An Timire - Earrach 2015

Page 24

24

An tAth Pádraig Ó Murchú

CRÍOSTAITHE FAOI LEATROM

Ni bhaineann gach géarleanúint le creideamh. Is minic gur cúis eithneach, shóisialta nó pholaitíochta an fáth le géarleanúint ar phobal gur Críostaithe iad. Chun idir-dhealú a dhéanamh idir ghéarleanúintí cuirtear an cheist seo: má athraíonn duine a chreideamh go dtí creideamh an mhór-phobail, an gcuirfidh san feabhas ar a shaol? Má chuireann, is gearleanúint chreidimh amháin atá i gceist. Inniu, tá na céadta míle duine á bhagairt, á chiapadh, faoi leatrom, á ghabháil, á chur i bpriosún agus á mharú toisc gur Críostaithe iad. Tá a gcearta daonna caillte ag 200 milliún duine i 60 náisiún ar aon chúis amháin: is Críostaithe iad. Cúis mhór leis sin ná go bhfuil fás mór tagtha ar líon na gCríostaithe i dtíortha ina bhfuil easpa cearta daonna iontu. Téann géarleanúint frith-Chríostaí láimh ar láimh le claonadh nó imeachtaí atá ag titim amach sa domhan. Tugann na gluaiseachtaí sin bunús, spreagadh agus fuinneamh don ngéarleanúint. Go minic, ní idir náisiúin a bhíonn caismirt ach i measc an mhór-phobail i dtír. Easpa cearta daonna ag dream éigin is cúis leis an gclampar sin.

Timire Spring 2015.indd 24

Ina theannta sin, bíonn conspóid idirnáisiúnta mar gheall ar réiteach na faidhbe. Mar shampla, deir an tSín agus a lán tíortha eile gur fadhb inmheánach atá acu ina dtír fein agus nár cheart d’aon eachtrannach a cheann a shá isteach ina gcúram. Dá bharr sin, tá dhá phrionsabal bunúsach ag teacht salach ar a chéile: ceannas an stáit agus nádúr uilíoch na gcearta daonna. Conas a réiteofar an cheist? Tráth, chuir a lán tíortha aithne ar an gcoilíniú agus tá siad anois ar thóir a n-ionannais féin. Is minic go bhfuil baint ag creideamh leis an ionannas sin. Mar shampla, leanann an Phacastáin agus an Bhanglaidéis creideamh Ioslám, cleachtann an Ind creideamh Hiondúch agus tá Srí Lanca cloíte le Búdachas. Tá an tóraíocht sin le feiceáil i gcúig cinn de na ocht tíortha ina maireann leath de dhaonra an domhain. Sin iad an tSín, an Ind, an Indinéis, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin. I ngach tír acu sin tá amhras faoi na Críostaithe toisc go gceaptar go bhfuil siad ag tabhairt creideamh na gcoilíneach don dtír agus tuigtear go dtugann sé sin dúshlan d’aon chomhréiteach náisiúnta. Tá imeachtaí sa domhan Moslamach

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.