An Timire - Samhradh 2014

Page 42

42

Séamas Ó Murchú

ÓMÓS DO NANO

DEA-SCÉAL ÓN RÓIMH I mí Deireadh Fómhair seo caite d’fhógair an Vatacáin go raibh an teideal venerabilis bronnta ar Nano de Nógla. Seo an dara céim i dtreo haitheanta mar naomh; tá dhá chéim eile le dul. Gluaiseann an Eaglais go mall sna cúrsaí seo de ghnáth. Uaireanta déantar eisceacht i gcás daoine a bhfuil cáil idir náisiúnta orthu, ar nós an dá phápa atá le canónú i mbliana. Ach is beag duine taobh amuigh d’Éireann a chuala trácht ar Nano. BLIANTA TOSAIGH Rugadh Nano in aice le Cill an Mhuilinn, Contae Chorcaí, sa bhliain 1718. Bhain a muintir leis an uasaicme. Bhí a hathair, agus a shinsir roimhe leis na céadta bliain, ina dtiarnaí sa cheantar sin. Bhíodar ar an mbeagán teaghlach Caitliceach gur éirigh leo seilbh a choimeád ar a gcuid tailte sa ré sin. Nuair a bhí Nano 13 bliana d’aois cuireadh go dtí an Mhór-roinn í chun oideachas mná uaisle a fháil. Meastar go dtí clochar in Ypres (sa Bheilg anois) a cuireadh í, ach níl deimhniú ar sin. Ina dhiaidh sin chuir í féin agus a deirfiúr, Anna, fúthu i measc na nGael i bPáras. Thaitin an saol léi, ach ba mhian léi i gcónaí filleadh ar Éirinn agus rud éigin a dhéanamh ar son a muintire.

Timire Summer 2014.indd 42

ATHRÚ SAOIL In 1746 fuair athair Nano bás agus tháinig sí féin agus Anna ar ais go hÉirinn. Dhá bhliain ina dhiaidh sin fuair a máthair bás agus go gairid dá éis sin, Anna. Ar feadh tamaill ní raibh a fhios ag Nano cad ab fhearr di a dhéanamh. Ar deireadh shocraigh sí dul cónaithe i gcathair Chorcaí i dtigh a deartháir, Dáiví. Sin é an uair a thosaigh sí dáiríre ar obair a saoil. NA SCOILEANNA An uair úd ní raibh aon deis scolaíochta ag leanaí bochta, go mór mór sna bailte móra. Chuir Nano roimpi rud éigin a dhéanamh mar gheall ar sin, agus i 1750 d’oscail sí scoil bheag le haghaidh cailíní. Mhúin sí féin an Teagasc Críostaí agus d’fhostaigh sí múinteoir le haghaidh na hábhair eile. Bhí éileamh chomh mór ar an scoil sin gurbh éigean di cinn eile a oscailt, agus scoileanna le haghaidh buachaillí chomh maith. Bhí an obair seo léir in aghaidh an dlí, ach níor bhac na húdaráis le Nano. Ba léir dóibh, is dócha, go raibh maitheas mhór á dhéanamh aici, agus nach raibh díobháil á dhéanamh aici d’aon dream. ASPALACHT NA MBOCHT Níorbh é oideachas na nóg an t-aon

19/05/2014 12:48


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.