4 minute read

Oilithreacht chuig an Róimh An tAth. Fiontán Ó Monacháin

An tAth Fiontán Ó Monacháin

AR LEANÚINT Ó THIMIRE AN EARRAIGH

Oilithreacht chuig na Róimhe 2

Seanmóir a thug an Ath Ó Monacháin i gCnoc Muire, 2013

BHEITH BUÍOCH – RUDAÍ BEAGA

Nuair a bhíonn tú ag siúl ar feadh an lae le mála mór ar do dhroim bíonn tú chomh buíoch faoi go leor rudaí beaga nach dtugann tú an iomarca airde orthu go hiondúil, bróga maithe, sláinte mhaith, an bua a bheith aclaí, scíth a ligean nuair a theastaíonn sé, cithfh olcadh te, éadaí glana tirime a chur ort, cupán caife agus greim le hithe, béile maith sa tráthnóna, codladh álainn na hoíche. Ceann de thorthaí móra oilithreachta mar seo ná go mbíonn duine fíorbhuíoch as na gnáthrudaí a bhíonn againn gach uile lá. Buíochas le Dia. Tá na trí fh ocal sin lán le diagacht, le spioradáltacht agus leis an gCríostaíocht. Ar oilithreacht foghlaimíonn tú le bheith buíoch. Nach in é croílár an Aifrinn Naofa freisin! Buíochas!

BAILE AN TOBAIR

Má thug tú cuairt ar Bhaile an Tobair le hoilithreacht Tóchar Phádraig a dhéanamh, dála an Reachtaire, an tAth. Frank Fahey, tá riail amháin ann – nach bhfuil aon chead a bheith ag gearán. Sursum Corda, tógaigí bhur gcroíthe in airde! Ar oilithreacht bíonn fonn ort é sin a dhéanamh.

ÁILLEACHT AN DÚLRA

Nuair a bhíonn tú amuigh faoin tuath in áit dhifriúil téann áilleacht na timpeallachta agus an dúlra i bhfeidhm go mór ort. Nuair a bhí oilithreacht an Via Francigena thart thug mé cuairt lá amháin ar Assisi, thuas sna sléibhte sa Tuscáin. Níl a fh ios agam arbh é spiorad San Proinsias Assisi nó céard ach bhain mé ardtaitneamh as áilleacht agus aoibhneas na timpeallachta thart timpeall ar fad. Cheap mé gur mhór an trua nach ndéanaim é seo go minic sa bhaile.

PÁPA NUA - PROINSIAS

Rud a chuir barr feabhais ar an oilithreacht chun na Róimhe ná go bhfuair muid an deis iontach an Pápa nua Proinsias a fh eiceáil. Tá sé deacair cur síos ar an atmaisféar leictreach agus an ríméad a bhí ar 75,000 duine a bhí ansin nuair a tháinig sé amach ar chearnóg Naomh Peadar. B’iontach a fh eiceáil an t-ardmheas agus an cion agus an urraim a bhí ag an oiread sin daoine air. D’ardaigh sé croí gach uile dhuine a bheannacht a fh áil.

Cuid mhór d’Oilithreacht ar bith ná faoistin a dhéanamh. Ar an Via Francigena b’iontach an ócáid dul isteach

An tAth Fiontán is a chairde

Cuid mhór d’oilithreacht ar bith ná faoistin a dhéanamh

in Ard-Eaglais Mhuire Máthair Dé, Santa Maria Maggiore, guí a dhéanamh do Mhuire, ár Máthair agus ansin faoistin mhaith a dhéanamh - ar bhealach buaicphointe na hOilithreachta, ceann scríbe sroichte! Buíochas le Dia as bronntanas iontach na Sacraiminte seo lenár bpeacaí a dhíbirt agus tosú as an nua mar dhuine úrnua.

CRÍOCH AGUS BEANNACHT

Nuair a théann tú ar Oilithreacht go háit bheannaithe bíonn tú • ag súil go n-athrófar do shaol ar bhealach éigin. • ag tnúth le hardú croí tar éis caidreamh speisialta a bheith agat le Dia. • ag gabháil buíochais le Dia as ucht an iliomad rudaí maithe atá agat. • ag cuardach sosa bhig ón ngnáthshaol, rud éigin difriúil a dhéanamh, grásta nó athnuachan de shaghas a fh áil nó breathnú ar an saol ar bhealach difriúil. • Tagann tú le hachainíocha éagsúla ar d’intinn ag iarraidh ar Mhuire nó ar

Dhia rud éigin a dheonú duit.

CNOC MHUIRE

Tagaimse go rialta go Cnoc Mhuire ag caitheamh ama agus ag guí chuig Muire Máthair Dé agus ag tnúth lena beannacht. Is áit é Cnoc Mhuire le brí agus tuiscint agus inspioráid nua a fh áil ar an Aifreann Naofa agus muid ag dianmhacnamh ar an dteachtaireacht mhór atá ar an mballa sa séipéal in aice linn, Muire Máthair Dé, Naomh Iosaef, Naomh Eoin, Uan Dé ar altóir an Aifrinn, na hAingil naofa.

B’in, thuas, cuid de na rudaí a chuaigh i gcion orm ar an Via Francigena. Tá súil le Dia agam go bhfi llfi dh tusa abhaile ón áit fíorspeisialta seo, athraithe beagáinín agus lán le beannachtaí Mhuire Máthair Dé, leis an Athair, leis an Mac agus leis an Spiorad Naomh.

A MHUIRE NA NGRÁS

Críochnóidh mé le ceann de na paidreacha is fearr liom agus a dúirt mé go minic ar an Via Francigena: A Mhuire na nGrás, a Mháthair Mhic Dé Go gcuire tú ar mo leas mé. Go sábhala tú mé ar gach uile olc, Go sábhala tú mé idir anam is corp. Go sábhala tú mé ar muir is ar tír, Go sábhala tú mé ar leic na bpian. Garda na n-aingeal os mo chionn, Dia romham agus Dia liom. Áiméan.

This article is from: