4 minute read

De Montfort, Ceilteachas & Frank Ó Duibh Eanna Ó Duinnshléibhe

Éanna Ó Dunnshléibhe IN ÓMÓS DO LÉIGIÚN MHUIRE

DE MONTFORT, CEILTEACHAS AGUS FRAINC Ó DUIBH

Chaithfear a rá go raibh tréithe an Cheiltigh go soiléir le feiceáil sa Montfortach, é díograiseach, fi leata, ceólmhar, taghdach, fuinniúil, beagbheann ar chompóirdí an tsaoil. Do bhí an Bhriotáinis ar a dhóigh aige mar ba mhinic dó ag tabhairt misean do threabha na n-oileán agus na ndúiche.

Duine léannta freisin é a dhein freastal ar an Sorbonne agus a bhí seal ina leabharlannaí i gcliarscoil N. Sulpice. Is ann a bhunaigh sé catalóg atá ar fáil go fóill agus a léirigh dá bheathaisnéisithe an foinse domhain spioradálta as a dtarraing sé an tinfeadh dea-bhunaithe a sheas dó i rith an chúrsa chorraithe a bhí roimhe, a fh reagair lucht a cháinte agus a sheól ar bhealach a chanónaithe é ar ball. Rud a chuireann mór-íontas ar a dhaltaí ná na 164 cainticí a chum sé dos na fíréin lena gcanadh le linn na misean, iad ar dul na n-amhrán a bhí coiteann ar bheóla na ndaoine. Tógann siad 861 leathanaigh as “Iomlán a Oibre” (Oeuvres Complėtes).

In Éirinn do bhí oidhreacht cheóil ag dul le reiligiún. File adúirt.

Bocht an eaglais bhíos gan cheol,

Dáividh rí do sheol an reacht, cia an pápa tháinig riamh nár mhol dá chliar an ceol ceart? (Measgra Dánta 7)

Chuir an Reifi rméisean bac leis an gceol i dTeach an Phobail i bhfus go dtáinig laetha an Athar Faber, Protastúnach Sasanach a d’iompaigh ina Chaitliceach. Bhí féith an cheóil ann freisin a chuir sé borradh nua ar cheól eaglasta, a chaintic “Faith of our Fathers” geall le bheith ina h-aintiún náisiúnta againn in Éirinn.

Do bhí an dara bua ag an Athair Faber freisin. Bhí suim agus tuigsean aige i leith lámh-scríbhinní Montfort ar fh íordheabhóid do Mhuire, ciste a fritheadh i mbosca faoin bhfód sa bhliain 1842 i Saint-Laurent-sur-Sèvre sa Vendéé, 63 blianta tar éis Réabhlóide na Fraince and an slad a lean ar muintir an Vendée agus na Briotáine; agus 136 blianta tar éis báis Montfort. Do dhein an tAthair Faber téacs Montfort a aistriú ina Bhéarla agus a chur i gcló sa bhliain 1864. An clódóir: Thomas Richardson & Son, Londain agus brainse aige in uimhir a 9, Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath. Maith mar a thárla ós rud é gurbh é Árd-Easpag Átha Cliath, an Dochtúir Pól Ó Coileáin (go gairid le bheith ina Chairdinéal) a cheadaigh an cur i gcló. Ba chóip den eagrán seo a thit idir lámha Frainc Uí Dhuibh ar stalla leabhar cois Life i 1918. Sean-chóip le clúdach stróicthe a fuair sé ar cheithre phingne. Ach ní staid an leabhair a chuir as dó ach stíl árdaigeanta an údair gur fh ág sé i leathtaobh é. Mura mbeadh spreagadh mion minic Tomáis Uí Fhallúin, cara a athar i dTeach an Chustaim, níor

De Montfort agus Frainc Ó Duibh

Rud a chuireann mór-íontas ar a dhaltaí ná na 164 cainticí a chum sé dos na fíréin lena gcanadh le linn na misean

dhóigh go léifeadh sé arís é. Ach do dhein – faoi dhó, faoi thrí … faoi sé .. go ndúirt leis féin “Ní ar an leabhar atá an locht ach ormsa”. Is ón léargas seo a roinn sé lena chompánaigh i dTeach Myra a d’fh ás Léigiún Mhuire.

Ag trácht ar cheilteachas, tá fíor-sheans ann go raibh ceilteachas i bhféithe Naomh Pádraig. Bhí ainm Romhánach ar a athair agus a shean-athair ach is gnáth do threabha atá ag lonnú go fada i dtíortha iasachta idirphósadh le muintir na h-áite. Tá cuntaisí stairiúla ann a deir go dtáinig cuid dá mhuintir anonn go hÉirinn ar ball ag cuidiú leis ina mhisiún. Is leide eile ainm áite a bhreithe: Bannaven Taburniae. Ceilteachas an focal tosaigh – é cosúil le Bun Abhann. Bhí Frainc Ó Duibh an-bhródúil gurbh é an Dubhthach, príomh-chomhairleoir Árd-Rí Laoghaire a bhris líne chun fáiltiú roimh N. Pádraig nuair a tháinig sé isteach sa Chúirt Ríoga i dTeamhair.

Cén fá a ndéanfaí trácht ar Phádraig Naofa in éineacht leis an Dubhthach agus an Monfortach. Tá cosúlacht ann go bhfuilimid ag trácht ar dhaoine go bhfuil mianach eisceatolaíoch iontu. Tá báidh acu leis na hamantaí deireanacha. Cuir i gcás Naomh Pádraig ag plé Dia fá dhílseacht go deire an ré do bheith ag muintir na hÉireann. I bhFaoisdin Naomh Pádraig, cloisimíd é ag éamh ar Élias agus é dá chiapadh ag an Deamhan. Agus cá h-áit a fh aghaimíd an Monfortach agus é ag scríobh a obair fh ádhiúil “An FíorDheabhóid don Mhaighdin Mhuire” ach in uachais Naomh Elias i La Rochelle. Agus Frainc? De réir Montfort, is ullmhú don gcomhrac deireannach atá i gceist agus is mian a chroí go dtiocfadh duine cóir a léighfeadh agus a dtuigfeadh agus a chuirfeadh i gcrích an deabhóid a bhí léirithe aige chun laochra spioradálta a chothú a bhainfeadh bua ar gach fórsa ainscianta ins na h-amanntaí deireannacha. Tá an cheist dá phlé cheana féin i Meiriceá agus san Fhrainc: arbh é Frainc Ó Duibh an duine a chonaic Montfort lena shúil fáidh?

Foclóirín: Tinfeadh: inspioráid.

This article is from: