18
Éanna Ó Dunnshléibhe
IN ÓMÓS DO LÉIGIÚN MHUIRE
DE MONTFORT, CEILTEACHAS AGUS FRAINC Ó DUIBH Chaithfear a rá go raibh tréithe an Cheiltigh go soiléir le feiceáil sa Montfortach, é díograiseach, fileata, ceólmhar, taghdach, fuinniúil, beagbheann ar chompóirdí an tsaoil. Do bhí an Bhriotáinis ar a dhóigh aige mar ba mhinic dó ag tabhairt misean do threabha na n-oileán agus na ndúiche. Duine léannta freisin é a dhein freastal ar an Sorbonne agus a bhí seal ina leabharlannaí i gcliarscoil N. Sulpice. Is ann a bhunaigh sé catalóg atá ar fáil go fóill agus a léirigh dá bheathaisnéisithe an foinse domhain spioradálta as a dtarraing sé an tinfeadh dea-bhunaithe a sheas dó i rith an chúrsa chorraithe a bhí roimhe, a fhreagair lucht a cháinte agus a sheól ar bhealach a chanónaithe é ar ball. Rud a chuireann mór-íontas ar a dhaltaí ná na 164 cainticí a chum sé dos na fíréin lena gcanadh le linn na misean, iad ar dul na n-amhrán a bhí coiteann ar bheóla na ndaoine. Tógann siad 861 leathanaigh as “Iomlán a Oibre” (Oeuvres Complėtes). In Éirinn do bhí oidhreacht cheóil ag dul le reiligiún. File adúirt. Bocht an eaglais bhíos gan cheol, Dáividh rí do sheol an reacht, cia an pápa tháinig riamh nár mhol dá chliar an ceol ceart? (Measgra Dánta 7) Chuir an Reifirméisean bac leis an gceol i dTeach an Phobail i bhfus go dtáinig laetha an Athar Faber, Protastúnach Sasanach a d’iompaigh ina Chaitliceach. Bhí féith an cheóil ann freisin a chuir sé borradh nua ar cheól eaglasta, a chaintic
Timire Summer 2014.indd 18
“Faith of our Fathers” geall le bheith ina h-aintiún náisiúnta againn in Éirinn. Do bhí an dara bua ag an Athair Faber freisin. Bhí suim agus tuigsean aige i leith lámh-scríbhinní Montfort ar fhíordheabhóid do Mhuire, ciste a fritheadh i mbosca faoin bhfód sa bhliain 1842 i Saint-Laurent-sur-Sèvre sa Vendéé, 63 blianta tar éis Réabhlóide na Fraince and an slad a lean ar muintir an Vendée agus na Briotáine; agus 136 blianta tar éis báis Montfort. Do dhein an tAthair Faber téacs Montfort a aistriú ina Bhéarla agus a chur i gcló sa bhliain 1864. An clódóir: Thomas Richardson & Son, Londain agus brainse aige in uimhir a 9, Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath. Maith mar a thárla ós rud é gurbh é Árd-Easpag Átha Cliath, an Dochtúir Pól Ó Coileáin (go gairid le bheith ina Chairdinéal) a cheadaigh an cur i gcló. Ba chóip den eagrán seo a thit idir lámha Frainc Uí Dhuibh ar stalla leabhar cois Life i 1918. Sean-chóip le clúdach stróicthe a fuair sé ar cheithre phingne. Ach ní staid an leabhair a chuir as dó ach stíl árdaigeanta an údair gur fhág sé i leathtaobh é. Mura mbeadh spreagadh mion minic Tomáis Uí Fhallúin, cara a athar i dTeach an Chustaim, níor
19/05/2014 12:47