An Timire - Samhradh 2014

Page 1

F���������� Í������� S������� 2014 € 3.75/Stg£3.25

An Spórt agus Forbairt an Duine Deireadh Seachtaine do bheirt le gnóthú Páistí a theith, i nGéarghá Nóibhéine don Chroí Naofa

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Summer 2014.indd 1

19/05/2014 12:47


Eagarfhocal

SNÁMH IN AGHAIDH EASA!

M

inic go leor is dóigh le daoine gur snámh in aghaidh easa atá in iarrachtaí leis an nGaeilge a athbheochan is a atfhás sa phobal beag seo againne in oileán na hÉireann. Cé snámhann in aghaidh easa gach uile bhliain? Féach ar thoradh iarrachtaí na mbradán sin. Síolrú is toradh leis, síolrú is na mílte bradán óga ag dul chun farraige in am trátha. Is annamh a scríobhtar faoin nGaeilge féin san iris seo. Is fearr linn í a úsáid mar mheán chumarsáide ná a bheith ag caint fuithi. Ach is fiú amharc, ag an bpointe seo, ar a bhfuil ag titim amach in ár measc. Is fiú a thabhairt faoi deara céard is údar leis is an toradh céadach is féidir a bheith le snámh in aghaidh easa an ghlúin seo againne. Thiar ar an gCeathrú Rua, i gConamara, ar urlár Theach an Phobail, tá mar a bheadh sruth uisce, i bpátrún an líonóil, ag dul caol díreach ón iomar baiste ag bun a tseípéil go ‘linn’ ciorcalach os comhair na haltóra. Istigh sa ‘linn’ seo tá dhá iasc mhóra. Timpeall ar an linn séard atá scríofa ná ‘Éist le glór an hAbhann.’ ‘Éist le glór na habhann is gheobhair breac’, a deir an seanfhocal. Tá an breac nó an t-iasc ar cheann de na híocóin is sinsirí de Íosa Críost, dá bhfuil againn. Agus an dá bhreac sa ‘linn’? An léamh atá agamsa ná nuair a thagann an Spiorad Naomh i gcroí is in anam an Chríostaí tugann an Spiorad caol direach sinn chuig an Athair is chuig Íosa. Sin a thárlaíonn dúinn nuair atá tabhairt faoi deara atá beagán gléineach againn ar chomharthaí na linne. Agus dar liomsa tá a bhfuil ag tárlu i saol na Gaeilge ar cheann de chomhaarthaí na linne dúinne Éireannaigh. Ní bás is toil le Dia ach go mbeadh an bheatha againn is go mbeadh sé againn go fial. Ní bhíonn Dia riamh díomhaoin ach é i gcónaí ag saothrú linn, ionainn is ar ár son. Sin ceann de na léasanna solais is gléine a

raibh Inigo Loyola in ann a chaitheamh ar an saol daonna seo againne. Agus tá cuid mhór de comharthaí sóirt ár nDia saothraitheach le tabhart faoi deara i saol na Gaeilge inniu.. Tabhair faoi deara an bheocht atá sna daoine óga atá gníomhach i nGluaiseacht na Gaeilge. Tabhair faoi deara an chaoi a bhfuil an teanga ag beathú a bhféiniúlacht is a bhféinmhuinín. Tá siad ag cruthú saol úrnua sa teanga, ag caint lena chéile thar tonnta an idirlín in ollfharraigí na cruinne. Tá ceol nua dá chumadh mar thionlachan do amhráin an ghlúin óig seo againne. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin. Tá Dia, Trianóid an Athair, an Mhic is an Spiorad Naomh go hiomlan páirteach linn, i mbeathú an ghlúin óig i dtír, in oileán, na hÉirinn. Agus is cuid dhílis den bheathú sin athfhás na teanga atá againn le sinsireacht. Tá Dia ag tabhairt guth nua dúinn lenár ndúil sa bheatha, sa cheart is sa chóir a chur i bhfocal. Ach ní próiséas uathoibríoch é seo. Is gá éargna a chur i bhfeidhm le bheith níos cinnte go bhfuil muid ag leanacht slí na beatha is ag leámh comharthaí na linne i gceart. Is gá saothar le cumas na teanga a cheapadh in ár líon pearsanta is i líon ár bpobal. Tugann cur i bhfeidhm an éargna, a bhronnann Dia orainn mar chumas daonna, treoir dúinn in ár ngníomhaíochtaí. Cuireann Dia cuid de thorthaí an Spioraid ag fás ionainn agus muid ag saothrú in éindigh leis; áthas, gliondar fiú, foighid leis an gcomharsan, grá is tuiscint dó, flaithiúlacht ina Leith, dílseacht agus síocháin in ár gcroí. Sin nuair a thuigimid gur chuid dár ngairm an teanga a bronnadh orainn, a chur ar athfhás i measc an aosa óig mar acmhainn lena gcumarsáid daonna a shaibhriú is a bheathú. Éistimis le glór na habhann. Frainc Mac Brádaigh SJ

Foclóirín: ‘éargna a chur i bhfeidhm’: to discern / discernment

Timire Summer 2014.indd 2

19/05/2014 12:47


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 7 9 12 14 16 18 20 22 23 28 30 32 34 36 38 40 42 44 46

An Eaglais Bheo Alan Mac Eochagáin SJ Griangrafanna ón gComórtas Deachma na Dífhostaíochta Seán Mac Suibhne An Creideamh san Eoraip Dónall Ó Riagáin Agaistín, na blianta tosaigh Daithí Ó Ceallaigh OSA Oilithreacht chuig an Róimh An tAth. Fiontán Ó Monacháin De Montfort, Ceilteachas & Frank Ó Duibh Eanna Ó Duinnshléibhe Spórt agus Forbairt an duine Bernard Ó Conaill Dánta Dónall Ó Conaill & Pól Ó Muirí Nóibhéine don Chroí Ró-Naofa Charlie Davy SJ San Afraic Thoir Mary Gurrin Obair na Meáin ón taobh istigh Katie McGreal Cór Emmanuel An tAth. Pádraig Ó Donnchú Fáilte a Choimisinéar Slánú Leon Ó Giolláin SJ Teifigh i nGéarghá Eoghan Ó Cuinn Lúcháir an tSoiscéil An Bráthair Moy Hitchen Lóchrann Dóchais: Léirmheas Séamus Ó Murchú Sa mBaile i mo Cholainn: Léirmheas Katie McGreal An Aspaltacht Urnaitheach

Ar dheis Dé: An tSr. Helen de Paor; Peadar Ó Liatháin; An tAth. C de Faoite; Pádraig Ó Ceallaigh; An tAth Liam Mac an tSagairt; Éibhlín Nic Gearailt; An tAth P Ó Cuinn; Éamonn Ó Gréacháin; Paula Bean Uí Eochaidh; Claire Bogan; Séamas Ó Ceallacháin Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502 r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Timire Summer 2014.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 456 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Bealtaine 2014 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

19/05/2014 12:47


4

Alan Mac Eochagáin SJ

AN EAGLAIS BHEO

Dé hAoine 27ú Meán Fómhair seo caite, bhailigh 1,700 daoine óga le chéile i Halla Cois Cuain Bhéal Feirste. Ba iad na páistí a chuaigh faoi lámh an Easpaig san Earrach agus tugadh arais le chéile iad go dtuigfidís go bhfuil áit lárnach acu i gcónaí i saol na hEaglaise. Lá spleodrach, spreagúil a bhí acu. An lá dar gcionn bhí an oiread céanna daoine fásta i láthair mar chuid de Chomhdháil Dheoise an Dúin agus Choinnire. Clochmhíle a bhí ann don ghluaiseacht darbh ainm An Eaglais Bheo. PRÓISÉAS ÉISTEACHTA Sa bhliain 2010 chuir an tEaspag Mac Tréinfhir ‘próiséas éisteachta’ ar bun inar tugadh deis do gach aon duine, idir chléir, lucht na beatha rialta agus thuataí, a gcuid tuairimí a nochtadh. Ag éirí as an phróiseas sin cuireadh Plean Pastóireach don Deoise le chéile a seoladh ag an Chomhdháíl. Is iad seo ceannteidil an Phleain sin: Comhoibriú agus chomhfreagracht idir cléir agus tuataí. Tuigeadh go ginearalta go bhfuil géarghá le fuinneamh agus scileanna Phobal Dé ar fad a chur ag obair le Ríocht Dé a thógáil inár measc. Is é aidhm atá ag an deoise anois ná Comhairle Tréadach a bhunú i ngach aon pharóiste agus

Timire Summer 2014.indd 4

cuidiú a thabhairt do na comhairlí sin fás agus feidhmiú mar is ceart. Pobal Oscailte agus Fáiltiúil. Dúradh go forleathan go gcaithfidh an Eaglais deireadh a chur leis an mheon dhiúltach sin nach scaoileann le heolas ach go drogallach. Tuigimid gur féidir le daoine a gcroí a chur isteach i rud nuair a bhíonn eolas maith acu air. Cuirfimid béim ar struchtúir mhaithe chumarsáide a bheith againne. Rud eile, is minic a dúirt daoine gur shíl siad nach gcuirimid fáilte cheart roimh dhaoine úra a thagann chun cónaithe inár measc. Is é sprioc atá againn Foireann Fáilte a bhunú i ngach aon pharóiste. Cúram na Sagart. Moladh gur cheart don chléir ligint do na tuataí rólanna a ghlacadh i seirbhís na hEaglaise nach bhfuil sacraimint an Oirnithe de dhíth iontu. Dúradh go forleathan gur ceart tréanáil leanúnach a bheith ar fáil ag an chléir sa chaoi ina bhfuil sé ag daoine i ngairmeanna eile. Ceiliúradh an Chreidimh. Dúirt muintir na deoise trí chéile go raibh an-mheas acu ar an chreideamh agus ar liotúirge na hEaglaise ach, faraor, nach bhfuil eolas maith acu, go hairithe ar na scrioptúir. Tuigtear go bhfuil dualgas ar gach aon

19/05/2014 12:47


5

Tá imní orainn nach rachaidh an creideamh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

duine deiseanna a thapú le saibhreas an chreidimh a iniúchadh sna scrioptúir agus sa diagacht. Seachadadh an Chreidimh. Rud a chualathas go minic ar fud na deoise: ‘Tá imní orainn nach rachaidh an creideamh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.’ Tuigeadh go gcaithfear tréaniarracht a dhéanamh tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga agus dá dtuismitheoirí, go háirithe i ndiaidh an Chóineartaithe. ARDÚ MEANMAN Bhí rud i bhfad níos doimhne ná ‘Seoladh Oifigiúil’ i gceist sa Chomhdháil. Nuair a bhí an dá lá thart d’admhaigh cuid mhór daoine gur tháining siad go drogallach, ‘ar son na cúíse’ ach nuair a thosaigh siad ag bualadh le daoine eile, seanchairde agus strainséirí araon, gur tugadh an-ardú meanman dóibh. Bhí 1,700 caitliceach bailithe isteach sa Hall Cois Cuain, an t-ionad pobail is lárnaí i mBéal Feirste, agus iad uilig dílis don chreideamh agus bródúil as. I gclár na maidine thug Breda O’Brien caint álainn spreagúil uaithi agus ina dhiaidh sin bhí painéal ar an stáitse agus Martina Purdy (ón BBC) mar chathaoirleach. Rinne siad

Timire Summer 2014.indd 5

plé oscailte, suimiúil ar na ceisteanna móra a bhíonn ag dó na geiribe asainn uilig agus agus an lucht féachana ag éisteacht go géar leo. Ag am lóin, bhí cead a gcinn ag daoine fanacht san áit agus ceapairí a ghlacadh nó dul amach chuig bialanna sa chomharsanacht. Bhí an ghrian ag soilsiú agus b’iontach an radharc na sluaite ina suí amuigh faoin ghrian ag déanamh picnic agus atmasfaer na lúcháire ar fud na háite. Sa tráthnóna bhí rogha maith ceardlanna ar fáil, mar shampla: Peter McVerry SJ ar ‘An Soiscéal agus seirbhís do na boicht’ agus an tEaspag Alan Abernethy (Deoise Choinnire, Eaglais na hÉireann) ar ‘Críost a leanstan i sochaí atá scoilte’. Labhair an tEaspag Abernethy agus tuatach Anglacanach , Trevor Douglas, go láidir faoin chathú atá orainn titim sa bhiogóideacht agus san eascairdeas. Labhair sé go hoscailte agus go hionraic faoina dtógáil féin i gceantracha protastúnacha i mBéal Feirste agus ar an Lorgán i gCo. Ard Mhacha. Chuaigh ionracas an bheirt acu i bhfeidhm ar gach aon duine. San oíche bhí ceolchoirm álainn againn. Chuaigh gach aon duine abhaile tuirseach ach le hardú croí.

19/05/2014 12:47


6

GRIANGHRAFANNA ÓN GCOMÓRTAS

Claudia Villa , ‘Corkagh Pond’

Timire Summer 2014.indd 6

19/05/2014 12:47


7

Philip Mulvey, ‘Luí na Gréine’

Claudia Villa, ‘Wellington Monument’

Timire Summer 2014.indd 7

19/05/2014 12:47


Timire Summer 2014.indd 8

19/05/2014 12:47


9

Seán Mac Suibhne

DEACHMA NA DÍFHOSTAÍOCHTA De réir mar a bhogann na míonna thart agus é teipthe ort post a fháil fós, tosaíonn sé dod’ ghoineadh agus goineann sé go dona thú. Aisteach go leor is comhartha í an phian gur duine thú mar chách. Níl sé ceaptha dhuit a bheith gann ar airgead agus náirithe dá réir, ná a bheith go maith ag folú nach bhfuil tú in acmhainn do sciar féin a íoc.

Níl sé ceaptha dhuit a bheith sciliúil i mbun ‘an lá a chur isteach’ agus gan difir ar bith a bhrath idir laethanta oibre agus laethanta saoire. Ní théann tú i dtaithí ar easpa freagraí ó na fostóirí ar do cv agus do chuid litreacha iarratais, ná na slite éagsúla ina gcuirtear in iúl duit nach tusa an té atá á lorg acu, ná an buille amhrais a chíonn tú i súile daoine eile; ‘tuige nach bhfuil sé ag obair? Fiú is nach raibh tada cearr i dtosach, tá iarraidh den phriacal ag rith leis anois’. Le fírinne, fiú is go bhfuil tacaíocht ó do mhuirín agus gréasán dea-chairde agat, is féidir go dtosódh tú fhéin ag titim isteach lena gcuid amhrais. Seadaíonn an féin-amhras ionat agus bíonn dod’ chreimeadh. Buailtear buillí troma mar a bheadh casúr ar inneoin ar do chuid féinmheasa, do chuid muiníne agus do spéis sa todhchaí, agus éiríonn sé níos deacra déanamh go maith ag agallamh nó ar chúrsa oiliúna. Léirítear an-chuid imní sna meáin agus i gcaint pholaiteoirí agus lucht déanta polasaí faoi cheist na dífhostaíochta fadtéarmaí. Comhartha is ea é go bhfuil téarnamh eacnamaíoch i bhfad ar gcúl, gur tromshracadh ar an maoiniú poiblí é, agus mura ndéantar é a choisceadh go

Timire Summer 2014.indd 9

mbeidh an-chuid fadhbanna sóisialta a leanfaidh dá bharr ar a lorg. Bítear suite dhe nach mór don Rialtas agus don Roinn Coimirce Sóisialta tabhairt go dána faoi leasuithe polasaí agus institiúideacha ar mhaithe le aghaidh a thabhairt ar an gceist; is fíor sin go léir ach is mór idir é agus an scéal ina iomláine. Mura mbíonn daoine a bhfuil doimhin-tuiscint acu ar shaol daoine atá dífhostaithe agus na bacanna seachtracha agus inmheánacha a chastar orthu maidir le fostaíocht a fháil, murar daoine mar iad a bhíonn i mbun leasuithe a chumadh agus a chur i bhfeidhm, ní bheidh éifeacht le seirbhísí agus bearta tacaíochta a dhéantar a mhaoiniú ag cáiníocóirí. Tharlódh gur damáiste le cois a dhéanfaí do dhaoine de bharr bearta ar ceapadh iad ar son a bheith ar mhaithe leo (m.sh., smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm go deifreach agus go hiomrallach; comhairle gan mhaith; oiliúint á thabhairt nach bhfuil feiliúnach nó nach mbíonn dul chun cinn ar bith dá bharr; taithí oibre ach gur taithí é a fhágann go bhfuiltear ag breith buntáiste orthu srl.). Tá an-chuid daoine óga ann a bhfuil a gcéad phost á lorg acu. Tá dream

19/05/2014 12:47


Ní taithí go post; ní post go taithí. beag ina measc a raibh deacrachtaí acu ar scoil agus a bhfuil deacrachtaí mar an gcéanna nó níos measa acu ag aimsiú jeab nó ag teacht ar an oiliúint a chuirfeadh ar chonair na fostaíochta iad. Tá dream i bhfad níos líonmhaire a bhfuil an Ardteistiméireacht, nó cáilíocht iarArdteistiméireachta, nó go fiú cáilíocht tríú leibhéil acu ach a ndeirtear leo nuair a dhéanann siad iarratas ar phost go bhfuil siad ar uireasa an taithí atá riachtanach. Ní taithí go post; ní post go taithí. Cá hionadh go gcinneann líon mór acu más go drogallach fhéin é dul ar imirce agus dul sa tóir ar thús deise i Meiriceá Thuaidh, i Sasana nó eile? Tá taighde ann a léiríonn nach gcumhdaíonn go fiú cáilíocht tríú leibhéil daoine óga (m.sh., banaltraí, múinteoirí) ón bhféinamhreas chreimeach a chúisíonn an dífhostaíocht agus gur féidir go mbeadh iarchéimithe scanraithe ar feadh an chuid eile dá saol oibre de bharr luath-thaithí na dífhostaíochta. Iad siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach sa lá atá inniu ann, áfach, don gcuid is mó is daoine iad atá idir 25 agus 44 bliain d’aois, is é sin le rá, daoine atá i mbarr a maitheasa i ndáil lena saol oibre. Tá líon mór acu ann a thit le dífhostaíocht tar éis post a thaitnigh leo a chailleadh agus ar phost é a chuir ar a gcumas a mbealach a íoc is fearasbarr leis. Chaill siad a bpost in earnáil na

Timire Summer 2014.indd 10

tógála, sna bainc, in eastát réadach, nó in iliomad slite beatha eile sna gnóluchtaí móra agus beaga a rinne go maith le linn don eacnamaíocht a bheith ag borradh. Thóg a lán acu amach morgáistí, chuaigh i mbun clainne agus tá na costais agus na freagrachtaí uile orthu a ghabhann le teach agus teaghlach a chothabháil. Baineann an titim ina gcaighdeán maireachtála de bharr dífhostaíochta critheadh astu agus ídítear a gcuid coigiltí go mear rud a chuireann orthu cinnidh phianmhara a dhéanamh maidir le cúram leanaí, árachas sláinte, scoileanna, gluaisteáin agus a leithéid. An tríú grúpa tábhachtach ina measc siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach, tá sé comhdhéanta de dhaoine atá os cionn 25 bliain d’aois agus nach ndearna go maith fiú nuair a bhí margadh na fostaíochta ag borradh roimh 2008. Le linn ré an Tíogair Cheiltigh, ní raibh ar a gcumas a dhul in iomaíocht lena raibh de dhaoine óga ag dórtadh amach as an gcóras oideachais, le mná níos cáilithe ná iad a shocraigh teacht isteach sa linn saothair agus le hoibrithe a tháinig isteach as tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Tar éis gur fhan siad ar leas sóisialach le linn bhlianta an rathúnais, chítear dóibh gur deacra go mór fanacht ina theideal anois ó tháinig ann do na drochbhlianta. Ó tá an oiread sin daoine le cois i ngábh an riachtanais, agus é

19/05/2014 12:47


11

ag teip ar an stát leabhair na gcuntas a chomhardú agus é mionnaithe éirí as iasachtaí airgid d’fhonn gan cur le carnadh fiacha, le fírinne is droch-am é le bheith i dtaithí ar leas sóisialach, ná a bheith ag ceapadh go gcuireann sé slándáil agus frámaíocht ar fáil trína bhféadfar cineál eicínt saoil réasúnta maith a chaitheamh. Ní mór dúinn más ea, sinn féin a choinneáil ar an eolas faoi chomh coimpléacsach agus chomh pianmhar is atá saol daoine atá dífhostaithe agus gan cur lena mbráca trí bheith ag trácht orthu amhail is gur fadhb iad nó gurb iad is trúig lena gcinniúint féin. Ní mór dúinn mar an gcéanna a bheith comhbhách agus comhthacúil leo siúd a bhíonn ag obair ar a son agus in éineacht

leo san earnáil phoiblí, sa bpobal, agus san earnáil dheonach, agus go gairid ach a mbíonn clár an Jeab-Chonair faoi bhealach, san earnáil phríobháideach freisin. Is féidir go mbeidís sin ag saothrú mar a bheadh ag cineál tús line agus iad suite idir lucht na meán cumarsáide agus lucht bainistíochta ar mian leo go mbainfí níos mó daoine den BheoChlár agus go mbeadh níos lú airgid á chaitheamh, ar an láimh amháin, agus na castachtaí a ghabhann le beathaí daoine agus a mbíonn gá ina leith le am agus tacaí a bheadh múnlaithe agus comhoiriúnaithe go cúramach d’fhonn aghaidh a thabhairt orthu, ar an láimh eile. ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’. Tig an rud céanna a mhaíomh freisin ar dhaoine atá dífhostaithe.

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MEITHEAMH, 2014 Go bhfaighe daoine atá gan fostaíocht cuidiú agus an obair is gá dóibh chun maireachtáil faoi dhínit. Foclóirín: Seadaigh: settle (briathar); téarnamh: recovery; deachma: destruction; coimpléascach: casta

TEARMANN

Ar bhain tú triail as go fóill? www.tearmann.com

Abair le duine éigin eile go bhfuil sé ann LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Timire Summer 2014.indd 11

19/05/2014 12:47


12

Dónall Ó Riagáin

AN CREIDEAMH SAN EORAIP

Bhí an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn inar fhréamhaigh an Chríostaíocht, óir bhain cuid mhór de dheisceabail Chríost úsáid shamhlaíoch as gréasán Impireacht na Róimhe chun an dea-scéala a leathadh. Nuair a chlis ar an Impireacht chuaigh an Chríostaíocht i léig in áiteanna agus bhí lámh nach beag ag misinéirí ó Éirinn i dtabhairt thar n-ais na hEorpa chun an chreidimh. Siúd is go raibh lipéad na Críostaíochta buailte go soiléir ar an Eoraip ní raibh grá Dé le brath ar chuid mhór d’iompar a cuid cinnirí a mhaígh gur Críostaithe iad. Níor leasc leo tarraingt ar chogaí is ar ghéarleanúint chun a dtoil a chur i bhfeidhm. In ainneoin a cúlra Críostaí ba san Eoraip sa dara leath den 19ú céad agus sa chéad leath den 20ú haois a bhí trí cinn de na cogaí ba mheasa dá bhfaca an cine daonna riamh – An Cogadh Franco-Prúiseach, an Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda. Maraíodh na milliúin, idir chomhraiceoirí agus shibhialtaigh. Críostaithe ag marú Críostaithe agus go minic sagairt agus ministrí Críostaí eile á mbeannú roimh chatha! Nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart thosaigh an obair atógála agus an

Timire Summer 2014.indd 12

uair seo bhí anáil láidir na Críostaíochta le sonrú uirthi. Bunaíodh Comhairle na hEorpa i 1949 agus, anuas ar chomhoibriú idir náisiúin na hEorpa a éascú agus a spreagadh, dhréachtaigh an Chomhairle breis is 200 chonradh a thacaíonn le agus a chosnaíonn cearta an duine. Is é an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine an ceann is tábhachtaí díobh. Críostaithe tiomanta ba ea Robert Schuman agus Jean Monnet, príomhailtirí an Chomhphobal Guail agus Cruaiche, a bunaíodh i 1951. Le linn na tréimhse ó bhunú an chéad Comhphobail go dtí an lá atá inniu ann ní raibh aon mhór-chogadh san Eoraip, tháinig ardú suntasach ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine, cuireadh saoroideachas ar fáil don chuid is mó den phobal, tógadh córais leasa shóisialaigh a thugann cosaint in aghaidh na fíorbhochtaineachta agus cruthaíodh córais leighis don phobal ina iomláine. Cinntíodh saoirse creidimh agus coinsiasa. Cuireadh deireadh nach mór go hiomlán le pionós an bháis agus sa chuid is mó d’éirigh tíortha na hEorpa as an gcoilíneachas. Tosaíodh ar chearta na mionlach a aithint – cearta teanga ina measc.

19/05/2014 12:47


13

An Conradh Pháras bunaítear an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), 18 Aibreán, 1951

Deir Conradh an Aontais Eorpaigh in Airteagal 3 : “… Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú”. Nuair a theip ar an gCumannachas shín tíortha saibhre Iarthar na hEorpa lámh chúnta chuig tíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa. Ré órga don Eoraip agus luachanna na Críostaíochta in uachtar fiú mura raibh lipéad na Críostaíochta buailte anuas orthu! Ach in ainneoin an dul chun cinn seo ar fad tá teipthe ar an Eoraip idéal na Críostaíochta a leanúint go críochnúil. Tá bochtaineacht agus éagóir fós san Eoraip agus leatrom á imirt ar dhaoine soghonta, tá mí-úsáid drugaí ina fadhb i gcónaí, tá ginmhilleadh agus mí-úsáid ghnéis á gcleachtadh, bíonn ciníochas

Nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart thosaigh an obair atógála agus an uair seo bhí anáil láidir na Críostaíochta le sonrú uirthi.

le sonrú ar uaire agus glacann tíortha áirithe Eorpacha páirt fós i gcogaí i dtíortha i gcéin. I bhfocail eile, níl teagasc Chríost imithe i bhfeidhm go hiomlán fós ar ár mór-roinn ná baol air. Tá an Pápa Proinsias tar éis dul i gcionn ar dhaoine ar shlí nár éirigh le haon Phápa eile a dhéanamh ó aimsir Eoin XXIII i leith. Agus a dhroim tugtha aige le postúlacht agus éirí in airde, tá freastal ar bhochtáin ar bharr a liosta tosaíochtaí. Tá macalla Sheanmóir Chríost ar an Sliabh, an óráid ba réabhlóidí dar tugadh riamh, le cloisteáil go soiléir ina chuid cainte. I tvuít a sheol sé le déanaí, dúirt sé: “Ní leor dúinn a rá gur Críostaithe sinn. Ní mór dúinn an creideamh a mhaireachtáil, ní lenár mbriathra amháin, ach lenár ngníomhartha”. Dúshlán! Tá tráth aggiornamento buailte linn arís.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MEITHEAMH 2014 Go bhfille an Eoraip ar a foinsí Críostaí tríd an fhianaise a thugann creidmhigh Foclóirín: Chomhraiceoirí: trodairí /combatants; tiomanta: committed; Urramóidh: tabharfaidh onóir do

Timire Summer 2014.indd 13

19/05/2014 12:47


14

Daithí Ó Ceallaigh OSA

AGAISTÍN: NA BLIANTA TOSAIGH Rugadh Agaistín ar an 13ú de mhí na Samhna sa bhliain 354 AD, in Thagaste, baile beag mhargaidh i dtuaisceart na hAfraice, i réigiúin Numidia, de chuid na hImpireachta Rómhánaí (Souk Ahras, in Ailgéir an lae inniu). Monica ab ainm dá mháthair, de shliocht threibh na mBeirbeireach. Patricius ab ainm dá athair. Ba mhór eatarthu ó thaobh aois de: 17 (Monica) agus 40 (Patricius).

Bhí mac amháin eile acu, darbh ainm Navigius agus iníon ach ní heol dúinn a hainm siúd. Feirmeoir beag agus comhairleoir baile ab ea Patricius. De réir Agaistín, bhí claonadh chun feirge ina athair maraon le bheith éagórach

Timire Summer 2014.indd 14

ó thaobh cearta pósta a mhná ach bhí Monica an-fhoighneach leis dá ainneoin: ‘ag seachaint achrainn i gcónaí’. Págánach ab ea Patricius ach Críostaí ab ea Monica. Deineadh caiticiúmanach d’Agaistín. Nuair a bhuail tinneas é agus é ina leanbh, bhí a mháthair ar tí é a bhaisteadh, ach nuair a tháinig feabhas ar Agaistín, cuireadh siar a bhaiste arís. Níor rud neamhghnáthach é seo ag an am mar ceapadh gur pheacaí marfacha na peacaí a dhéanfaí tar éis an bhaiste. Níos deireanaí ina shaol féin bheadh Agaistín go tréan in aghaidh an nóis seo agus i bhfabhar bhaiste na naíonáin. Fuair Agaistín bunoideachas in Thagaste. Buachaill éirimiúil ab ea é agus bhíodh sé bréan de na ranganna. ‘Cuireadh ar scoil mé chun léann a fhoghlaim ach gan a fhios agam, mo thrua, cén mhaith a bhí ann. Ar a shon sin, má bhíodh leisce orm, d’fhaighinn an lasc.’ Cuireadh Agaistín ansin go dtí cathair Madaura, áit a raibh litríocht agus reitric faoi staidéar aige. Nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, choinnigh a thuismitheoirí Agaistín sa bhaile mar theastaigh uathu airgead a shábháil chun é a chur go cathair na Cartaige. Ansin bheadh sé

19/05/2014 12:47


15

Cé gur múinteoir cumasach a bhí in Agaistín, bhí sé faoi míbhuntáiste de bhrí go raibh a ghuth cainte lag agus bhíodh a mhic léinn ainrianta amanna. ábalta tabhairt faoi staidéar na reitrice, ábhar a d’ullmhódh é do shlí bheatha phoiblí. Ach go dtí gurbh acmhainn do Monica agus Patricius a mac a chur ar aghaidh go dtí an Chartaig, d’fhan sé sa bhaile agus é díomhaoin an chuid ba mhó den am. Chaith sé am ag gabháil timpeall i gcomhluadar buachaillí eile agus iad gafa le mí-iompar go minic. Ghoideadar piorraí as úllord agus cuireann Agaistín an cheist: ‘Cén fáth, mar sin, ar thaitin an obair sin liom agus gan fonn orm í a dhéanamh i m’aonar?’ Thart ar an am seo, d’aithin Agaistín ann féin go raibh cumhacht na drúise ag dul i bhfeidhm air: ‘Ach an sos úd a fuaireas in aois mo shé bliana déag…sin é an uair a d’fhás nathracha drúise suas os mo chionn agus gan lámh i m’aice chun iad a stoitheadh díom.’ Cé go nglacann Agaistín le hiarrachtaí a athar chun oiliúint a mhic a chur chun cinn, deir sé: ‘ach ina dhiaidh sin ní dhéanadh an t-athair céanna aon imní de mo gheanmnaíocht ná den chuma a bhí ag teacht orm ó do thaobhsa, ( a Dhia) ach amháin go mbéarfainn barr san urlabhra.’

Le linn d’Agaistín bheith i gcathair na Cartaige (gar do Tunis inniu), chuir sé suim i scríbhinní Chicearó (106-43 BC), fealsamh, abhcóide agus óráidí clúiteach na Róimhe. Bhí an córas oideachais san Afraic thuaidh bunaithe ar an gcóras Rómhánach agus mar sin ba ghnáth go mbeadh scríbhinní Rómhánacha oilte, dála Chicearó faoi staidéar ag mic léinn na linne. Saothar de chuid Chicearó, an Hortensius, a bhí i láimh Agaistín agus mhúscail ábhar an tsaothair seo fonn chun na heagna in Agaistín. Thart ar an am céanna, bhuail sé le bean óg (nach eol dúinn a hainm) agus rugadh mac dóibh. Adeodatus (‘bronnta ó Dhia’) an t-ainm a tugadh air. Ag cuardach na heagna dó, d’fhéach Agaistín ar na Scrioptúir ach i gcomparáid le stíl liteartha Chicearó cheap sé gur stíl bhocht ainnis a bhí sna téacsanna bíobalta. D’éirigh go maith le hAgaistín ina chuid staidéir sa Chartaig agus fuair sé post mar mhúinteoir reitrice ann. Cé gur mhúinteoir cumasach a bhí in Agaistín, bhí sé faoi mhíbhuntáiste de bhrí go raibh a ghuth cainte lag agus bhíodh a mhic léinn ainrianta amanna.

Foclóirín: Geanmnaíocht: chastity; stoith(briathar): tarraing aníos; eagna: wisdom/gaois

Timire Summer 2014.indd 15

19/05/2014 12:47


16

An tAth Fiontán Ó Monacháin

AR LEANÚINT Ó THIMIRE AN EARRAIGH Oilithreacht chuig na Róimhe 2 Seanmóir a thug an Ath Ó Monacháin i gCnoc Muire, 2013

BHEITH BUÍOCH – RUDAÍ BEAGA Nuair a bhíonn tú ag siúl ar feadh an lae le mála mór ar do dhroim bíonn tú chomh buíoch faoi go leor rudaí beaga nach dtugann tú an iomarca airde orthu go hiondúil, bróga maithe, sláinte mhaith, an bua a bheith aclaí, scíth a ligean nuair a theastaíonn sé, cithfholcadh te, éadaí glana tirime a chur ort, cupán caife agus greim le hithe, béile maith sa tráthnóna, codladh álainn na hoíche. Ceann de thorthaí móra oilithreachta mar seo ná go mbíonn duine fíorbhuíoch as na gnáthrudaí a bhíonn againn gach uile lá. Buíochas le Dia. Tá na trí fhocal sin lán le diagacht, le spioradáltacht agus leis an gCríostaíocht. Ar oilithreacht foghlaimíonn tú le bheith buíoch. Nach in é croílár an Aifrinn Naofa freisin! Buíochas! BAILE AN TOBAIR Má thug tú cuairt ar Bhaile an Tobair le hoilithreacht Tóchar Phádraig a dhéanamh, dála an Reachtaire, an tAth. Frank Fahey, tá riail amháin ann – nach bhfuil aon chead a bheith ag gearán. Sursum Corda, tógaigí bhur gcroíthe in airde! Ar oilithreacht bíonn fonn ort é sin a dhéanamh.

Timire Summer 2014.indd 16

ÁILLEACHT AN DÚLRA Nuair a bhíonn tú amuigh faoin tuath in áit dhifriúil téann áilleacht na timpeallachta agus an dúlra i bhfeidhm go mór ort. Nuair a bhí oilithreacht an Via Francigena thart thug mé cuairt lá amháin ar Assisi, thuas sna sléibhte sa Tuscáin. Níl a fhios agam arbh é spiorad San Proinsias Assisi nó céard ach bhain mé ardtaitneamh as áilleacht agus aoibhneas na timpeallachta thart timpeall ar fad. Cheap mé gur mhór an trua nach ndéanaim é seo go minic sa bhaile. PÁPA NUA - PROINSIAS Rud a chuir barr feabhais ar an oilithreacht chun na Róimhe ná go bhfuair muid an deis iontach an Pápa nua Proinsias a fheiceáil. Tá sé deacair cur síos ar an atmaisféar leictreach agus an ríméad a bhí ar 75,000 duine a bhí ansin nuair a tháinig sé amach ar chearnóg Naomh Peadar. B’iontach a fheiceáil an t-ardmheas agus an cion agus an urraim a bhí ag an oiread sin daoine air. D’ardaigh sé croí gach uile dhuine a bheannacht a fháil. Cuid mhór d’Oilithreacht ar bith ná faoistin a dhéanamh. Ar an Via Francigena b’iontach an ócáid dul isteach

19/05/2014 12:47


17

An tAth Fiontán is a chairde

in Ard-Eaglais Mhuire Máthair Dé, Santa Maria Maggiore, guí a dhéanamh do Mhuire, ár Máthair agus ansin faoistin mhaith a dhéanamh - ar bhealach buaicphointe na hOilithreachta, ceann scríbe sroichte! Buíochas le Dia as bronntanas iontach na Sacraiminte seo lenár bpeacaí a dhíbirt agus tosú as an nua mar dhuine úrnua. CRÍOCH AGUS BEANNACHT Nuair a théann tú ar Oilithreacht go háit bheannaithe bíonn tú • ag súil go n-athrófar do shaol ar bhealach éigin. • ag tnúth le hardú croí tar éis caidreamh speisialta a bheith agat le Dia. • ag gabháil buíochais le Dia as ucht an iliomad rudaí maithe atá agat. • ag cuardach sosa bhig ón ngnáthshaol, rud éigin difriúil a dhéanamh, grásta nó athnuachan de shaghas a fháil nó breathnú ar an saol ar bhealach difriúil. • Tagann tú le hachainíocha éagsúla ar d’intinn ag iarraidh ar Mhuire nó ar Dhia rud éigin a dheonú duit. CNOC MHUIRE Tagaimse go rialta go Cnoc Mhuire ag caitheamh ama agus ag guí chuig

Timire Summer 2014.indd 17

Cuid mhór d’oilithreacht ar bith ná faoistin a dhéanamh

Muire Máthair Dé agus ag tnúth lena beannacht. Is áit é Cnoc Mhuire le brí agus tuiscint agus inspioráid nua a fháil ar an Aifreann Naofa agus muid ag dianmhacnamh ar an dteachtaireacht mhór atá ar an mballa sa séipéal in aice linn, Muire Máthair Dé, Naomh Iosaef, Naomh Eoin, Uan Dé ar altóir an Aifrinn, na hAingil naofa. B’in, thuas, cuid de na rudaí a chuaigh i gcion orm ar an Via Francigena. Tá súil le Dia agam go bhfillfidh tusa abhaile ón áit fíorspeisialta seo, athraithe beagáinín agus lán le beannachtaí Mhuire Máthair Dé, leis an Athair, leis an Mac agus leis an Spiorad Naomh. A MHUIRE NA NGRÁS Críochnóidh mé le ceann de na paidreacha is fearr liom agus a dúirt mé go minic ar an Via Francigena: A Mhuire na nGrás, a Mháthair Mhic Dé Go gcuire tú ar mo leas mé. Go sábhala tú mé ar gach uile olc, Go sábhala tú mé idir anam is corp. Go sábhala tú mé ar muir is ar tír, Go sábhala tú mé ar leic na bpian. Garda na n-aingeal os mo chionn, Dia romham agus Dia liom. Áiméan.

19/05/2014 12:47


18

Éanna Ó Dunnshléibhe

IN ÓMÓS DO LÉIGIÚN MHUIRE

DE MONTFORT, CEILTEACHAS AGUS FRAINC Ó DUIBH Chaithfear a rá go raibh tréithe an Cheiltigh go soiléir le feiceáil sa Montfortach, é díograiseach, fileata, ceólmhar, taghdach, fuinniúil, beagbheann ar chompóirdí an tsaoil. Do bhí an Bhriotáinis ar a dhóigh aige mar ba mhinic dó ag tabhairt misean do threabha na n-oileán agus na ndúiche. Duine léannta freisin é a dhein freastal ar an Sorbonne agus a bhí seal ina leabharlannaí i gcliarscoil N. Sulpice. Is ann a bhunaigh sé catalóg atá ar fáil go fóill agus a léirigh dá bheathaisnéisithe an foinse domhain spioradálta as a dtarraing sé an tinfeadh dea-bhunaithe a sheas dó i rith an chúrsa chorraithe a bhí roimhe, a fhreagair lucht a cháinte agus a sheól ar bhealach a chanónaithe é ar ball. Rud a chuireann mór-íontas ar a dhaltaí ná na 164 cainticí a chum sé dos na fíréin lena gcanadh le linn na misean, iad ar dul na n-amhrán a bhí coiteann ar bheóla na ndaoine. Tógann siad 861 leathanaigh as “Iomlán a Oibre” (Oeuvres Complėtes). In Éirinn do bhí oidhreacht cheóil ag dul le reiligiún. File adúirt. Bocht an eaglais bhíos gan cheol, Dáividh rí do sheol an reacht, cia an pápa tháinig riamh nár mhol dá chliar an ceol ceart? (Measgra Dánta 7) Chuir an Reifirméisean bac leis an gceol i dTeach an Phobail i bhfus go dtáinig laetha an Athar Faber, Protastúnach Sasanach a d’iompaigh ina Chaitliceach. Bhí féith an cheóil ann freisin a chuir sé borradh nua ar cheól eaglasta, a chaintic

Timire Summer 2014.indd 18

“Faith of our Fathers” geall le bheith ina h-aintiún náisiúnta againn in Éirinn. Do bhí an dara bua ag an Athair Faber freisin. Bhí suim agus tuigsean aige i leith lámh-scríbhinní Montfort ar fhíordheabhóid do Mhuire, ciste a fritheadh i mbosca faoin bhfód sa bhliain 1842 i Saint-Laurent-sur-Sèvre sa Vendéé, 63 blianta tar éis Réabhlóide na Fraince and an slad a lean ar muintir an Vendée agus na Briotáine; agus 136 blianta tar éis báis Montfort. Do dhein an tAthair Faber téacs Montfort a aistriú ina Bhéarla agus a chur i gcló sa bhliain 1864. An clódóir: Thomas Richardson & Son, Londain agus brainse aige in uimhir a 9, Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath. Maith mar a thárla ós rud é gurbh é Árd-Easpag Átha Cliath, an Dochtúir Pól Ó Coileáin (go gairid le bheith ina Chairdinéal) a cheadaigh an cur i gcló. Ba chóip den eagrán seo a thit idir lámha Frainc Uí Dhuibh ar stalla leabhar cois Life i 1918. Sean-chóip le clúdach stróicthe a fuair sé ar cheithre phingne. Ach ní staid an leabhair a chuir as dó ach stíl árdaigeanta an údair gur fhág sé i leathtaobh é. Mura mbeadh spreagadh mion minic Tomáis Uí Fhallúin, cara a athar i dTeach an Chustaim, níor

19/05/2014 12:47


19

Rud a chuireann mór-íontas ar a dhaltaí ná na 164 cainticí a chum sé dos na fíréin lena gcanadh le linn na misean De Montfort agus Frainc Ó Duibh

dhóigh go léifeadh sé arís é. Ach do dhein – faoi dhó, faoi thrí … faoi sé .. go ndúirt leis féin “Ní ar an leabhar atá an locht ach ormsa”. Is ón léargas seo a roinn sé lena chompánaigh i dTeach Myra a d’fhás Léigiún Mhuire. Ag trácht ar cheilteachas, tá fíor-sheans ann go raibh ceilteachas i bhféithe Naomh Pádraig. Bhí ainm Romhánach ar a athair agus a shean-athair ach is gnáth do threabha atá ag lonnú go fada i dtíortha iasachta idirphósadh le muintir na h-áite. Tá cuntaisí stairiúla ann a deir go dtáinig cuid dá mhuintir anonn go hÉirinn ar ball ag cuidiú leis ina mhisiún. Is leide eile ainm áite a bhreithe: Bannaven Taburniae. Ceilteachas an focal tosaigh – é cosúil le Bun Abhann. Bhí Frainc Ó Duibh an-bhródúil gurbh é an Dubhthach, príomh-chomhairleoir Árd-Rí Laoghaire a bhris líne chun fáiltiú roimh N. Pádraig nuair a tháinig sé isteach sa Chúirt Ríoga i dTeamhair. Cén fá a ndéanfaí trácht ar Phádraig Naofa in éineacht leis an Dubhthach

agus an Monfortach. Tá cosúlacht ann go bhfuilimid ag trácht ar dhaoine go bhfuil mianach eisceatolaíoch iontu. Tá báidh acu leis na hamantaí deireanacha. Cuir i gcás Naomh Pádraig ag plé Dia fá dhílseacht go deire an ré do bheith ag muintir na hÉireann. I bhFaoisdin Naomh Pádraig, cloisimíd é ag éamh ar Élias agus é dá chiapadh ag an Deamhan. Agus cá h-áit a fhaghaimíd an Monfortach agus é ag scríobh a obair fhádhiúil “An FíorDheabhóid don Mhaighdin Mhuire” ach in uachais Naomh Elias i La Rochelle. Agus Frainc? De réir Montfort, is ullmhú don gcomhrac deireannach atá i gceist agus is mian a chroí go dtiocfadh duine cóir a léighfeadh agus a dtuigfeadh agus a chuirfeadh i gcrích an deabhóid a bhí léirithe aige chun laochra spioradálta a chothú a bhainfeadh bua ar gach fórsa ainscianta ins na h-amanntaí deireannacha. Tá an cheist dá phlé cheana féin i Meiriceá agus san Fhrainc: arbh é Frainc Ó Duibh an duine a chonaic Montfort lena shúil fáidh?

Foclóirín: Tinfeadh: inspioráid.

Timire Summer 2014.indd 19

19/05/2014 12:47


20

Bernard Ó Conaill

SPÓRT AGUS FORBAIRT AN DUINE

In aon bhliain ina ritear Corn an Domhain bíonn roinnt mhaith macnaimh déanta ar ról agus ar thábhacht an spóirt i saol an chine daonna. Cuid mhaith den am bíonn an tráchtaireacht chéanna diúltach ó thaobh an leibhéal de chomortasaíocht a bhaineann leis an ngairmiúlacht agus an bhéim ollmhór ar an mbua, ar an bhforéigean atá ceangailte leis an spórt agus ar thionchar dhrugaí ar iomaitheoirí. Tá uaireannta fada i mo shaol caite agam leis an spórt mar imreoir, mar thraenálaí, mar riarthóir, mar thuairisceoir agus mar leantóir, Thar aon ghrúpa eile ar domhan is i measc lucht spóirt a airím compordach. Ní fhaighim féin mórán cur i gcéill leo. Go deimhin is ar pháirceanna spóirt a casadh na daoine is ionraice a bualadh riamh orm agus ar deireadh, na cairde is fearr agus is dílse. Is mar mhúinteoir a chaith mé mo shaol oibre agus is dóigh liom gur tríd an spórt a rinne mé an obair is fearr agus an difríocht is mó i saol scoláirí. Ba mhó seans go bhfaighfeá éisteacht ar pháirc peile seachas seomra ranga. Seans go raibh na ceachtanna ba thábhachtaí freisin foghlamtha ar na páirceanna céanna. Nuair a bhí caidreamh fiúntach cothaithe agam le foireann peile, rith an meas a bhí agam

Timire Summer 2014.indd 20

d’fhoirne isteach sa rang agus bhí toradh dá réir sa cur chuige acadúil. Is iomaí uair a bhuail sé mé go bhféadfá an t-uafás aithne a chur ar nádúr an duine ag faire ar ghrúpa scoláirí agus iad ag cíoradh na bhfógraí i halla scoile. Thar fhógra ar bith eile, ba é an ceann a d’fhógair foireann scoile a tharraing aird. Buaiteoirí, caillteoirí, stádas, ábhar misnigh, ábhar éadóchais, béadáin, áthas agus gortú. D’fhoghlaim daoine ag na cláracha céanna conas éadan a chur ar chúrsaí mar a chuir TS Eliot é: ‘to prepare a face for the faces that we meet’. Bhí cumhacht aisteach ag an té a chroch na fógraí céanna. Th’éis saol na cailce a fhágáil, cuimhním go minic ar línte Uí Dhireáin agus é ag caint ar laochra. ‘Na seabhaic tréanna, Ní léir go bhfillfidh’. Is ar laochra spóirt a chuimhním go minic, ar an maith is féidir leo a dhéanamh agus ar an eiseamláir is féidir leo a thabhairt. Níos tábhachtaí, tig leis na gníomhartha gaiscigh acu daoine a chorraí agus ardú meanmain a thabhairt don phobal. Tá buíochas nach beag tuillte ag leithéidí Brian O’Driscoll, Rob Heffernan, Joe Canning, Colm Cooper, James McCarthy agus John Joe Nevin. Scéal ann féin an eiseamláir agus an sampla a thug Katie

19/05/2014 12:47


21

Bua eile atá ag an spórt ná an bealach ina dtugann sé pobal le chéile chun tacú le foirne. Taylor don tír le blianta beaga anuas. Le cúrsaí eacnamaíochta in ísle brí, ní haon iontas go gcasann daoine chuig laochra spóirt chun a gcuid spiorad a ardú. Bua eile atá ag an spórt ná an bealach ina dtugann sé pobal le chéile chun tacú le foirne, cur le deiseannaí agus an caighdeán maireachtála a fheabhsú. Cothaíonn na rudaí seo uilig an comhluadar agus forbraíonn sé na buanna uilig atá sa phobal. Is mór an rud é gur féidir linn an feabhas cuimsitheach ar dheiseanna agus ar ionaid spóirt a fheiceáil timpeall na tíre. Más ag trácht ar laochra atá muid, ní féidir dearmad a dhéanamh orthu siúd a d’oibrigh chomh cruaidh sin chun na hionaid sin a thógáil. Theastaigh fís, cur chuige, foighid agus carachtar chun an feabhas seo a chur i gcrích. Baineann luachanna na Críostaíochta go smior leo siúd a roinneann a gcuid tallann leis an bpobal uilig. Comhbhráithreachas cinnte curtha i ngníomh. Tá an t-uafás sásaimh le fáil ag an té

a leanann an spórt. Tá níos mó measa agam féin ar an té a leanann spórt beo seachas a bheith caite ar tholg agusag béicíl le scáileáin. Is trua ar bhealach go bhfuil an clúdach ollmhór atá ag an sacar cuirim i gcás, ag tógáil ón méid daoine a théann ag cluichí ina gceantair féin. Dá fheabhas iad laochra an Premiership b’fhearr liom i bhfad a bheith ag díriú ar Pháirc an Chrócaigh, ar Dhurlas Éile nó ar pháirc éigin i Sraith na hÉireann. Bíonn radharc agat ar an laoch áitiúil, ar fhear an pharóiste agus tú ag tacú le rud éigin logánta a bhaineann le do shaol féin. Ag scríobh an ailt seo dom táim ag réiteach d’fheachtas peile le mo chlub féin i nGaillimh i Sraith Airtricity sa Chéad Roinn. Tá os cionn dhá bhliain caite ag daoine ag tabhairt na ngrupaí uilig sa gcondae le chéile. Muna mbeadh luachanna Críostaíochta againn a bhain le forbairt pobal, le Cothrom na Féinne agus le h-ómós do chách, ní bheadh toradh ar bith ar na hiarrachtaí againn ceithre ghrúpa a aontú in aon chlub amháin.

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ IÚIL 2014 Go raibh ócáidí spóirt i gcónaí ina n-ócáidí ar mhaithe le comhbhráithreachas agus le fás daonnachta. Foclóirín: Deiseannaí: seansanna / opportunities; fís: aisling / vision

Timire Summer 2014.indd 21

19/05/2014 12:47


22

DÁNTA DEOIR AR DHEOIR Slogann Sliabh gCuillinn an ghrian siar, Deoir ar dheoir, go bhfolmhaítear an spéir. Ólann an charraig stuama an solas Saorann an splanc ghlé an chloch. A bhfuil le mothú agus le feiceáil – cnámh agus croí, smior agus smúsach – Ina coscairt chruthaitheach; An uile ní ina chéile, as a chéile, Óna chéile, fríd a chéile, lena chéile, An uile ní, an uile anáil, an uile mhistéir Faoi fhraoch buí an chlapsholais. Dán as cnuasact nua filíochta, ‘Srapnal’ le Pól Ó Muirí, le foilsiú ag FS i mbliana ANAMCHARA Nuair a shiúlaim cois trá faoi theas an tSamhraidh nó faoi anfa an Gheimhridh cloisim do ghuth i sioscadh na mara is i bhfeirge na dtonnta, feicim do shúile i ngoirme na spéire is do ghluaiseacht dhraíochtúil i n-eitilt na n-éan mara, mothaím do láimh i leoithne na gaoithe is do chuisle i gcineáltas na gréine, aithním do chumhrán ar bholadh na mbláthanna dumhcha is gile do leicne ar loinnir na farraige, spréann tú cúr an tsonais tharam, is éiríonn mo mheanma le hairde na dtonnta gluaisim ar thaoide lán is an ghaoth faoi mo sheolta, is taiscim i gcochall mo chroí éadáil anamchara. Dán le Dónall Ó Conaill – as Oilithreacht Saoil – foilsithe ag Glór na nGael, 2013

Timire Summer 2014.indd 22

19/05/2014 12:47


Nóibhéine don Chroí Rónaofa 2014 CHARLIE DAVY SJ

AISTRITHE AG NIALL Ó MURCHADHA TÁ AN NÓIBHÉINE SEO ARNA BAINT AS THE SACRED HEART MESSENGER, MEITHEAMH 2014 BEIDH TÚS Á CHUR LEIS AN NÓIBHÉINE DEÁRDAOIN, 19 MEITHEAMH AGUS CUIRFEAR I GCRÍCH Í DÉ HAOINE 27 MEITHEAMH

Conas an Nóibhéine a ghuí Is don naoi lá roimh Fhéile an Chroí Rónaofa, 27 Meitheamh 2014, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Is í á dhéanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach. Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus an machnamh go mall, agus glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort. Leanann paidir ghearr, a bhaineann le téama an lae, agus críochnaíonn tú le Paidir na Nóibhéine thíos.

Timire Summer 2014.indd 23

19/05/2014 12:47


24

Paidir don Nóibhéine A Thiarna Íosa Críost, bhí do chroí corraithe le grá do na fir agus do na mná a tháinig chun cabhair a fháil ina ngátar. Thug tú leigheas don easlán, chothaigh tú an t-ocrach, thug tú maithiúnas do pheacaigh, chaoin tú Iarúsailéim. Thar aon ní eile, thaispeáin tú dóibh siúd a bhí sásta éisteacht an tslí chun na fíorbheatha, óir is tú an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. A Thiarna, bíonn do chroí corraithe i gcónaí ag do phobal agus ag na riachtanais iomadúla acu. Oscail ár gcroíthe chun do bhriathar a chloisteáil, chun glacadh le do ghrá, agus chun do ghlao a fhreagairt. Go mór mór, impím ort an gar a iarraim le linn na nóibhéine a dheonú dom (achainí os íseal), ar chuntar go gcabhróidh sí sin chun maitheas síoraí a fháil domsa agus chun Ríocht do chirt, do shíochána agus do ghrá a chothú anseo ar talamh. A Chroí Rónaofa Íosa Is asatsa a chuirim mo mhuinín go léir

Timire Summer 2014.indd 24

An Chéad Lá: 19 Meitheamh

Croí Dúinne

Scrioptúr: Nuair a tháinig an uair shuigh sé chun boird, agus na haspail in éineacht leis. Dúirt sé leo, ‘Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom . . . Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son . . . mo chuid fola atá le doirteadh ar bhur son.’ Lúc. 22:14-20 Machnamh: Tháinig Íosa ar an domhan ar ár son, mhair, d’fhulaing agus fuair bás ar ár son; déanann sé idirghuí lena Athair inniu ar ár son. “ar ár son . . . agus ar son ár slánaithe thuirling sé ó neamh . . .ar ár son céasadh é. . .(An Chré) Meabhraíonn Naomh Pól dúinn, ‘Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár n-aghaidh?’ Rómh. 8.31 Paidir: A Thiarna Íosa, glacaim buíochas leat de bhrí gur thug tú do bheatha ar mo shon. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar do shonsa agus ar son daoine eile. Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine

An Dara Lá: 20 Meitheamh

Croí Maitheach

Scrioptúr: ‘A Athair, maith dóibh, óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.’ Lúc. 23.34 Machnamh: Tar éis ar fhulaing Íosa: fuath cheannairí na nGiúdach, laige Phioláit, guagacht an tslua, cruáil na saighdiúirí, impíonn sé ar a Athair maithiúnas a thabhairt dóibh. Is cinnte gurb é sin ‘leithead agus fad, airde agus domhne’ an ghrá. Ní féidir linn ach suí nó dul ar ár nglúine agus ligean don bhuíochas brúchtadh aníos ionainn. Paidir: A Thiarna Íosa, táim róbheag agus rólag chun do ghrá a thuiscint. Táim cloíte ag do ghrá, a chuir malairt cló ar an olc leis an maitheas, maitheas atá sách láidir chun an bua a fháil ar bhís an fhoréigin. Cabhraigh linn, a Thiarna, inár laige, chun ár gcuid iarrachtaí a aontu le do chuidse,

19/05/2014 12:47


ionas nach gcaillfear an oiread sin atá go maith agus lúcháireach sa saol.

Paidir na Nóibhéine

An Tríú Lá: 21 Meitheamh

Croí Socair

Scrioptúr: Ansin seoladh Íosa isteach

25

Paidir: A Thiarna, is bronntanas uait

gach rud atá ionam agus atá agam. Cabhraigh liom foghlaim ó oscailteacht na bpáistí. Deonaigh dom, a Thiarna, croí mar a bheadh ag páiste chun gur féidir leat deiseanna níos úire agus níos úire a chruthú dom, fiú agus mé ag dul in aois.

san fhásach ag an Spiorad . . . Matha 4.1

Paidir na Nóibhéine

Íosa é féin umhal don Naomhspiorad. Ní dhéanann sé cinntí ina aonar. Go deimhin, ní hea: fanann sé le treoir, le hinspioráid an Naomhspioraid. I gceist ansin bhí éirí roimh bhreacadh an lae agus imeacht go dtí áiteanna uaigneacha chun bheith ina aonar lena Athair, ionas sa chiúnas go bhféadfadh a chroí a bheith aontaithe leis an Naomhspiorad. Tugadh an Naomhspiorad dúinne freisin chun ár gcinntí a threorú. Is maith am a ghlacadh in éineacht leis an Tiarna agus a threoir a iarraidh féachaint an dtabharfadh an Spiorad mothú na síochána dúinn. Paidir: A Thiarna, soilsigh ár n-intinn chun go ndéanfaimís cinntí maithe atá saor ó choibhlint, ón bhfaitíos agus ó bheith róghafa linn féin. Deonaigh go dtabharfaidh gach rud a dhéanfaimid glóir do Dhia agus seirbhís do dhaoine eile.

An Cúigiú Lá: 23 Meitheamh

Machnamh: Nach iontach an rud é

Paidir na Nóibhéine

An Ceathrú Lá: 22 Meitheamh

Croí mar a Bheadh ag Páiste Scrioptúr: ‘Mura gcasa sibh arís chun

bheith ar nós na leanaí ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas’. Matha 18.2 Machnamh: Seans nár éist roinnt daoine leis na focail sin de chuid Íosa. Níor thuig cuid acu gur íomhá é spleáchas an pháiste de spleáchas an uile dhuine dínn ar Dhia. Fanann Dia le freagra saor uainn. Ní chuirtear iallach ar bith, ach ina ionad sin an grá do-chloíte a mheallann ach nach gcuireann brú.

Timire Summer 2014.indd 25

Croí a Thugann Síocháin

Scrioptúr: . . . agus na doirse faoi ghlas

le heagla na nGiúdach san áit a raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas sé ina measc agus dúirt leo: ‘Síocháin daoibh’ . . . Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Eoin 20. 19-20 Machnamh: A leithéid d’fhaoiseamh agus lúcháir a thug na focail sin don aon duine déag a bhí tar éis Íosa a thréigean le linn na Páise: focail a scaoil an chiontacht díobh a bhain le hÍosa a thréigean. Tugann Íosa a chairdeas ar ais dóibh go caoin. Anois de bhrí gur thug Íosa maithiúnas dóibh, is féidir leo-san maithiúnas a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile. Is é admháil ár gcionta tús na trua. Paidir: A Íosa, Prionsa na Síochána, is mian liom a bheith faoi shíocháin: faoi shíocháin maidir le gach rud a bhí i mo shaol, faoi shíocháin maidir le caidrimh dheacra agus faoi shíocháin leatsa. A Íosa, tabhair misneach dom a bheith i mo cheann réitigh.

Paidir na Nóibhéine

An Séú Lá: 24 Meitheamh

Croíthe Aontaithe

Scrioptúr: Níl aon fhíon acu . . . Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh. Eoin 2 Machnamh: Tuigeann Muire le mothálacht mhná nár mhaith le hÍosa go náireofaí na hóstaigh. Imíonn si agus deireann leis na seirbhísigh, ‘Déan cibé ní a déarfaidh sé libh’. Cibé ní a dhéanfaidh

19/05/2014 12:47


26

a Mac ba é sin an rud a b’fhearr; tá lán-mhuinín aici as. Ní bheidh díomá ar bith uirthi, mar déanann sé rud nach bhféadfadh sí a shamhlú go deo. Paidir: A Mhuire, mo mháthair, cuir mo chroí i dtiúin le croí do Mhic. Oscail mo chroí do riachtanais daoine eile. A Chroí Ró-naofa Íosa, cuirim mo mhuinín asat.

Paidir na Nóibhéine

An Seachtú Lá: 25 Meitheamh

An Croí Trócaireach

Scrioptúr: Le linn dó fós a bheith i bhfad

uaidh, chonaic a athair é agus ghlac trua é. Rith sé go dtí an buachaill, rug barróg air agus phóg sé é. Lúc. 15.20 Machnamh: Is mó a insíonn an scéal seo faoin Athair diomailteach ná faoin mac drabhlásach! Léiríonn Íosa conas mar atá a Athair. Trínár mbaisteadh glacadh isteach muid i gclann Dé in éineacht leis an bpribhléid Athair a thabhairt ar Dhia. Cén duine dínn nár lean a b(h)ealach féin nó nár bhain mí-úsáid as na buanna atá againn? Bíonn ár nAthair neamhaí i gcónaí ag tabhairt aire dúinn, ag tnúth lenár bhfilleadh, ionas gur féidir leis barróg a bhreith orainn. Paidir: A Thiarna Íosa, ná raibh amhras orm riamh i dtaobh do chuid foidhne liom. Creidim trí chorthaí uile an tsaoil go mbíonn tú dom’ tharraingt ar ais mé go dtí an duine seo arb é mise é go fíor, don fhíorbhaile arb é teaghlach d’Athar é. Tabhair dom an misneach chun blaiseadh den lúcháir a bhaineann le do mhaithiúnas a fháil i Sacraimint an Athmhuintearais.

Paidir na Nóibhéine

An tOchtú Lá; 26 Meitheamh

An Croí a Aontaíonn

Scrioptúr: ‘A Athair, go mba aon iad go léir faoi mar atá mise ionatsa agus tusa ionamsa. Eoin 17.21 Machnamh: Is comharthaí iad achrann

Timire Summer 2014.indd 26

i dteaghlaigh, easaontas idir cairde, claontacht idir ghrúpaí, cogaí idir náisiúin go bhfuil an Spiorad in easnamh. Cé mhéid péine a fhulaingíonn daoine sa lá inniu. Oibríonn an Spiorad ar mhaithe leis an athmhuintearas agus chun droichid a thógáil trí fhoighid daoine eile a bhíonn ag iarraidh an pobal a neartú go háitiúil nó go náisiúnta. Paidir: A Thiarna, sa domhan s’againne a mbíonn cúrsaí caidrimh sobhriste ann go minic, áit ina nglacann an chlaontacht ionad an eolais, deonaigh dúinn an misneach chun fáilte a chur roimh an strainséir agus an bua a fháil ar bhrú an phiara. Cabhraigh linn a bheith ullamh an Spiorad a ghlacadh agus é ag oibriú ionainn.

Paidir na Nóibhéine

An Naoú Lá: 27 Meitheamh

An Croí Fáiltiúil

Scrioptúr: ‘Tagaigí chugam, sibhse uile

a bhfuil saothar agus tromualach oraibh agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.’ Matha 11.28 Machnamh: Tar! Cuirimid fáilte i gcónaí roimh dhaoine eile leis an bhfocal beag sin: tar isteach agus lig do scíth!’ Ba fhocal é a d’úsáid Íosa go minic: ‘tar agus feicfidh tú; tar agus ith’. Ach cé mhéid eile atá ar chumas Íosa a thairiscint dúinn? Scíth, cinnte, ach cairdeas nach cosúil é le cairdeas ar bith eile. Slánú, treoir, cosaint ar an olc, agus iad uile á dtairiscint ag Mac Dé atá caoin ceansa agus uiríseal ó chroí’. Paidir: Bí i do thost agus samhlaigh duit féin Íosa ag glaoch ort i d’ainm agus é á rá leat: ‘Tar agus tabhair dom na hábhair bhuartha atá agat, tar agus cuir muinín ionam, tar agus éist liom agus le mo bhriathra sa soiscéal. Críochnaigh trí bhuíochas a ghlacadh le hÍosa.

Paidir na Nóibhéine

19/05/2014 12:47


27

SLADMHARGADH

Beathaisnéisí Léigiúin Mhuire

Frank Duff, N. Louis Marie de Montfort, Alfie Lambe, Éadáil Ní Choinn Leis an Ath. Séamus S de Vál

Praghas €25! Tomhas an Timire: 176

– 1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

11

12

13

Fear de chuid na hÍosánaigh atá mar cheannaire againn don Eaglais Chaitliceach. Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil: PÓL, ÁIT, PEADAR, ARD – PAIDIR, REILIG, OMÓS, LIRIC, AINM, SOS, INTINN, LAG, SCÉAL

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Márta, 2014. Tomhas 175: Freagra: Cú Chulainn Buaiteoir: Pádraig Mac Amhlaoibh, Cobh, Co. Chorcaí

Timire Summer 2014.indd 27

19/05/2014 12:47


28

Mary Gurrin

SAN AFRAIC THOIR

MAR MHISINÉIR TUATA 2004 – 2008 Aistrithe ag Dónall Ó Conaill

Nuair a smaoiním ar an gcinneadh a rinne mé mar mhúinteoir bunscoile roinnt blianta a chaitheamh ar na misin thar lear creidim gurb é an Spiorad Naomh a threoraigh mé dul go dtí an Tansáin agus a thacaigh liom i gcaitheamh na gceithre bliana a chaith mé in iargúltacht na hAfraice. Níl aon dabht ann ach gur baineadh preab uafásach asam nuair a shroich mé Tanga, san Afraic Thoir. Ní féidir reamh-ullmhúchán a dhéanamh do na radharcanna, na fuaimeanna, na dathanna agus don teas i Dar es Salaam ná don turas bus seacht n-uaire ‘a chloig trí cheantracha tuaithe na Tansáine ar mo bhealach go dtí Muheza. Sa chéad litir a scriobh mé abhaile déanaim cur síos ar mo chéad oíche i seomra gan gloine ar na fuinneoga agus ar na dúil bheo aisteacha a bhí le feiceáil agus le cloisteáil istigh is amuigh. Le cabhair agus le tacaíocht na Siúracha Roismineacha agus leis an bhfáilte ríméadach ó na daltaí agus a dtuismitheoirí shocraigh mé síos go pras agus bhí mé sona sásta agus ar mo shuaimhneas. Ba dhúshlán mór é na bunchoinníollacha múinteoireachta a bhí ar fáil ach níor chuir easpa leabhar ná easpa áiseanna

Timire Summer 2014.indd 28

isteach orm riamh. Leis na blianta taithí a bhí agam bhí mé in ann na fadhbanna sin a shárú. Mar oiliúnóir bhí mé i mo mheantóir (mentor) ar shiúr óg Afracach a d’oibrigh taobh liom faoi oiliúint ar feadh dhá bhliain. Lean sí ar aghaidh ansin chun breisoideachas a fháil gur bhain sí scrúduithe amach agus chuaigh sí go dtí an Ollscoil. Lean an mheantóireacht ansan ar shiúr óg eile don dá bhliain eile a bhí mé ann. Ní áit don duine lagchroíoch bheith ag iarraidh déileáil leis na hiliomad constaicí sa seomra ranga Afracach. Leis an tacaíocht a fuair mé ó mo comhghleacaithe, ó mo chlann agus ó mo chairde in Éirinn d’éirigh liom na seomraí ranga a fheistiú agus a chóiriú agus cabhrú leis an bpobal áitiúil. Nuair a thógtar ceist inniu faoi obair na dtíotha Iartharacha sa Triú Domhan smaoiním ar thacaíocht agus ar fhlaithiúlacht an paróiste in ar mhúin mé i mBaile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain is tríocha. Bhí muintir Muheza an-bhuíoch de na daoine sin agus thug sé dóchas dóibh go raibh paróiste agus scoil i mBaile Átha Cliath a chabhraigh leo a scoil a fheabhsú agus leabhair agus fearas a sholáthar dá bpáistí.

19/05/2014 12:47


29

Is é ceann de na tíolachtaí is fearr a bhronn Dia ar an duine daonna ná comhroinnt eolais agus talann. Níl dabht ar bith ann ach tá todhchaí mhór i ndán don Afraic. Ach tá gearghá i gcónaí le bunriachtanais mar oideachas, tithíocht, leictreachas, uisce glan agus cabhair leighis a chur ar fáil san Afraic inniu. I gcomparáid leis an am atá thart tá cur chuige difriúil ag na tuataí óga a chraobhscaoileann an Soiscéal ar na misin inniu. Creidim go bhfuil daoine spreagtha ag spiorad na flaithiúlachta agus deashampla na ndaoine óga seo, - daoine atá oilte, léannta agus atá lánsásta seirbhís den scoth a thabhairt. Sampla eile den dearcadh nua-aimseartha agus den chiall a bhaineann le freastal ná an obair iontach atá ar siúl ag soláthar tithíochta dóibh. Tá daltaí sa triú-domhan ag iarraidh staidéar a dhéanamh i mbotháin láibe is caolaigh i séasúr na báistí. Gabhaim buíochas le Dia don iliomad eagraíochtaí tuata atá ag déanamh a ndícheall saol na ndaoine sna tíortha seo a fheabhsú. Is cinnte go bhfuil na hinnealltóirí agus an heolaithe óga a oibríonn agus a chuireann am agus eolas

ar fáil go deonach ag déanamh obair Dé chun na córais nua uisce glan a sholáthar nó chun sráidbhaile nua a leictriú. Tá scoileanna, ospidéil, dilleachtlanna agus comharchumainn bheaga eagraithe ag na tuataí do na tuataí ar na gaineamhlaigh agus chomh fada leis na sléibhte. Tá tionchar ag seo ar na daoine óga a fhoghlaimíonn agus a leanann conas a gcúinsí féin a fheabhsú. Tá géarghá leis an gcabhair airgid ón eagraíocht sa bhaile ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar an síorobair a dhéantar anseo ó mhaidin go hoíche. Is é ceann de na tíolacthaí is fearr a bhronn Dia ar an duine daonna ná comhroinnt eolais agus tallann agus is é mo ghuí go mbeadh a lán daoine eile sásta am agus fuinneamh a chaitheamh go deonach sa obair seo. Tá áthas ormsa gur spreagadh mé roinnt blianta a chaitheamh sa Triú Domhan agus smaoineoidh mé go lúchaireach agus le buíochas i gcónaí ar na blianta sin.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ IÚIL 2014 Go gcuidí an Spiorad Naomh le hobair na dtuatach atá ag fógairt an tSoiscéil sna tíortha bochta. Foclóirín: Caolaigh: wattle; gaineamhlaigh: sandy deserts; tíolachtaí: divine gifts; dílleachtlann: orphanage

Timire Summer 2014.indd 29

19/05/2014 12:47


30

Timire Croí na hÓige Katie McGreal

OBAIR NA MEÁIN ÓN TAOBH ISTIGH Is trí thimpiste amháin a thit mé isteach sna meáin. Ba bhrionglóid domsa a bheith mar iriseoir clóscríofa ón am a raibh mé an-óg toisc go raibh an-suim agam sa scríobhneoireacht ach, i ndáiríre, níor shíl mé go dtarlóidh sé. Shíl mé go mbeadh mé i mo bhean ghnó, ag obair ar chuntais i gcomhair comhlachtaí móra ach ní sin mar a tharla sé. I ndiaidh bliana a chaitheamh sa Chóiré Theas ag múineadh Béarla chaith mé an bhliain dheireanach den ollscoil le níos mó de thuiscint orm féin. Thuig mé cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge dom féin agus don tír agus go gcaithimid í a choinneáil beo. Caithimid obair ar a shon mar muna ndéanaimid féin é, ní dhéanfaidh éinne é. I ndiaidh na hollscoile chuir mé isteach ar aon phost ina raibh Gaeilge riachtanach. Fuair mé post mar iriseoir lánaimseartha leis an bpáipéar, Gaelscéal. Ní raibh tuairm agam faoi chúrsaí iriseoireachta nó faoi chúrsaí páipéir nuachtáin ach d’fhoghlaim mé go sciobtha. I ndiaidh Gaelscéal agus tréimhse leis an iris seo, An Timire, thosaigh mé ag obair sa teilifís, i gcomhlachtaí Béarla ach ar chláir Ghaeilge agus Béarla. Tá taithí

Timire Summer 2014.indd 30

raidió ó Raidió Fáilte agam freisin. Sílim féin gurb í an fhadhb is mó a bhaineann leis an dteilifís agus an raidió mar mheáin Ghaeilge ná Gaeilgeoirí a aimsiú. Chuir mé agallamh ar dhuine de bhunaitheoirí an suímh Hollaback! Dublin. Is é aidhm an suímh seo ná deireadh a chur le ciapadh sráide (street harassment). Is ábhar suimiúil é ach ní raibh Gaeilge ró-mhaith ag an agallaí agus mar sin, ní agallamh ró-mhaith a bhí ann. Ba fhadhb nua í seo domsa, ag teacht ó na meáin chlóite. Mar iriseoir chlóite, ní dhéanann sé difríocht má dhéanann tú agallaimh i mBéarla nó i nGaeilge. Scríobhfaidh tú an píosa i nGaeilge ar aon nós. Ach, sin ráite, bhí fadhbanna agam le ‘quotes’. Ní féidir leat rudaí a aistriú go díreach ó theanga amháin go teanga eile agus mar sin, níor mhothaigh mé i gceart agus mé ag aistriú ‘quotes’ ó Bhéarla go Gaeilge. Ach, domsa go pearsanta, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh mé ag obair ar son na Gaeilge. Tharla sé go bhfuil deiseanna agam faoi láthair sin a dhéanamh trí na meáin ach ag am éigin, tá gach seans ann go n-oibríodh mé ar son na Gaeilge ó thaobh istigh d’eagraíocht nó comhlacht mór.

19/05/2014 12:47


31

COMÓRTAS I ndiaidh na hollscoile chuir mé isteach ar aon phost ina raibh Gaeilge riachtanach.

Mar a dúirt mé is trí thimpiste amháin a thit mé isteach sna meáin ach ag an am céanna, thit mé i ngrá len a bheith ag labhairt le daoine an t-am ar fad. Thit mé i ngrá leis an gcruthaitheacht atá ag teastáil. Cé nach taitníonn na huaireanta liom an t-am ar fad agus go mbím ag gearáin faoin méid páipéarachais agus faoin méid oibre atá ar duine amháin a dhéanamh, sílim go leanfaidh mé ar aghaidh, ar feadh tamaill eile ar a laghad, ag obair ar son na Gaeilge ó earnáil na meáin.

Cuirfear cóip den leabhar

Haiku, más é do thoil é? go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo:

Cén tír as ar tháinig an foirm filíochta Haiku? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: An tAth. Réif Mac Aodhagáin, CP. Cluain Naoimh Póil Mount Argus, Baile Átha Cliath 6W Freagra: An tAth. Pádraig Ó Duinnín Cóip de leabhar filíochta Pól Ó Muirí buaite aige

Sladmharga

In ómós do Shiúracha na Toirbhearta

Beathaisnéis Nano de Nógla Praghas €10 €7.50 4 Chóip = €5 an chóip

TEL: 01 7758502 / antimire@gmail.com

Timire Summer 2014.indd 31

19/05/2014 12:47


32

Timire Croí na hÓige An tAth Pádraig Ó Donnchú

COMHTHÁTHÚ CEOIL SAN HELIX GLEE CLUB + X FACTOR + CEOL EAGLASTA = ‘EMMANUEL BEO’

Ceiliúradh ‘Emmanuel Beo’, féile cheoil liotúirgeach, san Helix i mBaile Átha Cliath ar an 26ú, 27ú, 28ú Feabhra 2013. Bhí 700 scoláire ag glacadh páirte gach oíche ó 60 scoil dara-leibhéal in ArdDheoise Átha Cliath, (2,100 ar fad). Chan siad ó chroí in ard a gcinn is a ngutha; bhain siad sult agus sásamh as an oíche agus thug siad ardú meanman don lucht éisteachta. Ceolchoirmeacha ar leith is ea na ceolchoirmeacha seo ina gcanann mórchuid scoláirí, ó aois 12-17 mbliain, ceol eaglasta ar stáitse le tionlacan ó cheolfhoireann. Ó cuireadh tús leis na ceolchoirmeacha seo sa bhliain 2004 le timpeall 350 scoláire ag canadh sa Cheoláras Náisiúnta, tá méadú seasta tagtha ar líon na rannphairtithe. Dá thoradh sin, is san Helix a cheiliúrtar an fhéile cheoil bhliantúil seo ó 2008 i leith. I mbliana bhí sé riachtanach an stáitse a fhairsingiú chun freastal ar líon na gceoltóirí. Oifig Liotúirgeach Ard-Dheoise Átha Cliath a dhéanann na ceolchoirmeacha seo a reáchtáil agus a sholáthraíonn na hacmhainní. Bíonn réimse an-leathan, ársa go nua-chumtha, de stíl cheoil

Timire Summer 2014.indd 32

liotúirgeach ar an gclár agus i mbliana deineadh ceiliúradh ar théama Thrócaire don Charghas: ‘Uisce, acmhainn luachmhar nár choir a chur amú’. Na múinteoirí sna scoileanna a mhúineann an ceol agus tagann siad leis na scoláirí chuig an Helix an lá go mbíonn a gcuid scoláirí ag canadh. Bíonn an lá seo fada ó 9.30am ar maidin go dti 11.00pm san oíche! I rith an lae déantar cur i láthair ar théamaí an cheoil, eagraítear suíomh an chóir agus na gceoltóirí ar an stáitse agus déantar cleachtadh ar an gceol le tionlacan ón gceolfhoireann. Faoi am suipéir bíonn gach duine traochta. Filleann an fuinneamh áfach nuair a thagann an stiúrthóir i láthair agus castar an ceol! Bíonn deis ag scoláirí freisin gléas ceoil a sheinm san gceolfhoireann agus dréachtaí ceoil a chanadh ina n-aonar agus déantar measúnú ar a gcumas roimh ré. Bíonn an-éileamh ar an ngradam seo agus bhí 300 scoláire san iomaíocht i mbliana. Bíonn an-chuid oibre riaracháin le déanamh in oifig na deoise , agus ins na scoileanna chun an t-ard-chaighdeán seo a bhaint amach, ach bíonn gach

19/05/2014 12:47


duine sásta a chionn féin den obair a dhéanamh. Bíonn toradh an tsaothair le feiscint ar aghaidheanna na scoláirí, le cloisteáil i mbinneas a nglór agus le mothú san atmaisféar a chothaítear san amharclann i rith na gceolchoirmeacha. Tugann beocht agus fuinneamh na n-óg taitneamh agus ardú meanman don lucht éisteachta, rud atá fíorthábhachtach i láthair na huaire nuair a bhíonn daoine ag gearán i dtaobh neamh-pháirteachas na n-óg sa liotúirge. Cruthaíonn ‘Emmanuel Beo’ gur féidir ‘Glúin na ITunes’ a mhealladh , ach cur chuige i gceart le clár ceoil spreagúil liotúirgeach. Ceapann roinnt daoine nach mbeadh suim ag déagóirí in ‘Emmanuel’ ná i gceol eaglasta, ach bhí sé soiléir san Helix go ndeachaigh an cur i láthair sna

33

ceardlanna, agus an ceol go speisialta, i gcion ar chroíthe na n-óg. Le cúnamh Dé mairfidh an tionchar sin i rith a saol. Cheana féin tá tionchar ‘Emmanuel’ le braith sna scoileanna. Ar ócáidí speisialta ar nós Ceiliúradh na gCéimithe ag deireadh na scoil-bhliana cantar na hiomainn as clár Emmanuel le fuinneamh agus le bród! Acmhainn sár-luachmhar do chóracha sna paróistí is ea an ceol seo freisin agus tá súil agam go mbainfidh siad úsáid as. Go mba fada buan a bheidh ‘Emmanuel’ faoi bhláth! Guím beannacht Dé orthu siúd a chuir tús leis agus orthu siúd go léir a bhí páirteach i ngné ar bith de thar na blianta. Tá Pádraig ag obair in Oifig Liotúirgeach na Deoise, Coláiste Chluain Life, BÁC 3.

Foclóirín: Comhtháthú: fusion; Acmhainn: resource / ábaltacht

Timire Summer 2014.indd 33

19/05/2014 12:47


34

FÁILTE A CHOIMISINÉAR

An Coimisinéir Teanga, a Theaghlach agus an Uachtarán na hÉirinn Micheál D. Ó hUiginn. Guíonn léitheoirí an Timire gach rath ar shaothar an gCoimisinéir nua Rónán Ó Domhnaill. Sonraí teagmhála: An Coimisinéir Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Fón: (091) 504006; Facs: (091) 504036 eolas@coimisineir.ie.

AN TIMIRE AG LORG CUIDIÚ Is ag brath ar obair dheonach, cuid mhaith, atá foilsitheoireacht an Timire. Bheadh muid buíoch de aon chabhair ó léitheoirí i leith eagarthóireacht, cisteoireacht agus clárú baill na hirise. Ba bhreá linn dá mbeadh muid in ann ualach na hoibre sin a roinnt amach níos cothroime. Táimid an-bhuíoch do na daoine atá ag obair linn go deonach mar is iad siúd a chuireann an slacht is an mhaise atá ar an iris. Cuir scéal chuig antimire@gmail.com má tá suim is am le sparáil agat, le do thoil.

Timire Summer 2014.indd 34

19/05/2014 12:47






 

                      

  

Timire Summer 2014.indd 35

19/05/2014 12:47


36

Leon Ó Giolláin SJ

SLÁNÚ SLÁNÚΩ ALT AR SCANNÁN IS AR ÚRSCÉAL LES MISÉRABLES

Slánú an duine aonair ón olc, slánú an chomhluadair ón éagóir agus slánú na hEaglaise ón uabhar– tráchtas samhlaíoch ar na téamaí úd atá i gceist go bunúsach le húrscéal eipiciúil Victor Hugo, Les Misérables, a léiríodh ar an ‘scáthlán mór’ i mbliana. Is é Jean Valjean atá i lár an scéil, fear a gabhadh agus a cuireadh i bpríosún ina óige toisc gur ghoid sé blúirín aráin chun ocras páistí a dheirféar a shásamh. Éagóir uafásach, ar ndóigh, agus éagóir níos measa fós gur chaith Valjean naoi mbliana déag le daorobair de bharr go ndearna sé iarracht teitheadh ón bpríosún cúpla uair. Mar bharr ar an donas, nuair a scaoileadh saor é, díbríodh as gach óstán agus sráidbhaile é toisc gur nocht a pháipéir a stádas mar dhaoránach. Fiú má bhí sé saor, bhí sé daortha go deo! Tuigimid, más ea, an fuath agus an tseirbhe a bhí fréamhaithe go domhain ina chroí istigh agus an dúil a bhí ann díoltas a bhaint amach. Sa chomhthéacs damanta seo, buaileann sé leis an Easpag naofa as Digne, a thugann dídean, lóistín agus bia do. Faraor, tá Valjean fós ‘dall’. Ní chreideann sé go bhfuil maitheas dáiríre sa saol ná sa duine agus mar sin, ní ‘fheiceann’ sé carthanacht iontaofa

Timire Summer 2014.indd 36

Chríostaí an Easpaig. Leagann sé a shúile ar na soithí airgid luachmhara ar an mbord i dteach an Easpaig agus i ndorchadas na hóiche, goideann iad agus teitheann. Gabhtar é an mhaidin dár gcionn agus tógann an gendarmes ar ais go teach an Easpaig é. Ag an bpointe sin, nochtar tuiscint, truamhéil agus trócaire an Easpaig. Chun an choir a chlúdach (agus a mhaitheamh), deir an t-Easpag le Valjean, os comhair na ngárdaí: ‘Ó, a chara, rinne tú dearmad na coinnleoirí a thógaint. Beir leat iad anois. Is leatsa iad!’ Ansin, go ciúin, ina chluas, deir sé leis: ‘A bhráthair, ní bhaineann tú a thuilleadh leis an olc ach leis an mhaitheas. Is é d’anam a cheannaím uait. Glaoim thú ar ais ó smaointe dorcha agus spirid an damnaithe agus tugaim do Dhia é’. Amach ansin le Jean Valjean faoin tuath i bhfad ón chathair agus ó chaidreamh daonna, é faoi chíor thuathail faoin méid a bhí díreach tar éis tarlú. San áit fhiáin, iargúlta sin – a chuireann i gcuimhne dúinn Íosa san fhásach ag troid in aghaidh an diabhail, b’fhéidir - tarlaíonn eachtra nach bhfuil sa scannán ach atá sa leabhar agus atá fíor thábhachtach ó thaobh athrú croí agus anama Jean Valjean. Tá gasúr óg, deich mbliana

19/05/2014 12:47


37 air, agus is léir ón scéal iomlán gur thuill sé an teideal sin go fírinneach. Agus é ar tí bás a fháil, nochtar dó spioraid Fantine, máthair Cosette, a fuair bás suaimhneasach i bhfochair Valjean a gheall di go dtabharfadh sé aire dá hiníon tar éis a báis. Tá liricí agus ceol an eachtra seo ag deireadh an scannáin, fíor álainn. Léiríonn siad fírinne bhunúsach an tSoiscéil: Omnia vincit amor, sáraíonn an grá an uile ní, slánaíonn an grá sinn. Deir Fantine:

d’aois, ag dul thar bráid, píosa airgid á chaitheamh san aer aige agus greim á bhreith aige ar chúl a láimhe. Titeann an píosa airgid le talamh agus rothlaíonn i dtreo Jean Valjean a chuireann a bhuatais go trom air. Ainneoin iarracht an leaid óig a phíosa airgid a fháil ar ais, ní ardaíonn Jean Valjean a chos. Faoi dheireadh, béiceann sé ar ard a ghutha ag iarraidh ruaig a chuir ar an mbuachaill. Scanraíonn sé an leaid óg, a theitheann uaidh, é ag caoineadh go géar agus a ghuth ag dul i laige diaidh ar ndiaidh go dtí nach gcloistear a thuilleadh é. Ag an nóiméad sin, cuimhníonn Jean Valjean ar an méid a dúirt an tEaspag leis, i. gur scaoil sé a anam ón olcas agus ghlaoigh ar ais é chun na maitheasa. Tuigeann Valjean anois go soiléir go bhfuil sé faoi ghreim an olcais chéanna, seirbhe dhomhain dhorcha fós ina chroí de bharr na héagóra a imríodh air le blianta fada. Is leasc leis an tseirbhe sin a ligean uaidh, ach faoi dheireadh, briseann sé an gheis agus beartaíonn beatha iomlán nua a chaitheamh. Ag deireadh an scéil, agus Jean Valjean ag fáil bháis, tugann Marius - leannán a iníon altrama, Cosette, an fear a shábháil sé ón bharacáid in éirí amach na Réabhlóide Francaí - naomh

Come with me
 Where chains will never bind you
 All your grief
 At last, at last, behind you
 Lord in Heaven
 Look down on him in mercy. (Agus deir Valjean) Forgive me all my trespasses
 And take me to your glory (Ansin le chéile, canann siad:) Take my hand
 And lead me to salvation
 Take my love
 For love is everlasting
 And remember The truth that once was spoken,
 To love another person
 Is to see the face of God. Sábháiltear anam Jean Valjean ón olc sa chéad áit trí ghrásta Dé ag feidhmiú tríd an Eaglais, i. trí charthanacht, urnaí, bheannacht agus bhriathar éifeachtúil an Easpaig. Ach, léiríonn Victor Hugo gurb’é an grá a shábhálann an duine ag deireadh an lae agus, go deimhin, go bhfuil an grá daonna ceangailte go dlúth leis an ngrá diaga, iomlán, foirfe, síoraí suthain atá i ndán dúinn ar neamh. Seo an chéad chuid de Alt ar Les Misérables. Foilseofar an dara cuid in Eagrán an Fhomhair.

Foclóirín: Dhaoránach: duine curtha i bprosún; chíor thuathail: trína chéile / confused.

Timire Summer 2014.indd 37

19/05/2014 12:47


38

Eoghan Ó Cuinn

TEIFIGH I NGÉARGHÁ AR FUD AN DOMHAIN

Le linn an chéid seo, b’éigean do na milliúin daoine timpeall na cruinne teitheadh óna dtithe agus óna mbailte – tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó sa domhan inniu. Le deich mbliana anuas, de bharr gorta, tubaistí nádúrtha agus cogaidh chathartha, bhí ar na milliúin daoine a n-áit dhúchais a fhágáil agus tearmann a lorg i dtíortha eile. I lár na stoirme seo, tá páistí. Agus iallach orthu a dtithe a thréigean, tá siad ag fágáil a gcairde, a gclanna agus a modh beatha agus go fíor-mhinic tá siad ag fágáil a leanabaíocht freisin. Tá ar na páistí fás suas ró-thapaidh chun déileáil leis an riocht crua atá le fulaingt acu – a bheith ina dteifigh. Sa teachtaireacht aige le haghaidh an Lá Domhanda do Imircigh agus Dídeanaithe le déanaí, d’iarr an Pápa Proinsias ar Chaitlicigh iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a chruthú. Tá dóchas ar fáil i gcroílár na teachtaireachta seo de chuid an Phápa. Tá an tAthair Naofa ag troid in aghaidh “domhandú na neamhshuime”; tá sé ansoiléir ina dhearcadh nach ceithearnaigh iad imircigh agus dídeanaithe ar chlár fichille an chine daonna.

Timire Summer 2014.indd 38

Glactar leis gurb í an choimhlint sa tSiria an ghéarchéim dídeanaí is measa le breis is scór blianta. Tá níos mó ná 6.5 milliún de mhuintir na Siria díbirthe óna dtithe áit éigin taobh istigh den tír agus tá 2.3 milliún teifigh ag cur futhu áit éigin sna tíortha maguaird. Ceaptar go bhfuil níos mó ná milliún gasúr ina dteifigh sa tSiria. Tá an saol laethúil contúirteach le haghaidh gasúir sa tSiria. Baintear leas as páistí mar shaighdiúirí, cuirtear i bpríosúin le daoine fásta iad agus baintear feidhm astu mar sciath daonna go minic. Tá an tSeirbhís Dídeanaí Íosánach(SDI){JRS} ag dáileadh faoiseamh éigeandála dóibh siúd a bhfuil cabhair ag teastáil go géar uathu. Ina theannta seo, tá an tSeirbhís ag reachtáil gníomhachtaí oideachais chun athmhuintireas a chur chun cinn. Sna cathracha Damascus, Homs agus Aaleppo, cuirtear tacaíocht oideachais agus siceolaíochta ar fáil. Cinnte, tá an tacaíocht seo tábhachtach ó thaobh an oideachais de, ach chomh maith le seo, tugtar deis do na gasúir faoiseamh éigin a fháil ón gcoimhlint, fiú ar feadh cúpla uair a’ chloig ar chuma ar bith.

19/05/2014 12:47


39

Tá ar na páistí fás suas ró-thapaidh chun déileáil leis an riocht crua atá le fulaingt acu – a bheith ina dteifigh. in Éirinn ag fanacht ar feadh níos mó ná Ina nadúr, is iad na leanaí na cúig bliana le haghaidh cinneadh soiléir ar dídeanaithe Siriacha is leochailí. Mar a gcásanna. Idir an dá linn tá an saol geall chuid d’aon chlár athlonnú in Éirinn, ba is reoite acu. Is gasúir iad aon trian de na cheart túsáite a thabhairt do pháistí. hiarrthóirí tearmainn ar fad. Don Tar éis achainí ón UNHCR, tá gealltanas tugtha ag Éirinn chuid is mó tá siad ina gcónaí i agus ag tíortha eile na dtimpeallacht institúideach D’iarr an hEorpa, 30,000 teifeach, agus ní bhíonn deis ag a Pápa Proinsias dtuismitheoirí fiú a mbéilí a bhfuil an riosca is mó ar Chaitlicigh féin a ullmhú. ag rith leo, a athlonnú. Tá an SDÍ ‘théis a iarradh iarracht a dhéanamh Mar a deir an Pápa, tá dualgas orainn mar ar rialtas na hÉireann domhan níos fearr shochaí aire a thabhairt ceannaireacht idirnáisiúnta a ghlacadh agus dídean a do na gasúir seo atá ag a chruthú. thairiscint do 300 teifeach maireachtáil inár measc. Tá an imirce éigeantais ag baint a Siriach mar íosmhéid. gcearta ó pháistí agus ní mór dúinn uilig Ní hiad clanna agus páistí Siriacha dídean, dóchas agus fáilte a chur rompu amháin atá ag iarradh dídean agus in am a ngátar. tearmann a fháil in Éirinn. Maidir le iarrthóirí tearmainn i gcoitinne, áfach, Tá Eoghan Ó Cuinn ina stiúrthóir ar an tá sé fíor a rá gur beag na nótaí dóchais Seirbhís Dídeanaí Íosánach (Jesuit Refugee atá ann faoi láthair. Tá breis is duine as Service) in Éirinn gach triúr de na hiarrthóirí tearmainn

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ LÚNASA 2014 Na dídeanaithe, atá curtha le fán an tsaoil de dheasca foréigin, go bhfaighe siad fáilte agus féile agus cosaint ar a gcearta.

Timire Summer 2014.indd 39

19/05/2014 12:47


40

An Bráthair Moy Hitchen

LÚCHÁIR AN TSOISCÉIL

I measc réigiúin uile na hEaglaise, tá an t-achar is mó agus an daonra is lú san Aigéine. Tá an Eaglais sa réigiún seo i gcumarsáid leis na daoine sa Chiúin Aigéin (na Polainéisigh, na Meilinéisigh agus na Micrinéisigh) chomh maith le háitritheoirí na hAstráile, na NuaShéalainne agus Nua-Ghuine Phapua. I measc na ndaoine sin tá roinnt de na cultúir leanúnacha is ársa ar domhan (dúchasaigh na hAstráile agus Nua-Ghuine Phapua) agus tá iliomad teangacha (700 teanga ar a laghad i Nua-Ghuine Phapua agus breis agus 250 i measc dúchasach na hAstráile) agus bhí a sinsir (na Polanéisigh, na Melanéisigh, na Micronéisigh) i measc na mór-thaistealaithe mara i stair an chine dhaonna. Guíonn an Pápa go ndéanfaidh lúcháir an tSoiscéil teagmháil leo go léir. Castar pictiúir de bháid, d’iascaireacht agus den fharraige orainn sna Scrioptúir, mar tarlaíonn an-chuid scéalta sna Scrioptúir timpeall ar Mhuir na Gailíle. Is thart ar an Mheánmhuir a tharla foilsiú na Críostaíochta sna nua-aoiseanna agus is ann a bhí Impireacht na Róimhe chomh maith. Le cabhair na samhlaíochta, is féidir na scéalta mara sin a ath-insint in uiscí ollmhóra an Chiúin-Aigéin a

Timire Summer 2014.indd 40

thimpeallaíonn na tíortha sa réigiún sin. Cé hiad na daoine a ghlaofadh Íosa chuige inniu dá mbeadh sé ag spaisteoireacht thart faoi chóstaí na hAigéine? Tá iascairi anseo fós ag deisiú a n-eangach, ach tá lucht na n-oileán seo ag sracadh le bochtanas agus i ngleic le cúrsaí forbartha agus le hathrú aeráide. Ísleáin is ea cuid de na hoileáin seo (m.sh. Kiribati agus Tuvalu) agus tá a gceannairí ag smaoineamh cheana féin ar chathain a bhogfaidh siad an náisiún uile go dtí talamh níos airde – i dtír eile. Tá tíortha eile fós, an Astráil agus an Nua-Shéalainn ar ard-chaighdeán rachmais ach tá coilm an choilínithe ag goilleadh na ndúchasach agus tá cadrántacht i leith na dteifeach agus na ndídeanaithe le brath. Cén lúcháir is féidir le Críostaithe a léiriú do mhuintir na hAigéine? I dtíortha uile na hAigéine tá an Soiscéal ionchultúraithe sa chultúr ag Críostaithe na háite. Ar an iomlán, tháinig an Soiscéal chuig an réigiún seo ó mhisinéirí Eorapacha a tháinig ar cuairt chuig na hoileáin seo, uaireanta mar chuid de mhór-ghluaiseachtaí coilínithe, uaireanta mar mhisinéirí thréitheacha a tháinig ó thíortha éagsúla chun a gcreideamh a roinnt.

19/05/2014 12:47


41

Joseph Meyer map

Anois déantar an creideamh Críostaí a cheiliúradh i dteangacha, liotúirge, amhráin, rincí, ailtireacht, ealaín agus litríocht áitiúil leis an lúcháir go bhfuil an Pápa ag guí ar a shon. Ceann de na foinsí áthais gur féidir le Críostaithe a roinnt lena gcomharsana agus leis an sochaí i gcoitinne is ea tabhartas an dóchais. In Aitheasc Aspalda chuig an Eaglais san Aigéin, i ndiaidh Shionad na bliana 1998, d’ainmnigh an Pápa Eoin Pól sé thonn dóchais le haghaidh cóstaí na hAigéine – Teagasc Sóisialta na hEaglaise (chun dul i ngleic le bochtanas), Cearta Daonna (chun daoine goilliúnacha a chosaint), Dúchasaigh (chun a sainiúlacht a chaomhnú), Cabhair Fhorbartha (chun rannpháirteachas a léiriú), Naofacht na Beatha (mar dhlúshlán do réiteach foréigneach) agus an tImshaol (bheith urramach dó).

Tá Íosa fós ag glaoch ar mhuintir na hAigéine a n-eangacha a thréigean agus díriú isteach an an mór-phictiúr, Réimeas Dé ar talamh.

Scéala áthais iad seo do mhuintir uile na hAigéine nuair a bhíonn Críostaithe tiomanta lena gcur i gcrích mar straitéis dóchais. Tá Íosa fós ag glaoch ar mhuintir na hAigéine a n-eangacha a thréigean agus díriú isteach ar an mór-phictiúr, Réimeas Dé ar talamh. Glaoch chun rannpháirteachais - leis na daoine atá bocht, faoi mhíchumas, leis na hoileáin atá ag fulaingt agus fiú le huiscí na mara féin - in ionad bheith in achrann ina gcúramaí leithleasacha féin. Tá áthas agus lúcháir i ndán do mhuintir na hAigéine nuair a thiocfaidh náisiúin uile an réigiúin seo le chéile mar aon mhór-phobal amháin a thabharfaidh aitheantas go lúcháireach don éagsúlacht agus a thiocfaidh i gcabhair ar a chéile in am an riachtanais. Bímis ag dúil leis an lúcháir sin, lúcháir an tSoiscéil a thugann Íosa dúinn.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ LÚNASA 2014 Go ndéana Críostaithe na hAigéine an creideamh a fhógairt go lúcháireach do mhuintir uile an réigiúin sin. Foclóirín: An Aigéine: Oceania – sé sin An Astráil agus na hoileáin maguaird; An Aigéin Chiúin: the Pacific Ocean; ionchultúraithe: inculturated; coilm: scars; cadrántacht: harshness; dídeanaithe: refugees

Timire Summer 2014.indd 41

19/05/2014 12:47


42

Séamas Ó Murchú

ÓMÓS DO NANO

DEA-SCÉAL ÓN RÓIMH I mí Deireadh Fómhair seo caite d’fhógair an Vatacáin go raibh an teideal venerabilis bronnta ar Nano de Nógla. Seo an dara céim i dtreo haitheanta mar naomh; tá dhá chéim eile le dul. Gluaiseann an Eaglais go mall sna cúrsaí seo de ghnáth. Uaireanta déantar eisceacht i gcás daoine a bhfuil cáil idir náisiúnta orthu, ar nós an dá phápa atá le canónú i mbliana. Ach is beag duine taobh amuigh d’Éireann a chuala trácht ar Nano. BLIANTA TOSAIGH Rugadh Nano in aice le Cill an Mhuilinn, Contae Chorcaí, sa bhliain 1718. Bhain a muintir leis an uasaicme. Bhí a hathair, agus a shinsir roimhe leis na céadta bliain, ina dtiarnaí sa cheantar sin. Bhíodar ar an mbeagán teaghlach Caitliceach gur éirigh leo seilbh a choimeád ar a gcuid tailte sa ré sin. Nuair a bhí Nano 13 bliana d’aois cuireadh go dtí an Mhór-roinn í chun oideachas mná uaisle a fháil. Meastar go dtí clochar in Ypres (sa Bheilg anois) a cuireadh í, ach níl deimhniú ar sin. Ina dhiaidh sin chuir í féin agus a deirfiúr, Anna, fúthu i measc na nGael i bPáras. Thaitin an saol léi, ach ba mhian léi i gcónaí filleadh ar Éirinn agus rud éigin a dhéanamh ar son a muintire.

Timire Summer 2014.indd 42

ATHRÚ SAOIL In 1746 fuair athair Nano bás agus tháinig sí féin agus Anna ar ais go hÉirinn. Dhá bhliain ina dhiaidh sin fuair a máthair bás agus go gairid dá éis sin, Anna. Ar feadh tamaill ní raibh a fhios ag Nano cad ab fhearr di a dhéanamh. Ar deireadh shocraigh sí dul cónaithe i gcathair Chorcaí i dtigh a deartháir, Dáiví. Sin é an uair a thosaigh sí dáiríre ar obair a saoil. NA SCOILEANNA An uair úd ní raibh aon deis scolaíochta ag leanaí bochta, go mór mór sna bailte móra. Chuir Nano roimpi rud éigin a dhéanamh mar gheall ar sin, agus i 1750 d’oscail sí scoil bheag le haghaidh cailíní. Mhúin sí féin an Teagasc Críostaí agus d’fhostaigh sí múinteoir le haghaidh na hábhair eile. Bhí éileamh chomh mór ar an scoil sin gurbh éigean di cinn eile a oscailt, agus scoileanna le haghaidh buachaillí chomh maith. Bhí an obair seo léir in aghaidh an dlí, ach níor bhac na húdaráis le Nano. Ba léir dóibh, is dócha, go raibh maitheas mhór á dhéanamh aici, agus nach raibh díobháil á dhéanamh aici d’aon dream. ASPALACHT NA MBOCHT Níorbh é oideachas na nóg an t-aon

19/05/2014 12:48


43

Ar deireadh shocraigh sí dul cónaithe i gcathair Chorcaí i dtigh a deartháir, Dáiví. Sin é an uair a thosaigh sí dáiríre ar obair a saoil.

chúram a thóg Nano uirthi féin an tráth sin. Thosaigh sí ag dul amach um thráthnóna nó istoíche ag tabhairt cuairte ar dhaoine bochta: ag tabhairt blúire bia chucu b’fhéidir agus ag labhairt leo go cineálta. Is fileata an cur síos atá ag Críostóir Ó Floinn uirthi: ‘D’fheictí an bhean bheag seo ag cur di trí na sráideanna, lóchrann beag ina leathláimh aici ag soilsiú an bhealaigh roimpi agus lámh eile ag teannadh a clóca uimpi in aghaidh na gaoithe.’ Ní mór cuimhneamh go raibh na sráideanna sin salach, smúit agus deatach ar fud na háite, agus gach saghas bligeáird ag gabháil timpeall. Bean chróga ab ea Nano. BUNÚ AN OIRD Lean Nano ar aghaidh mar sin ar feadh na blianta, ag obair léi ina haonar. Ach nuair a bhraith sí an aois ag teacht uirthi bheartaigh sí comhthionól beag siúracha a chur ar bun. In 1775 Tháinig triúr ban óg chuici mar chompánaigh, agus in 1777 ghlac triúr acu, agus Nano mar aon leo, móideanna simplí na beatha rialta. D’iarradar le tacaíocht an easpaig, aitheantas oifigiúil mar ord, ach níor tháinig sin go ceann blianta fada. I mí

Timire Summer 2014.indd 43

Aibreán 1784 fuair Nano bás. Go ceann roinnt blianta bhí baol ann go dtiocfadh scaipeadh ar an gcomhthionól beag, de dheasca deacrachtaí airgid agus eile. Ach de réir a chéile d’fheabhsaigh rudaí. Tháinig mná óga eile chucu, agus in 1805 fuaireadar an t-aitheantas oifigiúil ar deireadh. Is mar sin a bunaíodh Siúracha na Toirbhirte, ceann d’oird mhóra teagaisc na hÉireann. NAOMH NANO? An fada go bhfógrófar Nano de Nógla ina naomh? Ní fios d’éinne. Ach ní hé an rud is tábhachtaí. Ní haon smaoineamh den sórt sin a bhí ina ceann aici féin agus í ag brostú léi trí shráideanna Chorcaí fadó. Ní raibh uaithí riamh ach a dícheall a dhéanamh ar son na mbocht, go mór mór na leanaí. An tslí is fearr inar féidir onóir a thabhairt di inniu ná a deashampla a leanúint, agus na luachanna a bhí aicise a chur chun cinn i saol an lae inniu. Agus tá lánchead againn feasta a hidirghuí a iarraidh. Nóta. Tá cuntas iomlán ar shaol Nanó le fáil sa leabhar Lóchrann Dóchais le Críostóir Ó Floinn (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2005).

19/05/2014 12:48


44

Léirmheas le Katie McGreal

SA MBAILE I MO CHOLAINN

Sa mBaile i mo Cholainn CD 1 Athchuairt le Pádraig Ó Fátharta Léirmheas le Katie McGreal Is dlúthdhiosca deas, séimh é seo a thugann deis agus treoir duit sos a ghlacadh ón saol. Sa chead dlúthdhiosca den tsraith ‘Sa mBaile i mo Cholainn’, ‘Athchuairt’, chuir an t-athair Pádraig Ó Fátharta seacht bpíosa cainte le chéile ina thugann sé treoir don éisteoir ionas gur féidir leo teacht ar ais orthu féin agus na smaointí ina gcloigeann a stopadh. Insíonn sé duit conas is ceart go mbeadh tú i do shuigh agus faoi na rudaí gur ceart duit smaoineamh orthu – conas a mhothaíonn do chosa i do bhróga agus mar sin. Ansin, insíonn sé scéal deas, go hiondúil ón mBíobla, don éisteoir. Tá idir scéalta faoi pháistí óga ag buaileadh le hÍosa agus mná faoi ionsaí ann. I bpíosa cainte amháin, iarrann sé ar an éisteoir dul ar siúlóid ina gcloigeann. Iarrann sé orthu lá breá gréine a shamhlú agus iad in ann sléibhte arda a fheiceáil i bhfad uathu. Nuair atá na héisteoirí ar an siúlóid seo, ina cloigeann féin, níl siad

Timire Summer 2014.indd 44

ag smaoineamh faoi chéard a bheidh acu don dinnéar nó céard é an chéad rud eile a gcaithfidh siad a dhéanamh. Tá siad ag glacadh sosa ó fhadhbanna agus dualgais an domhain mhór. Ag tús an dlúthdhiosca, tá réamhrá soiléir agus simplí. Míníonn sé céard go díreach atá i gceist leis an dlúthdhiosca, cén cineál áit ba cheart go mbeadh tú agus cé ar atá an dlúthdhiosca dírithe. Dála an scéil, is féidir le héinne atá ag iarraidh sosa ón smaointeoireacht atá ar siúl ina chloigeann é a úsáid ach cabhróidh sé má tá suim nó eolas agat ar na scéalta Bíobla. Is dlúthdhiosca maith é seo a mholfainn go hard ach múna bhfuil Gaeilge líofa agat agus taithí agat ar chanúint Chonamara tá seans go mbeadh deacrachtaí agat leis. Má chloiseann tú focal nó dhó nach dtuigeann tú, tá seans go smaoineoidh tú ar an bhfocal nó an frása sin agus nach mbeadh tú ag smaoineamh faoin scéal atá ag insint ag an gcainteoir. Is píosa cainte iontach deas é ‘An Paidrín in Inis Meáin’. Tugann sé tús deas réidh duit don dlúthdhiosca agus is píosa eolais deasa é freisin.

19/05/2014 12:48


45

Ke fáil ó At Home In My Body Publlishing, ‘Moing Bhán’, Na h-Aille, Indreabtan, Co na Gaillimhe. www.athomeinmybody.com / info@athomeinmybody.com

Timire Summer 2014.indd 45

19/05/2014 12:48


46

AN ASPALTACHT URNAITHEACH (AN TIMIRE, 1914) ATHCHUINGÍ AGUS BREITH BUÍOCHA Cailín go raibh a hathair tugtha don ólachán agus muintir a tí scaipthe ar fud an domhain dá bharr seo. Chuir sí chun guí go dúthrachtach chun an Croí ró-naofa agus gheall sí a hathchuinge a chur os comhair an domhain dá dtabharfaí í. Chuir a hathair suas don ól agus tá ag éirí leis go geal ó shin. Duine go raibh a bhean i nguais báis ó ghalar. Chuir sé faoi choimirce an chroí ró-naofa agus ón lá sin tháinig feabhas uirthi. Bean go raibh a mac faillíoch i ngnó a chreidimh. Chrom sí ag guí chun an croí ró-naofa agus níorbh fhada an mhoill air gnó a chreidimh a chleachtadh arís. Tá a lán litreacha eile tar éis teacht isteach chugainn; daoine a tháinig slán trí scrúdú; daoine a cuireadh i gcríoch; daoine a fuair postanna maithe oibre; daoine gur stad a ndaoine muinteartha ón ólachán; daoine a fuair grásta speisialta dá ndaoine muinteartha; daoine a tháinig slán ó éagruas. Níl slite ár ndóthain againn ná in aon ghiorracht dó chun gach aon bhreith buíochais agus ar uile a chur isteach. Éinne a gheall do Dhia a bhreith buíochais a chur os comhair an tsaoil sa Timire, ní beag dó é a chur chugainn. Beidh a chion féin déanta aige ansin agus ní gá dó ceist a bheith air ina thaobh a thuilleadh. ACHAINÍ! Tosaimís an nós seo arís. Cuifimid nótaí buíochais ón ár léitheoirí i gcló as seo amach nuair a chuirtear chugainn iad. Mar adeir eagarthóir an Timire i 1914: “Éinne a gheall do Dhia a bhreith buíochais a chur os comhair an tsaoil sa Timire, ní beag dó é a chur chugainn. Beidh a chion féin déanta aige ansin agus ní gá dó ceist a bheith air ina thaobh a thuilleadh.”

Foclóirín: Athchuinge: achainí; cuir i gcríoch: settle

Timire Summer 2014.indd 46

19/05/2014 12:48


47

Scan de Timire 1914 le cur roimh an leagan athscríofa thíos in orthografaíochta an lae inniú.

Timire Summer 2014.indd 47

19/05/2014 12:48


Aspalacht na hUrnaí Chun bheth is do chomhalta, ní foláir… An ofráil laethúil a rá… An Comaoineach Naofa a ghlacadh.. Deichniúr den Phaidrín a rá… Intinní a Phápa Proinsias

Meitheamh, 2014 Go bhfaighe daoine atá gan fostaíocht cuidiú agus an obair is gá dóibh chun maireachtáil faoi dhínit.

Iúil 2014 Go raibh ócáidí spóirt i gcónaí ina n-ócáidí ar mhaithe le comhbhráithreachas agus le fás daonnachta.

Lúnasa 2014 Na dídeanaithe, atá curtha le fán an tsaoil de dheasca foréigin, go bhfaighe siad fáilte agus féile agus cosaint ar a gcearta.

Meán Fómhair 2014 Go bhfaighe daoine atá faoi mhíchumas meabhrach an grá agus an chabhair is dual dóibh chun a saol a chaitheamh le dínit.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Summer 2014.indd 48

19/05/2014 12:48


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Lúcháir an tSoiscéil An Bráthair Moy Hitchen

3min
pages 40-41

Teifigh i nGéarghá Eoghan Ó Cuinn

3min
pages 38-39

Fáilte a Choimisinéar

0
pages 34-35

Obair na Meáin ón taobh istigh Katie McGreal

3min
pages 30-31

Sa mBaile i mo Cholainn: Léirmheas Katie McGreal

2min
pages 44-45

San Afraic Thoir Mary Gurrin

4min
pages 28-29

Lóchrann Dóchais: Léirmheas Séamus Ó Murchú

4min
pages 42-43

De Montfort, Ceilteachas & Frank Ó Duibh Eanna Ó Duinnshléibhe

4min
pages 18-19

Oilithreacht chuig an Róimh An tAth. Fiontán Ó Monacháin

4min
pages 16-17

Agaistín, na blianta tosaigh Daithí Ó Ceallaigh OSA

4min
pages 14-15

An Creideamh san Eoraip Dónall Ó Riagáin

3min
pages 12-13

Dánta Dónall Ó Conaill & Pól Ó Muirí

1min
page 22

Nóibhéine don Chroí Ró-Naofa Charlie Davy SJ

9min
pages 23-27

Spórt agus Forbairt an duine Bernard Ó Conaill

4min
pages 20-21

An Eaglais Bheo Alan Mac Eochagáin SJ

4min
pages 4-6
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.