3 minute read

Saoire i dTeach an Mháistir Concubhar Ó Liatháin

SAOIRE I DTEACH AN MHÁISTIR

Concubhar Ó Liatháin

Beag saoire a bhí agam féin i mbliana, seachas deireadh seachtaine i dTír Chonaill. Ach b’aoibhinn an seal é sa chontae is faide ó thuaidh ar an oileán. Bhíos agus mo chlann ag fanacht le muintir Uí Mhuirí i dTigh an Mháistir i Mín an Chladaigh. B’iontach an fh áílte a cuireadh romhainn - ceol, comhluadar, fl eadh, féile agus féasta.

Tá rud iontach ar bun ag Cathal agus ag Patsy Uí Mhuirí, is é sin coláiste Gaeilge a bhunú i dtigh ina bhfuil traidisiún an oideachais ag síneadh siar go tús an chéid seo caite. Ba anseo a tháinig leithéidí Bríd Rodgers agus a thuilleadh nach í chun snas a chur ar a gcuid ceachtanna tar éis am scoile leis an Máistir.

Anois tá laethanta saoire á dtairiscint ann agus is féidir leat freastal ar ranganna Gaeilge le múinteoirí áitiúla agus togha an bhéaloidis agus an chomhluadair a bhlaiseadh le muintir an tí agus lena gcomharsana. Más fuar a bhí an t-uisce ag Machaire Rabhartaigh - agus bhí sé fuar - ba theolaí an fh áílte ag Tigh an Mháistir (http:// themastershouse.ie/ga/)

Duais a bhuaigh mé trí fh reagra a thabhairt ar cheist ar Twitter a thug sinn go Mín a’ Chladaigh trathnóna ag deireadh an tsamhraidh. Anois cé a deir nach fi ú morán iad na meáin sóisialta!

Ghabhamar ó Bhéal Feirste go Doire áit ar chaitheamar lón i gCultúrlann Uí Chanainn, ár gcéad chuairt ar an bhfoirgneamh dea-chumtha seo, agus le fáilte a chur romhainn bhí Fionnuala Ní Chorraidh ó Bhéal Feirste.

As go brách linn as sin go Leitir Ceanainn agus ar aghaidh go Gort an Choirce. Chuamar ar bhóthar an chósta ansin thar Mhachaire Rabhartaigh agus Toraigh le feiceáil amuigh uainn fé spéir ghorm shamhraidh.

Chuir Patsy fearadh na fáílte romhainn ag Teach an Mháistir agus seomraí breátha compordacha ullmhaithe dúinn. Tá ainm oileáin is baile fearainn ar gach seomra - cuireadh sinne i dToraigh agus na páistí go Gabhla!

An oíche sin, bhí béile álainn againn sa teach, é ullmhaithe de réir oidis ‘Slimming World” agus d’oir sin go maith domsa. Go deimhin táim tar éis clárú leis an gclár sin ó shin agus cloch caillte agam dá réir, a bhuíochas do spreagadh Patsy! Pé rud a d’fh éadfaí a rá faoin saoire, ní rabhamar ocrach ag am ar bith agus togha an bhia curtha ar fáil.

Rang ó Turas Béal Feirste mí Meitheamh 2014. Ina suí: Caroline, Hannah, Linda Ervine, Megan, All ison, Gearóidín. Cúl ó chlé: Caoimhín, Norman, Cathal Ó Muirí (fear a’tí) Máitiú (múinteoir) James, Philip, Pól.

Chuir an t-eispéireas ar fad i gcuimhne dom an saibhreas atá faoinár srón sa Ghaeltacht.

An lá arna mhárach bhí féile in An Fál Carrach, féile Cheilteach, agus go leor nithe aisteacha ag titim amach ann. Chaitheamar cuid mhaith den lá ann agus ansin chuamar cois trá ag snámh. Níl tada a chuireann an fh uil ag preabadh sa chuisle mar snámh san fh arraige, go h-áirithe nuair a bhíonn na tonnta go h-ard agus go fuinniúil. Tar éis an tsnámha, chuireamar eitleog ag eitilt. Bhíodh seanbhráthair do mo mhúineadh fadó i gColáiste Íosagáin agus b’é an seanrá seo ba mhinicí a chloistí óna bhéal: ‘aer úr agus grásta Dé an dá rud is fearr ar domhan!’

Oíche an tSathairn bhí ceiliúradh ar siúl i dTigh an Mháistir agus muintir na comharsanachta istigh chun bliain a cheiliúradh ó cuireadh tús leis an gcoláiste seo. Ní an gabhar amháin a róstadh an oíche úd. Chualamar den chéad uair ceol binn Chathail Uí Chuireáin agus go leor daoine eile ag canadh agus ag aithris scéalta na h-áite.

Chuir an t-eispéireas ar fad i gcuimhne dom an saibhreas atá faoinár srón sa Ghaeltacht. Saibhreas cultúrtha gan amhras, saibhreas teanga, saibhreas eispéiris. Dhá lá i dTigh an Mháistir, b’fh iú iad i bhfad níos mó ná coicís cois na Meánmhara agus tú ag íoc go daor as gach béile agus ag tóraíocht an chultúir in aisce.

Beimíd ar ais…

Foclóirín: fearadh na fáilte: fáilte fi al fl athúil

This article is from: