An Timire - Earrach 2015

Page 1

F���������� Í������� E������ 2015 € 3.75/Stg£3.25

Aire don Chruthaíocht Paidir Geal ■ Comhar na gComharsan Saoire i dTeach an Mháistir

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Spring 2015.indd 1

09/02/2015 13:56


Eagarfh ocal

CÉARD ATÁ AG TARLÚ SA RÓIMH?

T

á athruithe móra curtha i bhfeidhm agus tuilleadh ag teacht, nó sin an chosúlacht atá ar an scéal. Tá an Pápa Proinsias ag rá leis na heaspaig is leis na cairdinéil gur seirbhís atá de dhíth ar Phobal Dé. Leis an tseirbhís sin a thuiscint, ní mór don duine mór teagmháil phearsanta a bheith aige leis an duine beag. Ní mór dó teacht anuas ón a chapall, is siúl in éineacht leis an gcosmhuintir, an chuid den bhealach fad is féidir. Níl bealach ar bith eile le cruachás na cosmhuintire a thuiscint ach siúl in éineacht leo. Bhí an t-eolas sin ag an Éireannach fadó a scríobh: Conas sin, a Phápa? Cad a bheir na bráithre ag marcaíocht? Is gurb amhlaidh bhí San Proinsias, Dar mo choinsias, ag coisíocht! Thuig cumadóir an dánfhocail sin an chaoi gur féidir le bráthair, nó easpag nó pápa, gan cás an Chríostaí os a chomhair a thuiscint, muna bhfuil cuid den cosán siúlta aige ina bhróga. Mar a deir an seanfhocal “Níl a fhios ag aon duine cá luíonn an bhróg ar an duine eile”. Ní féidir an tuiscint sin a fháil ó léamh leabhar amháin, dá léannta na húdair. Chomh maith le sin, tá Proinsias ag rá linne Pobal Dé, labhairt leis na húdaráis is a mhíniú dóibh na rudaí atá ag déanamh buartha dúinn. Deir sé linn na nithe sin a chur in iúl ar bhealach gur féidir leis na cinnirí iad a chloisteáil, le gur fearr a thuigfidis cúrsaí.

Tá an chabhair sin ag dul dár gcinnirí, má tá siad le bheith trócaireach tuisceanach linn. Tá an dara cuid den Sionad ar Chúrsaí an Teaghlaigh glaoite d’fhómhar na bliana seo (4-25 D.F.) Tiocfaidh easpaig as gach cearn den domhain le chéile sa Róimh, timpeall ar an bPápa Proinsias le plé a dhéanamh ar ‘ghairm is misean an teaghlaigh san Eaglais is sa domhan mór’. Ach ní hiad na cinniri céanna atá glaoite chun an dara sionad a glaodh chuig sionad na bliana seo caite. Easpaig tofa as an gcliarlathas logánta a bheidh ag dul chun na Róimhe an fómhar seo chugainn, is ní gá go mba iad sin na cinn feadhna a bhí timpeall ar an bPápa anuraidh. Agus tá athrú eile ann. Tá ráiteas ón gcéad sionad agus 46 cheist a éiríonn as, le plé ag Mórphobal Dé agus tá ár dtuiscint le roinnt ar ár n-easpaig. Le sin a dhéanamh, ní mór fáil go héasca a bheith ar ráiteas an chéad sionaid agus ar na 46 cheist. NÍ mór na heaspaig a mhisniú leis an ábhar sin a chur ar fáil go luath sa bhliain. Ní mór an pobal a spreagadh chun urnaí, chun plé agus chun éargna a ghiniúint ar chonas is ceart léamhanna éagsúla Phobal Dé ar ghairm is ar mhisean an teaghlaigh a chur i bhfocal, sa gcaoi go dtuigfidh na heaspaig iad. Obair mhór! Cuirimis chuige go cruthaitheach, le paisean is le gaois mar a iarrann an Pápa Proinsias orainn. Éistimis le glór na habhann. Frainc Mac Brádaigh SJ

Foclóirín: de dhíth: ag teastáil; cosmhuintir: gnáth dhaoine; éargna a ghiniúint: ‘discerneáil’

Timire Spring 2015.indd 2

09/02/2015 13:56


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh

4 Saothar Samhraidh 6 Torthaí an Chomortais Ealaíne 7 Lasadh na Tine 10 Is é Naomh Tomás a ba chóir a bheith ina phatrún ar an eolaíocht 12 B’ait leo Bean? 14 Lúireach Phádraig 16 Paidir Geal 18 Lá ‘le Pádraig 20 Aire don Chruthaíocht 22 ‘Le hallas do Ghrua’ 24 Críostaithe faoi Leatrom Timire Croí na hÓige 26 Jim Lockhart faoi agallamh 28 Crosfhocal 29 An Turtar 30 Cúram do Lucht fulaingthe 32 Saoire i dTeach an Mháistir 34 Comhar na gComharsan 36 Im Leabharlann Dom 38 Dánta: Cuireadh Dán do Thomás 39 Oideas: Brioscaí Coirce

Pádraig Standún Pádraic Ó Gallchóir Dónall Mac Dónaill Éilís Ní Thiarnaigh Peadar Bairéad Clement Mac Mánais CSsR Dónal de Róiste Éamon Mac Lochlainn Dónall Ó Cnáimhsí Pádraig Ó Murchú Katie Mc Greal Gabriel Rosenstock Marcas Mac Domhnaill Concubhar Ó Liatháin Máire Mhic Niallais Seán de Fréine Bríd Dáibhís Bernadette Nic an tSaoir Síle Ní Chearbhaill

Ar dheis Dé: Séamas Mac an tSaoir, Seán Ó hAllmhuráin, Seán Ó Ceallaigh, Stiofán Ó hAnnracháin, Mairéad Mac Craith Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí síad sa tsíocháin. Pictiúr ar an gclúdach: Clodagh Cartwright Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Timire Spring 2015.indd 3

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 459 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Feabhra 2015 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: E3.75 / Stg£3.25 Go ceann bliana: E15 / Stg£13

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: An Timire f/c Dónall Ó Conaill 92 Bóthar Seannaigh Ráth Eanaigh Baile Átha Cliath 5 Guthán: 087 2359198 r-phost: donall.oconaill@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Anglo Printers Ltd. Lo-call 1890 624 624

09/02/2015 13:56


4

Pádraig Standún

SAOTHAR SAMHRAIDH

Bhí náire an domhain orm i mo chéad seachtain mar ábhar sagairt i gColáiste Phádraig i Má Nuad leathchéad bliain ó shin mar nach raibh mé in ann fanacht i mo dhúiseacht i rith an chúrsa spioradálta lenar thosnaíomar. Bhí mé ag cuimhneamh ar dheisceabail Chríost i ngairdín Gethsemene agus an rud a dúirt sé leo: “Nach bhfuil sibh in ann uair an chloig amháin a dhéanamh liom.” Tuigim anois gur teas an tséipéil agus tuirse na hoibre a bhí déanta agam i rith an tsamhraidh ba chúis leis. Bhí mé i m’fhear oibre ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dTuar Mhic Éadaigh, Baile an Róba agus Cathair na Mart agus d’oibrigh mé ar £8 sa tseachtain (pá fir ag an am) go dtí an lá sula ndeachaigh mé chuig an gcoláiste. Bhí mé ag obair le m’athair agus tá áthas orm go raibh mar go bhfuair sé bás go hobann agus é i mbun oibre i gConga an bhliain dár gcionn. Mar a dhéanfadh mic léinn ag an am, thabharfainn m’aghaidh ar Shasana sna laethanta saoire ina dhiaidh sin le táillí agus airgead póca na bliana a shaothrú ar phiocóid agus ar shluasaid, “ag cartadh domhain agus ag caitheamh i

Timire Spring 2015.indd 4

bhfad siar,” mar a déarfaidís ag an am. Purgadóir a bheadh sa gcéad seachtain go dtí go mbeadh na lámha cruaite, ach ina dhiaidh sin bheadh mac feilméara ó Iarthar na hÉireann chomh maith le fear ar bith i mbun na hoibre sin. Más aon rud é, is é an iomarca a bheadh duine ag iarraidh a dhéanamh le cruthú go raibh muid in ann ag an obair. Is cuimhneach liom fós an lá a raibh thart ar leathchéad againn ag fáil faoi réir le cábla a tharraingt isteach i dtrinse i bPerry Barr i mBirmingham thart faoin am a shiúil fear ar an ngealach den chéad uair. Bhí mise ar mo mhíle dícheall go dtí gur chuir an fear ar mo chúl comhairle orm: “Grunt, but don’t pull,” a dúirt sé, “go dtí go mbíonn gach duine ag tarraingt in éindí.” Nuair a bhí a dhóthain béicigh déanta ag an té a bhí i gceannas, caitheadh an cábla isteach gan stró ar bith. Ba é an jab ba dheise a bhí agam na blianta sin ná gaineamh a chaitheamh isteach ó bhád canála leis an gclúdach rubair ar phíopa gáis a shábháil nuair a bheadh puiteach, clocha agus eile ag gabháil isteach os a chionn. Bhíodh obair sách crua ar feadh uair an chloig

09/02/2015 13:56


5

An rud ba shó a thaitin lion faoi bhunaitheoir Chumann Shíomóin ná a oscailteacht.

Anton Wallich Clifford agus a bhean Marie Therese

nó dhó agus an bád á fholmhú againn, ach bhíodh turas deas mall againn ansin ar an uisce, muid ag imeacht le hualach eile gainimh a fháil. Bhí an bád a rabhamar ag obair inti ag ligean uisce isteach lá, leathbealach suas ar ár gcuid buataisí. Bhreathnaigh an maor, Bert, Sasanach a bhí i mBurma le linn an dara cogadh domhanda isteach orainn: “Just like the paddy fields, Pat,” ar sé, i mbun comhrá. Spréach fear as Contae an Chabháin: “B’fhéidir gur tú atá i gceannas anseo,” a dúirt sé, “ach níl tú ag gabháil ag caitheamh anuas ar na hÉireannaigh.” Thug sé cuntas cruinn don maor ar stair na hÉireann ó na Normanaigh anuas, ag tabhairt gach ainm níos measa ná a chéile ar mhuintir Shasana. Ní dóigh liom gur thuig Bert céard a bhí ráite as bealach aige, ach níor thagair sé do na paddy fields ní ba mhó. Ní hiad mo laethanta i mbun sluasaide i Sasana is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, ach tamall a chaith mé le Cumann Shíomóin i Kentish Town i samhradh na bliana 1969. Ní raibh an Cumann sin i bhfad bunaithe ag an am, ainmnithe i

ndiaidh Shíomón as Círéiné a chuidigh le hÍosa Críost a chrois a iompar. Sasanach darbh ainm Anton Wallich Clifford a chuir an comhluadar ar bun. Oifigeach príosúin a bhí ann roimhe sin a thug faoi deara go gcríochnódh go leor iarphríosúnach ar na sráideanna agus gur ghearr go mbídís ar ais sa phríosúin arís. Ní ghlacfaí leo in áit ar bith. Chinn sé eagraíocht a bhunú leis an fhadhb a réiteach. Nuair a shroich mise Kentish Town i samhradh corraitheach na bliana sin, shíl mé go raibh láthair na fíorChríostaíochta bainte amach agam. B’é an rud ba mhó a thaitin liom faoi bhunaitheoir Chumann Shíomóin ná a oscailteacht. Thar aon duine a casadh ariamh orm bhí sé saoraigeantach agus ag síorfhoghlaim ó dhaoine eile. Mura n-éireódh le scéim amháin, thriailfeadh sé rud eile, gan aon chaitheamh i ndiaidh an phlean nár oibrigh. Ag breathnú siar ar na blianta sin anois, feicim gur fhoghlaim mé go leor faoin saol agus faoin imirce le cur leis an diagacht a bhí le foghlaim i Mánuat ag an am.

Foclóirín: puiteach: pluda; corraitheach: a chorraíonn duine.

Timire Spring 2015.indd 5

09/02/2015 13:56


6

TORTHAÍ AN CHOMÓRTAIS EALAÍNE

Fuair muid beagnach céad iontrálaí le haghaidh an chomórtais ealaíne. Bhí an caighdeán an-ard agus ba mhór an dúshlán do na breithimh na buaiteoirí a roghnú. Tá muid thar a bheith buíoch de gach éinne a bhí páirteach sa gcomórtas. Tháinig cuid de na hiontrálacha isteach théis an spriocdáta, 10 Deireadh Fómhair; níor tógadh san áireamh iad le haghaidh na nduaiseanna ach tá trí cinn roghnaithe againn anseo. Tá na h-iontrálaí a fuair an dara agus an tríú duais le feiceáil anseo agus an chéad duais ar an gclúdach. Seo iad na buaiteoirí don bhabhta seo: Duaiseanna (1) €30, (2) €20 (3) €20

An chéad duais – dearbhán leabhar ar fiú €30 é: Clodagh Cartwright, Scoil Mol an Óige, Innisdíomáin, Co and Chláir

An dara duais – dearbhán leabhar ar fiú €20 é: Caomhín, An tUasal MacCorraidh, Bunscoil Eoin Baiste, Pórt an Dúnáin

An tríú duais – dearbhán leabhar ar fiú €20 é: Leslyn Forrester (10), Rang 5, Scoil na Maighdine Mhuire, Newmarket-on-Fergus, Co Clare.

Tréaslaíonn muid do na buaiteoirí agus go raibh maith agaibh uilig a bhí páirteach. Timire Spring 2015.indd 6

09/02/2015 13:56


7

Pádraic Ó Gallchóir

LASADH NA TINE

RÉAMHRÁ Chorraigh an phaidir seo mé tamall ó shin nuair a bhí cabhair ag teastáil go géar uaim agus is é mo mhian go bhféadfadh an léitheoir é féin a aithint inti chomh maith. Is sean-phaidir í agus os rud é nach bhfuil taithí ag mórán daoine ar conas tine a athlasadh, seo cúlra gairid. Rud an-tábhachtach ab ea an tine i gcomhair teasa agus cócaireachta agus go háirithe ba nós é do dhaoine cruinniú mórthimpeall an tinteáin chun comhrá agus a leithéid. D’fhéadfá a rá gur lár an tí a bhí ann. Go luath, thug daoine faoi deara gur mhaith an rud é, sara chuadar a chodladh, an tine a chlúdach le smúdar móna. Ar theacht na maidine, bhí an clúdach seo ar an tine agus cheaptaí go raibh an tine múchta. Ach ní hamhlaidh a bhí mar, le priocaire, bhíodar ábalta an clúdach a bhriseadh agus aibhleog nó gríos beo a aimsiú. Ba leor é sin chun an tine a athlasadh. ANOIS AN PHAIDIR FÉIN: Tógfaidh mé mo thine inniu i láthair aingeal naofa neimhe, i láthair Airíl is áille cruth, i láthair Uiríl na n-uile scéimh,

Timire Spring 2015.indd 7

gan fuath, gan tnúth, gan formad, gan eagla, gan uamhan neach faoin ghréin, agus Naomh Mhac Dé do m’thearmann. a Dhé, adaigh féin i mo chroí istigh aibhleog an ghrá do m’namhaid, do mo ghaol, do m’chairde, don saoi, don daoi, don tráill, a Mhic Mhuire mhín ghil, ón ní is ísle crannchuire go dtí an t-ainm is airde. MACHNAMH Agus é ag tabhairt faoi lasadh na tine, braitheann sé neamh ina thimpeall agus is ró-álainn an áit í. Tá neamh lán le haingil agus cuireann mo dhuine béim láidir ar chomh hálainn is atá sí. Tá neamh in aice leis, cóngarach dó. Is léir gur duine é a chothaíonn a chroí agus gach a tharlaíonn ann agus sin é an fáth gur mian leis na lochtaí atá ann a dhíbirt as. Níl aon eagla ná uamhan air roimh dhuine ar bith ná rud ar bith sa domhan óir tá sé cinnte go bhfuil Críost féin, a chara dílis, ag tabhairt aire dó. Agus é ag machnamh ar na nithe seo go léir, tá sé ag priocadh na tine ag lorg grís nó aibhleog bheo. Is ansan díreach a thosnaíonn sé ag tabhairt airde fé leith ar Dhia féin.

09/02/2015 13:56


8

Chorraigh an phaidir seo mé tamall ó shin nuair a bhí cabhair ag teastáil go géar uaim.

Labhrann sé lom díreach go pearsanta le Dia agus iarrann sé air an aibhleog bheag a d’aimsigh sé i lár a chroí a neartú. Tá comhchosúlacht idir an obair spioradálta atá ar siúl ina chroí agus an obair atá idir lámha aige leis an tine ar an tinteán. Is ag an am seo, agus é ag iarraidh ar Dhia cabhrú leis, a osclaíonn Dia féin a chroí ar an domhan mór. Is amhlaidh atá an aibhleog lag ina chroí agus an aibhleog sa tine araon ag dul i neart. Ní air féin atá sé ag cuimhneamh a thuilleadh ach ar gach duine beo. Iarrann sé ar Dhia féin grá do gach éinne a chur i gceartlár a chroí. Is é seo díreach an grá céanna atá ag Dia don domhan a chruthaigh sé. Fíor-chairde an bheirt acu anois agus iad araon ar aon intinn ag obair le chéile sa domhan seo agus sa chistin.

Timire Spring 2015.indd 8

ROINNT PRIONSABAIL BHUNÚSACHA SA PHAIDIR 1. Ní gá coimhlint a bheith idir obair laethúil agus paidreoireacht. Uaireanta, dar ndóigh, is gá aird ar leith a thabhairt ar obair speisialta ach uaireanta eile, mar a léiríonn an phaidir seo, má ligimid Dia agus nithe spioradálta isteach inár gcroí, is féidir a aithint go bhfuil “an saol eile” agus ár saol féin fite fuaite lena chéile. Chualas go minic nach bhfuil ach pána gloine idir sinn agus Dia má tá sé cuíosach dorcha féin agus sin é an fáth go bhfuil comhfhreagracht idir an tine sa chistin, aibhleog an ghrá inár gcroí agus tine an ghrá i gcroí Dé féin. 2. Tríd an machnamh ba léir chomh lárnach is atá neamh agus ag an

09/02/2015 13:56


9

am céanna chomh hálainn is atá sí. Cén fáth seo? Uaireanta, ceapann daoine go mbaineann an áilleacht leis na healaíona amháin ach ní hamhlaidh atá in aon chor. Nuair a bhuailimid le daoine ina bhfuil an grá, an mhacántacht, an chrógacht, an chríonnacht agus a leithéidí lárnach ina saol, braithimid inár gcroíthe gur daoine tarraingteacha iad agus ba mhaith linn a bheith an-chairdiúil leo. Tríd an teagmháil sin táimid ag bualadh le daoine an-álainn ar fad. Is ansan atá Dia féin inár measc agus tá neamh in aice linn. De réir na paidre seo, tá an áilleacht ar cheann des na cumhachtaí is láidre i gcroí gach éinne. Dúirt J.B. Keane fadó in agallamh nár thaispeáin éinne dúinn chomh hálainn is atá ár gcreideamh agus b’fhéidir gur sin é an fáth nach dtaitníonn sé linn mar ba cheart. 3. Timire an Chroí Ró-Naofa an teideal atá ar an irisleabhar seo agus sin nod go bhfuil an phaidir an-oiriúnach dúinne. Mar a dúramar cheana, an té a chum é is mhór aige a chroí a chothú. De réir mar a bhí sé ag cothú na haibhleoige, las grá Dé ina chroí istigh. Tá Dia agus

an duine a chum an phaidir i ngrá lena chéile agus sin é an fáth nach bhfuil aon eagla air. Níl sé in iomaíocht ach chomh beag lena comharsa mar tá Mac Dé is mac Mhuire ina chroí agus is leor sin dó. Cabhraíonn cairde lena chéile agus sin é an fáth gur mian leis an té atá ag caint an chabhair a thugann Dia dó a roinnt le daoine eile is cuma cé hiad. Féach chomh leathan is atá an raon daoine ar a gcuireann sé paidir. Ní paidir í seo atá “imithe as dáta”. Cé gur cumadh í in áit iargúlta na blianta ó shin, léiríonn sí dearcadh leathan-aigeanta agus b’fhéidir gur féidir léi labhairt linn arís san aois seo. FOCAL SCOIR Is féidir linn a rá go bhfuil an tine sa chistin agus an tine ó Dhia inár gcroí ar lasadh agus iad araon le chéile ina slite féin ag scaipeadh solais agus teasa ar fud an domhain. Cairde Dé iad go léir cruinnithe mór-thimpeall na tine mar bhuanchairde. Sin cumhacht Chroí Íosa ag obair go ciúin láidir inár measc. Tá an phaidir ar fáil in Ár bPaidreacha Dúchais ar leathanach 59, Uimhir 161.

Foclóirín: aibhleog: spré dhearg thine.

COMÓRTAS Cuirfear cóip den leabhar

An Bíobla do Pháistí

go dtí an chéad duine a fhreagróidh an cheist seo:

Cén Contae ina bhfuil Gairdíní Ghleann Bheithe? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha cliath 2

Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Dónal Mac Ionnraic, Cnoc an Earbair, Baile Átha Cliath 7 Freagra: The Imitation of Christ/Imitatio Christi. Cóip de Anamlón Bliana buaite aige

Timire Spring 2015.indd 9

09/02/2015 13:56


10

IS É NAOMH TOMÁS A BA CHÓIR A BHEITH INA PHATRÚN AR AN EOLAÍOCHT!

Dónall Mac Dónaill

Nuair a hiarradh orm cúpla focal a scríobh ar intinn seo an Phápa i dtaca leis an eolaíocht agus leas an duine, rinne mé machnamh ar cad a d’fhéadfainnse a rá. Chinn mé cúpla tuairim a thabhairt bunaithe ar mo pheirspictíocht mar eolaí. Níl aon cháilíochtaí agam sa diagacht, ach tá mo thaighde bunaithe ar an tionchar atá ag an mhatamaitic ar ‘gheineasas’ aibítrí géiniteacha (DNA). Mar sin, baineann mo thaighde leis an díospóireacht ar bhunús na beatha. D’fhéadfaí a rá gurb í an phríomhchosúlacht idir an eolaíocht agus an reiligiún ná go bhfuil siad araon ar thóir na fírinne. Sin mar atá leis an chuid is mó den scoláireacht in aon disciplín. Cé go dtéann cuid de na heolaithe le heolaíocht mar ghairm beatha, is gairm sa bhunchiall atá ann d’eolaithe eile. An bhunsprioc atá acu ná tuiscint a fháil ar ghné beag ar leith den chruinne. Is fiosracht agus sceipteachas réasúnaíoch atá i gcroílár na heolaíochta. Is féidir gach idé a phlé. Seo an difríocht idir an eolaíocht agus go leor gnéithe de reiligiún. Níl

Timire Spring 2015.indd 10

ceartcreideamhacht na heolaíochta iomlán. Tá ‘an fhírinne’ cionníollach. Ní dogma a bhíonn ann riamh ach ‘fírinní’ a bhfuil go leor leor fianaise ann dóibh, ach ar féidir iad a leasú bunaithe ar fhianaise nua. Ceann de na tréithe is luachmhaire ag aon eolaí ná an sceipteachas réasúnaíoch, ag ceistiú a dtuairimí daingne féin chomh maith le tuairimí daoine eile. Fiú agus mé i mo dhéagóir, mheas mé go raibh cur síos Íosa gur beannaithe iad siúd a chreid gan aon rud a bheith feicthe acu, fadhbach. Mheas mé go raibh sé ag caitheamh anuas ar Thomás an amhrais. Mheas mé gurb é Tomás an t-aon duine i láthair le haon phioc céille agus a leithéid de choincheapa á gcur os a chomhair. Dar liomsa, ba idirghabháil le comhfhoirmeacht a chothú, a bhí ann. Is doiligh a chreidiúint go mbeadh Cruthaitheoir ag iarraidh go gcuirfimis an bua intleachtúil den mhachnamh criticiúil i leataobh. In ainneoin na ndifríochtaí seo, tá lucht eolaíochta agus lucht diagachta araon, ar thóir na fírinne, bíodh baint ag Cruthaitheoir leis nó ná bíodh. Is

09/02/2015 13:56


11

Is fiosracht agus sceipteachas réasúnaíoch atá i gcroílár na heolaíochta.

trua go laghdaítear an oiread sin den teagmháil chomónta idir an reiligiún agus an eolaíocht, go leibhéal na Cruthaíochta. Téama comónta sa chomhthéacs seo ná eolaithe a bheith in aghaidh Dé, amhail is gur chreid siad i nDia, ach go raibh siad ina choinne. Is fada é sin ón fhírinne. Tá an cheist seo pléite agam le daoine eile a roinn a dtuairimí agnóisíocha nó aindiacha liom. Déantar dearmad uaireannta go bhfuil siad ionraic agus go minic drogallach, ina dtuairimí. Do go leor acu, is idé tarraingteach é an coincheap de Dhia agus de shaol eile. Ach measann siad gur coinceapa iad gan bonn láidir intleachtúil agus gur minic go gcuirtear iad chun cinn, ar bhonn atá aineolach ar

an eolaíocht agus frith-intleachtach. Tráth den saol anseo san Eoraip, glacadh leis an taighde eolaíochtúil mar dhianiarracht diagach – iarracht le cruthú na cruinne a thuiscint, agus trí sin, an Cruthaitheoir a thuiscint níos fearr. Sa lá atá inniu ann, féachann eolaithe ar an eolaíocht ar bhealach eile – mar thóir ar an fhírinne nó ar thuiscint. Tá sé spéisiúil go mbíonn deacracht ag roinnt pobail creidimh le tionscadal atá chomh nasctha leis an fhírinne. Is í an chéad chéim i dtreo leas an duine, ná comhthuiscint cheart againn ar a chéile. Go leanaimid ar aon leis an gcomhphlé…. Is Ollamh Comhlach i Scoil na Ceimice, Coláiste Na Tríonóide, é an t-udar

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MARTA 2015 Go ndéana lucht taighde san eolaíocht freastal dílis ar leas an duine ina iomláine Foclóirín: ceartchreidmheacht: ag cloí go docht le creideamh ar leith; fadhbach: d’fhéadfadh deacracht a bheith leis; idirghabháil: idirghuí idir bheirt; comhfhoirmeacht: cloí le cruth ar leith; agnóisíocha+aindiacha: gan chreideamh i nDia; frith: in aghaidh; nasctha: ceangailte le

Timire Spring 2015.indd 11

09/02/2015 13:56


12

Éilís Ní Thiarnaigh SSL

B’AIT LEO BEAN?

“Comhuasal daoine ag an mbás” adeir an seanfhocal. D’fhéadfaimisne, Críostaithe, casadh a bhaint as an seanfhocal céanna agus a mhaíomh gur “comhuasal daoine ag an mBaisteadh”. Bhí a bhealach féin ag Naomh Pól leis an smaoineamh céanna a chur in iúl: “Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa”. (Gal.3:28-29) Tá méid áirithe fianaise ina chuid litreacha, ar an meas a bhí ag Pól ar mhná; mar shampla, tugann sé ‘comhoibrithe’ orthu agus cuireann a dtuairisc i roinnt dá litreacha. De réir a chéile chuaigh an Eaglais i bhfeidhm ar an gcultúr ina raibh sí ag scaipeadh a teagaisc, á uaisliú. Mar an gcéanna, ámh, chuaigh an cultúr – Giúdach, Gréagach, Rómhánach – i bhfeidhm ar an Eaglais a bhí ag iarraidh a bealach aimhréidh a dhéanamh i saol a bhí frith-bhaineann. Tá roinnt samplaí den dearcadh neamh-Chríostaí seo le feiceáil anseo agus ansiúd sa

Timire Spring 2015.indd 12

Nua-Thiomna ó scríbhneoirí sa ghlúin i ndiaidh Phóil. (Dála an scéil, d’fhógair an Pápa Eoin Pól II nach cóir na sleachta seo a léamh le linn na liotúirge, mar go bhfuil siad ‘sean-aimseartha’, is é sin, réamh-Chríostaí.) D’fhág an cúlú seo ó dhearcadh agus ó sheasamh Phóil, gur ról neamhoifigiúil ar fad a bhí ag mná san Eaglais go dtí beagnach ár linn féin. Mar shampla, ní go dtí ré an Phápa Pól VI a fógraíodh bean a bheith ina Dochtúir de chuid na hEaglaise – ar an ábhar nár ceadaíodh do bhean a bheith ag teagasc go hoifigiúil san Eaglais. Cinnte is go mall a mheileann muilte Dé! Cén chaoi, mar sin, ar féidir linn a bheith ag caint ar shaothar nó ar chomharchuid na mban i mbeatha na hEaglaise, gan trácht ar shaothar uathúil? Tugann Pól treoir arís dúinn. Sa chéad litir a scríobhann sé chuig Críostaithe sa Choraint, samhlaíonn sé an Eaglais mar chorp daonna a bhfuil a lán ball ann. Ní hí an fheidhm chéanna a bhíonn ag aon dá bhall, ach is riachtanach gach ball, le go mbeadh an corp in ann feidhmiú go sásúil. Is mar a chéile é ag an Eaglais, a dtugann Pól ‘Corp Chríost’ uirthi.

09/02/2015 13:56


13

Ní hiad amháin na daoine a bhíonn ag feidhmiú go hoifigiúil, go poiblí agus le húdarás, a chothaíonn beatha na hEaglaise. Tá tíolacthaí nó buanna éagsúla ag baill na hEaglaise, oibreacha éagsúla le déanamh chun beatha na hEaglaise a chothú, ach is é an t-aon Spiorad amháin a dháileann iad ar na baill, agus sin ar mhaithe le leas an choirp ina iomlán. Mar sin, gí go bhfuil ról tábhachtach ag ceannairí na hEaglaise – an Pápa agus na heaspaig – ní hiad seo amháin agus daoine eile a bhíonn ag feidhmiú go hoifigiúil, go poiblí agus le húdarás, a chothaíonn beatha na hEaglaise. Ar ndóigh de bharr mórthionchar cultúrtha, is fir amháin a fheidhmíonn mar cheannairí san Eaglais. Is iomaí rud eile atá le déanamh le beatha shláintiúil a choinneáil ag bláthú agus ag forbairt. Anseo a fheicimid ról na mban. Is iondúil gurb iadsan a dhéanann an obair chiúin a chuireann le háilleacht an liotúirge – glanadh na heaglaise, ní agus iarnáil mionéadaí na haltóra, socrú na mbláthanna ar an

altóir, traenáil córacha agus a leithéid. Feicimid dílseacht na mban do fhreastal ar an Aifreann agus do sheachadadh an chreidimh agus teagasc a bpaidreacha dá bpáistí. Bíonn eispéireas roinnt éagsúil ar an saol ag mná, rud a fhágann iad, b’fhéidir, níos tuisceanaí agus a chuidíonn leo freastal go seasta ar riachtanais a gcomharsan. Ba cheart cuimhneamh freisin ar shaothar an-tábhachtach na mban rialta san Eaglais in Éirinn ó dheireadh ré na bPéindlithe. Ba cheannródaithe iad i gcúrsaí oideachais, sláinte agus cúram na mbocht i bhfad sular ghlac an stát na cúraimí seo air féin. Guímis, mar sin, in éineacht lenár bPápa Proinsias, i rith na míosa seo go dtabharfar an t-aitheantas is cuí do mhná a chuireann a ngrá do Chríost in iúl trí bheith ag saothrú leo go ciúin, dílis i ngort a Eaglaise.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MÁRTA 2015 Go dtugtar aitheantas i gcónaí do rannpháirtíocht shainiúil na mban i mbeatha na hEaglaise Foclóirín: : Is ait leo: is maith leo; uathúil: suaithinseach; seachadadh: seoladh ar aghaidh; comharchuid: ionchur.

Timire Spring 2015.indd 13

09/02/2015 13:56


14

LÚIREACH PHÁDRAIG

’CHUILE LÁ ÓM LÁ-SA AMACH! Peadar Bairéad

Anois, agus cruas Laetha na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, filleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh a Fhéile fhéin, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid? Nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fuar, feanntach, crua, agus ní haon Samhradh na nGéanna a leanann an Fhéile Náisiúnta, ach oiread! An tráth seo chuile bhliain, geall leis, téann mo smaointe fhéin ar oilithreacht siar, agus filleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a dúradh le Lúireach Dé a fháisceadh timpeall orainn, chuile mhaidin, lenár gcosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin. Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fhéadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí. Bíonn air breathnú arís ar fhírinní agus ar phrionsabail a chreidimh, agus cé go ndeirtear, gur féidir linn saibhreas a chur i dtaisce

Timire Spring 2015.indd 14

dúinn fhéin sna Flaithis thall, tá me ag ceapadh, nach mar sin a tharlaíonn ar an saol seo, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fiú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin, mar bíodh go raibh an oiread sin creidimh againn, le linn ár n-óige, is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin an chreidimh a fhaobhar nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt Pól fhéin linn, go raibh seisean ag troid leis, trí chúrsaí a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar. AN SCÁTH IS CAOILE Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Nach ag Pádraig Naofa fhéin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go

09/02/2015 13:56


15

LÚIREACH PHÁDRAIG Neart Dé do mo chosaint gach lá, Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth, Críost i mo thimpeall de shíor, Mac Dé i gceartlár mo chroí. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Do mo ghráú, do mo shlánú gan chríoch.

Bí fúm do mo chosaint gach tráth, Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá. Bí liom nuair a luífidh mé síos, Bí im’ aice ar mo leaba san oích’. Ar mo dheis do mo threorú, Ar mo chlé do mo sheoladh, A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.

raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos ná eagla air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fhiagaí, nó líon an fhoghlaera, dochar ná damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaighda an diabhail fhéin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Seo thíos iarracht a rinne mé fhéin ar Phaidir Phádraig a shníomh isteach i ndán beag.... Foclóirín: inghlactha: éasca glacadh leis; maolaítear: baintear an faobhar de; ag treabhadh leis: ag coinneáil ag dul; dóichín: rud éasca; go diongbháilte: go daingean.

Timire Spring 2015.indd 15

Bí liom nuair a shuífidh mé fúm, Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún, Bí i mbéal an té a labhrann lem’ chroí, Bí i súil an té a chasann im’ líon. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Bí i gcluais an té a éisteann lem’ mhian.

Neart Dé do mo chosaint gach lá, Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth. Críost le mo thaobhsa go buan, Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan. Romham do mo threorú, ‘Mo dhiaidh do mo sheoladh, Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.

09/02/2015 13:56


16

Clement Mac Mánais CSsR

PAIDIR GEAL

CEOL EAGLASTA ÉAMOINN UÍ GHALLCHOBHAIR

Tá breis is leagan amháin de chuid mhaith de na paidreacha atá ar fáil i leabhar Dhiarmuid Uí Laoghaire SJ, Ár bPaidreacha Dúchais. Agus an leagan den phaidir ar chuir Éamonn Ó Gallchobhair ceol leis, is leagan sa bhreis orthu siúd é: Luímse le Dia, go luífidh Dia liom. Scáth Dé os mo chionn, Crios na nAingil fá mo choim. Cá gcodlóidh tú anocht? Idir Muire is a Mac, Idir Bríd is a brat, Idir Colmchille ‘s a sciath. Idir Dia is a láimh dheas. Luím-se le Dia, go luífidh Dia liom.

Rugadh Éamonn Ó Gallchobhair i nDún Dealgan i mí Mheán Fómhair na bliana 1900, agus d’éag sé sa Spáinn um Nollaig na bliana 1982. Tá sé curtha lena bhean Mollie Flynn in Alicante. Tráth a bhí Éamonn ag obair do Raidió Éireann is mó paidir cráifeach ar chuir sé ceol leis, nó a chóirigh sé le tionlacan. Agus mé ag déanamh

Timire Spring 2015.indd 16

taighde ar cheol Éamoinn, thugas cuairt ar an Contemporary Music Centre, Sráid Fishamble, Baile Átha Cliath. Fuaireas ann cóipeanna de chláir raidió Éamoinn, a craoladh ar Raidió Éireann tríd na blianta anuas. Tá taifid de na cláir seo ar fáil i gCartlann RTÉ. Tá moladh mór tuillte ag an gCartlann as na taifid sin a choimeád, murach iad ní bheadh deis ann éisteacht le ceol Uí Ghallchobhair. I 1955, craoladh An Phaidir Gheal (CMC: RTE 179) den chéad uair, canta ag Richard Cooper teanór, agus tionlacan le Rhoda Coghill ar an bpianó. B’as Duanaire Gaedhilge le Róis Ní Ógáin, a fuair Éamonn na focail, agus lenar chuir sé ceol agus tionlacan. Is álainn an amhrán é, idir fhocail agus cheol. Paidir do dheireadh an lae atá ann, nó tráth ar bith a mbíonn tú ag iarraidh do scíth a ligint. Tá sé feiliúnach don Aifreann, tráth sosa na Comaoineach. Ach, ceapaim go n- oireann sé go mór d’Aifreann sochraide. Nuair a craoladh Aifreann Gearr, ceol a chum Éamonn, ar Raidió na Gaeltachta ó Inis Meáin breis agus bliain ó shoin, rinne Cormac Ó hAlmhuin, ceoltóir ó Inis Oírr, tionlacan lena bhosca ceoil fad a bhí An Phaidir Gheal á canadh. Bhí

09/02/2015 13:56


17

Paidir do dheireadh an lae atá ann, nó tráth ar bith a mbíonn tú ag iarraidh do scíth a ligint.

draíocht thar na bearta ag baint leis. Bhí suaimhneas na cumadóireachta le sonrú ann ó thús go deireadh. Tá súil againn

go n-éireoidh linn é a chur i mbéal do mhuintire. Seo chugaibh a Phobail an Timire an ceol a chum Éamonn.

Foclóirín: tionlacan = seinm le gléas ceoil cois duine atá ag canadh

COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA

CÉ DÓIBH: Éinne atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. FAD: Aiste de 700 focal. SPRIOC: Dé hAoine, 13 Márta 2015. DUAISEANNA: Dearbháin leabhar; €50, €30 agus €20. FOILSIÚ: Foilseofar na haistí a gheobhaidh na duaiseanna amach anseo sa Timire

In eagrán an gheimhridh den Timire bhí aiste ag Éilís Ní Mhearraí in bpléann sí an nóisean go dtárlaíonn go leor rudaí uafásacha sa domhan ar nós gorta agus gach saghas foréigin agus ar bhealach éigin go ligeann Dia do na rudaí seo tárlú. An bhfuil sé seo fíor? An í toil Dé go dtarlaíonn uafáis sa domhain? Léigh aiste Éilís in eagrán an gheimhridh nó féach www.timire.ie. Séard an Chroí Ró-naofa atá uainn san aiste ná freagra ar thuairmíocht Éilís Ní Mhearraí. Tabhair do thuairim féin ar an ábhar agus tabhair san áireamh freisin an tuairimíocht ata léite agaibh in alt Éilís. Go n-éirí go geal libh!

Timire Timire Spring 2015.indd 17

09/02/2015 13:56


18

tAth Dónal de Róiste

LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2014 Aitheasc a thug an tAthair Dónal de Róiste san Leas Ard-Eaglais, i mBaile Átha Cliath

Tharla go raibh mé ag ceiliúradh Aifrinn Phádraig Naofa i gceann de na scoileanna sa pharóiste. Bhí mé ag caint agus ag cur ceisteanna faoi Naomh Pádraig agus faoina shaol. Bhí sé ina sclábhaí ag tabhairt aire do na muca ar Shliabh Mis. D’éalaigh sé ach tháinig sé ar ais. Cén fáth ar tháinig sé ar ais? ‘He had a dream.’ Bhí brionglóid aige agus chuala sé muintir na hÉireann ag iarraidh air teacht ar ais. Tá a lán scéalta sa Bhíobla faoi dhaoine a d’éist le brionglóidí – Muire, Iósaf, Abrahám, Maois. An mbeifeá-sa sásta do chuid brionglóidí a leanúint dá mba rud é go mbeadh baol agus cruatan romhat mar a bhí roimh Phádraig? Sa Ghaeilge tá dhá fhocal againn ar ‘dream’: brionglóid agus aisling. Tá difríocht eatarthu. Is éard is Aisling ann ná foilsiú (revelation) a thugann inspioráid dúinn, ar nós an ‘dream’ a bhí ag Martin Luther King. Tugann an foilsiú sin fis dúinn agus cothaíonn sé misneach ionainn. Tá neart agus cumhacht agus fuinneamh ag baint leis a chuireann tine sa bholg. Sin an saghas aislinge a bhí ag Pádraig: fís a chuir ar a chumas cinneadh ar rún daingean diongbháilte a dhéanamh chun an

Timire Spring 2015.indd 18

creideamh láidir a bhí aige i gCríost a roinnt le muintir na hÉireann. Bhí creideamh láidir ag Pádraig, creideamh i nDia a d’fhás agus a d’fhorbair le linn dó bheith ag aoireacht ar Shliabh Mis. Cloisimid é ina phaidir: Lúireach Phádraig Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh, Críost istigh ionam. Bhí sé lán de Spiorad Dé agus bhí an creideamh a bhí aige i gcumhacht Chríost chomh láidir sin nach raibh eagla air teacht ar ais, ainneoin an chruatain agus an naimhdis a bhí roimhe. Cloisimid sa scrioptúr : ‘Achtaím ort an briathar a fh ógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth’. Rinne Pádraig an méid sin trí chumhacht Chríost. Chuir sé an fhís nó an aisling a bhí aige i bhfeidhm ar fud na tíre agus de bharr a shaothair baisteadh a lán daoine ina gCríostaithe. Ar fud na tíre anois feicimid rian na ndaoine naofa a lean Pádraig agus a thug an teideal ‘Oileán na Naomh is na nOllamh’ don tír. D’fhág

09/02/2015 13:56


19

Tá neart agus cumhacht agus fuinneamh ag baint le Aisling a chuireann tine sa bholg.

Mósáic de Naomh Pádraig le Boris Anrep, in Ardeaglais an Mhuilinn Ghearr.

Pádraig agus na manaigh a mhair sa ré órga sin oidhreacht shaibhir ina ndiaidh Ina measc tá ardchrosa, cloigthithe, lámhscribhinní, fothracha mainistreach, oilithreachtaí go háiteanna mar Ghleann dá Loch, Cluain Mhic Nóis, Oileán Í, Lindisfarne agus níos faide i gcéin fós go dtí an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin. Cad faoi anois? Tá ‘méféineachas’, le brath, fiú i gcúrsaí creidimh. Úsáideann daoine an creideamh chun sólás a fháil, nó chun na tráthanna móra den saol a cheiliúradh. Is maith an rud é sin. Ach an leor é? An bhfuil an creideamh Críostaí ann mar spioradáltacht phríobháideach don duine aonarach? Nó an bhfuil daoine ann atá lán den aisling agus den fhís a líon croí Phádraig Naofa chun an creideamh a roinnt leis an nglúin óg? Dúirt an Pápa Eoin Pól II go raibh gach glúin óg cosúil le ‘mór-roinn nua le buachan do Chríost’. Tá an Pápa Proinsias ag déanamh sáriarrachta saol Íosa a chur i bhfeidhm ina shaol féin agus tá aisling aige chomh maith. Anseo in Éirinn agus sinn ag ceiliúradh

shaol Phádraig, tá sé in am dúinn féachaint arís ar an aisling a thug treoir dó ina shaol. Tá seoid sárluachmhar an chreidimh againn le roinnt le lucht ár gcomhaimsire. Ná bíodh eagla orainn agus ná bímis ag déanamh leithscéil á rá nach bhfuil an t-am ceart ann. Ní raibh sé riamh éasca agus ní bheidh. Tá na síolta curtha ag Pádraig agus tá a shaothar comhlíonta anois, mar a deir Pól le Tiomóid: ‘Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam’. Tá an fhreagracht orainn-ne anois na síolta sin a chothú agus an obair a thosaigh Pádraig a thabhairt chun críche. Is é mo ghuí go mbeidh an aisling a thug inspioráid do Phádraig inár gcroí chomh maith. Bíodh misneach againn agus bíodh creideamh láidir againn go bhfuil Críost i gcónaí inár measc, romhainn, taobh thiar dínn, fúinn agus os ár gcionn. An tAthair Dónal de Róiste, The Abbey, Baile Chill Mhantáin, Co Chill Mhantáin. donaljroche@gmail.com

Foclóirín: forbair: méadaigh; oidhreacht: rudaí fágtha ag clann nuair a éagann duine; sáriarracht: iarracht an mhór

Timire Spring 2015.indd 19

09/02/2015 13:56


20

AIRE DON CHRUTHAÍOCHT An Br Éamon Mac Lochlainn CFC

Breis agus ceathracha bliain ó shin shiúil Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an nGealach don chéad uair. Le linn an aistir stairiúil sin thimpeallaigh an spás-árthach an Ghealach cúpla uair. Ag teacht amach dóibh as scáth na Gealaí bhreathnaigh na spás-thaistealaithe ar ais i dtreo an Domhain a bhí cosúil le liathróidín beag gleoite, gorm agus bán. Nuair a rinne siad é sin is beag nár phléasc a gcroí le tréan-mhothúchán. Cén mothúchán, dar leat? An mothúchán a bhí ann ná tinneas baile. Thuig siad ansin gurb é an plainéad seo againne an baile a bhí acu agus nach bhfuil aon bhaile eile i ndán dóibh sin ná d’aon duine eile den chine daonna. Táthar ann a cheapann go mb’fhéidir go n-aimseofar plainéad ‘oiriúnach’ eicínt eile ag taisteal timpeall ar cheann de na billiúnta réaltaí atá scaipthe ar fud na Cruinne, ach fiú má aimsítear a leithéid ní bheidh aon mhaith ann dúinne mar thógfadh sé na mílte (nó na milliúnta) bliain dúinn é a shroichint os rud é nach féidir le rud ar bith taisteal níos tapúla ná luas an tsolais. Sé an Domhan seo ár mbaile, agus nach iontach an baile é! Nuair a léigh Críostaithe an téacs sin as Geineasas inar thug Dia an t-ordú

Timire Spring 2015.indd 20

dár sinsir ‘tiarnas a bheith acu ar na héisc, ar na héin agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh’ is minic go ndearna siad dearmad ar an méid a dúirt Íosa faoi thiarnas nó a bheith i gceannas... “Aon duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách”. Sin an meon is ceart dúinne a bheith againn i leith na Cruinne – sinn a bheith inár seirbhísigh ag cinntiú go mbeidh an Domhan chomh slán folláin inár ndiaidh agus atá anois. An dualgas atá orainn, an phribhléid atá againn, aire chuí a thabhairt don Domhan iontach seo. Déanta na fírinne ní mór a admháil go ndearna Críostaithe, agus geall le gach dream eile daoine chomh maith, dearmad ar an dearcadh Críostúil atá luaite agam, agus go ndearna muidne an cine daonna an-dochar don Domhan. Dáiríre go dtí tosach na Réabhlóide Teicneolaíochta, is beag dochar a rinneamar ach le breis agus céad bliain anuas bhí an t-uafás damáiste á dhéanamh, agus ní raibh tada le rá ag lucht teagaisc na hEaglaise faoi. De bharr a bhfuil á fhógairt ag eolaithe le

09/02/2015 13:56


21

Sé an Domhan seo ár mbaile, agus nach iontach an baile é!

blianta beaga anuas táimid ag teacht chun céille, agus i measc na ndaoine is túisce a tharraing aird ar ghéarchéim na Cruinne, bhí misinéirí as Éirinn ag obair sna hOileáin Filipíneacha. Thuig easpaig na hÉireann tábhacht an scéil agus d’fhoilsigh siad imlitir dar teidil ‘Caoineadh na Cruinne’. Is mór is fiú an litir sin a léamh agus a chur i ngníomh. Tá sé le fáil ar an suíomh idirlíon:

http://www.catholicbishops.ie/wp-content/ uploads/images/stories/features/Cry_of_ the_Earth/env_pastoral_irish_fi nal.pdf

Sa tréadlitir sin dhéanann na h-easpaig tagairt do fhocail an Phápa Beinidict XVI a dúirt: “Bronntanas ó Dhia do gach duine

atá sa Timpeallacht, agus tá freagracht orainn í a úsáid ar son na mbochtán, ar son na nglún atá le teacht agus ar son an chine daonna i gcoitinne.” agus deir na h-easpaig féin: “Tá freagracht leithleach againn, leis an teicneolaíocht chumhachtach atá ann, an teicneolaíocht seo a úsáid ar son leas agus inbhuaine gach créatúr beo, ar son an atmaisféir, ar son na talún agus le leas an uisce agus acmhainní eile nach iad”. Tá súil agam go n-éistfimid leis na teachtaireachtaí seo agus go mbeidh meas againn uile ar an Domhan iontach a bhronn Dia orainn. Má dhéanaimid é sin beimid ag leanúint traidisiún na naomh as Éirinn a raibh an-mheas acu riamh ar an dúlra.

INTINN UILECHOITEANN AN PHÁPA PROINSIAS DO AIBREÁN 2015 Go dtaga daoine ar a gciall chun meas agus aire a thabhairt don chruthaíocht mar bhronntanas ó Dhia. Foclóirín: gleoite=álainn; géarchéim=cruachás; leithleach=speisialta;

Timire Spring 2015.indd 21

09/02/2015 13:56


22

Dónall Ó Cnáimhsí

‘LE HALLAS DO GHRUA IS EA A ÍOSFAIDH TÚ DO CHUID’

I ngairdín fálaithe Ghleann Bheatha a shaothraímse mo chuid, ocht n-uaire gach lá, Luan go hAoine, samhradh agus geimhreadh. Sé cheap 20 slat ar fad agus 10 slat ar leithead. Ithir dhomhain dhubh thorthúil, tochailte ina hiomairí néata anois mar a rinneadh riamh anseo. Meas i gcónaí ar nósanna ár sinsir. Imeall lusach ar gach taobh trí shlat ar leithead agus balla láidir 8 dtroithe ar airde déanta de chloch eibhir an ghleanna mórthimpeall. Trí cheathrú acra ina iomláine. Doirse in achan bhalla le comhla láidir de dhair leis an tsuaimhneas a choinneáil ins an tearmann bláfaireachta seo. Tá muid anois ag tús an Earraigh beagnach, tús bliana eile, tús thimthriall na seasúr, deis rudaí a chur in ord agus in eagar, am sula ndúiseoidh éagsúlacht na mílte planda atá againn anseo. Ach, is ea, culaith lom an gheimhridh atá ar an ghairdín seo fós, níl duilliúr ar na géaga ná níl bláth ar na craobhacha. Siocán agus an ghaoth aduaidh, is i ngreim daingean an fhuachta atá gach ní agus iad ar fad faoi shuan. Ach fós tá comharthaí le sonrú ar a bhfuil le teacht, gasarnach na mbleibíní dochloíte ag brú aníos as an ithir fhuar

Timire Spring 2015.indd 22

agus bachlóga ar na craobhacha. Ní fada go mbeidh blúiríní sneachta, crócais agus lusanna an chromchinn ina mílte ag fógairt dheireadh na daoirseachta agus tús an aoibhnis. Buí agus corcra, glas agus geal, dathanna gleoite ag bláthú as gach coirneál. Aoibhneas agus ciúinas agus áilleacht sa domhan. Is iad na crainn úll is mó a thugann daoine sonrú dóibh istigh anseo ó cheann ceann na bliaina. Dhá scór crann úll atá againn anseo, úill dhúchasacha, úill de gach cinéal agus déanamh. Pipín Chiarraí agus Pipín Gréisceach, Síseal Ghlas agus Peitseog na nGael, Dearg Liatroma agus Dearg Ard Chairn, Pitséar Buí agus Pitséar na nGael, Streac Dhearg agus Síológ Mháirtín, Úll Loch Cé agus Úll Loch Garman. Cuid acu ina seasamh go haonarach, cuid ceangailte de bhalla, cuid eile feisitithe ar shreangáin crannaíle. Tá an caonach agus an crotal mar chluimh orthu, sin mar gheall ar aer glan tais an ghleanna. Tá cuma gan mhaitheas orthu, ach níl said in éag, le rud beag gréine tig a mbeocht. ‘S í bláth na n-úll gcumhra í, is samhradh ins an fhuacht í idir Nollaig is Cáisc.

09/02/2015 13:56


23

I ngairdín fálaithe Ghleann Bheatha a shaothraímse mo chuid.

Ó bhachlóga go bláth, ó thor go titim dúilliúir níl sarú le fáil ar na húill uaisle. Seasaim anseo ag tús na bliaina i mo thearmann ciúin ag measúnú mo churaim agus ag beartú don bhliain. Tá gach ní in ord agus in eagar, sásamh don intinn agus sólás don anam, sos sula dtosóidh an tochailt rithimiúil arís. Níl

neach le cloisteáil anois ach glugarnach srúthán ag sileadh ón tsliabh. Níl neach ag bogadh ach spideoigín bheag ag léimnigh ó ghéag go géag. An mé do gharraíodóirse a chara bhig? Cluinim do ghéarghuth álainn glinn Ar fhionnaer fhuarghlan glé Na maidine ag píobaireacht Is ag móradh ghlóir Dé i dtús an lae.

Foclóirín: le sónrú: le tabhairt faoi deara; blebín: bulba; feisitithe: deasaithe

Folúntais

D’Oibrithe Deonacha!

Tá gá ag an Timire le Cláraitheoir agus le Cisteoir. Ach níl airgead againn le daoine a íoc leis na feidhmeanna seo a chomhlíonadh! Mar sin is gá dúinn dul i muinín ár gcairde arís eile. Tá suas le 800 síntiúsóir ag an Timire agus an uimhir ag dul i méid. Tá gá le duine a choinneoidh clár na síntiúsóirí in eagar, is a chabhróidh leis an iris a chur amach gach 3 mhí. Le líon na síntiúsóirí ag dul i méid, tá gá againn le Cisteoir le breathnú i ndiaidh na gcuntas. Beidh gá ag an té a ghlacann an cúram seo air/uirthi féin, le tuiscint ar chúrsaí cuntasaíochta; le bunscileanna ríomhaireachta agus a bheith sásta córas Sage a fhoghlaim más gá! Más suim leat cabhrú linn; níos mó a fháil amach faoi na feidhmeanna féin nó faoi na cúinsí oibre a bhaineann leo, nó ceachtar den dá chúram seo a ghlacadh ar láimh, bí i dteagmháil linn ag antimire@gmail.com nó glaoigh orainn ag 01 7758502, Céadaoin, Déardaoin nó Aoine ó 9.00 – 4.30pm.

Míle buíochas as a bhfógra seo a léamh

Timire Spring 2015.indd 23

09/02/2015 13:56


24

An tAth Pádraig Ó Murchú

CRÍOSTAITHE FAOI LEATROM

Ni bhaineann gach géarleanúint le creideamh. Is minic gur cúis eithneach, shóisialta nó pholaitíochta an fáth le géarleanúint ar phobal gur Críostaithe iad. Chun idir-dhealú a dhéanamh idir ghéarleanúintí cuirtear an cheist seo: má athraíonn duine a chreideamh go dtí creideamh an mhór-phobail, an gcuirfidh san feabhas ar a shaol? Má chuireann, is gearleanúint chreidimh amháin atá i gceist. Inniu, tá na céadta míle duine á bhagairt, á chiapadh, faoi leatrom, á ghabháil, á chur i bpriosún agus á mharú toisc gur Críostaithe iad. Tá a gcearta daonna caillte ag 200 milliún duine i 60 náisiún ar aon chúis amháin: is Críostaithe iad. Cúis mhór leis sin ná go bhfuil fás mór tagtha ar líon na gCríostaithe i dtíortha ina bhfuil easpa cearta daonna iontu. Téann géarleanúint frith-Chríostaí láimh ar láimh le claonadh nó imeachtaí atá ag titim amach sa domhan. Tugann na gluaiseachtaí sin bunús, spreagadh agus fuinneamh don ngéarleanúint. Go minic, ní idir náisiúin a bhíonn caismirt ach i measc an mhór-phobail i dtír. Easpa cearta daonna ag dream éigin is cúis leis an gclampar sin.

Timire Spring 2015.indd 24

Ina theannta sin, bíonn conspóid idirnáisiúnta mar gheall ar réiteach na faidhbe. Mar shampla, deir an tSín agus a lán tíortha eile gur fadhb inmheánach atá acu ina dtír fein agus nár cheart d’aon eachtrannach a cheann a shá isteach ina gcúram. Dá bharr sin, tá dhá phrionsabal bunúsach ag teacht salach ar a chéile: ceannas an stáit agus nádúr uilíoch na gcearta daonna. Conas a réiteofar an cheist? Tráth, chuir a lán tíortha aithne ar an gcoilíniú agus tá siad anois ar thóir a n-ionannais féin. Is minic go bhfuil baint ag creideamh leis an ionannas sin. Mar shampla, leanann an Phacastáin agus an Bhanglaidéis creideamh Ioslám, cleachtann an Ind creideamh Hiondúch agus tá Srí Lanca cloíte le Búdachas. Tá an tóraíocht sin le feiceáil i gcúig cinn de na ocht tíortha ina maireann leath de dhaonra an domhain. Sin iad an tSín, an Ind, an Indinéis, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin. I ngach tír acu sin tá amhras faoi na Críostaithe toisc go gceaptar go bhfuil siad ag tabhairt creideamh na gcoilíneach don dtír agus tuigtear go dtugann sé sin dúshlan d’aon chomhréiteach náisiúnta. Tá imeachtaí sa domhan Moslamach

09/02/2015 13:56


25

Más cúis achrainn do dhoine cúrsaí criedimh go minic, tá sé ann chomh maith chun eochair an chneasaithe a thabhairt dá saol.

a chuireann isteach ar shaol na gCríostaithe. Tá daonra na dtíortha Moslamach ag fás 4.3% i gcomparáid le forbairt eacnamaiochta ná fuil ach 0.5%. Tá a lán den aos óg gan fostaíocht agus cruthaíonn an bochtanas eilimintí radacacha ina measc. Feiceann an pobal an éagóir atá muintir an Iarthair ag déanamh ar an bpobal Moslamach le blianta. Ceapann a lán Eorpaigh ná fuil aon bhaint a thuilleadh ag creideamh leis an saol nua-aimseartha. Dearmad mór. Maireann sé bhilliún duine ar an ndomhan seo agus is fiorbheagán acu a admhaíonn go bhfuil siad díchreidmheach. Tá dhá bhilliún Críostaí, 1.2 billiún Ioslamach, 785 milliún

Hiondúch agus 365 milliún Búdach ina dtimpeall. Cloch cúinne a saoil is ea creideamh dos na daoine sin . Más cúis achrainn dóibh é go minic, tá sé ann chomh maith chun eochair an chneasaithe a thabhairt dá saol. Sin é an cúlra atá le géarleanúint frithChríostaí an lae inniu. An féidir stop nó casadh a chur ar an ionsaí sin? Tá páirtíocht le feiscint sa saol polaitíochta agus i gcúrsai gnó. Tá gá mór le cur-lechéile i dtreo cearta daonna a bhuanú do Chríostaithe. D’fhógair na Náisiúin Aontaithe (1949) cearta creidimh do gach duine, pé creideamh atá aige nó ná fuil. Tá cearta creidimh ina chloch chúinne ag cearta daonna.

INTINN MHISEANACH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2015 Na Críostaithe atá faoi ghéarleanúint, go mothaí siad go bhfuil an Tiarna arna aiséirí ina measc go sólásach, agus go n-airí siad dlúthpháirtíocht na hEaglaise go léir leo. Foclóirín: caismirt: coimhlint; ciapadh: céasadh; ionannas: féiniúlacht

Timire Spring 2015.indd 25

09/02/2015 13:56


26

Timire Croí na hÓige JIM LOCKHART

Katie McGreal

Tá áit lárnach ag an gceol i saol Jim Lockhart, láithreoir, léiritheoir agus ceoltóir. Thagadh múinteoir pianó go dtí an teach chuige ó bhí sé deich mbliana d’aois go dtí go raibh sé i rang na hardteistiméireachta. Fuair sé oiliúint ghairmiúil ar an bpianó agus mar sin bhí idir cheol-léamh agus seinm an cheoil go healaíonta aige. Níor lean an scéal mar sin áfach. Bhí banna ceoil sa scoil nuair a bhí Jim sé bliana déag d’aois agus theastaigh ón mBráthair go mbeadh an fheadóg stáin ar cheann de na huirlisí sa bhanna. Thairg sé ionad sa bhanna, ag seinm na feadóige, do Jim agus ghlac seisean leis an gcuireadh. Is de réir na cluaise a sheinneadh sé an fheadóg murab ionann agus an ceol a léamh, ag seinm an phianó dó. ‘Nuair a thosaigh na Horslips, rinne mé an rud céanna leis an bhfeadóg mhór,’ adeir sé, ‘agus ní raibh sé ródheacair.’

Timire Spring 2015.indd 26

Chuir tuismitheoirí Jim go dtí an Ghaeltacht é, le Gaeilge a fhoghlaim, nuair nach raibh sé ach deich mbliana d’aois, ach níorbh í an líofacht sa teanga an t-aon rud fónta a tháinig as an tréimhse sin ina shaol. Mhúin múinteoirí na Gaeltachta sean-amhráin Ghaelacha do na daltaí agus spreag sé sin suim sna hamhráin sin i Jim. ‘Ní raibh meas ag daoine ar an gceol Gaelach ag an am sin,’ adeir sé. ‘Ní raibh meas ag éinne ar an gcultúr Gaelach ná ar an gceol féin.’ Tugann Jim ardmholadh do Sheán Ó Riada faoin méid a rinne sé don cheol traidisiúnta. ‘Bhí gráin ag Seán ar na bannaí céilí a bhí thart ag an am sin,’ adeir Jim. ‘D’athraigh sé an ceol rince. Bhain sé amach an piano agus chuir sé an cruitchórda ina ionad. Dhíbir sé na drumaí agus chuir sé an bodhrán ina n-áit. Bhí fuaim níba thaitneamhaí le clos ag daoine feasta.’

09/02/2015 13:56


27

Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag meascadh roc-cheol agus ceol traidisiúnta le chéile.

Horslips ‘shoot’ i Nua-Eabhrac

Is thart ar an am sin a thosaigh an grúpa ceoil, Horslips. Bhí aithne ag Jim ar Barry Devlin ón gcumann drámaíochta san ollscoil agus chuir siad beirt aithne ar Éamonn Carr trí bheith ag castáil air sa chathair. Oíche amháin bhí siad féin, Charles O’Connor, Éamonn Carr agus Declan Sinnott ag seinm ceoil traidisiúnta le chéile ag cóisir. Chuala Áine O’Connor ó RTE iad. Bhí a fhios aici sin go raibh RTE ag smaoineamh ar shraith nua a dhéanamh faoin gceol. Labhair sí lena comhghleacaí, Joe O’Donnell, agus thug siad cuiireadh don ghrúpa dul isteach go RTE agus cúpla rud a sheinm. Dá thoradh san fuair an grúpa áit sa sraith agus, as sin amach, d’fhás sé go sciobtha. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag meascadh roc-cheol agus ceol

traidisiúnta le chéile. Taobh istigh de dhá bhliain bhí péire diosca singil agus albam amháin foilsithe acu. ‘Bhí sé nádúrtha dúinn ceol traidisiúnta a sheinm ó am go ham toisc gurbh shin a raibh le cloisteáil againn ar an raidio,’ adeir Jim. D’éirigh na Horslips as bheith ag seinm le chéile sa bhliain 1980 ach tháinig siad ar ais le cheile arís cúpla uair ó shin. Bhí dhá cheolchoirm acu in Éirinn i 2009 agus sheinn siad i Halla Uladh i mBéal Feiriste agus ag Sligo Live le déanai. Rinne siad camchuairt na Gearmáine i mbliana freisin. Tá siad ag súil le camchuairt na hAstráile a dhéanamh an bhliain atá romhainn amach – ach mura n-éiríonn leis na pleananna chuigesean, glacfaidh siad le ceann de na cuirí atá acu ó phobal Mheiriceá Thuaidh.

Foclóirín: oiliúint: múineadh; go healaíonta: go sciliúil; fónta: úsáideach; comhghleacaí: Duine ar aon chéim leat; camchuairt = turas thart timpeall

Timire Spring 2015.indd 27

09/02/2015 13:56


28

crosfhocal TRASNA 1. cloch luachmhar [5] 3. am, tréimhse nó soineann ‘s doineann [6] 6. púca [7] 8. caoineadh brónach [6] 9. 1d fadó [6] 11. soitheach nó long [7] 14. tá 32 acu in Éirinn [6] 15. daingean, crua [5]

Duais €30 le buachaint

ANUAS 1. saghas [4] 2. dath dorcha [4] 3. san áit seo [5] 4. barr, áit ard [7] 5. callán [5] 7. bulaíocht, brú, foláireamh [7] 9. gort glas [5] 10. aiféala, ceann faoi [5] 12. rópa, sreang [4] 13. dath cártaí [4]

Scríobh CROSFHOCAL ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Márta 2015

Timire Spring 2015.indd 28

09/02/2015 13:56


29

Timire Croí na hÓige

GACH DALTA MAR A OILTEAR AGUS TURTAR SAN UISCE

I

Gabriel Rosenstock

s ar tír a chaith Turtar a chuid ama go léir go dtí gur ghabh sealgairí é. Thug siad ar ais go dtí an sráidbhaile é agus leag os comhair an Taoisigh é. ‘Turtar breá ambaist,’ arsa an Taoiseach, ‘cad a dhéanfaimid leis? É a bheiriú nó é a róstadh?’ ‘Fan bog go fóill,’ arsa Turtar. ‘Caithfidh sibh mé a mharú i dtosach – tá súil agam! – agus mé a bhaint amach as an sliogán seo.’ ‘Brisfimid an sliogán le bataí,’ arsa na sealgairí. ‘Ní oibreodh sé sin, a fheara,’ arsa Turtar, ‘tá an sliogán seo chomh crua le cloch.’ ‘An bhfuil aon mholadh agat féin?’ arsa an Taoiseach. ‘Tá,’ arsa Turtar. ‘Mé a bhá.’ ‘An-smaoineamh!’ arsa an Taoiseach. Thugadar chun na habhann é agus chaitheadar isteach ar mhullach a chinn é. ‘Ná hullmhaígí na potaí cócaireachta go fóill,’ arsa Turtar agus an dá shúil mheidhreacha ag glinniúint ina cheann. Shnámh sé uathu ansin go mear agus ní fhaca siad ó shin é. ‘Sea,’ arsa Turtar, ‘is dóigh liom go gcaithfidh mé an chuid is mó de mo chuid ama san uisce as seo amach.’

Tá an scéilín thuas tógtha ón leabhar Óró na Circíní, agus Scéalt eile ón Aifiric, le Gabriel Rosenstock, atá le foilsiú ag an Gúm amach anseo.

Tomhas an Timire: 179

1

2

3

4

5

6

7

8

Leid: Céard a fhaigheann tú nuair a chabhraíonn feirmeoirí lena chéile? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil. TITIM, EAGLAIS, FOIRFE, TOST, NEAMH, MEAS, AINGEAL, DÚSHLÁN

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus do sheoladh, chuig: An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 31 Márta 2015. Tomhas 178: Freagra: Inis Oírr. Buaiteoir: Máire Mhic Ghearailt, ‘Mayfield’, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath.

Timire Spring 2015.indd 29

09/02/2015 13:56


30

Marcas Mac Domhnaill

CÚRAM DO LUCHT FULAINGTHE

Tá cultúr na neamhshuime le feiscint go soiléir inár dtimpeall, sa lá atá inniu ann. Mar Chríostaithe, ní cheart go mbeadh lagmhisneach orainn, ach a mhalairt ar fad. Ba cheart go mbeadh áthas ar ár gcroíthe, go bhfuil an deis againn ár gcreideamh a chleachtadh agus cabhair a thabhairt don té atá thíos seal. Fiú inár gcultúr féin, tá an seanfhocal ann ‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’. Tuigimid go bhfuilimid ag brath ar a chéile i gcónaí, go praiticiúil agus go spioradálta. Tá dualgas orainn má leanaimid Críost, dea-ghníomhartha a dhéanamh. Níl faic inár gcreideamh muna bhfuil dea-ghníomhartha ann chomh maith. Bhí an meitheal againn leis na cianta, in Éirinn. Faigheann tú an meitheal fós i bparóistí beaga nuair a chabraíonn feirmeoirí lena chéile, lena gcaoirigh a bhearradh nó féar a shábháilt mar shampla. Tá an dea-shampla seo an thábhachtach don ghlúin seo, seachas a bheith ag

Timire Spring 2015.indd 30

cuimhneamh ar ‘mé féin’ i gcónaí. Tá go leor eagraíochtaí againn in Éirinn chun seans a thabhairt dúinn cabhrú lenár gcomharsana. Meitheal nua-aimseartha atá anseo againn. Le breis agus fiche cúig bliain, tá daoine in Éirinn ag cabhrú le leanaí ón Bhealarúis, ón Rúis is ón Ucráin agus iad breoite ó thruailliú raideolaíochta. Tá meitheal ag feidhmiú agus daoine, i ngach contae nach mór, ag úsáid a mbuanna chun faoiseamh a thabhairt dos na leanaí bochta seo. Tá daoine ann a théann amach dos na háiteanna seo, agus an-chreidiúint ag dul dóibh. Cabhraíonn siad thall chun foirgnimh a athchóiriú dos na leanaí agus daoine fásta atá buailte le galair difriúla. Bíonn tógálaithe, banaltraí, doctúirí agus fiaclóirí ina measc. Tá nasc idir na daoine seo agus an pobal arb as iad in Éirinn, mar cothaíonn an pobal iad agus cabhraíonn siad leo. Tá siad i gcomaoin lena chéile agus roinntear an chomaoin

09/02/2015 13:56


31

seo go forleathan is go flaithiúil, leo san atá ag fulaingt thar lear. Bíonn deis ag cuid de na leanaí bochta seo teacht go hÉireann chun seirbhísí leighis a fháilt. Tá dhá dearcadh ann ó thaobh na hEaglaise de, sa lá atá inniu ann. Deir roinnt daoine gur Eaglais í do dhaoine naofa. Ar an dtaobh eile, tá Eaglais ann a chuireann fáilte roimh an pheacach. Deir Críost linn ‘Tar agus Feic’. Sin cuireadh do gach éinne, ní amháin dóibh siúd a choimeádann na rialacha. Ní tearmann í an Eaglais do naoimh ach scoil do pheacaigh chun go gcuirfidís aithne cheart ar Chríost. Táimid go léir inár bpeacaigh. Mar sin, tá gá le oiliúint a chur orainn. Nuair a bhímid ag smaoineamh orthu siúd atá ag fulaingt agus na heasláin, ba cheart dúinn cuimhneamh ar an líne ‘idir anam is corp’. Tá gá go praiticiúil chun cabhrú le daoine ach tá géargá le urnaí agus paidreacha, dóibh siúd ag fulaingt go spioradálta. B’fhéidir gurb í an t-anam

nach bhfuil an tsláinte go maith aici, seachas an corp. Tá roinnt mhaith daoine in Éirinn chun cabhrú le daoine sa chás seo. Go deimhin féin is féidir linn cabhrú leo inár saol laethúil ach paidir a rá ar a son. Ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine ‘idir anam is corp’, gach aon uair go mbíonn seans againn labhairt le hÍosa i naomhshacraimint na haltóra. Le linn adhradh mar shampla, tabharfaidh Íosa treoir dúinn, conas feidhmiú go héifeachtach chun a chuid oibre a dhéanamh. Ceapann daoine nach féidir leo faic a dhéanamh chun cabhrú le daoine muna bhfuil an t-am acu dul áit éigin go fisiciúil ach ní bheadh puinn rath ar an obair praiticiúil gan na paidreacha go léir a bheith laistiar de. A Mhuire na nGrást,...go sábhála tú mé idir anam is corp. Chaith Marcas tréimhse ag obair go deonach sa Bhealarúis in 2006 agus 2010

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ NA BEALTAINE 2015 Agus sinn ag séanadh chultúr na neamhshuime, go dtuga muid cúram dár gcomharsana atá ag fulaingt, go háirithe do na heasláin is na bochta. Foclóirín: athchóiriú: caoi nua a chur ar..; feidhmiú: gníomhú

Timire Spring 2015.indd 31

09/02/2015 13:56


32

SAOIRE I DTEACH AN MHÁISTIR Concubhar Ó Liatháin

Beag saoire a bhí agam féin i mbliana, seachas deireadh seachtaine i dTír Chonaill. Ach b’aoibhinn an seal é sa chontae is faide ó thuaidh ar an oileán. Bhíos agus mo chlann ag fanacht le muintir Uí Mhuirí i dTigh an Mháistir i Mín an Chladaigh. B’iontach an fháílte a cuireadh romhainn - ceol, comhluadar, fleadh, féile agus féasta. Tá rud iontach ar bun ag Cathal agus ag Patsy Uí Mhuirí, is é sin coláiste Gaeilge a bhunú i dtigh ina bhfuil traidisiún an oideachais ag síneadh siar go tús an chéid seo caite. Ba anseo a tháinig leithéidí Bríd Rodgers agus a thuilleadh nach í chun snas a chur ar a gcuid ceachtanna tar éis am scoile leis an Máistir. Anois tá laethanta saoire á dtairiscint ann agus is féidir leat freastal ar ranganna Gaeilge le múinteoirí áitiúla agus togha an bhéaloidis agus an chomhluadair a bhlaiseadh le muintir an tí agus lena gcomharsana. Más fuar a bhí an t-uisce ag Machaire Rabhartaigh - agus bhí sé fuar - ba theolaí an fháílte ag Tigh an Mháistir (http:// themastershouse.ie/ga/) Duais a bhuaigh mé trí fhreagra a thabhairt ar cheist ar Twitter a thug

Timire Spring 2015.indd 32

sinn go Mín a’ Chladaigh trathnóna ag deireadh an tsamhraidh. Anois cé a deir nach fiú morán iad na meáin sóisialta! Ghabhamar ó Bhéal Feirste go Doire áit ar chaitheamar lón i gCultúrlann Uí Chanainn, ár gcéad chuairt ar an bhfoirgneamh dea-chumtha seo, agus le fáilte a chur romhainn bhí Fionnuala Ní Chorraidh ó Bhéal Feirste. As go brách linn as sin go Leitir Ceanainn agus ar aghaidh go Gort an Choirce. Chuamar ar bhóthar an chósta ansin thar Mhachaire Rabhartaigh agus Toraigh le feiceáil amuigh uainn fé spéir ghorm shamhraidh. Chuir Patsy fearadh na fáílte romhainn ag Teach an Mháistir agus seomraí breátha compordacha ullmhaithe dúinn. Tá ainm oileáin is baile fearainn ar gach seomra - cuireadh sinne i dToraigh agus na páistí go Gabhla! An oíche sin, bhí béile álainn againn sa teach, é ullmhaithe de réir oidis ‘Slimming World” agus d’oir sin go maith domsa. Go deimhin táim tar éis clárú leis an gclár sin ó shin agus cloch caillte agam dá réir, a bhuíochas do spreagadh Patsy! Pé rud a d’fhéadfaí a rá faoin saoire, ní rabhamar ocrach ag am ar bith agus togha an bhia curtha ar fáil.

09/02/2015 13:56


33

Chuir an t-eispéireas ar fad i gcuimhne dom an saibhreas atá faoinár srón sa Ghaeltacht.

Rang ó Turas Béal Feirste mí Meitheamh 2014. Ina suí: Caroline, Hannah, Linda Ervine, Megan, Allison, Gearóidín. Cúl ó chlé: Caoimhín, Norman, Cathal Ó Muirí (fear a’tí) Máitiú (múinteoir) James, Philip, Pól.

An lá arna mhárach bhí féile in An Fál Carrach, féile Cheilteach, agus go leor nithe aisteacha ag titim amach ann. Chaitheamar cuid mhaith den lá ann agus ansin chuamar cois trá ag snámh. Níl tada a chuireann an fhuil ag preabadh sa chuisle mar snámh san fharraige, go h-áirithe nuair a bhíonn na tonnta go h-ard agus go fuinniúil. Tar éis an tsnámha, chuireamar eitleog ag eitilt. Bhíodh seanbhráthair do mo mhúineadh fadó i gColáiste Íosagáin agus b’é an seanrá seo ba mhinicí a chloistí óna bhéal: ‘aer úr agus grásta Dé an dá rud is fearr ar domhan!’ Oíche an tSathairn bhí ceiliúradh ar siúl i dTigh an Mháistir agus muintir

na comharsanachta istigh chun bliain a cheiliúradh ó cuireadh tús leis an gcoláiste seo. Ní an gabhar amháin a róstadh an oíche úd. Chualamar den chéad uair ceol binn Chathail Uí Chuireáin agus go leor daoine eile ag canadh agus ag aithris scéalta na h-áite. Chuir an t-eispéireas ar fad i gcuimhne dom an saibhreas atá faoinár srón sa Ghaeltacht. Saibhreas cultúrtha gan amhras, saibhreas teanga, saibhreas eispéiris. Dhá lá i dTigh an Mháistir, b’fhiú iad i bhfad níos mó ná coicís cois na Meánmhara agus tú ag íoc go daor as gach béile agus ag tóraíocht an chultúir in aisce. Beimíd ar ais…

Foclóirín: fearadh na fáilte: fáilte fial flathúil

Timire Spring 2015.indd 33

09/02/2015 13:56


34

COMHAR NA GCOMHARSAN I NGUÍ AGUS I NGLUAISEACHT Máire Mhic Niallais

Anois agus muid i dtús bliain úr eile, ní hamháin go bhfuil muid ag amharc siar ar an bhliain atá imithe thart, ach fosta ar na hathruithe a tháinig ar ár saol agus ar shaol na Gaeltachta le himeacht na mblianta. In ainneoin go bhfuil go leor fuadair faoin fhorbairt pobail sa Ghaeltacht faoi láthair, is údar imní dúinn i gcónaí tábhacht na teanga agus an meath atá uirthi. Deir na saineolaithe linn go bhfuil an Ghaeilge i mbaol sa Ghaeltacht agus mura dtabharfaidh muid aird air sin agus gníomhú dá réir, nach mbeidh ach corradh le cúig bliana déag eile fágtha ag an Ghaeltacht mar cheantar ina labhartar an Ghaeilge ó ghlúin go glúin gan bhriseadh ann. Dá bharr seo agus mar ghníomhaí pobail, tuigim gurb í an chloch is mó ar ár bpaidrín againn féin agus ag Údarás na Gaeltachta sna blianta atá romhainn ná próiseas pleanála teanga a chur i gcrích. Beidh dhá bhliain againn chun plean teanga a chur le chéile agus seacht mbliana lena chur i bhfeidhm. Tá an eagraíocht a bhfuil mé féin gníomhach inti, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, roghnaithe le bheith ina ceanneagraíocht don

Timire Spring 2015.indd 34

limistéar a bhaineann le Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir. Tá cúrsa dioplóma dhá bhliain sa Phleanáil Teanga á dhéanamh agam féin agus ag baill eile den Chomharchumann, chomh maith le daoine ó na coistí pobail eile sa limistéar seo. Tá dualgas orainne, is é sin, na dreamanna atá le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga, tabhairt faoin chúrsa seo atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ag Údarás na Gaeltachta. Is dúshlánach go deo í an obair atá romhainn ach caithfear beart a dhéanamh anois. Sa phleanáil teanga, deirtear linn go bhfuil tábhacht ar leith le hionchur agus le tionchar an duine aonair. Mar sin de, tá sé le ciall nach lenár saol pearsanta amháin a bhaineann an spioradáltacht ach go bhfuil sí fite fuaite san obair a dhéanann muid sa phobal fosta. Is minic i mo shaol pearsanta agus poiblí féin a iarraim ar dhaoine paidir a rá domh agus is minic a deir siadsan a mhacasamhail céanna liom má bhíonn deacracht éigin acu. Caithfear iarracht a dhéanamh fosta dea-shampla a thabhairt san obair a dhéanann muid agus sa dearcadh a chuireann muid chun cinn san obair sin

09/02/2015 13:56


35

Creidim gur bua agus suáilce eile ó Dhia í an teanga agus an traidisiún a bhaineann léi.

© Aerfort Dhún na nGall. Gach ceart ar cosaint. Suíomh Gréasáin Bara O’Maoultuille.

agus é sin a dhéanamh ar bhealach a thagann le teagasc Dé. Creidim, i ndeireadh na dála, gur bua agus suáilce eile ó Dhia í an teanga agus an traidisiún a bhaineann léi. Tá muid ag ligean ár gcuid maidí le sruth, ámh, i dtaca le go leor de shuáilcí Dé ar na saolta seo. Ní hamháin go bhfuil cuid mhór den dúchas teanga a fuair muid ónár muintir caillte againn ach tá an cultúr saolta atá thart orainn imithe i bhfeidhm orainn, cultúr atá beag beann ar ár ndúchas teanga agus ar ár ndúchas creidimh araon. Mar fhocal scoir, san fhorbairt pobail, bíonn béim á cur ar chomhar pobail agus ar chomhar na gcomharsan.

Beidh ‘comhar na gcomharsan’ uainn chun próiseas tábhachtach seo na pleanála teanga a chur i bhfeidhm i gceart. Tá tábhacht ar leith leis seo go háirithe i gcás na hóige mar is iadsan tuismitheoirí, múinteoirí agus ceannairí pobail an lae amárach. Beidh tacaíocht ó na húdaráis stáit riachtanach chomh maith chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach. Mar sin féin, ní bhainfear aon ní dúshlánach amach in éagmais chomhar Dé agus Mhuire araon. In am an ghátair, is é an nath is mó a úsáidtear fán taobh seo tíre ná ‘Tá Dia láidir agus tá máthair mhaith aige’, is é sin, le tacaíocht agus le comhar na beirte sin le chéile go n-éireoidh linn achan deacracht a shárú!

INTINN SOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ BEALTAINE 2015 Fonnmhaire chun misin Maidir le Críostaithe atá i gcultúir shaolta, go gcuidí idirghabháil Mhuire lena bhfonn chun Íosa a fh ógairt. Foclóirín: limistéar: ceantar; in éagmais: gan

Timire Spring 2015.indd 35

09/02/2015 13:56


36

Seán de Fréine

IM LEABHARLANN DOM

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, 2012. 606 lch; Praghas €15 Tuairim is bliain ó shin agus é ar intinn agam cúpla leabhar áirithe a cheannach, tháinig mé ar an tseod seo agus, ar ala na huaire, chinn mé ar í a chur le mo bheart. Go príomha, ba ar mhaithe le bheith in ann na sailm a léamh i bhfoirm áisiúil a dhéan me amhlaidh. Is díolaim chlasaiceach de fhilíocht dhiaga na sean-Eabhraise atá sna sailm – 150 ceann díobh san iomlán, a chantaí le ceol i bhfad siar, in aimsir na bhfear. Más cuid luachmhar iad de oidhreacht chreidimh agus chultúir na nGiúdach, is cuid shuntasach iad freisin den oidhreacht Chríostaí, agus go sainiúil den oidhreacht Ghaelach chomh maith. Cuirtear a gcumadh i leith Dháiví Rí a mhair timpeall an tséú haois roimh Chríost, cé go bhfuiltear in amhras anois an bhfuil siad uile chomh sean sin. Ach tá siad gan eisceacht sean go leor, agus thuill siad meas agus urraim faoi leith i measc na luath-Chríostaithe. Tugadh an t-ómós céanna dóibh in Éirinn.

Timire Spring 2015.indd 36

Is é An Cathach an leabhar is sine dár litríocht, agus scríobhadh é ag deireadh an tséú haois nó ag tús an tseachtú haois. Fágann an dáta sin go bhfuil sé ar an leabhar is sine san Eoraip, b’fhéidir, lasmuigh de litríocht na Róimhe agus na Gréige (agus den leagan den Bhíobla a dhéan Ulfilas, an t-easpag Áireach,nuair a d’aistrigh sé cuid de go Gotais – seanteanga Ghearmánach a d’imigh as faoi dheoidh sa Chrimé am éigin san seachtú céad déag). Tá An Cathach i dtaisce anois in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Séard atá ann, cuid de na sailm i Laidin na Vulgáide mar aon le tráchtaireachtaí gairide orthu. Cuirtear an cnuasach ar Cholmcille, ach fiú mura bhfuil sin fíór, is fíanaise é go raibh na Gaeil tugtha do na sailm ó thús ré na Críostaíochta. In Agallamh na Seanórach, áitíonn Pádraig ar Oisín, ‘A Oisín, is fada do shuan; Éirigh suas is éist an salm.’ I nGaeltacht na hAlban, áit a raibh an Eaglais Phreispitéireach in ann an litearthacht i nGàidhlig a chothú (murab ionann is dálaí in Éirinn), cothaíodh cultúr na léitheoireachta ins an Ghàidhlig, go háirithe i dtaca le léamh an Bhíobla. Cuid lárnach den

09/02/2015 13:56


37

Tá na haistriúcháin go hálainn ó thaobh friotail agus filíochta de.

nósmhaireacht sin ba ea léamh agus cantaireacht na salm. Ní hamháin go bhfuil na sailm i bpáirt ag Críostaithe de thraidisiún difriúla, mar is léir uaidh seo, ach tá siad i bpáirt freisin ag Giúdaigh agus Moslamaigh araon. Is comhoidhreacht thairbheach é sin. De bhrí go bhfuil na sailm ar fáil ar bhealach so-fhála soláimhsithe sa leabhar seo, chrom mé ar a léamh, ceann in aghaidh an lae, mar ní raibh aon ródhua ag baint leis an nós nua seo agam. Agus nuair a bhí sin déanta agam, lean me liom go nádúrtha ar a n-athléamh. Ní fada go mbeidh an dara léamh curtha díom, agus é ar intinn agam tosú ar an tríú babhta. Ní bhaineann stró ar bith leis. Is bealach simplí déanta anama é. Don léitheoir

Gaeilge, baineann buanna eile leis an nós seo. Is cuid de Bhíobla Mhá Nuat na haistriúcháin Ghaeilge atá sa chnuasach seo na salm. Mar sin, is Gaeilge an lae inniu atá iontu. Tá na haistriúcháin go hálainn ó thaobh friotail agus filíochta de. Tá siad gan amhras ar sheoda Gaeilge na linne seo, cé nach rómhinic a bhíonn an t-aitheantas is dual dóibh tugtha dóibh. Tá siad rithimiúil éasca sothuigthe. Tá dul nádúrtha na Gaeilge in úsáid iontu, mar shampla, Dáivi ag caint le Dia: ‘Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí.’ (Salm 119) (Foilseofar an dara cuid den aiste seo ar na Sailm in Eagrán an tSamhraidh den Timire.)

Foclóirín: go sainiúil: go speisialta; cnuasach: bailiúchán; thairbheach: úsáideach

LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RO-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Timire Spring 2015.indd 37

09/02/2015 13:56


38

DÁNTA DÁN DO THOMÁS le Bernadette Nic an tSaoir

I gcuimhne ar Thomás Ó Canainn, Ultach uasal ceolmhar Cloisim inniu do chaint chomh lách san Nuair a thugas duit leabhairín dánta – “Táim ag súil lena léamha oícheanta geimhridh” Is gan aon oíche gheimhridh romhat Ach samhradh buí gréine go deo. Is cloisim arís an tuiscint chneasta Mar mholtóir ar chomórtas sean-nóis, Moladh tomhaiste a spreagadh sinne Nach bhfaigheadh aon duais Is nach bhfaigheadh go deo Mar thuigis go rí-mhaith Nach ar son trófaí a sheoltar amhrán Ach le hanam a choimeád sa bheo Is chun mothú domhain a nochtadh Lena chaomhnú don sliocht mhór.

CUIREADH le Bríd Dáibhís

Más léir go deo thú In ár measc, a Thiarna, Táim ag súil Gur ar bhruach na mara Ag Leitir Meallain A bheas do shiúl. Tar chugainn I dtús an Mhárta Tráthnóna éigin Nuair a bheas ruacht an tseaca Ag maisiú na spéire.

Timire Spring 2015.indd 38

Is cloisim fós meabhar na lámh chomh cruinn Sa stíl éadrom ar an orgán beag I Séipéal Mhuire Banríon Mar a seinnteá “Ceaití a’ bhalcaeracht” Is an pobal ag triall ar Chomaoineach; Meangadh gáire orm féin is na línte i mo cheann – “Dá bhfaighinnse mo chumann ’na haonar Sea phógfainn a béal go dlúth”. Nach fíor go ndeineann Dia gáire ar uairibh! File agus aistritheoir ó Bhaile na mBocht i gcathair Chorcaí is ea Bernadette Nic an tSaoir. Tá ceithre leabhar fi líochta aici foilsithe ag Coiscéim agus mórán dánta léi i gcló ar irisí éagsúla le blianta anuas. Beifear ag súil leis an gcúigiú cnuasach Ar Faonoscailt , arís ó Choischéim, go luath i 2015.

09/02/2015 13:56


39

BRIOSCAÍ COIRCE SLÁINTIÚLA

Le Síle Ní Chearbhaill Tá cúpla seachtain den athbhliain caite againn faoin am seo agus is anois a theipeann ar ár ndílseacht do na rúin a rinneamar ag tús na bliana. Rinne mé an rún i mbliana chun níos lú milseáin agus seacláide a ithe. Tá ag éirí níos fearr liom i mbliana ná riamh roimhe seo. An príomhchúis leis seo ná go bhfuil rudaí milse fós á ithe agam ach déanaim iarracht roghanna níos sláintiúla a dhéanamh. Taitníonn na brioscaí seo go mór liom agus tá siad níos sláintiúla ná gnáth brioscaí. Úsáidtear coirce in áit cruithneacht mar sin tá uigeacht dlúth acu agus tá neart snáithín iontu a chabhraíonn leis an gcóras díleá. Tá an cineáil snáithín atá i gcoirce go maith do do chroí freisin- laghdaíonn sé droch-cholaistéaróil. Tá síolta iontu a thugann go leor mianraí agus vitimíní riachtanacha duit ar nós vitimín E atá mar frithocsaídeoir. Ní chuirtear siúcra iontu ach tá siad milis dá bharr an banana agus na sabhdánaigh. Cuirim 50g de seacláid (70% cócó) iontu uaireanta má tá rud éigin an-mhilis ag teastáil uaim.

COMHÁBHAIR:

100g coirce meilte (cuirim gnáth coirce sa chumascóir chun plúr a dhéanamh) 50g coirce 1tsp púdar bácála 1 banana, measctha 1 ubh 5tbsp bainne 25g síolta lus na gréine 25g síolta puimcín 25g sabhdánach

MODH:

1. Cuir an t-oigheann ar siúil ag 180c/ gásmharc 4. 2. Líneáil trádaire bácála le páipéar bácála. 3. Measc an banana i mbabhla. Cuir na comhábhar eile leis agus measc le chéile. 4. Roinn an meascán i liathróidí beaga (thart ar 12-15). Cuir ar an trádaire bácála iad. 5. Bácáil san oigheann iad ar feadh 15 nóiméad nó go dtí go dtagann dath órga orthu.

Foclóirín: uigeacht: comhdhéanamh; sabhdánaigh: cineál rísíní.

Timire Spring 2015.indd 39

09/02/2015 13:56


Aspalacht na hUrnaí Chun bheith i do chomhalta, ní foláir duit iad seo a chleachtadh: An Ofráil Laethúil a rá gach maidin; An Chomaoineach Naofa a ghlacadh uair sa mhí mar chúiteamh le Croí Rónaofa Íosa i bpeacaí agus i míbhuíochas an chine dhaonna; Deichniúr den phaidrín a rá gach lá ar intinní an Phápa don mhí.

Márta LUCHT NA hEOLAÍOCHTA Go ndéana lucht taighde san eolaíocht freastal dílis ar leas an duine ina iomláine.

Aibreán AN CHRUTHAÍOCHT Go dtaga daoine ar a gciall chun meas agus aire a thabhairt don chruthaíocht mar bhronntanas ó Dhia.

Bealtaine CÚRAM DO LUCHT FULAINGTHE Agus sinn ag séanadh chultúr na neamhshuime, go dtuga muid cúram dár gcomharsana atá ag fulaingt, go háirithe do na heasláin is na bochta.

Meitheamh INIMIRCIGH AGUS DÍDEANAITHE Go bhfaighe inimircigh agus dídeanaithe fáilte agus urraim sna tíortha ina mbíonn siad.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Spring 2015.indd 40

09/02/2015 13:57


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Oideas: Brioscaí Coirce Síle Ní Chearbhaill

2min
pages 39-40

Dánta: Cuireadh Bríd Dáibhís Dán do Thomás Bernadette Nic an tSaoir

1min
page 38

Im Leabharlann Dom Seán de Fréine

3min
pages 36-37

Comhar na gComharsan Máire Mhic Niallais

3min
pages 34-35

Saoire i dTeach an Mháistir Concubhar Ó Liatháin

3min
pages 32-33

An Turtar Gabriel Rosenstock

1min
page 29

Crosfhocal

0
page 28

Jim Lockhart faoi agallamh Katie Mc Greal

3min
pages 26-27

Cúram do Lucht fulaingthe Marcas Mac Domhnaill

3min
pages 30-31

Críostaithe faoi Leatrom Pádraig Ó Murchú

3min
pages 24-25

‘Le hallas do Ghrua’ Dónall Ó Cnáimhsí

3min
pages 22-23

Aire don Chruthaíocht Éamon Mac Lochlainn

3min
pages 20-21

Lúireach Phádraig Peadar Bairéad

3min
pages 14-15

Is é Naomh Tomás a ba chóir a bheith ina phatrún ar an eolaíocht Dónall Mac Dónaill

3min
pages 10-11

B’ait leo Bean? Éilís Ní Thiarnaigh

3min
pages 12-13

Lá ‘le Pádraig Dónal de Róiste

3min
pages 18-19

Lasadh na Tine Pádraic Ó Gallchóir

5min
pages 7-9

Torthaí an Chomortais Ealaíne

1min
page 6

Paidir Geal Clement Mac Mánais CSsR

3min
pages 16-17

Saothar Samhraidh Pádraig Standún

4min
pages 4-5
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.