3 minute read

Lá ‘le Pádraig Dónal de Róiste

tAth Dónal de Róiste LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2014

Aitheasc a thug an tAthair Dónal de Róiste san Leas Ard-Eaglais, i mBaile Átha Cliath

Tharla go raibh mé ag ceiliúradh Aifrinn Phádraig Naofa i gceann de na scoileanna sa pharóiste. Bhí mé ag caint agus ag cur ceisteanna faoi Naomh Pádraig agus faoina shaol. Bhí sé ina sclábhaí ag tabhairt aire do na muca ar Shliabh Mis. D’éalaigh sé ach tháinig sé ar ais. Cén fáth ar tháinig sé ar ais?

‘He had a dream.’ Bhí brionglóid aige agus chuala sé muintir na hÉireann ag iarraidh air teacht ar ais.

Tá a lán scéalta sa Bhíobla faoi dhaoine a d’éist le brionglóidí – Muire, Iósaf, Abrahám, Maois. An mbeifeá-sa sásta do chuid brionglóidí a leanúint dá mba rud é go mbeadh baol agus cruatan romhat mar a bhí roimh Phádraig?

Sa Ghaeilge tá dhá fh ocal againn ar ‘dream’: brionglóid agus aisling. Tá difríocht eatarthu. Is éard is Aisling ann ná foilsiú (revelation) a thugann inspioráid dúinn, ar nós an ‘dream’ a bhí ag Martin Luther King. Tugann an foilsiú sin fi s dúinn agus cothaíonn sé misneach ionainn. Tá neart agus cumhacht agus fuinneamh ag baint leis a chuireann tine sa bholg. Sin an saghas aislinge a bhí ag Pádraig: fís a chuir ar a chumas cinneadh ar rún daingean diongbháilte a dhéanamh chun an creideamh láidir a bhí aige i gCríost a roinnt le muintir na hÉireann.

Bhí creideamh láidir ag Pádraig, creideamh i nDia a d’fh ás agus a d’fh orbair le linn dó bheith ag aoireacht ar Shliabh Mis. Cloisimid é ina phaidir:

Lúireach Phádraig Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh, Críost istigh ionam.

Bhí sé lán de Spiorad Dé agus bhí an creideamh a bhí aige i gcumhacht Chríost chomh láidir sin nach raibh eagla air teacht ar ais, ainneoin an chruatain agus an naimhdis a bhí roimhe. Cloisimid sa scrioptúr : ‘Achtaím ort

an briathar a fh ógairt ar do dhícheall i

dtráth agus in antráth’. Rinne Pádraig an méid sin trí chumhacht Chríost. Chuir sé an fh ís nó an aisling a bhí aige i bhfeidhm ar fud na tíre agus de bharr a shaothair baisteadh a lán daoine ina gCríostaithe. Ar fud na tíre anois feicimid rian na ndaoine naofa a lean Pádraig agus a thug an teideal ‘Oileán na Naomh is na nOllamh’ don tír. D’fh ág

Tá neart agus cumhacht agus fuinneamh ag baint le Aisling a chuireann tine sa bholg.

Mósáic de Naomh Pádraig le Boris Anrep, in Ardeaglais an Mhuilinn Ghearr.

Pádraig agus na manaigh a mhair sa ré órga sin oidhreacht shaibhir ina ndiaidh Ina measc tá ardchrosa, cloigthithe, lámhscribhinní, fothracha mainistreach, oilithreachtaí go háiteanna mar Ghleann dá Loch, Cluain Mhic Nóis, Oileán Í, Lindisfarne agus níos faide i gcéin fós go dtí an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin.

Cad faoi anois? Tá ‘méféineachas’, le brath, fi ú i gcúrsaí creidimh. Úsáideann daoine an creideamh chun sólás a fh áil, nó chun na tráthanna móra den saol a cheiliúradh. Is maith an rud é sin. Ach an leor é? An bhfuil an creideamh Críostaí ann mar spioradáltacht phríobháideach don duine aonarach? Nó an bhfuil daoine ann atá lán den aisling agus den fh ís a líon croí Phádraig Naofa chun an creideamh a roinnt leis an nglúin óg?

Dúirt an Pápa Eoin Pól II go raibh gach glúin óg cosúil le ‘mór-roinn nua le buachan do Chríost’. Tá an Pápa Proinsias ag déanamh sáriarrachta saol Íosa a chur i bhfeidhm ina shaol féin agus tá aisling aige chomh maith. Anseo in Éirinn agus sinn ag ceiliúradh shaol Phádraig, tá sé in am dúinn féachaint arís ar an aisling a thug treoir dó ina shaol. Tá seoid sárluachmhar an chreidimh againn le roinnt le lucht ár gcomhaimsire. Ná bíodh eagla orainn agus ná bímis ag déanamh leithscéil á rá nach bhfuil an t-am ceart ann. Ní raibh sé riamh éasca agus ní bheidh.

Tá na síolta curtha ag Pádraig agus tá a shaothar comhlíonta anois, mar a deir Pól le Tiomóid: ‘Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam’. Tá an fh reagracht orainn-ne anois na síolta sin a chothú agus an obair a thosaigh Pádraig a thabhairt chun críche. Is é mo ghuí go mbeidh an aisling a thug inspioráid do Phádraig inár gcroí chomh maith. Bíodh misneach againn agus bíodh creideamh láidir againn go bhfuil Críost i gcónaí inár measc, romhainn, taobh thiar dínn, fúinn agus os ár gcionn.

An tAthair Dónal de Róiste, The Abbey, Baile Chill Mhantáin, Co Chill Mhantáin. donaljroche@gmail.com

Foclóirín: forbair: méadaigh; oidhreacht: rudaí fágtha ag clann nuair a éagann duine; sáriarracht: iarracht an mhór

This article is from: