An Timire - Samhradh 2014

Page 40

40

An Bráthair Moy Hitchen

LÚCHÁIR AN TSOISCÉIL

I measc réigiúin uile na hEaglaise, tá an t-achar is mó agus an daonra is lú san Aigéine. Tá an Eaglais sa réigiún seo i gcumarsáid leis na daoine sa Chiúin Aigéin (na Polainéisigh, na Meilinéisigh agus na Micrinéisigh) chomh maith le háitritheoirí na hAstráile, na NuaShéalainne agus Nua-Ghuine Phapua. I measc na ndaoine sin tá roinnt de na cultúir leanúnacha is ársa ar domhan (dúchasaigh na hAstráile agus Nua-Ghuine Phapua) agus tá iliomad teangacha (700 teanga ar a laghad i Nua-Ghuine Phapua agus breis agus 250 i measc dúchasach na hAstráile) agus bhí a sinsir (na Polanéisigh, na Melanéisigh, na Micronéisigh) i measc na mór-thaistealaithe mara i stair an chine dhaonna. Guíonn an Pápa go ndéanfaidh lúcháir an tSoiscéil teagmháil leo go léir. Castar pictiúir de bháid, d’iascaireacht agus den fharraige orainn sna Scrioptúir, mar tarlaíonn an-chuid scéalta sna Scrioptúir timpeall ar Mhuir na Gailíle. Is thart ar an Mheánmhuir a tharla foilsiú na Críostaíochta sna nua-aoiseanna agus is ann a bhí Impireacht na Róimhe chomh maith. Le cabhair na samhlaíochta, is féidir na scéalta mara sin a ath-insint in uiscí ollmhóra an Chiúin-Aigéin a

Timire Summer 2014.indd 40

thimpeallaíonn na tíortha sa réigiún sin. Cé hiad na daoine a ghlaofadh Íosa chuige inniu dá mbeadh sé ag spaisteoireacht thart faoi chóstaí na hAigéine? Tá iascairi anseo fós ag deisiú a n-eangach, ach tá lucht na n-oileán seo ag sracadh le bochtanas agus i ngleic le cúrsaí forbartha agus le hathrú aeráide. Ísleáin is ea cuid de na hoileáin seo (m.sh. Kiribati agus Tuvalu) agus tá a gceannairí ag smaoineamh cheana féin ar chathain a bhogfaidh siad an náisiún uile go dtí talamh níos airde – i dtír eile. Tá tíortha eile fós, an Astráil agus an Nua-Shéalainn ar ard-chaighdeán rachmais ach tá coilm an choilínithe ag goilleadh na ndúchasach agus tá cadrántacht i leith na dteifeach agus na ndídeanaithe le brath. Cén lúcháir is féidir le Críostaithe a léiriú do mhuintir na hAigéine? I dtíortha uile na hAigéine tá an Soiscéal ionchultúraithe sa chultúr ag Críostaithe na háite. Ar an iomlán, tháinig an Soiscéal chuig an réigiún seo ó mhisinéirí Eorapacha a tháinig ar cuairt chuig na hoileáin seo, uaireanta mar chuid de mhór-ghluaiseachtaí coilínithe, uaireanta mar mhisinéirí thréitheacha a tháinig ó thíortha éagsúla chun a gcreideamh a roinnt.

19/05/2014 12:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.