3 minute read

Críostaithe faoi Leatrom Pádraig Ó Murchú

An tAth Pádraig Ó Murchú CRÍOSTAITHE FAOI LEATROM

Ni bhaineann gach géarleanúint le creideamh. Is minic gur cúis eithneach, shóisialta nó pholaitíochta an fáth le géarleanúint ar phobal gur Críostaithe iad. Chun idir-dhealú a dhéanamh idir ghéarleanúintí cuirtear an cheist seo: má athraíonn duine a chreideamh go dtí creideamh an mhór-phobail, an gcuirfi dh san feabhas ar a shaol? Má chuireann, is gearleanúint chreidimh amháin atá i gceist.

Inniu, tá na céadta míle duine á bhagairt, á chiapadh, faoi leatrom, á ghabháil, á chur i bpriosún agus á mharú toisc gur Críostaithe iad. Tá a gcearta daonna caillte ag 200 milliún duine i 60 náisiún ar aon chúis amháin: is Críostaithe iad. Cúis mhór leis sin ná go bhfuil fás mór tagtha ar líon na gCríostaithe i dtíortha ina bhfuil easpa cearta daonna iontu. Téann géarleanúint frith-Chríostaí láimh ar láimh le claonadh nó imeachtaí atá ag titim amach sa domhan. Tugann na gluaiseachtaí sin bunús, spreagadh agus fuinneamh don ngéarleanúint.

Go minic, ní idir náisiúin a bhíonn caismirt ach i measc an mhór-phobail i dtír. Easpa cearta daonna ag dream éigin is cúis leis an gclampar sin. Ina theannta sin, bíonn conspóid idirnáisiúnta mar gheall ar réiteach na faidhbe. Mar shampla, deir an tSín agus a lán tíortha eile gur fadhb inmheánach atá acu ina dtír fein agus nár cheart d’aon eachtrannach a cheann a shá isteach ina gcúram. Dá bharr sin, tá dhá phrionsabal bunúsach ag teacht salach ar a chéile: ceannas an stáit agus nádúr uilíoch na gcearta daonna. Conas a réiteofar an cheist?

Tráth, chuir a lán tíortha aithne ar an gcoilíniú agus tá siad anois ar thóir a n-ionannais féin. Is minic go bhfuil baint ag creideamh leis an ionannas sin. Mar shampla, leanann an Phacastáin agus an Bhanglaidéis creideamh Ioslám, cleachtann an Ind creideamh Hiondúch agus tá Srí Lanca cloíte le Búdachas. Tá an tóraíocht sin le feiceáil i gcúig cinn de na ocht tíortha ina maireann leath de dhaonra an domhain. Sin iad an tSín, an Ind, an Indinéis, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin. I ngach tír acu sin tá amhras faoi na Críostaithe toisc go gceaptar go bhfuil siad ag tabhairt creideamh na gcoilíneach don dtír agus tuigtear go dtugann sé sin dúshlan d’aon chomhréiteach náisiúnta.

Tá imeachtaí sa domhan Moslamach

Más cúis achrainn do dhoine cúrsaí criedimh go minic, tá sé ann chomh maith chun eochair an chneasaithe a thabhairt dá saol.

a chuireann isteach ar shaol na gCríostaithe. Tá daonra na dtíortha Moslamach ag fás 4.3% i gcomparáid le forbairt eacnamaiochta ná fuil ach 0.5%. Tá a lán den aos óg gan fostaíocht agus cruthaíonn an bochtanas eilimintí radacacha ina measc. Feiceann an pobal an éagóir atá muintir an Iarthair ag déanamh ar an bpobal Moslamach le blianta.

Ceapann a lán Eorpaigh ná fuil aon bhaint a thuilleadh ag creideamh leis an saol nua-aimseartha. Dearmad mór. Maireann sé bhilliún duine ar an ndomhan seo agus is fi orbheagán acu a admhaíonn go bhfuil siad díchreidmheach. Tá dhá bhilliún Críostaí, 1.2 billiún Ioslamach, 785 milliún Hiondúch agus 365 milliún Búdach ina dtimpeall. Cloch cúinne a saoil is ea creideamh dos na daoine sin . Más cúis achrainn dóibh é go minic, tá sé ann chomh maith chun eochair an chneasaithe a thabhairt dá saol.

Sin é an cúlra atá le géarleanúint frithChríostaí an lae inniu. An féidir stop nó casadh a chur ar an ionsaí sin? Tá páirtíocht le feiscint sa saol polaitíochta agus i gcúrsai gnó. Tá gá mór le cur-lechéile i dtreo cearta daonna a bhuanú do Chríostaithe.

D’fh ógair na Náisiúin Aontaithe (1949) cearta creidimh do gach duine, pé creideamh atá aige nó ná fuil. Tá cearta creidimh ina chloch chúinne ag cearta daonna.

INTINN MHISEANACH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2015 Na Críostaithe atá faoi ghéarleanúint, go mothaí siad go bhfuil an Tiarna arna aiséirí ina measc go sólásach, agus go n-airí siad dlúthpháirtíocht na hEaglaise go léir leo.

Foclóirín: caismirt: coimhlint; ciapadh: céasadh; ionannas: féiniúlacht

This article is from: