3 minute read

Teifigh i nGéarghá Eoghan Ó Cuinn

Eoghan Ó Cuinn TEIFIGH I NGÉARGHÁ AR FUD AN DOMHAIN

Le linn an chéid seo, b’éigean do na milliúin daoine timpeall na cruinne teitheadh óna dtithe agus óna mbailte – tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó sa domhan inniu. Le deich mbliana anuas, de bharr gorta, tubaistí nádúrtha agus cogaidh chathartha, bhí ar na milliúin daoine a n-áit dhúchais a fh ágáil agus tearmann a lorg i dtíortha eile. I lár na stoirme seo, tá páistí. Agus iallach orthu a dtithe a thréigean, tá siad ag fágáil a gcairde, a gclanna agus a modh beatha agus go fíor-mhinic tá siad ag fágáil a leanabaíocht freisin. Tá ar na páistí fás suas ró-thapaidh chun déileáil leis an riocht crua atá le fulaingt acu – a bheith ina dteifi gh.

Sa teachtaireacht aige le haghaidh an Lá Domhanda do Imircigh agus Dídeanaithe le déanaí, d’iarr an Pápa Proinsias ar Chaitlicigh iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a chruthú. Tá dóchas ar fáil i gcroílár na teachtaireachta seo de chuid an Phápa. Tá an tAthair Naofa ag troid in aghaidh “domhandú na neamhshuime”; tá sé ansoiléir ina dhearcadh nach ceithearnaigh iad imircigh agus dídeanaithe ar chlár fi chille an chine daonna.

Glactar leis gurb í an choimhlint sa tSiria an ghéarchéim dídeanaí is measa le breis is scór blianta. Tá níos mó ná 6.5 milliún de mhuintir na Siria díbirthe óna dtithe áit éigin taobh istigh den tír agus tá 2.3 milliún teifi gh ag cur futhu áit éigin sna tíortha maguaird. Ceaptar go bhfuil níos mó ná milliún gasúr ina dteifi gh sa tSiria.

Tá an saol laethúil contúirteach le haghaidh gasúir sa tSiria. Baintear leas as páistí mar shaighdiúirí, cuirtear i bpríosúin le daoine fásta iad agus baintear feidhm astu mar sciath daonna go minic. Tá an tSeirbhís Dídeanaí Íosánach(SDI){JRS} ag dáileadh faoiseamh éigeandála dóibh siúd a bhfuil cabhair ag teastáil go géar uathu. Ina theannta seo, tá an tSeirbhís ag reachtáil gníomhachtaí oideachais chun athmhuintireas a chur chun cinn. Sna cathracha Damascus, Homs agus Aaleppo, cuirtear tacaíocht oideachais agus siceolaíochta ar fáil. Cinnte, tá an tacaíocht seo tábhachtach ó thaobh an oideachais de, ach chomh maith le seo, tugtar deis do na gasúir faoiseamh éigin a fh áil ón gcoimhlint, fi ú ar feadh cúpla uair a’ chloig ar chuma ar bith.

Tá ar na páistí fás suas ró-thapaidh chun déileáil leis an riocht crua atá le fulaingt acu – a bheith ina dteifi gh.

Ina nadúr, is iad na leanaí na dídeanaithe Siriacha is leochailí. Mar chuid d’aon chlár athlonnú in Éirinn, ba cheart túsáite a thabhairt do pháistí. Tar éis achainí ón UNHCR, tá gealltanas tugtha ag Éirinn agus ag tíortha eile na hEorpa, 30,000 teifeach, a bhfuil an riosca is mó ag rith leo, a athlonnú. Tá an SDÍ ‘théis a iarradh ar rialtas na hÉireann ceannaireacht idirnáisiúnta a ghlacadh agus dídean a thairiscint do 300 teifeach Siriach mar íosmhéid.

Ní hiad clanna agus páistí Siriacha amháin atá ag iarradh dídean agus tearmann a fh áil in Éirinn. Maidir le iarrthóirí tearmainn i gcoitinne, áfach, tá sé fíor a rá gur beag na nótaí dóchais atá ann faoi láthair. Tá breis is duine as gach triúr de na hiarrthóirí tearmainn

in Éirinn ag fanacht ar feadh níos mó ná cúig bliana le haghaidh cinneadh soiléir ar a gcásanna. Idir an dá linn tá an saol geall is reoite acu. Is gasúir iad aon trian de na hiarrthóirí tearmainn ar fad. Don chuid is mó tá siad ina gcónaí i chuid is mó tá siad ina gcónaí i D’iarr an dtimpeallacht institúideach dtimpeallacht institúideach

Pápa Proinsias ar Chaitlicigh agus ní bhíonn deis ag a dtuismitheoirí fi ú a mbéilí féin a ullmhú. agus ní bhíonn deis ag a iarracht a dhéanamh Mar a deir an Pápa, domhan níos fearr tá dualgas orainn mar shochaí aire a thabhairt shochaí aire a thabhairt a chruthú. do na gasúir seo atá ag do na gasúir seo atá ag maireachtáil inár measc. Tá maireachtáil inár measc. Tá an imirce éigeantais ag baint a gcearta ó pháistí agus ní mór dúinn uilig dídean, dóchas agus fáilte a chur rompu in am a ngátar.

Tá Eoghan Ó Cuinn ina stiúrthóir ar an Seirbhís Dídeanaí Íosánach (Jesuit Refugee Service) in Éirinn

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ LÚNASA 2014 Na dídeanaithe, atá curtha le fán an tsaoil de dheasca foréigin, go bhfaighe siad fáilte agus féile agus cosaint ar a gcearta.

This article is from: