An Timire - Samhradh 2014

Page 28

28

Mary Gurrin

SAN AFRAIC THOIR

MAR MHISINÉIR TUATA 2004 – 2008 Aistrithe ag Dónall Ó Conaill

Nuair a smaoiním ar an gcinneadh a rinne mé mar mhúinteoir bunscoile roinnt blianta a chaitheamh ar na misin thar lear creidim gurb é an Spiorad Naomh a threoraigh mé dul go dtí an Tansáin agus a thacaigh liom i gcaitheamh na gceithre bliana a chaith mé in iargúltacht na hAfraice. Níl aon dabht ann ach gur baineadh preab uafásach asam nuair a shroich mé Tanga, san Afraic Thoir. Ní féidir reamh-ullmhúchán a dhéanamh do na radharcanna, na fuaimeanna, na dathanna agus don teas i Dar es Salaam ná don turas bus seacht n-uaire ‘a chloig trí cheantracha tuaithe na Tansáine ar mo bhealach go dtí Muheza. Sa chéad litir a scriobh mé abhaile déanaim cur síos ar mo chéad oíche i seomra gan gloine ar na fuinneoga agus ar na dúil bheo aisteacha a bhí le feiceáil agus le cloisteáil istigh is amuigh. Le cabhair agus le tacaíocht na Siúracha Roismineacha agus leis an bhfáilte ríméadach ó na daltaí agus a dtuismitheoirí shocraigh mé síos go pras agus bhí mé sona sásta agus ar mo shuaimhneas. Ba dhúshlán mór é na bunchoinníollacha múinteoireachta a bhí ar fáil ach níor chuir easpa leabhar ná easpa áiseanna

Timire Summer 2014.indd 28

isteach orm riamh. Leis na blianta taithí a bhí agam bhí mé in ann na fadhbanna sin a shárú. Mar oiliúnóir bhí mé i mo mheantóir (mentor) ar shiúr óg Afracach a d’oibrigh taobh liom faoi oiliúint ar feadh dhá bhliain. Lean sí ar aghaidh ansin chun breisoideachas a fháil gur bhain sí scrúduithe amach agus chuaigh sí go dtí an Ollscoil. Lean an mheantóireacht ansan ar shiúr óg eile don dá bhliain eile a bhí mé ann. Ní áit don duine lagchroíoch bheith ag iarraidh déileáil leis na hiliomad constaicí sa seomra ranga Afracach. Leis an tacaíocht a fuair mé ó mo comhghleacaithe, ó mo chlann agus ó mo chairde in Éirinn d’éirigh liom na seomraí ranga a fheistiú agus a chóiriú agus cabhrú leis an bpobal áitiúil. Nuair a thógtar ceist inniu faoi obair na dtíotha Iartharacha sa Triú Domhan smaoiním ar thacaíocht agus ar fhlaithiúlacht an paróiste in ar mhúin mé i mBaile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain is tríocha. Bhí muintir Muheza an-bhuíoch de na daoine sin agus thug sé dóchas dóibh go raibh paróiste agus scoil i mBaile Átha Cliath a chabhraigh leo a scoil a fheabhsú agus leabhair agus fearas a sholáthar dá bpáistí.

19/05/2014 12:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.