Bothán Mháistir Hickson Roibeard Ó Cathasaigh Beannachtaí méithe an fhómhair chugat, a léitheoir. An gcreidfeá gur baineadh stangadh asam tráthnóna Sathairn, 29ú Lúnasa, Lá Pátrún na Min Airde, ag tiomáint dom ar an gcúlbhóthar cúng, ar dheis ón mbóthar mór cois Droichid i Lios Póíl, ar mo shlí suas go Goulán Beag, ar thuairisc mo sheanachara Danny ‘Garrett’ Mac Gearailt. Ag gabháil dom thar ‘Tigh a’ Mháistir’ – mar is eol dúinn-ne i bPáirc a’ Teampaill é – ba dheacair dom a chreidiúint nach raibh tásc ná tuairisc ar an mbothán cloch a mhaisigh cliathán clé an bhóthair lem chuimhne. Láithreach bonn chuaigh m’aigne ar bhóithrín na smaointe siar go dtín gcéad uair a leagas cos laistigh de Thigh a’ Mháistir – maidin stáisiún, é ina ghála ó mhoch maidine is an ghaoth ag neartú le linn an aifrinn, a d’fhág siotaí deataigh ag séideadh anuas an simné agus múchadh ar a raibh i láthair dá bharra, fuinneoga is dóirse á n-oscailt chun faoisimh don gcomhluadar comharsan. De réir Wikipedia, bhuail Hurricane Debbie 1 cósta thiar na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 1961, agus mura bhfuil dearúd orm, ba lena linn a tharla an t-eachtra suaithinseach seo im shaol. Samhlaíodh don ngarsún, bhíos timpeall a naoi, go raibh cuma chríonna ar bhean a’ tí – deir Rita Hickson/Chambers (83) a tógadh ar an nDroichead, gur phós John ‘The Master’ Hickson fé dhó, agus gurbh ise an tarna céile aige – Marian Dowling ó Bhaile an Chaisleáin, Contae Laoise. Is cuimhin liom óigbhean dhóighiúil in aontíos léi, agus dar le Rita gurbh ise Sheila Dwyer a tháinig chun cónaithe le Clann an Mháistir tar éis bháis a máthar – uncail léi ab ea James Hickson, Gráig. Cuimhní eile ón mhaidean úd, go raibh seál á chaitheamh ag bean amháin sa chomhluadar – dhearbhaigh Rita dom gurbh ise Meáig Sheáin/ Bn Uí Mhuircheartaigh, Páirc an Fhia, Connor ó dhúchas ó Bhaile an Bhogaigh; agus mar bharr ar sin go léir, ar ár slí abhaile sa chairt dúinn, cén radharc neamhghnách a d’fhág leathadh súl orainn ag bun an aird ná an brat eidhneáin a mhaisigh falla tosaigh tí Willeen is Rosanne Moriarty ó bhonn go barra cúpla uair a chloig roimhe sin, a bheith sínte ar an dtalamh, mar a bheadh brat ollmhór urláir, donnbhuí, iompaithe bun os cionn, ar dhá thaobh an dorais. I gcomhrá le Páidí ‘Fitz’ Mac Gearailt (87), dar leis, go raibh dhá bhó nó trí ag Máistir Hickson, agus go mbídís ag iníor aige ar na hinsí a ritheann cois abhann ón nDroichead soir go dtí an tarbhealach traenach cois Tí na gChathánach. ‘Bhí bó ag mo Mham (‘Nell Brien’) ar na h-ínsí chomh maith’ arsa Páidí liom. Luaigh Rita Hickson go mbíodh ba Mháistir Hickson ag iníor i nGarraí Archy 2 leis – an gort úd suite tamaillín suas an bóthar cois talaimh John L Ó Súilleabháin sa ré úd. Mar bharr ar sin, deir Páidí gur cuimhin leis céile Mháistir Hickson ag déanamh ime sa ‘dairy’ ina óige fhéin – b’shin an lasair don rann dréimire a leanas, i múnla ‘Tigh Eoghainín’3 an bhéaloidis nó The House That Jack Built an Bhéarla, a 10 Corca West Dhuibhne Kerry LiveBeo
tháinig chun cinn i gcuimhne ar bhothán Mháistir Hickson is a theaghlach. Le cúnamh ó dhaonáireamh 19114 thánga ar na h-ainmneacha Ellen, céile John (de mhuintir McKenna ise ó Arda Mór, dar le Rita), Christopher (11) agus Mary Anne (8) a mbeirt leanbh, atá mar chlocha chúinne sa rann agam.
Bothán Mháistir Hickson Sin é an Máistir. Sin é an bothán a thóg an Máistir. Sin é an cró a bhí sa bhothán a thóg an Máistir. Sin iad na ba a bhí sa chró a bhí sa bhothán a thóg an Máistir. Sin í Ellen a chrúigh na ba a bhí sa chró a bhí sa bhothán a thóg an Máistir. Sin é an t-uachtar a bhí ar an mbainne, a thál na ba, a bhí sa chró, a bhí sa bhothán, a thóg an Máistir.
Iarfhocal Ar nóta gaolmhar, deineann Earnán de Blaghd (1889-1975) tagairt don Mháistir Hickson sa chur síos spéisiúil aige ar an dtréimhse (191314) a chaith sé i gCinn Aird, Lios Póil ag foghlaim Gaelainne, ina thuairisc bheathaisnéiseach Slán le hUltaibh 5 mar leanas: “Agus mé ag tiomáint an asail aníos ón iarnród idir an stáisiún (traenach) agus an scoil (Sc. Chluain Chumhra), bhuail an Máistir Hickson liom – níos déanaí a fuaireas amach cérbh é. Chuir sé roinnt mhaith ceisteanna orm. Cad as dom? Cén t-ainm a bhí orm? Cad a thug go Lios Póil mé? Cén gnó a mbínn ag gabháil dó thuaidh? An rabhas pósta? Agus mar sin de. Ghlacas mar rud an-nádúrtha leis, go mbeadh daoine fiosrach faoin strainséar a lonnódh ina measc. Níor léir dom míbhéasacht ná dánaíocht sa cheistiúchán, agus thugas don Mháistir a raibh d’eolas uaidh. I mBéarla a labhair sé liom nuair a thug sé faoi deara chomh gann bacach is a bhí mo chuid Gaeilge. Níos giorra do Chinn Aird, in aice leis an bhFothraigh, bhuail seanduine an-aosta liom a chuir roinnt ceisteanna orm agus a chloígh leis an nGaeilge. Ní foláir nó bhí sé buíoch as ucht a fhreagairt go foighneach múinte, óir ghuigh sé beannacht orm mar strainséar ó íochtar na hÉireann agus dúirt go raibh cuntanós breá oscailte agam.” Ar deireadh, ag cuardach in athuair dom i nDaonáireamh 1911 6, b’é Thomas Brosnan “retired farmer” ón bhFothrach Mhór an té ba shine atá luaite ann, é in aois 72, a fhágann gur saolaíodh é in 1839. Cá bhfios ná gurbh é Thomas Brosnan an “seanduine an-aosta” úd a casadh ar Earnán in Aibreán 1913? FOCLÓIR
Sin é an meadar, a ghlac an t-uachtar a bhí ar an mbainne a thál na ba, a bhí sa chró, a bhí sa bhothán, a thóg an Máistir. Sin é Christopher, a rothlaigh an meadar, a mhaistrigh an t-uachtar, a bhí ar an mbainne a thál na ba, a bhí sa bhothán, a thóg an Máistir. Sin í Mary Anne, a bhlais an t-im, a bhí sa mheadar, a mhaistrigh an t-uachtar, a bhí ar an mbainne a thál na ba, a bhí sa bhothán, a thóg an Máistir. céad bliain ó shin. Sin é an JCB a phléasc an díon dearg a stoith na frathacha a dhíothaigh na doirse a chart na clocha cúinne a raob an t-urlár cré is a d’fhág bothán an Mháistir briste brúite i bhfiche fiche na paindéime.
Méith-mellow, stangadh-taken aback, m h a i s i g h - a d o r n , f a o i s e a m h - r e l i e f, comhluadar-company, suaithinseachremarkable, dóighiúil-good-looking, ag iníorgrazing, lasair-flame, meadar-churn, rothlaighspin, maistrigh-to churn milk, pléasc-shatter, stoith-to pull out, díothaigh-destroy, cartclear out, raob-rip up, beathaisnéiseachbiographical, cuntanós-appearance. 1 Féach http://hurricane+debbie&rlz=1C5CHFA 2 Féach Pádraig Ó Siochfradha, Triocha-Céad Chorca Dhuibhne (BÁC 1939), lch. 160: Garraí Archy. ‘Páirc na Lárach’ breactha mar nóta lámhscríofa lena chois ag an oide Seán Ó Súilleabháin, gur leis an chóip den leabhar atá im sheilbh a bhuíochas do Tom Keane (céile Chlaire, iníon Sheáin, grásta orthu) a bhronn an seodleabhar orm.) 3 Féach Roibeard Ó Cathasaigh, Rabhlaí Rabhlaí – leabhar + CD, (Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 1998), lgh 41-5/Rian 31. 4 Féach http:// census+1911&rlz/ John Hickson, Churchfield, Kinard. 5 Earnán de Blaghd, Slán le hUltaibh (BÁC 1970), lch. 21. Earnán de Blaghd: Protastúnach Ultach, ceannródaí a bhí ‘ar dhuine de na ceannairí ba ghníomhaí agus ba chonspóidí sa 20ú haois i ngluaiseacht na saoirse, i gcúrsaí amharclannaíochta, sa pholaitíocht, agus i ngluaiseacht na Gaeilge.’ 6 Féach http://census+1911&rlz/ Thomas Brosnan, Foheraghmore, Kinard