3 minute read

‘Le hallas do Ghrua’ Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

‘LE HALLAS DO GHRUA IS EA A ÍOSFAIDH TÚ DO CHUID’

I ngairdín fálaithe Ghleann Bheatha a shaothraímse mo chuid, ocht n-uaire gach lá, Luan go hAoine, samhradh agus geimhreadh. Sé cheap 20 slat ar fad agus 10 slat ar leithead. Ithir dhomhain dhubh thorthúil, tochailte ina hiomairí néata anois mar a rinneadh riamh anseo. Meas i gcónaí ar nósanna ár sinsir. Imeall lusach ar gach taobh trí shlat ar leithead agus balla láidir 8 dtroithe ar airde déanta de chloch eibhir an ghleanna mórthimpeall. Trí cheathrú acra ina iomláine. Doirse in achan bhalla le comhla láidir de dhair leis an tsuaimhneas a choinneáil ins an tearmann bláfaireachta seo.

Tá muid anois ag tús an Earraigh beagnach, tús bliana eile, tús thimthriall na seasúr, deis rudaí a chur in ord agus in eagar, am sula ndúiseoidh éagsúlacht na mílte planda atá againn anseo. Ach, is ea, culaith lom an gheimhridh atá ar an ghairdín seo fós, níl duilliúr ar na géaga ná níl bláth ar na craobhacha. Siocán agus an ghaoth aduaidh, is i ngreim daingean an fh uachta atá gach ní agus iad ar fad faoi shuan.

Ach fós tá comharthaí le sonrú ar a bhfuil le teacht, gasarnach na mbleibíní dochloíte ag brú aníos as an ithir fh uar agus bachlóga ar na craobhacha. Ní fada go mbeidh blúiríní sneachta, crócais agus lusanna an chromchinn ina mílte ag fógairt dheireadh na daoirseachta agus tús an aoibhnis.

Buí agus corcra, glas agus geal, dathanna gleoite ag bláthú as gach coirneál. Aoibhneas agus ciúinas agus áilleacht sa domhan. Is iad na crainn úll is mó a thugann daoine sonrú dóibh istigh anseo ó cheann ceann na bliaina. Dhá scór crann úll atá againn anseo, úill dhúchasacha, úill de gach cinéal agus déanamh. Pipín Chiarraí agus Pipín Gréisceach, Síseal Ghlas agus Peitseog na nGael, Dearg Liatroma agus Dearg Ard Chairn, Pitséar Buí agus Pitséar na nGael, Streac Dhearg agus Síológ Mháirtín, Úll Loch Cé agus Úll Loch Garman. Cuid acu ina seasamh go haonarach, cuid ceangailte de bhalla, cuid eile feisitithe ar shreangáin crannaíle.

Tá an caonach agus an crotal mar chluimh orthu, sin mar gheall ar aer glan tais an ghleanna. Tá cuma gan mhaitheas orthu, ach níl said in éag, le rud beag gréine tig a mbeocht. ‘S í bláth na n-úll gcumhra í, is samhradh ins an fh uacht í idir Nollaig is Cáisc.

I ngairdín fálaithe Ghleann Bheatha a shaothraímse mo chuid.

Ó bhachlóga go bláth, ó thor go titim dúilliúir níl sarú le fáil ar na húill uaisle.

Seasaim anseo ag tús na bliaina i mo thearmann ciúin ag measúnú mo churaim agus ag beartú don bhliain. Tá gach ní in ord agus in eagar, sásamh don intinn agus sólás don anam, sos sula dtosóidh an tochailt rithimiúil arís. Níl neach le cloisteáil anois ach glugarnach srúthán ag sileadh ón tsliabh. Níl neach ag bogadh ach spideoigín bheag ag léimnigh ó ghéag go géag. An mé do gharraíodóirse a chara bhig?

Cluinim do ghéarghuth álainn glinn Ar fh ionnaer fh uarghlan glé Na maidine ag píobaireacht

Is ag móradh ghlóir Dé i dtús an lae.

Foclóirín: le sónrú: le tabhairt faoi deara; blebín: bulba; feisitithe: deasaithe

Folúntais

D’Oibrithe Deonacha!

Tá gá ag an Timire le Cláraitheoir agus le Cisteoir. Ach níl airgead againn le daoine a íoc leis na feidhmeanna seo a chomhlíonadh! Mar sin is gá dúinn dul i muinín ár gcairde arís eile. Tá suas le 800 síntiúsóir ag an Timire agus an uimhir ag dul i méid. Tá gá le duine a choinneoidh clár na síntiúsóirí in eagar, is a chabhróidh leis an iris a chur amach gach 3 mhí. Le líon na síntiúsóirí ag dul i méid, tá gá againn le Cisteoir le breathnú i ndiaidh na gcuntas. Beidh gá ag an té a ghlacann an cúram seo air/uirthi féin, le tuiscint ar chúrsaí cuntasaíochta; le bunscileanna ríomhaireachta agus a bheith sásta córas Sage a fh oghlaim más gá! Más suim leat cabhrú linn; níos mó a fh áil amach faoi na feidhmeanna féin nó faoi na cúinsí oibre a bhaineann leo, nó ceachtar den dá chúram seo a ghlacadh ar láimh, bí i dteagmháil linn ag antimire@gmail.com nó glaoigh orainn ag 01 7758502, Céadaoin, Déardaoin nó Aoine ó 9.00 – 4.30pm. Míle buíochas as a bhfógra seo a léamh

This article is from: