4 minute read

Lóchrann Dóchais: Léirmheas Séamus Ó Murchú

Séamas Ó Murchú ÓMÓS DO NANO

DEA-SCÉAL ÓN RÓIMH

I mí Deireadh Fómhair seo caite d’fh ógair an Vatacáin go raibh an teideal venerabilis bronnta ar Nano de Nógla. Seo an dara céim i dtreo haitheanta mar naomh; tá dhá chéim eile le dul. Gluaiseann an Eaglais go mall sna cúrsaí seo de ghnáth. Uaireanta déantar eisceacht i gcás daoine a bhfuil cáil idir náisiúnta orthu, ar nós an dá phápa atá le canónú i mbliana. Ach is beag duine taobh amuigh d’Éireann a chuala trácht ar Nano.

BLIANTA TOSAIGH

Rugadh Nano in aice le Cill an Mhuilinn, Contae Chorcaí, sa bhliain 1718. Bhain a muintir leis an uasaicme. Bhí a hathair, agus a shinsir roimhe leis na céadta bliain, ina dtiarnaí sa cheantar sin. Bhíodar ar an mbeagán teaghlach Caitliceach gur éirigh leo seilbh a choimeád ar a gcuid tailte sa ré sin. Nuair a bhí Nano 13 bliana d’aois cuireadh go dtí an Mhór-roinn í chun oideachas mná uaisle a fh áil. Meastar go dtí clochar in Ypres (sa Bheilg anois) a cuireadh í, ach níl deimhniú ar sin. Ina dhiaidh sin chuir í féin agus a deirfi úr, Anna, fúthu i measc na nGael i bPáras. Thaitin an saol léi, ach ba mhian léi i gcónaí fi lleadh ar Éirinn agus rud éigin a dhéanamh ar son a muintire.

ATHRÚ SAOIL

In 1746 fuair athair Nano bás agus tháinig sí féin agus Anna ar ais go hÉirinn. Dhá bhliain ina dhiaidh sin fuair a máthair bás agus go gairid dá éis sin, Anna. Ar feadh tamaill ní raibh a fh ios ag Nano cad ab fh earr di a dhéanamh. Ar deireadh shocraigh sí dul cónaithe i gcathair Chorcaí i dtigh a deartháir, Dáiví. Sin é an uair a thosaigh sí dáiríre ar obair a saoil.

NA SCOILEANNA

An uair úd ní raibh aon deis scolaíochta ag leanaí bochta, go mór mór sna bailte móra. Chuir Nano roimpi rud éigin a dhéanamh mar gheall ar sin, agus i 1750 d’oscail sí scoil bheag le haghaidh cailíní. Mhúin sí féin an Teagasc Críostaí agus d’fh ostaigh sí múinteoir le haghaidh na hábhair eile. Bhí éileamh chomh mór ar an scoil sin gurbh éigean di cinn eile a oscailt, agus scoileanna le haghaidh buachaillí chomh maith. Bhí an obair seo léir in aghaidh an dlí, ach níor bhac na húdaráis le Nano. Ba léir dóibh, is dócha, go raibh maitheas mhór á dhéanamh aici, agus nach raibh díobháil á dhéanamh aici d’aon dream.

ASPALACHT NA MBOCHT

Níorbh é oideachas na nóg an t-aon

Ar deireadh shocraigh sí dul cónaithe i gcathair Chorcaí i dtigh a deartháir, Dáiví. Sin é an uair a thosaigh sí dáiríre ar obair a saoil.

chúram a thóg Nano uirthi féin an tráth sin. Thosaigh sí ag dul amach um thráthnóna nó istoíche ag tabhairt cuairte ar dhaoine bochta: ag tabhairt blúire bia chucu b’fh éidir agus ag labhairt leo go cineálta. Is fi leata an cur síos atá ag Críostóir Ó Floinn uirthi: ‘D’fh eictí an bhean bheag seo ag cur di trí na sráideanna, lóchrann beag ina leathláimh aici ag soilsiú an bhealaigh roimpi agus lámh eile ag teannadh a clóca uimpi in aghaidh na gaoithe.’ Ní mór cuimhneamh go raibh na sráideanna sin salach, smúit agus deatach ar fud na háite, agus gach saghas bligeáird ag gabháil timpeall. Bean chróga ab ea Nano.

BUNÚ AN OIRD

Lean Nano ar aghaidh mar sin ar feadh na blianta, ag obair léi ina haonar. Ach nuair a bhraith sí an aois ag teacht uirthi bheartaigh sí comhthionól beag siúracha a chur ar bun. In 1775 Tháinig triúr ban óg chuici mar chompánaigh, agus in 1777 ghlac triúr acu, agus Nano mar aon leo, móideanna simplí na beatha rialta. D’iarradar le tacaíocht an easpaig, aitheantas oifi giúil mar ord, ach níor tháinig sin go ceann blianta fada. I mí Aibreán 1784 fuair Nano bás. Go ceann roinnt blianta bhí baol ann go dtiocfadh scaipeadh ar an gcomhthionól beag, de dheasca deacrachtaí airgid agus eile. Ach de réir a chéile d’fh eabhsaigh rudaí. Tháinig mná óga eile chucu, agus in 1805 fuaireadar an t-aitheantas oifi giúil ar deireadh. Is mar sin a bunaíodh Siúracha na Toirbhirte, ceann d’oird mhóra teagaisc na hÉireann.

NAOMH NANO?

An fada go bhfógrófar Nano de Nógla ina naomh? Ní fi os d’éinne. Ach ní hé an rud is tábhachtaí. Ní haon smaoineamh den sórt sin a bhí ina ceann aici féin agus í ag brostú léi trí shráideanna Chorcaí fadó. Ní raibh uaithí riamh ach a dícheall a dhéanamh ar son na mbocht, go mór mór na leanaí. An tslí is fearr inar féidir onóir a thabhairt di inniu ná a deashampla a leanúint, agus na luachanna a bhí aicise a chur chun cinn i saol an lae inniu. Agus tá lánchead againn feasta a hidirghuí a iarraidh.

Nóta. Tá cuntas iomlán ar shaol Nanó le fáil sa leabhar Lóchrann Dóchais le Críostóir Ó Floinn (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2005).

This article is from: