3 minute read

Obair na Meáin ón taobh istigh Katie McGreal

Timire Croí na hÓige

Katie McGreal OBAIR NA MEÁIN ÓN TAOBH ISTIGH

Is trí thimpiste amháin a thit mé isteach sna meáin. Ba bhrionglóid domsa a bheith mar iriseoir clóscríofa ón am a raibh mé an-óg toisc go raibh an-suim agam sa scríobhneoireacht ach, i ndáiríre, níor shíl mé go dtarlóidh sé. Shíl mé go mbeadh mé i mo bhean ghnó, ag obair ar chuntais i gcomhair comhlachtaí móra ach ní sin mar a tharla sé.

I ndiaidh bliana a chaitheamh sa Chóiré Theas ag múineadh Béarla chaith mé an bhliain dheireanach den ollscoil le níos mó de thuiscint orm féin. Thuig mé cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge dom féin agus don tír agus go gcaithimid í a choinneáil beo. Caithimid obair ar a shon mar muna ndéanaimid féin é, ní dhéanfaidh éinne é.

I ndiaidh na hollscoile chuir mé isteach ar aon phost ina raibh Gaeilge riachtanach. Fuair mé post mar iriseoir lánaimseartha leis an bpáipéar, Gaelscéal. Ní raibh tuairm agam faoi chúrsaí iriseoireachta nó faoi chúrsaí páipéir nuachtáin ach d’fhoghlaim mé go sciobtha.

I ndiaidh Gaelscéal agus tréimhse leis an iris seo, An Timire, thosaigh mé ag obair sa teilifís, i gcomhlachtaí Béarla ach ar chláir Ghaeilge agus Béarla. Tá taithí raidió ó Raidió Fáilte agam freisin. Sílim féin gurb í an fhadhb is mó a bhaineann leis an dteilifís agus an raidió mar mheáin Ghaeilge ná Gaeilgeoirí a aimsiú.

Chuir mé agallamh ar dhuine de bhunaitheoirí an suímh Hollaback! Dublin. Is é aidhm an suímh seo ná deireadh a chur le ciapadh sráide (street harassment). Is ábhar suimiúil é ach ní raibh Gaeilge ró-mhaith ag an agallaí agus mar sin, ní agallamh ró-mhaith a bhí ann.

Ba fhadhb nua í seo domsa, ag teacht ó na meáin chlóite. Mar iriseoir chlóite, ní dhéanann sé difríocht má dhéanann tú agallaimh i mBéarla nó i nGaeilge. Scríobhfaidh tú an píosa i nGaeilge ar aon nós. Ach, sin ráite, bhí fadhbanna agam le ‘quotes’. Ní féidir leat rudaí a aistriú go díreach ó theanga amháin go teanga eile agus mar sin, níor mhothaigh mé i gceart agus mé ag aistriú ‘quotes’ ó Bhéarla go Gaeilge.

Ach, domsa go pearsanta, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh mé ag obair ar son na Gaeilge. Tharla sé go bhfuil deiseanna agam faoi láthair sin a dhéanamh trí na meáin ach ag am éigin, tá gach seans ann go n-oibríodh mé ar son na Gaeilge ó thaobh istigh d’eagraíocht nó comhlacht mór.

I ndiaidh na hollscoile chuir mé isteach ar aon phost ina raibh Gaeilge riachtanach.

Mar a dúirt mé is trí thimpiste amháin a thit mé isteach sna meáin ach ag an am céanna, thit mé i ngrá len a bheith ag labhairt le daoine an t-am ar fad. Thit mé i ngrá leis an gcruthaitheacht atá ag teastáil. Cé nach taitníonn na huaireanta liom an t-am ar fad agus go mbím ag gearáin faoin méid páipéarachais agus faoin méid oibre atá ar duine amháin a dhéanamh, sílim go leanfaidh mé ar aghaidh, ar feadh tamaill eile ar a laghad, ag obair ar son na Gaeilge ó earnáil na meáin.

COMÓRTAS

Cuirfear cóip den leabhar Haiku, más é do thoil é?

go dtí an chéad duine a fh reagróidh an cheist seo: Cén tír as ar tháinig an foirm fi líochta Haiku?

Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2

Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: An tAth. Réif Mac Aodhagáin, CP. Cluain Naoimh Póil Mount Argus, Baile Átha Cliath 6W

Freagra: An tAth. Pádraig Ó Duinnín Cóip de leabhar fi líochta Pól Ó Muirí buaite aige

This article is from: