An Timire - Samhradh 2014

Page 16

16

An tAth Fiontán Ó Monacháin

AR LEANÚINT Ó THIMIRE AN EARRAIGH Oilithreacht chuig na Róimhe 2 Seanmóir a thug an Ath Ó Monacháin i gCnoc Muire, 2013

BHEITH BUÍOCH – RUDAÍ BEAGA Nuair a bhíonn tú ag siúl ar feadh an lae le mála mór ar do dhroim bíonn tú chomh buíoch faoi go leor rudaí beaga nach dtugann tú an iomarca airde orthu go hiondúil, bróga maithe, sláinte mhaith, an bua a bheith aclaí, scíth a ligean nuair a theastaíonn sé, cithfholcadh te, éadaí glana tirime a chur ort, cupán caife agus greim le hithe, béile maith sa tráthnóna, codladh álainn na hoíche. Ceann de thorthaí móra oilithreachta mar seo ná go mbíonn duine fíorbhuíoch as na gnáthrudaí a bhíonn againn gach uile lá. Buíochas le Dia. Tá na trí fhocal sin lán le diagacht, le spioradáltacht agus leis an gCríostaíocht. Ar oilithreacht foghlaimíonn tú le bheith buíoch. Nach in é croílár an Aifrinn Naofa freisin! Buíochas! BAILE AN TOBAIR Má thug tú cuairt ar Bhaile an Tobair le hoilithreacht Tóchar Phádraig a dhéanamh, dála an Reachtaire, an tAth. Frank Fahey, tá riail amháin ann – nach bhfuil aon chead a bheith ag gearán. Sursum Corda, tógaigí bhur gcroíthe in airde! Ar oilithreacht bíonn fonn ort é sin a dhéanamh.

Timire Summer 2014.indd 16

ÁILLEACHT AN DÚLRA Nuair a bhíonn tú amuigh faoin tuath in áit dhifriúil téann áilleacht na timpeallachta agus an dúlra i bhfeidhm go mór ort. Nuair a bhí oilithreacht an Via Francigena thart thug mé cuairt lá amháin ar Assisi, thuas sna sléibhte sa Tuscáin. Níl a fhios agam arbh é spiorad San Proinsias Assisi nó céard ach bhain mé ardtaitneamh as áilleacht agus aoibhneas na timpeallachta thart timpeall ar fad. Cheap mé gur mhór an trua nach ndéanaim é seo go minic sa bhaile. PÁPA NUA - PROINSIAS Rud a chuir barr feabhais ar an oilithreacht chun na Róimhe ná go bhfuair muid an deis iontach an Pápa nua Proinsias a fheiceáil. Tá sé deacair cur síos ar an atmaisféar leictreach agus an ríméad a bhí ar 75,000 duine a bhí ansin nuair a tháinig sé amach ar chearnóg Naomh Peadar. B’iontach a fheiceáil an t-ardmheas agus an cion agus an urraim a bhí ag an oiread sin daoine air. D’ardaigh sé croí gach uile dhuine a bheannacht a fháil. Cuid mhór d’Oilithreacht ar bith ná faoistin a dhéanamh. Ar an Via Francigena b’iontach an ócáid dul isteach

19/05/2014 12:47


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.