1 minute read

Dánta: Cuireadh Bríd Dáibhís Dán do Thomás Bernadette Nic an tSaoir

DÁNTA

CUIREADH le Bríd Dáibhís

Más léir go deo thú In ár measc, a Thiarna, Táim ag súil Gur ar bhruach na mara Ag Leitir Meallain A bheas do shiúl.

Tar chugainn I dtús an Mhárta Tráthnóna éigin Nuair a bheas ruacht an tseaca Ag maisiú na spéire.

DÁN DO THOMÁS

le Bernadette Nic an tSaoir

I gcuimhne ar Thomás Ó Canainn, Ultach uasal ceolmhar

Cloisim inniu do chaint chomh lách san Nuair a thugas duit leabhairín dánta – “Táim ag súil lena léamha oícheanta geimhridh” Is gan aon oíche gheimhridh romhat Ach samhradh buí gréine go deo.

Is cloisim arís an tuiscint chneasta Mar mholtóir ar chomórtas sean-nóis, Moladh tomhaiste a spreagadh sinne Nach bhfaigheadh aon duais Is nach bhfaigheadh go deo Mar thuigis go rí-mhaith Nach ar son trófaí a sheoltar amhrán Ach le hanam a choimeád sa bheo Is chun mothú domhain a nochtadh Lena chaomhnú don sliocht mhór.

Is cloisim fós meabhar na lámh chomh cruinn Sa stíl éadrom ar an orgán beag I Séipéal Mhuire Banríon Mar a seinnteá “Ceaití a’ bhalcaeracht” Is an pobal ag triall ar Chomaoineach; Meangadh gáire orm féin is na línte i mo cheann – “Dá bhfaighinnse mo chumann ’na haonar Sea phógfainn a béal go dlúth”. Nach fíor go ndeineann Dia gáire ar uairibh!

File agus aistritheoir ó Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí is ea Bernadette Nic an tSaoir. Tá ceithre leabhar fi líochta aici foilsithe ag Coiscéim agus mórán dánta léi i gcló ar irisí éagsúla le blianta anuas. Beifear ag súil leis an gcúigiú cnuasach Ar Faonoscailt , arís ó Choischéim, go luath i 2015.

This article is from: