3 minute read

Lúcháir an tSoiscéil An Bráthair Moy Hitchen

An Bráthair Moy Hitchen LÚCHÁIR AN TSOISCÉIL

I measc réigiúin uile na hEaglaise, tá an t-achar is mó agus an daonra is lú san Aigéine. Tá an Eaglais sa réigiún seo i gcumarsáid leis na daoine sa Chiúin Aigéin (na Polainéisigh, na Meilinéisigh agus na Micrinéisigh) chomh maith le háitritheoirí na hAstráile, na NuaShéalainne agus Nua-Ghuine Phapua.

I measc na ndaoine sin tá roinnt de na cultúir leanúnacha is ársa ar domhan (dúchasaigh na hAstráile agus Nua-Ghuine Phapua) agus tá iliomad teangacha (700 teanga ar a laghad i Nua-Ghuine Phapua agus breis agus 250 i measc dúchasach na hAstráile) agus bhí a sinsir (na Polanéisigh, na Melanéisigh, na Micronéisigh) i measc na mór-thaistealaithe mara i stair an chine dhaonna.

Guíonn an Pápa go ndéanfaidh lúcháir an tSoiscéil teagmháil leo go léir.

Castar pictiúir de bháid, d’iascaireacht agus den fh arraige orainn sna Scrioptúir, mar tarlaíonn an-chuid scéalta sna Scrioptúir timpeall ar Mhuir na Gailíle. Is thart ar an Mheánmhuir a tharla foilsiú na Críostaíochta sna nua-aoiseanna agus is ann a bhí Impireacht na Róimhe chomh maith. Le cabhair na samhlaíochta, is féidir na scéalta mara sin a ath-insint in uiscí ollmhóra an Chiúin-Aigéin a thimpeallaíonn na tíortha sa réigiún sin.

Cé hiad na daoine a ghlaofadh Íosa chuige inniu dá mbeadh sé ag spaisteoireacht thart faoi chóstaí na hAigéine? Tá iascairi anseo fós ag deisiú a n-eangach, ach tá lucht na n-oileán seo ag sracadh le bochtanas agus i ngleic le cúrsaí forbartha agus le hathrú aeráide. Ísleáin is ea cuid de na hoileáin seo (m.sh. Kiribati agus Tuvalu) agus tá a gceannairí ag smaoineamh cheana féin ar chathain a bhogfaidh siad an náisiún uile go dtí talamh níos airde – i dtír eile. Tá tíortha eile fós, an Astráil agus an Nua-Shéalainn ar ard-chaighdeán rachmais ach tá coilm an choilínithe ag goilleadh na ndúchasach agus tá cadrántacht i leith na dteifeach agus na ndídeanaithe le brath. Cén lúcháir is féidir le Críostaithe a léiriú do mhuintir na hAigéine?

I dtíortha uile na hAigéine tá an Soiscéal ionchultúraithe sa chultúr ag Críostaithe na háite. Ar an iomlán, tháinig an Soiscéal chuig an réigiún seo ó mhisinéirí Eorapacha a tháinig ar cuairt chuig na hoileáin seo, uaireanta mar chuid de mhór-ghluaiseachtaí coilínithe, uaireanta mar mhisinéirí thréitheacha a tháinig ó thíortha éagsúla chun a gcreideamh a roinnt.

Joseph Meyer map

Tá Íosa fós ag glaoch ar mhuintir na hAigéine a n-eangacha a thréigean agus díriú isteach an an mór-phictiúr, Réimeas Dé ar talamh.

Anois déantar an creideamh Críostaí a cheiliúradh i dteangacha, liotúirge, amhráin, rincí, ailtireacht, ealaín agus litríocht áitiúil leis an lúcháir go bhfuil an Pápa ag guí ar a shon.

Ceann de na foinsí áthais gur féidir le Críostaithe a roinnt lena gcomharsana agus leis an sochaí i gcoitinne is ea tabhartas an dóchais. In Aitheasc Aspalda chuig an Eaglais san Aigéin, i ndiaidh Shionad na bliana 1998, d’ainmnigh an Pápa Eoin Pól sé thonn dóchais le haghaidh cóstaí na hAigéine – Teagasc Sóisialta na hEaglaise (chun dul i ngleic le bochtanas), Cearta Daonna (chun daoine goilliúnacha a chosaint), Dúchasaigh (chun a sainiúlacht a chaomhnú), Cabhair Fhorbartha (chun rannpháirteachas a léiriú), Naofacht na Beatha (mar dhlúshlán do réiteach foréigneach) agus an tImshaol (bheith urramach dó). Scéala áthais iad seo do mhuintir uile na hAigéine nuair a bhíonn Críostaithe tiomanta lena gcur i gcrích mar straitéis dóchais.

Tá Íosa fós ag glaoch ar mhuintir na hAigéine a n-eangacha a thréigean agus díriú isteach ar an mór-phictiúr, Réimeas Dé ar talamh. Glaoch chun rannpháirteachais - leis na daoine atá bocht, faoi mhíchumas, leis na hoileáin atá ag fulaingt agus fi ú le huiscí na mara féin - in ionad bheith in achrann ina gcúramaí leithleasacha féin. Tá áthas agus lúcháir i ndán do mhuintir na hAigéine nuair a thiocfaidh náisiúin uile an réigiúin seo le chéile mar aon mhór-phobal amháin a thabharfaidh aitheantas go lúcháireach don éagsúlacht agus a thiocfaidh i gcabhair ar a chéile in am an riachtanais. Bímis ag dúil leis an lúcháir sin, lúcháir an tSoiscéil a thugann Íosa dúinn.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ LÚNASA 2014 Go ndéana Críostaithe na hAigéine an creideamh a fh ógairt go lúcháireach do mhuintir uile an réigiúin sin.

Foclóirín: An Aigéine: Oceania – sé sin An Astráil agus na hoileáin maguaird; An Aigéin Chiúin: the Pacifi c Ocean; ionchultúraithe: inculturated; coilm: scars; cadrántacht: harshness; dídeanaithe: refugees

This article is from: