheoir Uisce

€450.00

€900.00

€5,763.00

€9,664.26

€0.00

€401.44

€12,856.00

€6,958.03

Clódóireacht, Postas agus Stáiseanóireacht

€3,960.33

€7,646.97

Promóisin

€4,345.18

€6,365.96

€32,524.00

€32,632.00

Táillí Cuntasaíochta agus Iniúchóireachta

€5,029.67

€4,214.00

Táillí Bainc

€1,038.00

€3,025.00

€993.02

€4,237.84

Láithreán Gréasáin agus TF

Tobhach Sheirbhísí na Mac Léinn

Speansais Feachtas Tiomsaithe Airgid Árachas

€6,057.10

€6,094.00

Táillí Dlí

€22,380.00

€11,070.00

Dímheas

€4,819.00

€5,696.00

€100,215.30

€98,905.50

AMLÉ

€83,779.00

€85,426.00

Feachtais

€21,647.00

€6,515.41

Comhairle an Chomhaltais

€19,259.64

€18,221.00

Costais Toghchán agus Reifrinn

€10,453.30

€9,428.41

Iomlán na gCostas Oifige agus Riaracháin

Ionadaíocht agus Seirbhísí

Costais Siamsaíochta Iomlán an Chaiteachais ar CÉIM Costais Scileanna Saoil Iomlán na gCostas Ionadaíochta agus Seirbhísí

Costais Covid 19 Caiteachas Iomlán Barrachas

€0.00

€3,770.00

€142,640.51

€149,779.49

€2,002.60

€4,450.00

€279,782.05

€277,590.31

€10,064.55 €660,259.39

€648,733.41

€4,758.61

€126,218.09


15

Coiste Feidhmiúcháin 2022/2023 Incoming Executive 2022/2023

Leas-Uachtarán / An Ghaeilge

Leas-Uachtarán / Oideachas

An tUachtarán

Barry Ó Siochrú

Joe Mee

Sai Gujulla

Tionólaí Choláiste na nDán,na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Oifigeach na nIarchéimithe i mbun Taighde

Oifigeach na nIarchéimithe Teagasctha

Cathaoirleach na gCumann

Captaen na gClubanna

Raimey O’Boyle

Vickie Popoola

Tahsin Kamal

Oifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta

Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta

An tOifigeach um Chearta Inscne agus LADT+

Oifigeach um Chearta Míchumais

Tom Forde

Greta Westerwald MPA

Malena Thren

Holly Leech

Julia Egan

Leas-Uachtarán / Leas agus Comhionannas

Imogen O’Flaherty Falconer

Rain Puiman Yan

Connor Boyle Ferry

Jack Reidy

Michaela Margaret Joyce

Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta

Oifigeach na Mionlach Eitneach

Irish Language Officer

Benjamin George

Anne Marie Ward

Seánie Ó Gáibhín


Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh www.su.nuigalway.ie @nuigsu


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.