12
Dónall Ó Riagáin
AN CREIDEAMH SAN EORAIP
Bhí an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn inar fhréamhaigh an Chríostaíocht, óir bhain cuid mhór de dheisceabail Chríost úsáid shamhlaíoch as gréasán Impireacht na Róimhe chun an dea-scéala a leathadh. Nuair a chlis ar an Impireacht chuaigh an Chríostaíocht i léig in áiteanna agus bhí lámh nach beag ag misinéirí ó Éirinn i dtabhairt thar n-ais na hEorpa chun an chreidimh. Siúd is go raibh lipéad na Críostaíochta buailte go soiléir ar an Eoraip ní raibh grá Dé le brath ar chuid mhór d’iompar a cuid cinnirí a mhaígh gur Críostaithe iad. Níor leasc leo tarraingt ar chogaí is ar ghéarleanúint chun a dtoil a chur i bhfeidhm. In ainneoin a cúlra Críostaí ba san Eoraip sa dara leath den 19ú céad agus sa chéad leath den 20ú haois a bhí trí cinn de na cogaí ba mheasa dá bhfaca an cine daonna riamh – An Cogadh Franco-Prúiseach, an Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda. Maraíodh na milliúin, idir chomhraiceoirí agus shibhialtaigh. Críostaithe ag marú Críostaithe agus go minic sagairt agus ministrí Críostaí eile á mbeannú roimh chatha! Nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart thosaigh an obair atógála agus an
Timire Summer 2014.indd 12
uair seo bhí anáil láidir na Críostaíochta le sonrú uirthi. Bunaíodh Comhairle na hEorpa i 1949 agus, anuas ar chomhoibriú idir náisiúin na hEorpa a éascú agus a spreagadh, dhréachtaigh an Chomhairle breis is 200 chonradh a thacaíonn le agus a chosnaíonn cearta an duine. Is é an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine an ceann is tábhachtaí díobh. Críostaithe tiomanta ba ea Robert Schuman agus Jean Monnet, príomhailtirí an Chomhphobal Guail agus Cruaiche, a bunaíodh i 1951. Le linn na tréimhse ó bhunú an chéad Comhphobail go dtí an lá atá inniu ann ní raibh aon mhór-chogadh san Eoraip, tháinig ardú suntasach ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine, cuireadh saoroideachas ar fáil don chuid is mó den phobal, tógadh córais leasa shóisialaigh a thugann cosaint in aghaidh na fíorbhochtaineachta agus cruthaíodh córais leighis don phobal ina iomláine. Cinntíodh saoirse creidimh agus coinsiasa. Cuireadh deireadh nach mór go hiomlán le pionós an bháis agus sa chuid is mó d’éirigh tíortha na hEorpa as an gcoilíneachas. Tosaíodh ar chearta na mionlach a aithint – cearta teanga ina measc.
19/05/2014 12:47