1 minute read

An Turtar Gabriel Rosenstock

Next Article
Crosfhocal

Crosfhocal

29 Timire Croí na hÓige

GACH DALTA MAR A OILTEAR AGUS TURTAR SAN UISCE

IGabriel Rosenstock s ar tír a chaith Turtar a chuid ama go léir go dtí gur ghabh sealgairí é. Thug siad ar ais go dtí an sráidbhaile é agus leag os comhair an Taoisigh é.

‘Turtar breá ambaist,’ arsa an Taoiseach, ‘cad a dhéanfaimid leis? É a bheiriú nó é a róstadh?’

‘Fan bog go fóill,’ arsa Turtar. ‘Caithfi dh sibh mé a mharú i dtosach – tá súil agam! – agus mé a bhaint amach as an sliogán seo.’

‘Brisfi mid an sliogán le bataí,’ arsa na sealgairí.

‘Ní oibreodh sé sin, a fh eara,’ arsa Turtar, ‘tá an sliogán seo chomh crua le ‘Ní oibreodh sé sin, a fh eara,’ arsa Turtar, ‘tá an sliogán seo chomh crua le cloch.’

‘An bhfuil aon mholadh agat féin?’ arsa an Taoiseach.

‘Tá,’ arsa Turtar. ‘Mé a bhá.’

‘An-smaoineamh!’ arsa an Taoiseach.

Thugadar chun na habhann é agus chaitheadar isteach ar mhullach a chinn é. Thugadar chun na habhann é agus chaitheadar isteach ar mhullach a chinn é.

‘Ná hullmhaígí na potaí cócaireachta go fóill,’ arsa Turtar agus an dá shúil mheidhreacha ag glinniúint ina cheann. Shnámh sé uathu ansin go mear agus ní fh aca siad ó shin é.

‘Sea,’ arsa Turtar, ‘is dóigh liom go gcaithfi dh mé an chuid is mó de mo chuid ama san uisce as seo amach.’

Tá an scéilín thuas tógtha ón leabhar Óró na Circíní, agus Scéalt eile ón Aifi ric, le Gabriel Rosenstock, atá le foilsiú ag an Gúm amach anseo.

Tomhas an Timire: 179

1 2 3 4 5 6 7 8

Leid: Céard a fhaigheann tú nuair a chabhraíonn feirmeoirí lena chéile? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil. TITIM, EAGLAIS, FOIRFE, TOST, NEAMH, MEAS, AINGEAL, DÚSHLÁN

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Márta 2015. Tomhas 178: Freagra: Inis Oírr. Buaiteoir: Máire Mhic Ghearailt, ‘Mayfi eld’, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath.

This article is from: