3 minute read
Lúireach Phádraig Peadar Bairéad
LÚIREACH PHÁDRAIG
’CHUILE LÁ ÓM LÁ-SA AMACH!
Peadar Bairéad
Anois, agus cruas Laetha na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, fi lleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh a Fhéile fh éin, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid? Nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fuar, feanntach, crua, agus ní haon Samhradh na nGéanna a leanann an Fhéile Náisiúnta, ach oiread!
An tráth seo chuile bhliain, geall leis, téann mo smaointe fh éin ar oilithreacht siar, agus fi lleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a dúradh le Lúireach Dé a fh áisceadh timpeall orainn, chuile mhaidin, lenár gcosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin.
Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fh éadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí. Bíonn air breathnú arís ar fh írinní agus ar phrionsabail a chreidimh, agus cé go ndeirtear, gur féidir linn saibhreas a chur i dtaisce dúinn fh éin sna Flaithis thall, tá me ag ceapadh, nach mar sin a tharlaíonn ar an saol seo, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fi ú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin, mar bíodh go raibh an oiread sin creidimh againn, le linn ár n-óige, is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin an chreidimh a fh aobhar nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt Pól fh éin linn, go raibh seisean ag troid leis, trí chúrsaí a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar.
AN SCÁTH IS CAOILE
Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Nach ag Pádraig Naofa fh éin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go
LÚIREACH PHÁDRAIG
Neart Dé do mo chosaint gach lá, Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth, Críost i mo thimpeall de shíor, Mac Dé i gceartlár mo chroí. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Do mo ghráú, do mo shlánú gan chríoch.
Bí fúm do mo chosaint gach tráth, Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá. Bí liom nuair a luífi dh mé síos, Bí im’ aice ar mo leaba san oích’. Ar mo dheis do mo threorú, Ar mo chlé do mo sheoladh, A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.
Bí liom nuair a shuífi dh mé fúm, Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún, Bí i mbéal an té a labhrann lem’ chroí, Bí i súil an té a chasann im’ líon. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Bí i gcluais an té a éisteann lem’ mhian.
Neart Dé do mo chosaint gach lá, Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth. Críost le mo thaobhsa go buan, Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.
raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos ná eagla air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fh iagaí, nó líon an fh oghlaera, dochar ná damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaighda an diabhail fh éin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Seo thíos iarracht a rinne mé fh éin ar Phaidir Phádraig a shníomh isteach i ndán beag....
Foclóirín: inghlactha: éasca glacadh leis; maolaítear: baintear an faobhar de; ag treabhadh leis: ag coinneáil ag dul; dóichín: rud éasca; go diongbháilte: go daingean.