3 minute read

Cúram do Lucht fulaingthe Marcas Mac Domhnaill

Marcas Mac Domhnaill CÚRAM DO LUCHT FULAINGTHE

Tá cultúr na neamhshuime le feiscint go soiléir inár dtimpeall, sa lá atá inniu ann. Mar Chríostaithe, ní cheart go mbeadh lagmhisneach orainn, ach a mhalairt ar fad. Ba cheart go mbeadh áthas ar ár gcroíthe, go bhfuil an deis againn ár gcreideamh a chleachtadh agus cabhair a thabhairt don té atá thíos seal.

Fiú inár gcultúr féin, tá an seanfh ocal ann ‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’. Tuigimid go bhfuilimid ag brath ar a chéile i gcónaí, go praiticiúil agus go spioradálta. Tá dualgas orainn má leanaimid Críost, dea-ghníomhartha a dhéanamh. Níl faic inár gcreideamh muna bhfuil dea-ghníomhartha ann chomh maith. Bhí an meitheal againn leis na cianta, in Éirinn. Faigheann tú an meitheal fós i bparóistí beaga nuair a chabraíonn feirmeoirí lena chéile, lena gcaoirigh a bhearradh nó féar a shábháilt mar shampla. Tá an dea-shampla seo an thábhachtach don ghlúin seo, seachas a bheith ag cuimhneamh ar ‘mé féin’ i gcónaí. Tá go leor eagraíochtaí againn in Éirinn chun seans a thabhairt dúinn cabhrú lenár gcomharsana. Meitheal nua-aimseartha atá anseo againn.

Le breis agus fi che cúig bliain, tá daoine in Éirinn ag cabhrú le leanaí ón Bhealarúis, ón Rúis is ón Ucráin agus iad breoite ó thruailliú raideolaíochta. Tá meitheal ag feidhmiú agus daoine, i ngach contae nach mór, ag úsáid a mbuanna chun faoiseamh a thabhairt dos na leanaí bochta seo. Tá daoine ann a théann amach dos na háiteanna seo, agus an-chreidiúint ag dul dóibh. Cabhraíonn siad thall chun foirgnimh a athchóiriú dos na leanaí agus daoine fásta atá buailte le galair difriúla. Bíonn tógálaithe, banaltraí, doctúirí agus fi aclóirí ina measc. Tá nasc idir na daoine seo agus an pobal arb as iad in Éirinn, mar cothaíonn an pobal iad agus cabhraíonn siad leo. Tá siad i gcomaoin lena chéile agus roinntear an chomaoin

seo go forleathan is go flaithiúil, leo san atá ag fulaingt thar lear. Bíonn deis ag cuid de na leanaí bochta seo teacht go hÉireann chun seirbhísí leighis a fháilt.

Tá dhá dearcadh ann ó thaobh na hEaglaise de, sa lá atá inniu ann. Deir roinnt daoine gur Eaglais í do dhaoine naofa. Ar an dtaobh eile, tá Eaglais ann a chuireann fáilte roimh an pheacach. Deir Críost linn ‘Tar agus Feic’. Sin cuireadh do gach éinne, ní amháin dóibh siúd a choimeádann na rialacha. Ní tearmann í an Eaglais do naoimh ach scoil do pheacaigh chun go gcuirfidís aithne cheart ar Chríost. Táimid go léir inár bpeacaigh. Mar sin, tá gá le oiliúint a chur orainn. Nuair a bhímid ag smaoineamh orthu siúd atá ag fulaingt agus na heasláin, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an líne ‘idir anam is corp’. Tá gá go praiticiúil chun cabhrú le daoine ach tá géargá le urnaí agus paidreacha, dóibh siúd ag fulaingt go spioradálta. B’fhéidir gurb í an t-anam nach bhfuil an tsláinte go maith aici, seachas an corp.

Tá roinnt mhaith daoine in Éirinn chun cabhrú le daoine sa chás seo. Go deimhin féin is féidir linn cabhrú leo inár saol laethúil ach paidir a rá ar a son. Ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine ‘idir anam is corp’, gach aon uair go mbíonn seans againn labhairt le hÍosa i naomhshacraimint na haltóra. Le linn adhradh mar shampla, tabharfaidh Íosa treoir dúinn, conas feidhmiú go héifeachtach chun a chuid oibre a dhéanamh. Ceapann daoine nach féidir leo faic a dhéanamh chun cabhrú le daoine muna bhfuil an t-am acu dul áit éigin go fisiciúil ach ní bheadh puinn rath ar an obair praiticiúil gan na paidreacha go léir a bheith laistiar de. A Mhuire na nGrást,...go sábhála tú mé idir anam is corp.

Chaith Marcas tréimhse ag obair go deonach sa Bhealarúis in 2006 agus 2010

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ NA BEALTAINE 2015 Agus sinn ag séanadh chultúr na neamhshuime, go dtuga muid cúram dár gcomharsana atá ag fulaingt, go háirithe do na heasláin is na bochta.

Foclóirín: athchóiriú: caoi nua a chur ar..; feidhmiú: gníomhú

This article is from: