An Timire - Earrach 2015

Page 22

22

Dónall Ó Cnáimhsí

‘LE HALLAS DO GHRUA IS EA A ÍOSFAIDH TÚ DO CHUID’

I ngairdín fálaithe Ghleann Bheatha a shaothraímse mo chuid, ocht n-uaire gach lá, Luan go hAoine, samhradh agus geimhreadh. Sé cheap 20 slat ar fad agus 10 slat ar leithead. Ithir dhomhain dhubh thorthúil, tochailte ina hiomairí néata anois mar a rinneadh riamh anseo. Meas i gcónaí ar nósanna ár sinsir. Imeall lusach ar gach taobh trí shlat ar leithead agus balla láidir 8 dtroithe ar airde déanta de chloch eibhir an ghleanna mórthimpeall. Trí cheathrú acra ina iomláine. Doirse in achan bhalla le comhla láidir de dhair leis an tsuaimhneas a choinneáil ins an tearmann bláfaireachta seo. Tá muid anois ag tús an Earraigh beagnach, tús bliana eile, tús thimthriall na seasúr, deis rudaí a chur in ord agus in eagar, am sula ndúiseoidh éagsúlacht na mílte planda atá againn anseo. Ach, is ea, culaith lom an gheimhridh atá ar an ghairdín seo fós, níl duilliúr ar na géaga ná níl bláth ar na craobhacha. Siocán agus an ghaoth aduaidh, is i ngreim daingean an fhuachta atá gach ní agus iad ar fad faoi shuan. Ach fós tá comharthaí le sonrú ar a bhfuil le teacht, gasarnach na mbleibíní dochloíte ag brú aníos as an ithir fhuar

Timire Spring 2015.indd 22

agus bachlóga ar na craobhacha. Ní fada go mbeidh blúiríní sneachta, crócais agus lusanna an chromchinn ina mílte ag fógairt dheireadh na daoirseachta agus tús an aoibhnis. Buí agus corcra, glas agus geal, dathanna gleoite ag bláthú as gach coirneál. Aoibhneas agus ciúinas agus áilleacht sa domhan. Is iad na crainn úll is mó a thugann daoine sonrú dóibh istigh anseo ó cheann ceann na bliaina. Dhá scór crann úll atá againn anseo, úill dhúchasacha, úill de gach cinéal agus déanamh. Pipín Chiarraí agus Pipín Gréisceach, Síseal Ghlas agus Peitseog na nGael, Dearg Liatroma agus Dearg Ard Chairn, Pitséar Buí agus Pitséar na nGael, Streac Dhearg agus Síológ Mháirtín, Úll Loch Cé agus Úll Loch Garman. Cuid acu ina seasamh go haonarach, cuid ceangailte de bhalla, cuid eile feisitithe ar shreangáin crannaíle. Tá an caonach agus an crotal mar chluimh orthu, sin mar gheall ar aer glan tais an ghleanna. Tá cuma gan mhaitheas orthu, ach níl said in éag, le rud beag gréine tig a mbeocht. ‘S í bláth na n-úll gcumhra í, is samhradh ins an fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.