An Timire - Earrach 2015

Page 10

10

IS É NAOMH TOMÁS A BA CHÓIR A BHEITH INA PHATRÚN AR AN EOLAÍOCHT!

Dónall Mac Dónaill

Nuair a hiarradh orm cúpla focal a scríobh ar intinn seo an Phápa i dtaca leis an eolaíocht agus leas an duine, rinne mé machnamh ar cad a d’fhéadfainnse a rá. Chinn mé cúpla tuairim a thabhairt bunaithe ar mo pheirspictíocht mar eolaí. Níl aon cháilíochtaí agam sa diagacht, ach tá mo thaighde bunaithe ar an tionchar atá ag an mhatamaitic ar ‘gheineasas’ aibítrí géiniteacha (DNA). Mar sin, baineann mo thaighde leis an díospóireacht ar bhunús na beatha. D’fhéadfaí a rá gurb í an phríomhchosúlacht idir an eolaíocht agus an reiligiún ná go bhfuil siad araon ar thóir na fírinne. Sin mar atá leis an chuid is mó den scoláireacht in aon disciplín. Cé go dtéann cuid de na heolaithe le heolaíocht mar ghairm beatha, is gairm sa bhunchiall atá ann d’eolaithe eile. An bhunsprioc atá acu ná tuiscint a fháil ar ghné beag ar leith den chruinne. Is fiosracht agus sceipteachas réasúnaíoch atá i gcroílár na heolaíochta. Is féidir gach idé a phlé. Seo an difríocht idir an eolaíocht agus go leor gnéithe de reiligiún. Níl

Timire Spring 2015.indd 10

ceartcreideamhacht na heolaíochta iomlán. Tá ‘an fhírinne’ cionníollach. Ní dogma a bhíonn ann riamh ach ‘fírinní’ a bhfuil go leor leor fianaise ann dóibh, ach ar féidir iad a leasú bunaithe ar fhianaise nua. Ceann de na tréithe is luachmhaire ag aon eolaí ná an sceipteachas réasúnaíoch, ag ceistiú a dtuairimí daingne féin chomh maith le tuairimí daoine eile. Fiú agus mé i mo dhéagóir, mheas mé go raibh cur síos Íosa gur beannaithe iad siúd a chreid gan aon rud a bheith feicthe acu, fadhbach. Mheas mé go raibh sé ag caitheamh anuas ar Thomás an amhrais. Mheas mé gurb é Tomás an t-aon duine i láthair le haon phioc céille agus a leithéid de choincheapa á gcur os a chomhair. Dar liomsa, ba idirghabháil le comhfhoirmeacht a chothú, a bhí ann. Is doiligh a chreidiúint go mbeadh Cruthaitheoir ag iarraidh go gcuirfimis an bua intleachtúil den mhachnamh criticiúil i leataobh. In ainneoin na ndifríochtaí seo, tá lucht eolaíochta agus lucht diagachta araon, ar thóir na fírinne, bíodh baint ag Cruthaitheoir leis nó ná bíodh. Is

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.