3 minute read

Is é Naomh Tomás a ba chóir a bheith ina phatrún ar an eolaíocht Dónall Mac Dónaill

IS É NAOMH TOMÁS A BA CHÓIR A BHEITH INA PHATRÚN AR AN EOLAÍOCHT!

Dónall Mac Dónaill

Nuair a hiarradh orm cúpla focal a scríobh ar intinn seo an Phápa i dtaca leis an eolaíocht agus leas an duine, rinne mé machnamh ar cad a d’fh éadfainnse a rá. Chinn mé cúpla tuairim a thabhairt bunaithe ar mo pheirspictíocht mar eolaí. Níl aon cháilíochtaí agam sa diagacht, ach tá mo thaighde bunaithe ar an tionchar atá ag an mhatamaitic ar ‘gheineasas’ aibítrí géiniteacha (DNA). Mar sin, baineann mo thaighde leis an díospóireacht ar bhunús na beatha.

D’fh éadfaí a rá gurb í an phríomhchosúlacht idir an eolaíocht agus an reiligiún ná go bhfuil siad araon ar thóir na fírinne. Sin mar atá leis an chuid is mó den scoláireacht in aon disciplín. Cé go dtéann cuid de na heolaithe le heolaíocht mar ghairm beatha, is gairm sa bhunchiall atá ann d’eolaithe eile. An bhunsprioc atá acu ná tuiscint a fh áil ar ghné beag ar leith den chruinne.

Is fi osracht agus sceipteachas réasúnaíoch atá i gcroílár na heolaíochta. Is féidir gach idé a phlé. Seo an difríocht idir an eolaíocht agus go leor gnéithe de reiligiún. Níl ceartcreideamhacht na heolaíochta iomlán. Tá ‘an fh írinne’ cionníollach. Ní dogma a bhíonn ann riamh ach ‘fírinní’ a bhfuil go leor leor fi anaise ann dóibh, ach ar féidir iad a leasú bunaithe ar fh ianaise nua.

Ceann de na tréithe is luachmhaire ag aon eolaí ná an sceipteachas réasúnaíoch, ag ceistiú a dtuairimí daingne féin chomh maith le tuairimí daoine eile. Fiú agus mé i mo dhéagóir, mheas mé go raibh cur síos Íosa gur beannaithe iad siúd a chreid gan aon rud a bheith feicthe acu, fadhbach. Mheas mé go raibh sé ag caitheamh anuas ar Thomás an amhrais. Mheas mé gurb é Tomás an t-aon duine i láthair le haon phioc céille agus a leithéid de choincheapa á gcur os a chomhair. Dar liomsa, ba idirghabháil le comhfh oirmeacht a chothú, a bhí ann. Is doiligh a chreidiúint go mbeadh Cruthaitheoir ag iarraidh go gcuirfi mis an bua intleachtúil den mhachnamh criticiúil i leataobh.

In ainneoin na ndifríochtaí seo, tá lucht eolaíochta agus lucht diagachta araon, ar thóir na fírinne, bíodh baint ag Cruthaitheoir leis nó ná bíodh. Is

Is fi osracht agus sceipteachas réasúnaíoch atá i gcroílár na heolaíochta.

trua go laghdaítear an oiread sin den teagmháil chomónta idir an reiligiún agus an eolaíocht, go leibhéal na Cruthaíochta. Téama comónta sa chomhthéacs seo ná eolaithe a bheith in aghaidh Dé, amhail is gur chreid siad i nDia, ach go raibh siad ina choinne. Is fada é sin ón fh írinne. Tá an cheist seo pléite agam le daoine eile a roinn a dtuairimí agnóisíocha nó aindiacha liom. Déantar dearmad uaireannta go bhfuil siad ionraic agus go minic drogallach, ina dtuairimí. Do go leor acu, is idé tarraingteach é an coincheap de Dhia agus de shaol eile. Ach measann siad gur coinceapa iad gan bonn láidir intleachtúil agus gur minic go gcuirtear iad chun cinn, ar bhonn atá aineolach ar an eolaíocht agus frith-intleachtach.

Tráth den saol anseo san Eoraip, glacadh leis an taighde eolaíochtúil mar dhianiarracht diagach – iarracht le cruthú na cruinne a thuiscint, agus trí sin, an Cruthaitheoir a thuiscint níos fearr. Sa lá atá inniu ann, féachann eolaithe ar an eolaíocht ar bhealach eile – mar thóir ar an fh írinne nó ar thuiscint. Tá sé spéisiúil go mbíonn deacracht ag roinnt pobail creidimh le tionscadal atá chomh nasctha leis an fh írinne. Is í an chéad chéim i dtreo leas an duine, ná comhthuiscint cheart againn ar a chéile. Go leanaimid ar aon leis an gcomhphlé….

Is Ollamh Comhlach i Scoil na Ceimice, Coláiste Na Tríonóide, é an t-udar

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MARTA 2015 Go ndéana lucht taighde san eolaíocht freastal dílis ar leas an duine ina iomláine

Foclóirín: ceartchreidmheacht: ag cloí go docht le creideamh ar leith; fadhbach: d’fh éadfadh deacracht a bheith leis; idirghabháil: idirghuí idir bheirt; comhfh oirmeacht: cloí le cruth ar leith; agnóisíocha+aindiacha: gan chreideamh i nDia; frith: in aghaidh; nasctha: ceangailte le

This article is from: