3 minute read

Paidir Geal Clement Mac Mánais CSsR

Clement Mac Mánais CSsR

PAIDIR GEAL

CEOL EAGLASTA ÉAMOINN UÍ GHALLCHOBHAIR

Tá breis is leagan amháin de chuid mhaith de na paidreacha atá ar fáil i leabhar Dhiarmuid Uí Laoghaire SJ, Ár bPaidreacha Dúchais. Agus an leagan den phaidir ar chuir Éamonn Ó Gallchobhair ceol leis, is leagan sa bhreis orthu siúd é:

Luímse le Dia, go luífi dh Dia liom. Scáth Dé os mo chionn, Crios na nAingil fá mo choim. Cá gcodlóidh tú anocht? Idir Muire is a Mac, Idir Bríd is a brat, Idir Colmchille ‘s a sciath. Idir Dia is a láimh dheas.

Luím-se le Dia, go luífi dh Dia liom.

Rugadh Éamonn Ó Gallchobhair i nDún Dealgan i mí Mheán Fómhair na bliana 1900, agus d’éag sé sa Spáinn um Nollaig na bliana 1982. Tá sé curtha lena bhean Mollie Flynn in Alicante. Tráth a bhí Éamonn ag obair do Raidió Éireann is mó paidir cráifeach ar chuir sé ceol leis, nó a chóirigh sé le tionlacan. Agus mé ag déanamh taighde ar cheol Éamoinn, thugas cuairt ar an Contemporary Music Centre, Sráid Fishamble, Baile Átha Cliath. Fuaireas ann cóipeanna de chláir raidió Éamoinn, a craoladh ar Raidió Éireann tríd na blianta anuas. Tá taifi d de na cláir seo ar fáil i gCartlann RTÉ. Tá moladh mór tuillte ag an gCartlann as na taifi d sin a choimeád, murach iad ní bheadh deis ann éisteacht le ceol Uí Ghallchobhair. I 1955, craoladh An Phaidir Gheal (CMC: RTE 179) den chéad uair, canta ag Richard Cooper teanór, agus tionlacan le Rhoda Coghill ar an bpianó. B’as Duanaire Gaedhilge le Róis Ní Ógáin, a fuair Éamonn na focail, agus lenar chuir sé ceol agus tionlacan. Is álainn an amhrán é, idir fh ocail agus cheol. Paidir do dheireadh an lae atá ann, nó tráth ar bith a mbíonn tú ag iarraidh do scíth a ligint. Tá sé feiliúnach don Aifreann, tráth sosa na Comaoineach. Ach, ceapaim go n- oireann sé go mór d’Aifreann sochraide.

Nuair a craoladh Aifreann Gearr, ceol a chum Éamonn, ar Raidió na Gaeltachta ó Inis Meáin breis agus bliain ó shoin, rinne Cormac Ó hAlmhuin, ceoltóir ó Inis Oírr, tionlacan lena bhosca ceoil fad a bhí An Phaidir Gheal á canadh. Bhí

Paidir do dheireadh an lae atá ann, nó tráth ar bith a mbíonn tú ag iarraidh do scíth a ligint.

draíocht thar na bearta ag baint leis. Bhí suaimhneas na cumadóireachta le sonrú ann ó thús go deireadh. Tá súil againn go n-éireoidh linn é a chur i mbéal do mhuintire. Seo chugaibh a Phobail an Timire an ceol a chum Éamonn.

Foclóirín: tionlacan = seinm le gléas ceoil cois duine atá ag canadh

COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA

CÉ DÓIBH: Éinne atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. FAD: Aiste de 700 focal. SPRIOC: Dé hAoine, 13 Márta 2015. DUAISEANNA: Dearbháin leabhar; €50, €30 agus €20. FOILSIÚ: Foilseofar na haistí a gheobhaidh na duaiseanna amach anseo sa Timire

In eagrán an gheimhridh den Timire bhí aiste ag Éilís Ní Mhearraí in bpléann sí an nóisean go dtárlaíonn go leor rudaí uafásacha sa domhan ar nós gorta agus gach saghas foréigin agus ar bhealach éigin go ligeann Dia do na rudaí seo tárlú. An bhfuil sé seo fíor? An í toil Dé go dtarlaíonn uafáis sa domhain? Léigh aiste Éilís in eagrán an gheimhridh nó féach www.timire.ie. Séard atá uainn san aiste ná freagra ar thuairmíocht Éilís Ní Mhearraí. Tabhair do thuairim féin ar an áb har agus tabhair san áireamh freisin an tuairimíocht ata léite agaibh in alt Éilís. Go n-éirí go geal libh! an Chroí Ró-naofa Éilís in eagrán an gheimhridh nó féach www.timire.ie. Séard atá uainn san aiste ná freagra ar thuairmíocht Éilís Ní Timire

This article is from: