2 minute read

Oideas: Brioscaí Coirce Síle Ní Chearbhaill

BRIOSCAÍ COIRCE SLÁINTIÚLA

Le Síle Ní Chearbhaill

Tá cúpla seachtain den athbhliain caite againn faoin am seo agus is anois a theipeann ar ár ndílseacht do na rúin a rinneamar ag tús na bliana. Rinne mé an rún i mbliana chun níos lú milseáin agus seacláide a ithe. Tá ag éirí níos fearr liom i mbliana ná riamh roimhe seo. An príomhchúis leis seo ná go bhfuil rudaí milse fós á ithe agam ach déanaim iarracht roghanna níos sláintiúla a dhéanamh.

Taitníonn na brioscaí seo go mór liom agus tá siad níos sláintiúla ná gnáth brioscaí. Úsáidtear coirce in áit cruithneacht mar sin tá uigeacht dlúth acu agus tá neart snáithín iontu a chabhraíonn leis an gcóras díleá. Tá an cineáil snáithín atá i gcoirce go maith do do chroí freisin- laghdaíonn sé droch-cholaistéaróil. Tá síolta iontu a thugann go leor mianraí agus vitimíní riachtanacha duit ar nós vitimín E atá mar frithocsaídeoir. Ní chuirtear siúcra iontu ach tá siad milis dá bharr an banana agus na sabhdánaigh. Cuirim 50g de seacláid (70% cócó) iontu uaireanta má tá rud éigin an-mhilis ag teastáil uaim.

COMHÁBHAIR:

100g coirce meilte (cuirim gnáth coirce sa chumascóir chun plúr a dhéanamh) 50g coirce 1tsp púdar bácála 1 banana, measctha 1 ubh 5tbsp bainne 25g síolta lus na gréine 25g síolta puimcín 25g sabhdánach

MODH:

1. Cuir an t-oigheann ar siúil ag 180c/ gásmharc 4. 2. Líneáil trádaire bácála le páipéar bácála. 3. Measc an banana i mbabhla. Cuir na comhábhar eile leis agus measc le chéile. 4. Roinn an meascán i liathróidí beaga (thart ar 12-15). Cuir ar an trádaire bácála iad. 5. Bácáil san oigheann iad ar feadh 15 nóiméad nó go dtí go dtagann dath órga orthu.

Foclóirín: uigeacht: comhdhéanamh; sabhdánaigh: cineál rísíní.

Aspalacht na hUrnaí

Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin; An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna; Deichniúr den phaidrín a rá gach lá ar intinní an Phápa don mhí.

Márta

LUCHT NA hEOLAÍOCHTA Go ndéana lucht taighde san eolaíocht freastal dílis ar leas an duine ina iomláine.

Aibreán

AN CHRUTHAÍOCHT Go dtaga daoine ar a gciall chun meas agus aire a thabhairt don chruthaíocht mar bhronntanas ó Dhia.

Bealtaine

CÚRAM DO LUCHT FULAINGTHE Agus sinn ag séanadh chultúr na neamhshuime, go dtuga muid cúram dár gcomharsana atá ag fulaingt, go háirithe do na heasláin is na bochta.

Meitheamh

INIMIRCIGH AGUS DÍDEANAITHE Go bhfaighe inimircigh agus dídeanaithe fáilte agus urraim sna tíortha ina mbíon n siad.

Timire an Chroí Ró-naofa

This article is from: