4 minute read

Spórt agus Forbairt an duine Bernard Ó Conaill

Bernard Ó Conaill SPÓRT AGUS FORBAIRT AN DUINE

In aon bhliain ina ritear Corn an Domhain bíonn roinnt mhaith macnaimh déanta ar ról agus ar thábhacht an spóirt i saol an chine daonna. Cuid mhaith den am bíonn an tráchtaireacht chéanna diúltach ó thaobh an leibhéal de chomortasaíocht a bhaineann leis an ngairmiúlacht agus an bhéim ollmhór ar an mbua, ar an bhforéigean atá ceangailte leis an spórt agus ar thionchar dhrugaí ar iomaitheoirí.

Tá uaireannta fada i mo shaol caite agam leis an spórt mar imreoir, mar thraenálaí, mar riarthóir, mar thuairisceoir agus mar leantóir, Thar aon ghrúpa eile ar domhan is i measc lucht spóirt a airím compordach. Ní fh aighim féin mórán cur i gcéill leo. Go deimhin is ar pháirceanna spóirt a casadh na daoine is ionraice a bualadh riamh orm agus ar deireadh, na cairde is fearr agus is dílse.

Is mar mhúinteoir a chaith mé mo shaol oibre agus is dóigh liom gur tríd an spórt a rinne mé an obair is fearr agus an difríocht is mó i saol scoláirí. Ba mhó seans go bhfaighfeá éisteacht ar pháirc peile seachas seomra ranga. Seans go raibh na ceachtanna ba thábhachtaí freisin foghlamtha ar na páirceanna céanna. Nuair a bhí caidreamh fi úntach cothaithe agam le foireann peile, rith an meas a bhí agam d’fh oirne isteach sa rang agus bhí toradh dá réir sa cur chuige acadúil.

Is iomaí uair a bhuail sé mé go bhféadfá an t-uafás aithne a chur ar nádúr an duine ag faire ar ghrúpa scoláirí agus iad ag cíoradh na bhfógraí i halla scoile. Thar fh ógra ar bith eile, ba é an ceann a d’fh ógair foireann scoile a tharraing aird. Buaiteoirí, caillteoirí, stádas, ábhar misnigh, ábhar éadóchais, béadáin, áthas agus gortú. D’fh oghlaim daoine ag na cláracha céanna conas éadan a chur ar chúrsaí mar a chuir TS Eliot é: ‘to prepare a face for the faces that we meet’. Bhí cumhacht aisteach ag an té a chroch na fógraí céanna.

Th’éis saol na cailce a fh ágáil, cuimhním go minic ar línte Uí Dhireáin agus é ag caint ar laochra. ‘Na seabhaic tréanna, Ní léir go bhfi llfi dh’. Is ar laochra spóirt a chuimhním go minic, ar an maith is féidir leo a dhéanamh agus ar an eiseamláir is féidir leo a thabhairt. Níos tábhachtaí, tig leis na gníomhartha gaiscigh acu daoine a chorraí agus ardú meanmain a thabhairt don phobal. Tá buíochas nach beag tuillte ag leithéidí Brian O’Driscoll, Rob Heff ernan, Joe Canning, Colm Cooper, James McCarthy agus John Joe Nevin. Scéal ann féin an eiseamláir agus an sampla a thug Katie

Bua eile atá ag an spórt ná an bealach ina dtugann sé pobal le chéile chun tacú le foirne.

Taylor don tír le blianta beaga anuas.

Le cúrsaí eacnamaíochta in ísle brí, ní haon iontas go gcasann daoine chuig laochra spóirt chun a gcuid spiorad a ardú. Bua eile atá ag an spórt ná an bealach ina dtugann sé pobal le chéile chun tacú le foirne, cur le deiseannaí agus an caighdeán maireachtála a fh eabhsú. Cothaíonn na rudaí seo uilig an comhluadar agus forbraíonn sé na buanna uilig atá sa phobal.

Is mór an rud é gur féidir linn an feabhas cuimsitheach ar dheiseanna agus ar ionaid spóirt a fh eiceáil timpeall na tíre. Más ag trácht ar laochra atá muid, ní féidir dearmad a dhéanamh orthu siúd a d’oibrigh chomh cruaidh sin chun na hionaid sin a thógáil. Theastaigh fís, cur chuige, foighid agus carachtar chun an feabhas seo a chur i gcrích. Baineann luachanna na Críostaíochta go smior leo siúd a roinneann a gcuid tallann leis an bpobal uilig. Comhbhráithreachas cinnte curtha i ngníomh.

Tá an t-uafás sásaimh le fáil ag an té

a leanann an spórt. Tá níos mó measa agam féin ar an té a leanann spórt beo seachas a bheith caite ar tholg agusag béicíl le scáileáin. Is trua ar bhealach go bhfuil an clúdach ollmhór atá ag an sacar cuirim i gcás, ag tógáil ón méid daoine a théann ag cluichí ina gceantair féin. Dá fh eabhas iad laochra an Premiership b’fh earr liom i bhfad a bheith ag díriú ar Pháirc an Chrócaigh, ar Dhurlas Éile nó ar pháirc éigin i Sraith na hÉireann. Bíonn radharc agat ar an laoch áitiúil, ar fh ear an pharóiste agus tú ag tacú le rud éigin logánta a bhaineann le do shaol féin. Ag scríobh an ailt seo dom táim ag réiteach d’fh eachtas peile le mo chlub féin i nGaillimh i Sraith Airtricity sa Chéad Roinn. Tá os cionn dhá bhliain caite ag daoine ag tabhairt na ngrupaí uilig sa gcondae le chéile. Muna mbeadh luachanna Críostaíochta againn a bhain le forbairt pobal, le Cothrom na Féinne agus le h-ómós do chách, ní bheadh toradh ar bith ar na hiarrachtaí againn ceithre ghrúpa a aontú in aon chlub amháin.

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ IÚIL 2014 Go raibh ócáidí spóirt i gcónaí ina n-ócáidí ar mhaithe le comhbhráithreachas agus le fás daonnachta.

Foclóirín: Deiseannaí: seansanna / opportunities; fís: aisling / vision

This article is from: