An Timire - Earrach 2015

Page 32

32

SAOIRE I DTEACH AN MHÁISTIR Concubhar Ó Liatháin

Beag saoire a bhí agam féin i mbliana, seachas deireadh seachtaine i dTír Chonaill. Ach b’aoibhinn an seal é sa chontae is faide ó thuaidh ar an oileán. Bhíos agus mo chlann ag fanacht le muintir Uí Mhuirí i dTigh an Mháistir i Mín an Chladaigh. B’iontach an fháílte a cuireadh romhainn - ceol, comhluadar, fleadh, féile agus féasta. Tá rud iontach ar bun ag Cathal agus ag Patsy Uí Mhuirí, is é sin coláiste Gaeilge a bhunú i dtigh ina bhfuil traidisiún an oideachais ag síneadh siar go tús an chéid seo caite. Ba anseo a tháinig leithéidí Bríd Rodgers agus a thuilleadh nach í chun snas a chur ar a gcuid ceachtanna tar éis am scoile leis an Máistir. Anois tá laethanta saoire á dtairiscint ann agus is féidir leat freastal ar ranganna Gaeilge le múinteoirí áitiúla agus togha an bhéaloidis agus an chomhluadair a bhlaiseadh le muintir an tí agus lena gcomharsana. Más fuar a bhí an t-uisce ag Machaire Rabhartaigh - agus bhí sé fuar - ba theolaí an fháílte ag Tigh an Mháistir (http:// themastershouse.ie/ga/) Duais a bhuaigh mé trí fhreagra a thabhairt ar cheist ar Twitter a thug

Timire Spring 2015.indd 32

sinn go Mín a’ Chladaigh trathnóna ag deireadh an tsamhraidh. Anois cé a deir nach fiú morán iad na meáin sóisialta! Ghabhamar ó Bhéal Feirste go Doire áit ar chaitheamar lón i gCultúrlann Uí Chanainn, ár gcéad chuairt ar an bhfoirgneamh dea-chumtha seo, agus le fáilte a chur romhainn bhí Fionnuala Ní Chorraidh ó Bhéal Feirste. As go brách linn as sin go Leitir Ceanainn agus ar aghaidh go Gort an Choirce. Chuamar ar bhóthar an chósta ansin thar Mhachaire Rabhartaigh agus Toraigh le feiceáil amuigh uainn fé spéir ghorm shamhraidh. Chuir Patsy fearadh na fáílte romhainn ag Teach an Mháistir agus seomraí breátha compordacha ullmhaithe dúinn. Tá ainm oileáin is baile fearainn ar gach seomra - cuireadh sinne i dToraigh agus na páistí go Gabhla! An oíche sin, bhí béile álainn againn sa teach, é ullmhaithe de réir oidis ‘Slimming World” agus d’oir sin go maith domsa. Go deimhin táim tar éis clárú leis an gclár sin ó shin agus cloch caillte agam dá réir, a bhuíochas do spreagadh Patsy! Pé rud a d’fhéadfaí a rá faoin saoire, ní rabhamar ocrach ag am ar bith agus togha an bhia curtha ar fáil.

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.