3 minute read

Aire don Chruthaíocht Éamon Mac Lochlainn

AIRE DON CHRUTHAÍOCHT

An Br Éamon Mac Lochlainn CFC

Breis agus ceathracha bliain ó shin shiúil Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an nGealach don chéad uair. Le linn an aistir stairiúil sin thimpeallaigh an spás-árthach an Ghealach cúpla uair. Ag teacht amach dóibh as scáth na Gealaí bhreathnaigh na spás-thaistealaithe ar ais i dtreo an Domhain a bhí cosúil le liathróidín beag gleoite, gorm agus bán. Nuair a rinne siad é sin is beag nár phléasc a gcroí le tréan-mhothúchán.

Cén mothúchán, dar leat? An mothúchán a bhí ann ná tinneas baile. Thuig siad ansin gurb é an plainéad seo againne an baile a bhí acu agus nach bhfuil aon bhaile eile i ndán dóibh sin ná d’aon duine eile den chine daonna. Táthar ann a cheapann go mb’fh éidir go n-aimseofar plainéad ‘oiriúnach’ eicínt eile ag taisteal timpeall ar cheann de na billiúnta réaltaí atá scaipthe ar fud na Cruinne, ach fi ú má aimsítear a leithéid ní bheidh aon mhaith ann dúinne mar thógfadh sé na mílte (nó na milliúnta) bliain dúinn é a shroichint os rud é nach féidir le rud ar bith taisteal níos tapúla ná luas an tsolais. Sé an Domhan seo ár mbaile, agus nach iontach an baile é!

Nuair a léigh Críostaithe an téacs sin as Geineasas inar thug Dia an t-ordú dár sinsir ‘tiarnas a bheith acu ar na héisc, ar na héin agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh’ is minic go ndearna siad dearmad ar an méid a dúirt Íosa faoi thiarnas nó a bheith i gceannas... “Aon duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách”. Sin an meon is ceart dúinne a bheith againn i leith na Cruinne – sinn a bheith inár seirbhísigh ag cinntiú go mbeidh an Domhan chomh slán folláin inár ndiaidh agus atá anois. An dualgas atá orainn, an phribhléid atá againn, aire chuí a thabhairt don Domhan iontach seo.

Déanta na fírinne ní mór a admháil go ndearna Críostaithe, agus geall le gach dream eile daoine chomh maith, dearmad ar an dearcadh Críostúil atá luaite agam, agus go ndearna muidne an cine daonna an-dochar don Domhan. Dáiríre go dtí tosach na Réabhlóide Teicneolaíochta, is beag dochar a rinneamar ach le breis agus céad bliain anuas bhí an t-uafás damáiste á dhéanamh, agus ní raibh tada le rá ag lucht teagaisc na hEaglaise faoi. De bharr a bhfuil á fh ógairt ag eolaithe le

Sé an Domhan seo ár mbaile, agus nach iontach an baile é!

blianta beaga anuas táimid ag teacht chun céille, agus i measc na ndaoine is túisce a tharraing aird ar ghéarchéim na Cruinne, bhí misinéirí as Éirinn ag obair sna hOileáin Filipíneacha. Thuig easpaig na hÉireann tábhacht an scéil agus d’fh oilsigh siad imlitir dar teidil ‘Caoineadh na Cruinne’. Is mór is fi ú an litir sin a léamh agus a chur i ngníomh. Tá sé le fáil ar an suíomh idirlíon:

http://www.catholicbishops.ie/wp-content/ uploads/images/stories/features/Cry_of_ the_Earth/env_pastoral_irish_fi nal.pdf

Sa tréadlitir sin dhéanann na h-easpaig tagairt do fh ocail an Phápa Beinidict XVI a dúirt:

“Bronntanas ó Dhia do gach duine atá sa Timpeallacht, agus tá freagracht orainn í a úsáid ar son na mbochtán, ar son na nglún atá le teacht agus ar son an chine daonna i gcoitinne.” agus deir na h-easpaig féin:

“Tá freagracht leithleach againn, leis an teicneolaíocht chumhachtach atá ann, an teicneolaíocht seo a úsáid ar son leas agus inbhuaine gach créatúr beo, ar son an atmaisféir, ar son na talún agus le leas an uisce agus acmhainní eile nach iad”.

Tá súil agam go n-éistfi mid leis na teachtaireachtaí seo agus go mbeidh meas againn uile ar an Domhan iontach a bhronn Dia orainn. Má dhéanaimid é sin beimid ag leanúint traidisiún na naomh as Éirinn a raibh an-mheas acu riamh ar an dúlra.

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO AIBREÁN 2015 Go dtaga daoine ar a gciall chun meas agus aire a thabhairt don chruthaíocht mar bhronntanas ó Dhia.

Foclóirín: gleoite=álainn; géarchéim=cruachás; leithleach=speisialta;

This article is from: