3 minute read

An Creideamh san Eoraip Dónall Ó Riagáin

Dónall Ó Riagáin AN CREIDEAMH SAN EORAIP

Bhí an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn inar fh réamhaigh an Chríostaíocht, óir bhain cuid mhór de dheisceabail Chríost úsáid shamhlaíoch as gréasán Impireacht na Róimhe chun an dea-scéala a leathadh. Nuair a chlis ar an Impireacht chuaigh an Chríostaíocht i léig in áiteanna agus bhí lámh nach beag ag misinéirí ó Éirinn i dtabhairt thar n-ais na hEorpa chun an chreidimh. Siúd is go raibh lipéad na Críostaíochta buailte go soiléir ar an Eoraip ní raibh grá Dé le brath ar chuid mhór d’iompar a cuid cinnirí a mhaígh gur Críostaithe iad. Níor leasc leo tarraingt ar chogaí is ar ghéarleanúint chun a dtoil a chur i bhfeidhm.

In ainneoin a cúlra Críostaí ba san Eoraip sa dara leath den 19ú céad agus sa chéad leath den 20ú haois a bhí trí cinn de na cogaí ba mheasa dá bhfaca an cine daonna riamh – An Cogadh Franco-Prúiseach, an Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda. Maraíodh na milliúin, idir chomhraiceoirí agus shibhialtaigh. Críostaithe ag marú Críostaithe agus go minic sagairt agus ministrí Críostaí eile á mbeannú roimh chatha!

Nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart thosaigh an obair atógála agus an uair seo bhí anáil láidir na Críostaíochta le sonrú uirthi. Bunaíodh Comhairle na hEorpa i 1949 agus, anuas ar chomhoibriú idir náisiúin na hEorpa a éascú agus a spreagadh, dhréachtaigh an Chomhairle breis is 200 chonradh a thacaíonn le agus a chosnaíonn cearta an duine. Is é an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine an ceann is tábhachtaí díobh.

Críostaithe tiomanta ba ea Robert Schuman agus Jean Monnet, príomhailtirí an Chomhphobal Guail agus Cruaiche, a bunaíodh i 1951. Le linn na tréimhse ó bhunú an chéad Comhphobail go dtí an lá atá inniu ann ní raibh aon mhór-chogadh san Eoraip, tháinig ardú suntasach ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine, cuireadh saoroideachas ar fáil don chuid is mó den phobal, tógadh córais leasa shóisialaigh a thugann cosaint in aghaidh na fíorbhochtaineachta agus cruthaíodh córais leighis don phobal ina iomláine. Cinntíodh saoirse creidimh agus coinsiasa. Cuireadh deireadh nach mór go hiomlán le pionós an bháis agus sa chuid is mó d’éirigh tíortha na hEorpa as an gcoilíneachas. Tosaíodh ar chearta na mionlach a aithint – cearta teanga ina measc.

An Conradh Pháras bunaítear an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), 18 Aibreán, 1951

Nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart thosaigh an obair atógála agus an uair seo bhí anáil láidir na Críostaíochta le sonrú uirthi.

Deir Conradh an Aontais Eorpaigh in Airteagal 3 :

“… Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fh eabhsú”.

Nuair a theip ar an gCumannachas shín tíortha saibhre Iarthar na hEorpa lámh chúnta chuig tíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa. Ré órga don Eoraip agus luachanna na Críostaíochta in uachtar fi ú mura raibh lipéad na Críostaíochta buailte anuas orthu!

Ach in ainneoin an dul chun cinn seo ar fad tá teipthe ar an Eoraip idéal na Críostaíochta a leanúint go críochnúil. Tá bochtaineacht agus éagóir fós san Eoraip agus leatrom á imirt ar dhaoine soghonta, tá mí-úsáid drugaí ina fadhb i gcónaí, tá ginmhilleadh agus mí-úsáid ghnéis á gcleachtadh, bíonn ciníochas le sonrú ar uaire agus glacann tíortha áirithe Eorpacha páirt fós i gcogaí i dtíortha i gcéin. I bhfocail eile, níl teagasc Chríost imithe i bhfeidhm go hiomlán fós ar ár mór-roinn ná baol air.

Tá an Pápa Proinsias tar éis dul i gcionn ar dhaoine ar shlí nár éirigh le haon Phápa eile a dhéanamh ó aimsir Eoin XXIII i leith. Agus a dhroim tugtha aige le postúlacht agus éirí in airde, tá freastal ar bhochtáin ar bharr a liosta tosaíochtaí. Tá macalla Sheanmóir Chríost ar an Sliabh, an óráid ba réabhlóidí dar tugadh riamh, le cloisteáil go soiléir ina chuid cainte. I tvuít a sheol sé le déanaí, dúirt sé:

“Ní leor dúinn a rá gur Críostaithe sinn. Ní mór dúinn an creideamh a mhaireachtáil, ní lenár mbriathra amháin, ach lenár ngníomhartha”.

Dúshlán! Tá tráth aggiornamento buailte linn arís.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MEITHEAMH 2014 Go bhfi lle an Eoraip ar a foinsí Críostaí tríd an fh ianaise a thugann creidmhigh

Foclóirín: Chomhraiceoirí: trodairí /combatants; tiomanta: committed; Urramóidh: tabharfaidh onóir do

This article is from: