An Timire - Samhradh 2014

Page 38

38

Eoghan Ó Cuinn

TEIFIGH I NGÉARGHÁ AR FUD AN DOMHAIN

Le linn an chéid seo, b’éigean do na milliúin daoine timpeall na cruinne teitheadh óna dtithe agus óna mbailte – tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó sa domhan inniu. Le deich mbliana anuas, de bharr gorta, tubaistí nádúrtha agus cogaidh chathartha, bhí ar na milliúin daoine a n-áit dhúchais a fhágáil agus tearmann a lorg i dtíortha eile. I lár na stoirme seo, tá páistí. Agus iallach orthu a dtithe a thréigean, tá siad ag fágáil a gcairde, a gclanna agus a modh beatha agus go fíor-mhinic tá siad ag fágáil a leanabaíocht freisin. Tá ar na páistí fás suas ró-thapaidh chun déileáil leis an riocht crua atá le fulaingt acu – a bheith ina dteifigh. Sa teachtaireacht aige le haghaidh an Lá Domhanda do Imircigh agus Dídeanaithe le déanaí, d’iarr an Pápa Proinsias ar Chaitlicigh iarracht a dhéanamh domhan níos fearr a chruthú. Tá dóchas ar fáil i gcroílár na teachtaireachta seo de chuid an Phápa. Tá an tAthair Naofa ag troid in aghaidh “domhandú na neamhshuime”; tá sé ansoiléir ina dhearcadh nach ceithearnaigh iad imircigh agus dídeanaithe ar chlár fichille an chine daonna.

Timire Summer 2014.indd 38

Glactar leis gurb í an choimhlint sa tSiria an ghéarchéim dídeanaí is measa le breis is scór blianta. Tá níos mó ná 6.5 milliún de mhuintir na Siria díbirthe óna dtithe áit éigin taobh istigh den tír agus tá 2.3 milliún teifigh ag cur futhu áit éigin sna tíortha maguaird. Ceaptar go bhfuil níos mó ná milliún gasúr ina dteifigh sa tSiria. Tá an saol laethúil contúirteach le haghaidh gasúir sa tSiria. Baintear leas as páistí mar shaighdiúirí, cuirtear i bpríosúin le daoine fásta iad agus baintear feidhm astu mar sciath daonna go minic. Tá an tSeirbhís Dídeanaí Íosánach(SDI){JRS} ag dáileadh faoiseamh éigeandála dóibh siúd a bhfuil cabhair ag teastáil go géar uathu. Ina theannta seo, tá an tSeirbhís ag reachtáil gníomhachtaí oideachais chun athmhuintireas a chur chun cinn. Sna cathracha Damascus, Homs agus Aaleppo, cuirtear tacaíocht oideachais agus siceolaíochta ar fáil. Cinnte, tá an tacaíocht seo tábhachtach ó thaobh an oideachais de, ach chomh maith le seo, tugtar deis do na gasúir faoiseamh éigin a fháil ón gcoimhlint, fiú ar feadh cúpla uair a’ chloig ar chuma ar bith.

19/05/2014 12:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.