4 minute read

San Afraic Thoir Mary Gurrin

Mary Gurrin SAN AFRAIC THOIR

MAR MHISINÉIR TUATA 2004 – 2008

Aistrithe ag Dónall Ó Conaill

Nuair a smaoiním ar an gcinneadh a rinne mé mar mhúinteoir bunscoile roinnt blianta a chaitheamh ar na misin thar lear creidim gurb é an Spiorad Naomh a threoraigh mé dul go dtí an Tansáin agus a thacaigh liom i gcaitheamh na gceithre bliana a chaith mé in iargúltacht na hAfraice.

Níl aon dabht ann ach gur baineadh preab uafásach asam nuair a shroich mé Tanga, san Afraic Thoir. Ní féidir reamh-ullmhúchán a dhéanamh do na radharcanna, na fuaimeanna, na dathanna agus don teas i Dar es Salaam ná don turas bus seacht n-uaire ‘a chloig trí cheantracha tuaithe na Tansáine ar mo bhealach go dtí Muheza. Sa chéad litir a scriobh mé abhaile déanaim cur síos ar mo chéad oíche i seomra gan gloine ar na fuinneoga agus ar na dúil bheo aisteacha a bhí le feiceáil agus le cloisteáil istigh is amuigh. Le cabhair agus le tacaíocht na Siúracha Roismineacha agus leis an bhfáilte ríméadach ó na daltaí agus a dtuismitheoirí shocraigh mé síos go pras agus bhí mé sona sásta agus ar mo shuaimhneas.

Ba dhúshlán mór é na bunchoinníollacha múinteoireachta a bhí ar fáil ach níor chuir easpa leabhar ná easpa áiseanna isteach orm riamh. Leis na blianta taithí a bhí agam bhí mé in ann na fadhbanna sin a shárú. Mar oiliúnóir bhí mé i mo mheantóir (mentor) ar shiúr óg Afracach a d’oibrigh taobh liom faoi oiliúint ar feadh dhá bhliain. Lean sí ar aghaidh ansin chun breisoideachas a fh áil gur bhain sí scrúduithe amach agus chuaigh sí go dtí an Ollscoil. Lean an mheantóireacht ansan ar shiúr óg eile don dá bhliain eile a bhí mé ann.

Ní áit don duine lagchroíoch bheith ag iarraidh déileáil leis na hiliomad constaicí sa seomra ranga Afracach. Leis an tacaíocht a fuair mé ó mo comhghleacaithe, ó mo chlann agus ó mo chairde in Éirinn d’éirigh liom na seomraí ranga a fh eistiú agus a chóiriú agus cabhrú leis an bpobal áitiúil. Nuair a thógtar ceist inniu faoi obair na dtíotha Iartharacha sa Triú Domhan smaoiním ar thacaíocht agus ar fh laithiúlacht an paróiste in ar mhúin mé i mBaile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain is tríocha. Bhí muintir Muheza an-bhuíoch de na daoine sin agus thug sé dóchas dóibh go raibh paróiste agus scoil i mBaile Átha Cliath a chabhraigh leo a scoil a fh eabhsú agus leabhair agus fearas a sholáthar dá bpáistí.

Is é ceann de na tíolachtaí is fearr a bhronn Dia ar an duine daonna ná comhroinnt eolais agus talann.

Níl dabht ar bith ann ach tá todhchaí mhór i ndán don Afraic. Ach tá gearghá i gcónaí le bunriachtanais mar oideachas, tithíocht, leictreachas, uisce glan agus cabhair leighis a chur ar fáil san Afraic inniu.

I gcomparáid leis an am atá thart tá cur chuige difriúil ag na tuataí óga a chraobhscaoileann an Soiscéal ar na misin inniu. Creidim go bhfuil daoine spreagtha ag spiorad na fl aithiúlachta agus deashampla na ndaoine óga seo, - daoine atá oilte, léannta agus atá lánsásta seirbhís den scoth a thabhairt. Sampla eile den dearcadh nua-aimseartha agus den chiall a bhaineann le freastal ná an obair iontach atá ar siúl ag soláthar tithíochta dóibh. Tá daltaí sa triú-domhan ag iarraidh staidéar a dhéanamh i mbotháin láibe is caolaigh i séasúr na báistí. Gabhaim buíochas le Dia don iliomad eagraíochtaí tuata atá ag déanamh a ndícheall saol na ndaoine sna tíortha seo a fh eabhsú. Is cinnte go bhfuil na hinnealltóirí agus an heolaithe óga a oibríonn agus a chuireann am agus eolas ar fáil go deonach ag déanamh obair Dé chun na córais nua uisce glan a sholáthar nó chun sráidbhaile nua a leictriú. Tá scoileanna, ospidéil, dilleachtlanna agus comharchumainn bheaga eagraithe ag na tuataí do na tuataí ar na gaineamhlaigh agus chomh fada leis na sléibhte. Tá tionchar ag seo ar na daoine óga a fh oghlaimíonn agus a leanann conas a gcúinsí féin a fh eabhsú. Tá géarghá leis an gcabhair airgid ón eagraíocht sa bhaile ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar an síorobair a dhéantar anseo ó mhaidin go hoíche.

Is é ceann de na tíolacthaí is fearr a bhronn Dia ar an duine daonna ná comhroinnt eolais agus tallann agus is é mo ghuí go mbeadh a lán daoine eile sásta am agus fuinneamh a chaitheamh go deonach sa obair seo. Tá áthas ormsa gur spreagadh mé roinnt blianta a chaitheamh sa Triú Domhan agus smaoineoidh mé go lúchaireach agus le buíochas i gcónaí ar na blianta sin.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ IÚIL 2014 Go gcuidí an Spiorad Naomh le hobair na dtuatach atá ag fógairt an tSoiscéil sna tíortha bochta.

Foclóirín: Caolaigh: wattle; gaineamhlaigh: sandy deserts; tíolachtaí: divine gifts; dílleachtlann: orphanage

This article is from: