Tuarascáil Bhliantúil Chomhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh

Page 1

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL CHOMHALTAS NA MAC LÉINN, OÉ GAILLIMH 2015 | 2016

NUI GALWAY STUDENTS’ UNION ANNUAL REPORT 2015 | 2016

BUAICPHOINTÍ - HIGHLIGHTS F E A C H TA I S - C A M P A I G N S SÚIL SIAR - REVIEW


Arna dhearadh ag www.bold.ie Snasta a chuir i nGaeilge www.su.nuigalway.ie studentsunion@nuigalway.ie


1

8

FOCAL ÓN UACHTARÁN PRESIDENT’S FOREWORD

3

COISTE FEIDHMIÚCHÁIN 2015/16 EXECUTIVE COMMITTEE 2015/16

4

SU COUNCIL COMHAIRLE AN CHOMHALTAIS

5

NUACHTÁN SIN SIN NEWSPAPER

6

TOGHCHÁIN ELECTIONS

7

EXPLORE

CLÁR NA nÁBHAR

2

RÁITEAS MISIN/BUAICPHOINTÍ MISSION STATEMENT/HIGHLIGHTS

C ÉIM

9

SCILEANNA SAOIL LIFE SKILLS

10

TIOMSÚ AIRGID FUNDRAISING

11

SIAMSAÍOCHT AGUS IMEACHTAÍ ENTERTAINMENT & EVENTS

12

FEACHTAIS CAMPAIGNS

13

SEIRBHÍSÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN STUDENTS’ UNION SERVICES

14

COISTE FEIDHMIÚCHÁIN 2016/17 INCOMING EXECUTIVE 2016/17

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6


Phelim T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6


Bliain athbheochana agus athnuachana a bhí ann ar an mórchóir. Is iomaí dúshlán a bhí os ár gcomhair anseo i gComhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, agus tá áthas orm a rá gur thug muid aghaidh orthu sin ar fad le misneach agus le fuinneamh. Ghlac muid páirt ghníomhach sa díospóireacht maidir le cúrsaí maoiniúcháin in earnáil an ardoideachais. Leanfaimid orainn ag tógáil ar an rannpháirtíocht pholaitiúil atá cothaithe ag Comhaltas na Mac Léinn i mbliana agus san fheachtas faoin gcomhionannas pósta tráth an reifrinn anuraidh. I mbliana, ba é Comhaltas na Mac Léinn a chláraigh an líon mac léinn is mó chun vóta a chaitheamh in olltoghchán 2016. Reáchtáladh ócáid toghchánaíochta do na hiarrthóirí ar fad i nGaillimh Thiar, agus ghlac na mic léinn páirt ghníomhach ann agus chuir ceisteanna ar na hiarrthóirí faoina ndearcadh féin agus faoi dhearcadh a bpáirtithe maidir le cúrsaí oideachais, meabhairshláinte, táillí ollscoile srl. Tá an díospóireacht maidir le luach agus cuspóir an ardoideachais sa tír s’againne ag dul ar aghaidh go bríomhar. Agus an feachtas náisiúnta Education Is agus #MakeASmartVote faoi lánseol faoi choimirce Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus muid inár mbaill bhródúla den Aontas, chuir muid go cuiditheach leis an bplé sin. Sna míonna agus sna blianta amach romhainn, sa mhéid is a bhaineann sé linne, ní mór luach an oideachais a choinneáil chun tosaigh sa díospóireacht faoin oideachas tríú leibhéal. Tá an caidreamh idir Comhaltas na Mac Léinn agus an Ollscoil faoi bhrú le déanaí ach ar an dea-uair, a bhuí le roinnt tionscnamh comhpháirteach agus réitigh ar cheisteanna a bhí ina gcnámh spairne, tá ar ár gcumas anois gluaiseacht ar aghaidh i dtimpeallacht i bhfad níos suaimhní, rud a rachaidh chun tairbhe ár mball ar fad. Seoladh Rogha na Mac Léinn i mbliana ar dámhachtain é a bhronntar de bharr shármhaitheas an teagaisc. Tá tiomantas ollmhór léirithe dá cuid teagaisc ag Doris Devilly (roinn na Gearmáinise) agus is iomaí mac léinn atá spreagtha aici.

Tá CÉIM agus EXPLORE, tionscnaimh dár gcuid, ag dul ó neart go neart i gcónaí agus muid an-bhródúil astu agus cúis mhaith againn leis. Tá buíochas ar leith ag dul do Amber agus Orla san oifig againn as an obair ar fad a dhéanann siad ar son na dtionscnamh sin chun a bhforbairt agus a rath leanúnach a chinntiú. Tá muid an-bhuíoch freisin as an gcúnamh a thug an Ollscoil maidir leis na tionscnaimh sin a chur chun tosaigh. Bhí teagmháil an-dearfach againn leis an bpobal áitiúil agus leis na príomhpháirtithe leasmhara i nGaillimh i mbliana. Is léir gur tháinig torthaí an-dearfach as bheith ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ionadaithe áitiúla. Le cabhair ó dhuine de na Comhairleoirí Cathrach, d’éirigh linn sa stocaireacht a rinne muid go ndéanfaí iniúchadh sábháilteachta fíorthábhachtach ar uiscebhealaí na cathrach tar éis do roinnt daoine bás a fháil de bharr a mbáite. Tá muid ag saothrú anois chun cabhrú le feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta uisce agus chun feasacht ar an bhfadhb sin a mhúscailt thart timpeall na Gaillimhe. Tá tábhacht leis sin dár mic léinn ar fad ach, anuas air sin, do phobal na cathrach agus do na cuairteoirí ar fad a thagann chuici. Ina theannta sin, tá muid ag íoc as fearas an-tábhachtach a bheidh in úsáid ag na seirbhísí éigeandála agus iad i mbun cuardaigh agus tarrthála.

1

FOCAL ÓN UACHTARÁN PRESIDENTS FOREWORD

Tá mo thréimhse le Comhaltas na Mac Léinn ag druidim chun deiridh anois tar dom 4 bliana a chaitheamh ann. Beidh bród orm i gcónaí agus mé ag breathnú siar ar an gcomhaltas, agus beidh mé buíoch as gach ar fhoghlaim mé ann. Ní raibh sé éasca ag amanna áirithe, ach bhí sé de mhisneach agam aghaidh a thabhairt go díreach ar na dúshláin sin mar thuig mé go raibh na mic léinn liom. Cuirim an tuarascáil bhliantúil seo faoi bhur gcúram agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na leas-uachtaráin agus leis an gcoiste feidhmiúcháin as an obair ar fad a dhéanann siad chun go mbeidh OÉ Gaillimh níos fearr do na mic léinn. Ba mhaith liom an deis a thapú freisin buíochas a ghlacadh le Chris, Joanna, Lorna, Amber agus Orla, foireann Chomhaltas na Mac Léinn, as an gcomhairle agus an tacaíocht den chéad scoth uathu san iliomad dúshlán agus tionscnamh ar thug muid aghaidh orthu le blianta beaga anuas. Tá mo thréimhse leis an gComhaltas beagnach thart, ach tá a fhios agam go mbeidh rath ar an gComhaltas i gcónaí. Tá mé ag súil le torthaí shaothar an Chomhaltais a fheiceáil an bhliain seo chugainn agus ar feadh na mblianta fada amach romhainn.

Le dea-bheannachtaí,

Phelim Kelly Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, 2015/16

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

1


2

RÁITEAS MISIN/BUAICPHOINTÍ MISSION STATEMENT/ HIGHLIGHTS

Mission Statement | Ráiteas Misin Cuireadh Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh ar bun i dtosach in 1911 mar Chomhairle Ionadaíoch na Mac Léinn. Níor mhair an chomhairle sin i bhfad, ach moladh go gcuirfí an comhlacht ar bun in athuair in 1913. Bhí bonn maith faoin gcomhairle faoi lár na 1920idí agus rinneadh Comhaltas na Mac Léinn san ollscoil den chomhairle go foirmiúil sna 1960idí. Thugtaí Comhairle Teachta na Mac Léinn air an tráth sin. Bunaíodh an Comhaltas in 1964, agus is é is aidhm leis de réir a Bhunreachta “ionadaíocht a dhéanamh dá bhaill, agus cearta a bhall a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí”. “Ní neart go cur le chéile”

I ndiaidh iarrachtaí leanúnacha stocaireachta, nochtadh cáinaisnéis a bhí fabhrach do mhic léinn den chuid ba mhó. Tar éis idirbheartaíocht chasta le lucht bainistíochta na hOllscoile, rialaíonn Comhaltas na Mac Léinn a n-oibríochtaí tráchtála go fóill, agus tá muid ar cheann den líon beag comhaltas sa tír ar an gcaoi sin. Rinne an Comhaltas stocaireacht rathúil ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun go ndéanfaí iniúchadh sábháilteachta ar uiscebhealaí na cathrach tar éis do roinnt daoine bás a fháil de bharr a mbáite. Ba chéim straitéiseach thábhachtach é sin ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta sa chathair, do na mic léinn dár gcuid ach go háirithe, agus cuimsítear anois é mar chuid den chomhoibriú idir go leor eagraíochtaí agus an Chomhairle chun dul i ngleic leis an tsábháilteacht uisce i nGaillimh. Tar éis gur tháinig eolas tromchúiseach chun solais maidir leis an gcomhionannas inscne san Ollscoil, tá an tUachtarán agus an LeasUachtarán ag leanúint orthu chun ceisteanna diana a chur ar an Ollscoil ina leith sin ag cruinnithe éagsúla d’Údarás na hOllscoile. Tar éis gur glacadh an cinneadh Tascfhórsa ar an gComhionannas Inscne a chur ar bun, agus gan é bheith i gceist mac léinn a bheith ar an tascfhórsa, thug an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán ar an gComhaltas le fios don Bhord Rialaithe nach dtacódh an Comhaltas leis an Tascfhórsa mura mbeadh mac léinn páirteach. Cuireadh mac léinn ar an Tascfhórsa ina dhiaidh sin. Bhí imní ar go leor mic léinn nuair a cuireadh beartas nua i bhfeidhm maidir le háiteanna a chur ar athlá. Rinne Comhaltas na Mac Léinn stocaireacht go ndéanfaí an beartas a mhaolú, agus thoiligh an Ollscoil é sin a dhéanamh. Cuireadh breis is 2,000 mac léinn in OÉG leis an gClár Toghthóirí chun vóta a chaitheamh in Olltoghchán 2016, an líon is mó i measc na nInstitiúidí/na gComhaltas ar fad sa tír.

Bronnadh an dámhachtain don Toscaireacht Mhór is Fearr ar Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ag Comhdháil Bhliantúil AMLÉ i gContae an Chláir as an méid a chuir muid leis an imeacht. Bhí Phelim Kelly, an t-uachtarán, ar an ngearrliosta don Dámhachtain don Duine Óg is Fearr de chuid bhrainse na Gaillimhe de Junior Chamber International as an obair a rinne sé tráth an Reifrinn faoin gComhionannas Pósta agus an Olltoghcháin. Tá Comhaltas na Mac Léinn i mbun feachtas gníomhach i gcónaí ar son rochtain shábháilte, dhleathach agus shaor in aisce ar an nginmhilleadh in Éirinn agus chun an 8ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm. Vótáil Comhaltas na Mac Léinn i reifreann chun an córas soláthair dhírigh a cháineadh toisc gur córas cruálach atá ann ina séantar cearta bunúsacha ar an lucht iarrtha tearmainn. Éilíonn an Comhaltas go gcuirfí deireadh leis an gcóras sin agus go gcuirfí i bhfeidhm córas ina léireofaí meas ar chearta daonna an lucht iarrtha tearmainn. De réir polasaithe lena dtacaíonn an tIonad um Chearta Imirceach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a bhfuil baint acu leis an gceist Áirítear iad seo a leanas i measc na ngigeanna i rith na bliana: Al Porter, David O’Doherty, The Dirty Circus, Kevin McGahern, Fred Cooke, agus Michael McCoy, hiopnóisí grinn. Bronnadh dhá dhámhachtain ar Chomhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh ag ócáid Dámhachtainí do Shárobair Mac Léinn in Éirinn – bronnadh Dámhachtain an Phobail don tSárobair ar EXPLORE, agus bronnadh Gníomhaíocht na Bliana do Rannpháirtíocht Mac Léinn ar CÉIM.

Vótáil mic léinn OÉ Gaillimh i reifreann go dtacóidh Comhaltas na Mac Léinn go gníomhach anois le díchoiriúlú drugaí le haghaidh úsáid phearsanta.

Bhí Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ar an toscaireacht a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ag an Imeacht Eorpach don Óige in Strasbourg i mí na Bealtaine. Cruinniú dhá lá atá ann ina dtagann 7,000 duine óg le chéile chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna móra a bhaineann leis an óige. Déanfaidh toscaireacht na Gaillimhe ionadaíocht ar son iarracht na Gaillimhe bheith ar Phríomhchathair Eorpach na hÓige in 2019 agus bheith ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

Bhí Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ina óstach ar sheisiún náisiúnta Oiliúna Pince atá ar an imeacht oiliúna LADT (lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach) is mó san Eoraip. D’fhoghlaim breis is 350 mac léinn ar fud na tíre faoi na saincheisteanna is mó agus chruthaigh siad gréasán tacaíochta do mhic léinn LADT.

Ag obair i gcomhar le Gigsoc (an cumann LADT in OÉ Gaillimh), reáchtáil muid an

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

Chuaigh Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh i gcomhar le AMLÉ agus le SIPTU i bhfeachtas maidir le cearta oibrithe chun béim a leagan ar na saincheisteanna is mó i measc an lucht saothair agus chun eolas a thabhairt do mhic léinn ar a gcearta san fhostaíocht pháirtaimseartha agus amach anseo. Aidhm eile a bhí leis an bhfeachtas sin ab ea pá maireachtála a dhéanamh den phá íosta in Éirinn, agus tá an feachtas ar siúl i gcónaí.

Bailíodh €22,500 do Chumann Ailse na hÉireann agus don Ionad Éigeandála um Éigniú i nGaillimh, an dá charthanais a dtacaíonn an Comhaltas leo, trí imeachtaí amhail Dreapadh Chruach Phádraig, tráth na gceist, ócáid lá Nollag, cuairt ar fheirm pheataí agus díolachán cácaí.

Toghadh 416 ionadaí ranga (an líon is mó le 3 bliana anuas).

2

chéad seachtain feasachta maidir le lucht trasinscneach, agus bhí muid ar an gcéad institiúid sa tír (agus b’fhéidir roimh institiúidí sa Ríocht Aontaithe freisin) chun bratach thrasinscne a chrochadh.

D’éirigh le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, na céimeanna deiridh a bhaint amach sna Dámhachtainí Margaíochta Digití i nGaillimh i roinn na meán sóisialta agus rogha an phobail.


RÁITEAS MISIN/BUAICPHOINTÍ MISSION STATEMENT/ HIGHLIGHTS

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

3


3

COISTE FEIDHMIÚCHÁIN 2015/16 EXECUTIVE COMMITTEE 2015/16

Vice President/Education Officer Leas Uachtarán/Oifigeach Oideachais

President : Uachtarán

su.education@nuigalway.ie

su.president@nuigalway.ie

Vice President/Welfare Officer Leas Uachtarán/Oifigeach Leasa

Rebecca Melvin Phelim Kelly Jimmy McGovern

Oifigeach na Gaeilge

Laoighseach NI Choistealbha su.gaeilge@nuigalway.ie

Societies Chairperson Cathaoirleach na gCumann

Patrick O' Flaherty su.socs@nuigalway.ie

Equality Officer Oifigeach Comhionnais

Catherine Ryan

su.equality@nuigalway.ie

Clubs’ Captain Captaen na gClubanna

Eoin Mangan su.clubs@nuigalway.ie

Convenor of the College of Medicine, Nursing & Health Sciences Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte

Convenor of the College of Science Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

Tara Ward

4

su.science@nuigalway.ie

Aoife Bell

su.medicine@nuigalway.ie

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

su.welfare@nuigalway.ie

Mature Students’ Officer Oifigeach Mic Léinn Lánfhásta

Postgraduate Officer An tOifigeach Iarchéime

su.Mature@nuigalway.ie

su.postgrad@nuigalway.ie

Robert Forde Cian Moran

Students’ Union Council Chairperson Cathaoirleach na Comhairle do Chomhaltas na Mac Léinn

Cathal Sherlock su.council@nuigalway.ie

Convenor of the College of Business, Public Policy & Law Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bhearais Phoiblí agus an Dlí

Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh

Jasmine Shaw su.arts@nuigalway.ie

Convenor of the College of Engineering & Informatics Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta

Niall Gaffney David Newell su.business@nuigalway.ie

su.engineering@nuigalway.ie


Bhí Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn an-ghnóthach i rith na bliana arís eile agus toghadh líon ollmhór de 416 Ionadaí Ranga chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhic léinn na gcúig scoil san Ollscoil. Tá ról tábhachtach ag Comhairle Chomhaltas na Mac Léinn chun obair an Chomhaltais a athbhreithniú agus a stiúradh. Bhí deis ag na hIonadaithe Ranga labhairt faoi shaincheisteanna a théann i gcion ar a rang féin sna 33 chruinniú den Chomhaltas a reáchtáladh i rith na bliana. Cuireadh dian-oiliúint scileanna ar gach Ionadaí Ranga ag tús na bliana, agus ina theannta sin fuair siad húdaí an Ionadaí Ranga a bhfuil an-éileamh air! Fuair na hIonadaithe Ranga taithí den chéad scoth i rith na bliana, rud a chuirfidh go mór lena CV. Chuir siad lena ngréasán féin freisin trí bheith ag obair i ndlúthchomhar le mic léinn eile agus le foireann na hOllscoile. D’oibrigh Cathaoirleach na Comhairle, Cathal Sherlock, go dlúth le LeasUachtarán/Oifigeach Oideachais an Chomhaltais, Rebecca Melvin, lena

chinntiú gur fheidhmigh an córas gan stró i rith na bliana. Bhí gach duine de Thionólaithe na gcúig choláiste ina chathaoirleach ar Chomhairle na nIonadaithe Ranga dá gcoláiste féin, agus rinne siad cinnte go raibh Ionadaí Ranga ag gach aon rang. Tionólaithe Coláiste an Chomhaltais, 2015/16 Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh Jasmine Shaw Tionólaí Choláiste na hEolaíochta Tara Ward Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte Aoife Bell Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice David Newell/ Tim Murphy Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí Niall Gaffney

4

COMHAIRLE AN CHOMHALTAIS SU COUNCIL

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

5


5 NUACHTÁN SIN SIN NEWSPAPER

6

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

Tá Sin ar an t-aon nuachtán amháin do mhic léinn i nGaillimh. Foilsítear 12 eagrán – ceann sa choicís – i rith na bliana acadúla, agus 6,000 cóip a fhoilsítear. Tá Sin dírithe ar mhic léinn agus ar an gcampas, agus déantar ceiliúradh ann ar an méid atá bainte amach ag mic léinn, lucht aclaíochta, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus foireann OÉ Gaillimh. Foireann 2015/2016: Príomheagarthóir: Jessica Thompson Nuacht: Niamh Cullen Gnéithe: Jenna Hodgins Stíl Mhaireachtála: Sorcha O’Connor Siamsaíocht: Neil Slevin Spórt: Aonghus Ó Maicín Foilsíodh eagráin speisialta le linn na bliana freisin, lena n-áirítear eagrán Oíche Shamhna, eagrán na Nollag, eagrán Lá Fhéile Vailintín, agus eagrán amháin ina raibh forlíonadh toghcháin roimh Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn. Bhí a dhearadh uathúil féin ar gach ceann de na heagráin sin mar aon le grafaicí agus íomhánna a bhí ag teacht le chéile, a bhuí leis an dearthóir, Shannon Reeves.

Buaicphointí 2015/2016: Líon níos mó arís oibrithe deonacha, agus breis is 60 iriseoir uaillmhianach nua ag teacht chun oibre linn i Meán Fómhair. Rannpháirtíocht níos mó ag cruinnithe Sin. Cuireadh eolas agus comhairle ó mhic léinn OÉ Gaillimh a bhfuil seantaithí acu i dtreoirleabhar do lucht na chéad bhliana, agus foilsíodh an treoirleabhar sin in eagrán a haon. Foilsíodh eagrán speisialta do Thoghcháin Chomhaltas na Mac Léinn mar fhorlíonadh in eagrán 10. Cuimsíodh ann agallaimh le hiarrthóirí sa toghchán, mar aon le hailt inar tugadh an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le vótáil. Is iomaí scéal dochreidte a cuimsíodh freisin: feachtas Be Brave, Be You, de chuid GiGSoc; #RockTheRegister inar sháraigh AMLÉ an sprioc a bhí acu 10,000 mac léinn cláraithe le vótáil; feachtas #MakeASmartVote de chuid AMLÉ; an tOlltoghchán; Comhdháil AMLÉ; agus go leor eile. Foilsítear Sin i bpáirt le Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ach tá sé neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de.


Bhí an campas i ngreim ag na toghcháin ar feadh coicíse i mí an Mhárta mar is gnáth tráth na dtoghchán. Bhí ainmneacha seacht mac léinn is tríocha ar an bpáipéar ballóide agus iad ag iarraidh go dtoghfaí iad ar Fheidhmeannas Chomhaltacht na Mac Léinn 2016-2017. Bhí ar chumas na mac léinn a vóta a chaitheamh i dtrí cinn de stáisiúin vótála mar aon le rogha vótála ar líne. Ba é Colm Jordan a rinne maoirseacht ar na toghcháin, agus chinntigh sé gur cloíodh go docht daingean leis an nós imeachta agus leis an rialacháin. In ainneoin líon mór iarrthóirí agus dhá reifreann, b’ábhar díomá a laghad duine a chaith vóta. Tá athbhreithniú ar na rialacháin beartaithe don bhliain seo chugainn chun dul i ngleic leis an líon íseal vótaí. Is iad seo a leanas na hiarrthóirí ar éirigh leo sna cúig thoghchán déag: Post

Ainm

Uachtarán

Jimmy McGovern

Leas-Uachtarán/ an tOifigeach Oideachais

Cathal Sherlock

Leas-Uachtarán/ an tOifigeach Leasa

Daniel Khan

Oifigeach na Gaeilge

Clíodhna Nic Giolla Chomháill

An tOifigeach Comhionannais

Megan Reilly

An tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta

Damian Duddy

An tOifigeach Iarchéime

Cillian Moran

Cathaoirleach na gCumann

Patrick O’Flaherty

Captaen na gClubanna

Caitlín Jansen

Cathaoirleach Chomhairle Chomhaltas na Mac Léinn

Aaron Reeves

Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

Ciarán Mac Choncarraige

Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

Christopher Mc Brearty

Tionólaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Lorcán Ó Maoileannaigh

Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Diarmuid Ó Curraoin

Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice

Tim Murphy

6 TOGHCHÁIN ELECTIONS

Ba iad seo a leanas an líon iomlán vótaí a chaitheadh: Toghcháin d’oifigigh lánaimseartha 2,549 Toghcháin d’oifigigh pháirtaimseartha 1,167

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

7


7 E XPLORE

8

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

An nuálaíocht a éascú ar an gcampas Samhail dhinimiciúil is ea EXPLORE chun an nuálaíocht a chumasú agus chun tacú leis an rannpháirtíocht ar an gcampas. Seoladh é in 2012 mar chomhpháirtíocht ar leith idir Comhaltas na Mac Léinn agus an Ollscoil, tá EXPLORE ar an gcéad tionscnamh nuálaíochta in Éirinn idir mic léinn agus an fhoireann. Cuireann sé síolchistiúchán agus creat tacaíochta ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann chun comhoibriú mar chomhpháirtithe ar comhchéim agus smaoineamh nuálach úr a chur i gcrích le linn na bliana acadúla. Go dtí seo, tá breis is 600 mac léinn agus ball foirne tar éis 100 smaoineamh úr a fhíorú anseo san ollscoil agus, ina theannta sin, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Taobh istigh de cheithre bliana, tá sé cruthaithe ag EXPLORE gur féidir leis an t-ordlathas traidisiúnta san ardoideachas a bhriseadh síos agus deiseanna praiticiúla nuálaíochta a chur ar fáil. Sracfhéachaint ar 2015/16: Chomhoibrigh thart ar 110 mac léinn agus ball foirne ar 22 thionscadal Bhí gach ceann de na cúig choláiste de chuid OÉ Gaillimh páirteach in EXPLORE, mar aon le baill foirne acadúla agus tacaíochta/ riaracháin Bhí mic léinn fochéime páirteach in 65% de na tograí, agus bhí mic léinn iarchéime páirteach in 45% de na tograí. Mic léinn fochéime agus iarchéime ag obair as lámha a chéile a bhí i gceist in 10% de na tograí Reáchtáladh trí sheisiún oiliúna, a ndearna rannpháirtithe freastal maith orthu, le linn na bliana Fuarthas cistiúchán do EXPLORE ó Fhondúireacht Ollscoil na Gaillimhe agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe Bronnadh Dámhachtain an Phobail don tSárobair ar EXPLORE ag ócáid Dámhachtainí do Shárobair Mac Léinn in Éirinn, 2016.


Tacú le heispéireas na chéad bhliana Scéim tacaíochta piaraí acadúla is ea CÉIM a chuir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ar bun. Cuireadh an scéim i bhfeidhm ar bhonn píolótach i gcomhar leis an gColáiste Innealtóireachta agus Faisnéisíochta i Meán Fómhair 2013 agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar an aistriú i measc mic léinn, ar an rath agus ar an líon mac léinn céad bhliana a fhanann san ollscoil. Cuireadh an clár i bhfeidhm ar bhonn píolótach do mhic léinn ar an BA sa dlí i Meán Fómhair 2015, agus cuirfear i bhfeidhm é níos mó i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in 2016/17. Tá CÉIM bunaithe ar shamhail na Seisiún Staidéir Piarchuidithe (PASS) nó na Foghlama Piarchuidithe (PAL) atá in úsáid i mbreis is 30 tír agus a bhfuil fianaise mhaith le fáil orthu. Cabhraíonn ceannairí ar mic léinn sna blianta sinsearacha iad le seisiúin staidéir rialta (gach seachtain nó gach coicís) do ghrúpaí beaga de mhic léinn na chéad bhliana. Ar an ábhar sin, cruthaítear pobail foghlama faoi stiúir piaraí ina mbíonn sé éasca ceisteanna a chur. Tacaíonn CÉIM le mic léinn na nithe seo a leanas a dhéanamh: - Aistriú chuig an ollscoil go rathúil - Gréasáin shóisialta a fhorbairt - Bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha - Scileanna inaistrithe a chleachtadh - Rath acadúil a bhaint amach - A gcuid staidéir a chur i gcrích

Líonta CÉIM ó 2013 i leith: Tairgeadh piarfhoghlaim CÉIM do 980 mac léinn céad bhliana san Innealtóireacht agus ar an BA sa Dlí Cuireadh 604 uair an chloig de phiarfhoghlaim ar fáil Cuireadh dian-oiliúint cheannaireachta ar 89 gceannaire sa dara agus sa tríú bliain Tá 4,800 uair an chloig curtha ar fáil ar bhonn deonach ag ceannairí CÉIM Tá an clár curtha i gcrích ag 99% de cheannairí Innealtóireachta Tháinig méadú faoi dhó, beagnach, ar an líon mac léinn ag freastal ar CÉIM idir Seimeastar I 2013/14 agus Seimeastar 2014/15 go dtí díreach faoi bhun 40%. Tháinig laghdú ar an gcéatadán de mhic léinn céad bhliana a dúirt nár fhreastail siad riamh ar CÉIM i Seimeastar I ó 30% in 2013/14 go dtí 6% in 2014/15. D’éirigh le mic léinn a d’fhreastail go rialta ar CÉIM in 2013/14 torthaí deireadh bliana a bhaint amach a bhí 7% ní b’airde ar an iomlán ná na mic léinn nár fhreastail ar CÉIM go rialta nó ar chor ar bith. Tháinig méadú ar an bhfigiúr sin go 9% in 2014/15. Thug 80% de mhic léinn na chéad bhliana le fios gur chabhraigh CÉIM leo socrú isteach san ollscoil agus cairde a dhéanamh i Seimeastar 2 2014/15.

8 CÉIM

‘Is féidir leat ceist ar bith atá agat a chur, fiú má cheapann tú gur ceist amaideach í, agus ní thugann duine ar bith breith ort.’ Mac léinn ón gcéad bhliain, 2015/16 ‘Theastaigh uaim deis a fháil mo scileanna ceannaireachta agus eagrúcháin a fhorbairt. Bhí CÉIM chomh maith lena raibh mé ag súil. Mothaím i bhfad níos muiníní anois.’ Ceannaire CÉIM 2015/16 “Gníomhaíocht is ea an phiarfhoghlaim nach mbaineann le Comhaltais Mac Léinn go traidisiúnta. Tá ríméad an domhain orainn bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse seo in Éirinn. Léiríonn CÉIM go bhfuil go leor buntáistí ag baint le comhpháirtíocht idir comhaltais mac léinn, baill foirne ollscoile, agus mic léinn níos sine chun tacú le mic léinn na chéad bhliana agus iad ag aistriú chuig an ollscoil.” Phelim Kelly, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh Bronnadh Gníomhaíocht na Bliana do Rannpháirtíocht Mac Léinn ar CÉIM ag ócáid Dámhachtainí do Shárobair Mac Léinn in Éirinn, 2016.

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

9


9 SCILEANNA SAOIL LIFE SKILLS

Faoin gClár Scileanna Saoil, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn cúrsaí i rith na bliana chun deis a thabhairt do mhic léinn feabhas a chur ar a scileanna saoil amach óna staidéar acadúil agus feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht freisin. Tá an clár ag dul ó neart go neart i gcónaí, agus chríochnaigh beagnach 500 mac léinn 12 chúrsa éagsúla. Cuireadh Oiliúint i gCosaint Leanaí ar fáil i gcomhar le hoifig oibre deonaí ALIVE. Reáchtáladh cúrsa Gaeilge saor in aisce a mhair 20 seachtain i mbliana freisin, agus bhí an-tóir air i measc mic léinn ar theastaigh uathu Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar an nGaeilge a bhí acu cheana. D’oibrigh an Comhaltas i gcomhar le hInstitiúid Oiliúna na Seirbhísí Éigeandála chun breis cúrsaí ar gharchabhair ag an obair, láimhsiú sábháilte, agus an chéad fhreagróir cairdiach a thabhairt chun na hollscoile. Sna ranganna sin, fuair na mic léinn scileanna ríthábhachtacha tarrthála a chuirfidh ar a gcumas déileáil le cásanna éigeandála. Reáchtáil foireann agus soláthraithe Bheár an Choláiste dhá chúrsa Scileanna Beáir a raibh an-tóir orthu chun go bhfaigheadh mic léinn na scileanna a bheadh de dhíth orthu i dteach tábhairne gnóthach agus cabhrú leo post a fháil. I seimeastar a haon agus seimeastar a dó, reáchtáladh cúrsaí Oiliúna i Scileanna Feidhmeacha Idirghabhála i dtaca le Féinmharú (ASIST) arís ar an gcampas i gcomhar le FSS ionas go mbeadh mic léinn in ann na comharthaí contúirte a aithint ar dhuine atá i mbaol lámh a chur ina bhás féin. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le The Coffee Company chun cúrsaí oiliúna barista a reáchtáil i seimeastar a haon agus i seimeastar a dó. Bronnadh an t-airgead a rinneadh ar an gcúrsa ar charthanais ainmnithe an Chomhaltais don bhliain. Reáchtáil Foireann Slándála Bheár an Choláiste rang féinchosanta do mhic léinn arís i mbliana, agus bhí an-tóir air arís. Reáchtáladh sraith cúrsaí teanga comharthaíochta i rith na bliana ina fuair mic léinn na bunscileanna a bhíonn ag teastáil chun comhrá a dhéanamh sa teanga chomharthaíochta le daoine bodhra. D’oibrigh Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le Galway One World Centre freisin chun an cúrsa oiliúna frithchiníochais dá chuid, a bhfuil an-tóir air, a chur ar fáil ar an gcampas arís. Bhí deis ag mic léinn fáil réidh leis an strus agus a solúbthacht a fheabhsú ag na ranganna ióga a bhíonn ar siúl i rith na bliana ar fad anois.

10

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2015/16


Reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, sraith imeachtaí uathúla ar son carthanas i mbliana, agus bailíodh €22,500 dár gcarthanais roghnaithe: Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Cumann Ailse na hÉireann. Cuireann Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil ar fáil do dhaoine a ndearnadh éigniú, foréigean gnéasach agus mí-úsáid ghnéis orthu. Cuireann an tIonad líne chabhrach, comhairleoireacht duine le duine, agus seirbhísí oiliúna agus oideachais ar fáil.Tá sé mar aidhm ag Cumann Ailse na hÉireann feabhas a chur ar shaol na ndaoine a dtéann an ailse i gcion orthu.

i mí Feabhra don Lá Bailithe Airgid bliantúil ar son na carthanachta dá chuid. D’éirigh leo breis is €1,400 a bhailiú i sóinseáil bheag ó mhuintir flaithiúil na Gaillimhe.

Cuireadh tús le tiomsú airgid na bliana nuair a reáchtáladh Tráth na gCeist Mór an Chomhaltais i mí Dheireadh Fómhair. Chum oifigigh an Chomhaltais ceisteanna casta d’fhoirne mac léinn a rinne iarracht iad ar fad a fhreagairt chun duais mhór an airgid thirim a bhuachan! Bhí an oiread sin éilimh ar Thráth na gCeist gur reáchtáladh é arís i mí Aibreáin agus bailíodh breis is €500 do charthanais an Chomhaltais.

Satharn sneachtúil, gaofar agus grianmhar i mí Feabhra, dhreap mic léinn chróga ó OÉ Gaillimh agus baill Chumann Sléibhteoireachta OÉ Gaillimh Cruach Phádraig ar son na carthanachta, agus bailíodh €1,667.

D’eagraigh Oifigeach Oideachais an Chomhaltais, Rebecca Melvin, an chéad Oíche Phinc do Mhná dár gcuid ag tús mhí na Samhna. I measc na n-imeachtaí a bhí ann, áiríodh sciamhlann shealadach, bolgáin phince, scairdeán seacláide, imreoirí rugbaí á gciaradh, DJanna, agus crannchur, agus bailíodh breis is €700 ar son na carthanachta. Bhí sé ina Nollaig luath arís in OÉ Gaillimh lenár n-ócáid mhór tiomsaithe airgid Lá Nollag i mBeár an Choláiste i gcomhpháirtíocht le Electric Garden & Theatre. Bhí an ócáid ar siúl Déardaoin, 19 Samhain, agus éacht a bhí sa €11,000 a bailíodh ar son Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Chumann Ailse na hÉireann. Bhí dinnéar traidisiúnta na Nollag ann, mar aon le carúil Nollag, pléascóga, féilirí Aidbhinte, pop-amhráin mhaoithneacha na Nollaig le DJ Byrno, agus go leor duaiseanna do na geansaithe Nollag is fearr/is measa mar aon le neart spraoi eile chun an Nollaig a cheiliúradh go luath! I mí na Nollag, bhí deis ag mic léinn bheith rannpháirteach arís sa Sos mór ón staidéar nuair a eagraíodh an Díolachán Ollmhór Cácaí ar son na carthanachta agus an Chuairt ar Fheirm Pheataí Wooly Ward le linn na seachtaine staidéir. Ghlac coiníní, seirbilí, muca guine, hamstair, sicíní, cearca, turcaithe, géanna, lacha, caoirigh, gabhair agus Kuzco an láma seilbh ar an gcampas. Bhí go leor cácaí, tae agus duaiseanna crannchuir ann freisin, agus neart ceoil ó Flirt FM. Bailíodh breis is €630 ar son Ionad Éigeandála na Gaillimhe um Éigniú agus Chumann Ailse na hÉireann i rith na hócáide. Chuir an Gourmet Tart Company, Saol Café, agus ár n-oibrithe deonacha iontacha cácaí deasa agus nithe blasta le hithe ar fáil go fial flaithiúil don ócáid. Thug oifigigh, foireann agus oibrithe deonacha an chomhaltais aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe ar Shatharn fuar, fliuch agus gaofar

Chuir muid imeacht Shave or Dye ar siúl i mBeár an Choláiste i mí Feabhra, agus bhí mic léinn agus baill foirne ón ollscoil sásta a gcloigeann, agus fiú a bhféasóg, a bhearradh nó dath a chur ann chun airgead a bhailiú le haghaidh charthanais an chomhaltais. Bhí Grafton Barbers i láthair chun gruaig a bhearradh nó dath a chur inti, agus bhí Steve Bennett ina fhear tí agus chuir sé siamsaíocht ar fáil don slua. Bailíodh breis is €1,800 ar son na carthanachta le linn na hócáide.

10 TIOMSÚ AIRGID FUNDRAISING

Bhí Kevin McGahern agus Fred Cooke, fir ghrinn, le feiceáil i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh mar chuid de Ghig Grinn an Chomhaltais ar son na carthanachta, agus cuireadh an brabús ar fad ón oíche ghrinn i dtreo charthanais an Chomhaltais. Tháinig deireadh le himeachtaí bailithe airgid na bliana le Cóisir Ollphléisce i mí Aibreáin a reáchtáladh i gcomhar le hIonadaithe an Ranga Eolaíochta, agus cuireadh €310 eile leis an méid iomlán airgid a bailíodh ar son na carthanachta. Chuir Rock Soc brabús an chrannchuir ó Chath na mBannaí Witless dá gcuid ar fáil go fial flaithiúil do charthanais an Chomhaltais freisin. Cuireadh na táillí cúrsa dár gCúrsaí Scileanna Saoil Barista agus dár gCúrsaí Scileanna Beáir lenár gciste carthanachta freisin toisc gur chuir na soláthraithe a seirbhísí agus a saineolas ar fáil saor in aisce! Imeachtaí eile ar son na carthanachta: Ghlac Oifigigh agus Foireann Chomhaltas na Mac Léinn páirt i Rith 8K OÉ Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair ar son Jigsaw, carthanas meabhairshláinte. Bhí Comhaltas na Mac Léinn ina óstach ar chóisirí oscailte agus dúnta fheachtas Movember OÉ Gaillimh. San fheachtas sin, déanann fir croiméal a fhás (nó déanann siad iarracht croiméal a fhás) chun airgead a bhailiú le tacú le sláinte na bhfear. Bhailigh foireann Tribes Mo Men in OÉ Gaillimh breis is €3,400 ar son an fheachtais thábhachtaigh sin. D’éirigh mic léinn ó OÉ Gaillimh agus foireann Chomhaltas na Mac Léinn go luath ar maidin chun páirt a ghlacadh i siúlóid/rith 5K Ón Dorchadas go Solas an Lae ar son Pieta House. Reáchtáladh an t-imeacht ag 4 a chlog ar maidin i mBóthar na Trá i mí na Bealtaine.

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

11


TIOMSÚ AIRGID FUNDRAISING

12

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2015/16


TIOMSÚ AIRGID FUNDRAISING

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

13


11 SIAMSAÍOCHT AGUS IMEACHTAÍ ENTERTAINMENT & EVENTS

Mic léinn na chéad bhliana, Meán Fómhair 2015 I measc na n-imeachtaí do mhic léinn na chéad bhliana, áiríodh seachtain mhór tionscnaimh eile inar cuimsíodh an chéad phictiúrlann faoin spéir in OÉ Gaillimh, Dioscó Ciúin, DJanna, bothán grianghraf, cáirióice, lá na gclubanna, lá na gcumann, agus Féile Oibre Deonaí ALIVE. Reáchtáladh Aonach Lucht na Chéad Bhliana arís inar cuimsíodh cuideachtaí báúla do mhic léinn, earraí in aisce, agus bia blasta ó stainníní margaidh chun fáilte a chur roimh na mic léinn chuig an ollscoil. Sciob na mic léinn 12,000 cóip shaor in aisce de Dhialann Chomhaltas na Mac Léinn sula raibh coicís caite! I measc na ngigeanna, áiríodh seó grinn le Al Porter, ceol le Red-Tape, Djanna, cáirióice, agus Dioscó Ciúin do mhic léinn i mBeár an Choláiste. Aonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear Reáchtáladh an ceathrú hAonach maidir le hObair agus Taisteal thar lear de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, ag deireadh mhí Eanáir in Áras na Mac Léinn. Imeacht go hiomlán saor sin aisce a bhí ann, agus tugadh le chéile cuideachtaí víosa J1, cuideachtaí taistil, cuideachtaí a bhíonn ag plé le hobair dheonach/eachtraíocht, agus cuideachtaí a bhíonn ag plé le hintéirneachtaí agus le hoiliúint, chun cabhrú le mic léinn OÉ Gaillimh an samhradh a phleanáil. Bhí stainníní margaidh ann freisin agus bia álainn acu chun an bholg a choinneáil lán agus pleananna don samhradh á n-ullmhú! Cláir Ghrinn Bhí deis arís i mbliana ag mic léinn OÉ Gaillimh dul chuig seónna le fuirseoirí mór le rá ar an gcampas agus gach ticéad ar €5, táille i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn ann de ghnáth. Cuireadh tús le cláir ghrinn na bliana le gig leis an bhfear grinn iontach, Al Porter. Díoladh na ticéid ar fad son seó sin ar reáchtáladh é mar chuid d’imeachtaí do lucht na chéad bhliana i mí Mheán Fómhair. I mí Dheireadh Fómhair, chuir David O’Doherty, fear grinn, a sheó dar theideal “We Are All in the Gutter, but Some of Us are Looking at David O’Doherty” i láthair an tslua i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh. Díoladh na ticéid ar fad don seó. Bhí Michael McCoy, hiopnóisí grinn, ar ais faoi dhó in OÉ Gaillimh i mbliana i mí na Samhna agus i mí Feabhra agus a SeX-Rated Show á chur ar an stáitse aige mar chuid de Sheachtain SHAG (Sláinte Gnéis agus Comhairle Ghnéis). Díoladh na ticéid ar fad don seó. Tháinig The Dirty Circus ar ais chuig Beár an Choláiste le linn sheachtain SHAG freisin agus greann, buirlisc, ceabairé agus brusaireacht dá gcuid féin á gcur i láthair acu! Bhí Ghig Grinn an Chomhaltais ar son na carthanachta ar siúl i Léachtlann Uí Fhlaitheartaigh i mí an Mhárta, agus cuireadh an brabús ar fad ón oíche ghrinn i dtreo charthanais an Chomhaltais. Bhí Kevin McGahern agus Fred Cooke ar an stáitse sa ghig chomhpháirteach seo, agus chuir siad beirt an lucht féachana sna tríthí ag gáire. Tionscadail For-rochtana I mí na Samhna, ainmníodh Gaillimh mar cheann de na ceithre chathair dheiridh san iomaíocht lena n-ainmniú mar Phríomhchathair Eorpach na hÓige do 2017, agus bhí baint mhór ag Comhaltas na Mac Léinn san iarratas don tairiscint. Tar éis an chraobh a bhaint amach, níor éirigh le Gaillimh ar deireadh ach tá Comhaltas na Mac Léinn páirteach san iarracht go n-ainmneofaí Gaillimh mar Phríomhchathair Eorpach na hÓige do 2019. Tá baint ag Comhaltas na Mac Léinn freisin san iarracht go n-ainmneofaí Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020. Bhí baill Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh ar an toscaireacht a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ag an Imeacht Eorpach don Óige in Strasbourg i mí na Bealtaine. Cruinniú dhá lá atá ann ina dtagann 7,000 duine óg le chéile chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna móra a bhaineann leis an óige. Déanfaidh toscaireacht na Gaillimhe ionadaíocht ar son iarracht na Gaillimhe bheith ar Phríomhchathair Eorpach na hÓige in 2019 agus bheith ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020. Rugbaí Leanadh den chomhpháirtíocht idir Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, agus foireann rugbaí Chonnacht in 2015/16 agus bhí lascainí móra ar thicéid do chluichí baile Chonnacht ar fad ar fáil do mhic léinn i rith an tséasúir.

14

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2015/16


SIAMSAÍOCHT AGUS IMEACHTAÍ ENTERTAINMENT & EVENTS

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

15


12 FEACHTAIS CAMPAIGNS

Is iomaí feachtas a bhí ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, i rith na bliana acadúla, 2015-16. Áirítear ina measc feachtais maidir le leas na mac léinn, seachtainí tiomnaithe don mheabhairshláinte agus don tsláinte ghnéis, feachtais maidir le mianach tráth na scrúduithe, feasacht ar LADT, srl. I measc na bhfeachtas leasa, áirítear Feachtas Meabhairshláinte agus Leasa #littlethings de chuid OÉ Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair. Cuireadh béim ann ar na nithe is féidir leatsa a dhéanamh duit féin agus do dhaoine eile a mbeidh tionchar dearfach acu ar conas mar a mhothaíonn tú agus ar conas mar a éiríonn leat déileáil le rudaí. Reáchtáil cumainn, clubanna, Comhaltas na Mac Léinn, agus Seirbhísí na Mac Léinn imeachtaí éagsúla ar an gcampas chun feasacht a mhúscailt agus chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn. Léiríodh na seirbhísí meabhairshláinte i nGaillimh do na mic léinn ar fad ar fhaitíos go dteastódh na seirbhísí sin uathu amach anseo. Cuireadh Seachtainí SHAG (Sláinte Gnéis agus Comhairle Ghnéis) ar siúl sa chéad seimeastar agus sa dara seimeastar araon. Faoi na feachtais sin, ghlac go leor mic léinn páirt ghníomhach ina sláinte ghnéis féin. Tugadh eolas do mhic léinn ar ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (STInna) agus ar conas iad a sheachaint. Taispeánadh do mhic léinn conas coiscíní a úsáid i gceart agus ar a thábhachtaí atá siad ó thaobh na cosanta agus na frithghiniúna de. Bhí gig ghrinn le hiopnóisí agus ceabairé brusanta le The Dirty Circus ar siúl le linn na seachtaine freisin. Scaipeadh na céadta milseán Rolo agus Roses ar mhic léinn Lá Fhéile Vailintín. Reáchtáil foireann #NUIGSafeCampus ceardlanna maidir le toiliú le linn na bliana acadúla freisin, agus leanadh de Chéadaoin na gCoiscíní i mbliana nuair a scaip oibrithe deonacha leasa coiscíní gach Céadaoin saor in aisce. D’eagraigh Catherine Ryan, Oifigeach Comhionannais an Chomhaltais, Seachtain Cuimsithe Shóisialta i mí na Samhna. I gcomhpháirt leis na cumainn éagsúla san ollscoil, cuimsíodh i measc na n-imeachtaí a reáchtáladh i rith na seachtaine Oíche Chultúir, Spás Sábháilte do Dhaoine Trasinscneacha in oifigí an Chomhaltais, taispeántais scannán, feachtas chun cosc a chur ar an bhfocal a thosaíonn le R, agus bricfeasta blasta Francach. I mí na Samhna freisin, reáchtáil Comhaltas na Mac Léinn i gcomhar le GigSoc an chéad Seachtain Feasachta maidir le Daoine Trasinscneacha in OÉ Gaillimh. I rith na bliana, bhí an bhratach thrasinscneach ar crochadh go bródúil lasmuigh d’Áras na Mac Léinn agus eagraíodh pléite painéil agus ceardlanna maidir le fadhbanna a bhíonn le sárú ag an lucht trasinscne, searmanas cuimhneacháin, agus feachtas tacaíochta don lucht trasinscne. Bhí baint mhór ag Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, san fheachtas #MakeASmartVote roimh an Olltoghchán agus lena linn. Bhí feachtas ollmhór ar siúl i rith na bliana ag Comhaltas na Mac Léinn chun vótálaithe a chlárú, agus cuireadh breis is 2,000 mac léinn in OÉG leis an gclár toghthóirí agus go leor céimithe leis an gclár toghthóirí don Seanad. Reáchtáladh ócáid toghchánaíochta i mí na Feabhra do na hiarrthóirí Olltoghcháin ar fad i nGaillimh Thiar – Maigh Eo Theas. Chuaigh Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh i gcomhar le AMLÉ agus le SIPTU i bhFeachtas maidir le Cearta Oibrithe chun béim a leagan ar na saincheisteanna is mó i measc an lucht saothair agus chun eolas a thabhairt do mhic léinn ar a gcearta san fhostaíocht pháirtaimseartha agus amach anseo. Aidhm eile a bhí leis an bhfeachtas sin ab ea pá maireachtála a dhéanamh den phá íosta in Éirinn, agus tá an feachtas ar siúl i gcónaí. Bhí an chéad Taispeántas Ealaíne ar siúl in oifig Chomhaltas na Mac Léinn i mí Aibreáin nuair a bhain foireann slándála na hollscoile Taispeántas an Chartúnaí Rúnda ó Áras na Mílaoise, in ainneoin go raibh cead faighte an taispeántas a reáchtáil ann. An aidhm a bhí leis an taispeántas cartún “Uachtarán na hOllscoile” ná airgead a bhailiú le haghaidh na gcaingean Ard-Chúirte atá á nglacadh ag foireann na hOllscoile mar gheall ar idirdhealú inscne san Ollscoil. Ghéill an Ollscoil ar deireadh agus thug cead an taispeántas a chrochadh arís sa suíomh a bhí socraithe ar dtús, tar éis gur athraíodh oifig an Chomhaltais ina gailearaí ar an toirt lá an tseolta!

16

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2015/16


CAMPAIGNS/FEACHTAIS

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

17


13 SEIRBHÍSÍ CHOMHALTAS NA MAC LÉINN STUDENTS’ UNION SERVICES

Beár an Choláiste Chuaigh Beár an Choláiste ó neart go neart i mbliana. Tairiscintí speisialta ar chárta an chomhaltais, cóisirí ranga, bailiú airgid ar son na carthanachta, imeachtaí éagsúla, píotsaí aitheantais, biachlár fairsinge spólainne… níl deireadh leis an liosta. Reáchtáladh iad seo a leanas sa Bheár le linn na 18 seachtaine sna téarmaí: • Imeachtaí bailithe airgid ar son na carthanachta: 23 • Cóisirí ranga: 127 • Cóisirí club: 91 • Cóisirí foirne roinne agus iarchéime: 128 • Ócáidí cumainn: 136 • Ócáidí Chomhaltas na Mac Léinn: 43 • Spórt beo ar an scáileán mór: 48 Siopa Chomhaltas na Mac Léinn Bhí nuachtáin ar lascaine, uisce agus torthaí ar chostas íseal, agus gach riachtanas stáiseanóireachta ar fáil i gcónaí i Siopa Chomhaltas na Mac Léinn. Arís eile, bronnadh dámhachtain náisiúnta “An Rannóg Milseogra is Fearr” ar Shiopa Chomhaltas na Mac Léinn i nDámhachtainí ShelfLife Magazine don rogha milseán is fearr ar fad! Caiféanna Is iad Smokey’s Café, Caifé na Gaeilge agus an Wall Café na háiteanna is fearr i gcónaí chun do scíth a ligean agus cupán caifé a ól idir léachtaí. D’iarr na mic léinn go gcuirfí ceapairí ón Gourmet Tart Company ar díol arís, agus rinneadh amhlaidh – agus cuireadh roinnt earraí blasta eile ar díol leo freisin! Bhí Smokey’s Café agus an Wall Café ar oscailt i rith na bliana ar fad chun freastal ar mhic léinn agus ar bhaill foirne a chaitheann níos mó ama san ollscoil ná in áit ar bith eile. Cárta an Chomhaltais Tá Cárta an Chomhaltais sé bliana ar an bhfód ó thús na bliana. Bealach den scoth atá ann luach níos fearr ar airgead a fháil, agus is bealach dúinne é buíochas a ghlacadh le mic léinn agus le baill foirne as tacú linn. Forbraíodh an córas TF inár n-asraonta i rith na bliana ionas gur féidir le mic léinn a gcárta a úsáid i ngach asraon de Chomhaltas na Mac Léinn. Cuid de bhuaicphointí Chárta Chomhaltas na Mac Léinn in 2015/16 • 1,940,000 pointe bronnta • 1,700 dinnéar saor in aisce • 10,800 cupán tae/caifé saor in aisce • 9,000 cuntas gníomhach in 2015/16

18

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2015/16

Athinfheistiú ionatsa Faoi mar a dhéantar i gcónaí, déantar gach brabús ó sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn a athinfheistiú chun na seirbhísí a chuireann muid ar fáil duitse a fhorbairt agus a fhairsingiú. Rud uathúil faoi sheirbhísí Chomhaltas na Mac Léinn is ea go gcoinnítear ar an gcampas an t-airgead ar fad a chaitheann tú ann. Cuireann Beár an Choláiste €30,000 le Coiste Tograí na Mac Léinn gach bliain, rud a fhágann gurb é an ranníocóir is mó leis an gciste é. Tugann Beár an Choláiste €30,000 go díreach do Chomhaltas na Mac Léinn freisin, beag beann ar mhéid na mbrabús ann. An raibh a fhios agat? Fostaíocht Mac Léinn – is mic léinn iad breis is 50% dár bhfoireann, agus is mic léinn iad breis is 85% dár bhfoireann i mBeár an Choláiste. Urraíocht ar Imeachtaí Mac Léinn I rith na bliana, tacaímid le go leor de na cúiseanna maithe a bhíonn ag carthanais, clubanna agus cumainn éagsúla na hollscoile. Taisceadáin Ligeann Comhaltas na Mac Léinn taisceadáin ar cíos in áiteanna éagsúla ar fud an champais. Ligeadh 1,639 dtaisceadán ar cíos i mbliana. Cártaí Taistil agus Cártaí ISIC Cheannaigh líon ollmhór de 2,396 mhac léinn Cártaí Leap do mhic léinn agus cártaí ISIC trí Chomhaltas na Mac Léinn in 2015/16. Leabhair dara láimhe Tá seirbhís an tsiopa leabhar dara láimhe ag dul ó neart go neart. Dhíol muid 1,568 leabhar de bhur gcuid i mbliana. Seomra cótaí Chomhaltas na Mac Léinn Tá an seomra cótaí á fheidhmiú agus á bhainistiú ag Comhaltas na Mac Léinn. Is mic léinn iad foireann uile an tseomra cótaí, agus cuirtear an tseirbhís ar fáil saor in aisce do mhic léinn i rith an téarma. Dialann Chomhaltas na Mac Léinn Scaipeadh 12,000 cóip shaor in aisce de dhialanna Chomhaltas na Mac Léinn ar mhic léinn sa chéad seimeastar. Acmhainn úsáideach do mhic léinn atá sa dialann agus tá eolas ann ar dhátaí na scrúduithe, ar áiseanna ar an gcampas, agus ar Chlubanna agus ar Chumainn.


COISTE FEIDHMIÚCHÁIN 2016/17 INCOMING EXECUTIVE 2016/17

14

Oifigeach na Gaeilge

Clíodhna Nic Giolla Chomháill

President An tUachtarán

Vice President/Education Officer Leas-Uachtarán/An tOifigeach Oideachais

Vice President/Welfare Officer Leas-Uachtarán/An tOifigeach Leasa

Cathal Sherlock

Daniel Khan

su.president@nuigalway.ie 086 3855502

su.education@nuigalway.ie 086 3853658

su.welfare@nuigalway.ie 086 3853659

Equality Officer An tOifigeach Comhionannais

Mature Students’ Officer An tOifigeach do Mhic Léinn Lánfhásta

Postgraduate Officer An tOifigeach Iarchéime

Jimmy McGovern

Damian Duddy

Cillian Moran

su.gaeilge@nuigalway.ie 0044 7763572693

su.equality@nuigalway.ie 086 2283856

su.maturestudents@nuigalway.ie 091 524810

su.postgrad@nuigalway.ie 087 7690784

Societies Chairperson Cathaoirleach na gCumann

Clubs Captain Captaen na gClubanna

SU Council Chairperson | Cathaoirleach Chomhairle C homhaltas na Mac Léinn

Patrick O’Flaherty

Caitlín Jansen

su.socs@nuigalway.ie 086 8523417

su.clubs@nuigalway.ie 089 9754741

su.council@nuigalway.ie 087 2697232

Convenor of the College of Science Tionólaí Choláiste na hEolaíochta

Convenor of the College of Medicine| Tionólaí Choláiste an Leighis, a n Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Convenor of the College of Business, Public Policy & Law | Tionólaí Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Convenor of the College of Engineering & Informatics | Tionólaí Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice

Diarmuid Ó Curraoin

Tim Murphy

su.business@nuigalway.ie 087 0655357

su.engineering@nuigalway.ie 086 0260500

Christopher Mc Brearty su.science@nuigalway.ie 087 6565387

Megan Reilly

Lorcán Ó Maoileannaigh su.medicine@nuigalway.ie 087 7687892

Aaron Reeves

Convenor of the College of Arts, Social Sciences & Celtic Studies | Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Ciarán Mac Choncarraige su.arts@nuigalway.ie 087 0544499

T U A R A S C Á I L B H L I A N T Ú I L C H O M H A LTA S N A M A C L É I N N , O É G A I L L I M H 2 0 1 5 / 1 6

19


www.su.nuigalway.ie studentsunion@nuigalway.ie


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.