3 minute read

Im Leabharlann Dom Seán de Fréine

Seán de Fréine

IM LEABHARLANN DOM

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm

Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, 2012.

606 lch; Praghas €15

Tuairim is bliain ó shin agus é ar intinn agam cúpla leabhar áirithe a cheannach, tháinig mé ar an tseod seo agus, ar ala na huaire, chinn mé ar í a chur le mo bheart. Go príomha, ba ar mhaithe le bheith in ann na sailm a léamh i bhfoirm áisiúil a dhéan me amhlaidh. Is díolaim chlasaiceach de fh ilíocht dhiaga na sean-Eabhraise atá sna sailm – 150 ceann díobh san iomlán, a chantaí le ceol i bhfad siar, in aimsir na bhfear. Más cuid luachmhar iad de oidhreacht chreidimh agus chultúir na nGiúdach, is cuid shuntasach iad freisin den oidhreacht Chríostaí, agus go sainiúil den oidhreacht Ghaelach chomh maith. Cuirtear a gcumadh i leith Dháiví Rí a mhair timpeall an tséú haois roimh Chríost, cé go bhfuiltear in amhras anois an bhfuil siad uile chomh sean sin. Ach tá siad gan eisceacht sean go leor, agus thuill siad meas agus urraim faoi leith i measc na luath-Chríostaithe. Tugadh an t-ómós céanna dóibh in Éirinn.

Is é An Cathach an leabhar is sine dár litríocht, agus scríobhadh é ag deireadh an tséú haois nó ag tús an tseachtú haois. Fágann an dáta sin go bhfuil sé ar an leabhar is sine san Eoraip, b’fh éidir, lasmuigh de litríocht na Róimhe agus na Gréige (agus den leagan den Bhíobla a dhéan Ulfi las, an t-easpag Áireach,nuair a d’aistrigh sé cuid de go Gotais – seanteanga Ghearmánach a d’imigh as faoi dheoidh sa Chrimé am éigin san seachtú céad déag). Tá An Cathach i dtaisce anois in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Séard atá ann, cuid de na sailm i Laidin na Vulgáide mar aon le tráchtaireachtaí gairide orthu. Cuirtear an cnuasach ar Cholmcille, ach fi ú mura bhfuil sin fíór, is fíanaise é go raibh na Gaeil tugtha do na sailm ó thús ré na Críostaíochta. In Agallamh na Seanórach, áitíonn Pádraig ar Oisín, ‘A Oisín, is fada do shuan; Éirigh suas is éist an salm.’

I nGaeltacht na hAlban, áit a raibh an Eaglais Phreispitéireach in ann an litearthacht i nGàidhlig a chothú (murab ionann is dálaí in Éirinn), cothaíodh cultúr na léitheoireachta ins an Ghàidhlig, go háirithe i dtaca le léamh an Bhíobla. Cuid lárnach den

Tá na haistriúcháin go hálainn ó thaobh friotail agus fi líochta de.

LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA

nósmhaireacht sin ba ea léamh agus cantaireacht na salm. Ní hamháin go bhfuil na sailm i bpáirt ag Críostaithe de thraidisiún difriúla, mar is léir uaidh seo, ach tá siad i bpáirt freisin ag Giúdaigh agus Moslamaigh araon. Is comhoidhreacht thairbheach é sin.

De bhrí go bhfuil na sailm ar fáil ar bhealach so-fh ála soláimhsithe sa leabhar seo, chrom mé ar a léamh, ceann in aghaidh an lae, mar ní raibh aon ródhua ag baint leis an nós nua seo agam. Agus nuair a bhí sin déanta agam, lean me liom go nádúrtha ar a n-athléamh. Ní fada go mbeidh an dara léamh curtha díom, agus é ar intinn agam tosú ar an tríú babhta. Ní bhaineann stró ar bith leis. Is bealach simplí déanta anama é. Don léitheoir Gaeilge, baineann buanna eile leis an nós seo.

Is cuid de Bhíobla Mhá Nuat na haistriúcháin Ghaeilge atá sa chnuasach seo na salm. Mar sin, is Gaeilge an lae inniu atá iontu. Tá na haistriúcháin go hálainn ó thaobh friotail agus fi líochta de. Tá siad gan amhras ar sheoda Gaeilge na linne seo, cé nach rómhinic a bhíonn an t-aitheantas is dual dóibh tugtha dóibh. Tá siad rithimiúil éasca sothuigthe. Tá dul nádúrtha na Gaeilge in úsáid iontu, mar shampla, Dáivi ag caint le Dia: ‘Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí.’ (Salm 119)

(Foilseofar an dara cuid den aiste seo ar na Sailm in Eagrán an tSamhraidh den Timire.)

Foclóirín: go sainiúil: go speisialta; cnuasach: bailiúchán; thairbheach: úsáideach

Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

This article is from: