3 minute read

B’ait leo Bean? Éilís Ní Thiarnaigh

Éilís Ní Thiarnaigh SSL B’AIT LEO BEAN?

“Comhuasal daoine ag an mbás” adeir an seanfh ocal. D’fh éadfaimisne, Críostaithe, casadh a bhaint as an seanfh ocal céanna agus a mhaíomh gur “comhuasal daoine ag an mBaisteadh”. Bhí a bhealach féin ag Naomh Pól leis an smaoineamh céanna a chur in iúl:

“Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fi reann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa”. (Gal.3:28-29)

Tá méid áirithe fi anaise ina chuid litreacha, ar an meas a bhí ag Pól ar mhná; mar shampla, tugann sé ‘comhoibrithe’ orthu agus cuireann a dtuairisc i roinnt dá litreacha.

De réir a chéile chuaigh an Eaglais i bhfeidhm ar an gcultúr ina raibh sí ag scaipeadh a teagaisc, á uaisliú. Mar an gcéanna, ámh, chuaigh an cultúr – Giúdach, Gréagach, Rómhánach – i bhfeidhm ar an Eaglais a bhí ag iarraidh a bealach aimhréidh a dhéanamh i saol a bhí frith-bhaineann. Tá roinnt samplaí den dearcadh neamh-Chríostaí seo le feiceáil anseo agus ansiúd sa Nua-Thiomna ó scríbhneoirí sa ghlúin i ndiaidh Phóil. (Dála an scéil, d’fh ógair an Pápa Eoin Pól II nach cóir na sleachta seo a léamh le linn na liotúirge, mar go bhfuil siad ‘sean-aimseartha’, is é sin, réamh-Chríostaí.)

D’fh ág an cúlú seo ó dhearcadh agus ó sheasamh Phóil, gur ról neamhoifi giúil ar fad a bhí ag mná san Eaglais go dtí beagnach ár linn féin. Mar shampla, ní go dtí ré an Phápa Pól VI a fógraíodh bean a bheith ina Dochtúir de chuid na hEaglaise – ar an ábhar nár ceadaíodh do bhean a bheith ag teagasc go hoifi giúil san Eaglais. Cinnte is go mall a mheileann muilte Dé!

Cén chaoi, mar sin, ar féidir linn a bheith ag caint ar shaothar nó ar chomharchuid na mban i mbeatha na hEaglaise, gan trácht ar shaothar uathúil?

Tugann Pól treoir arís dúinn. Sa chéad litir a scríobhann sé chuig Críostaithe sa Choraint, samhlaíonn sé an Eaglais mar chorp daonna a bhfuil a lán ball ann. Ní hí an fh eidhm chéanna a bhíonn ag aon dá bhall, ach is riachtanach gach ball, le go mbeadh an corp in ann feidhmiú go sásúil. Is mar a chéile é ag an Eaglais, a dtugann Pól ‘Corp Chríost’ uirthi.

Ní hiad amháin na daoine a bhíonn ag feidhmiú go hoifi giúil, go poiblí agus le húdarás, a chothaíonn beatha na hEaglaise.

Tá tíolacthaí nó buanna éagsúla ag baill na hEaglaise, oibreacha éagsúla le déanamh chun beatha na hEaglaise a chothú, ach is é an t-aon Spiorad amháin a dháileann iad ar na baill, agus sin ar mhaithe le leas an choirp ina iomlán.

Mar sin, gí go bhfuil ról tábhachtach ag ceannairí na hEaglaise – an Pápa agus na heaspaig – ní hiad seo amháin agus daoine eile a bhíonn ag feidhmiú go hoifi giúil, go poiblí agus le húdarás, a chothaíonn beatha na hEaglaise. Ar ndóigh de bharr mórthionchar cultúrtha, is fi r amháin a fh eidhmíonn mar cheannairí san Eaglais.

Is iomaí rud eile atá le déanamh le beatha shláintiúil a choinneáil ag bláthú agus ag forbairt. Anseo a fh eicimid ról na mban. Is iondúil gurb iadsan a dhéanann an obair chiúin a chuireann le háilleacht an liotúirge – glanadh na heaglaise, ní agus iarnáil mionéadaí na haltóra, socrú na mbláthanna ar an altóir, traenáil córacha agus a leithéid. Feicimid dílseacht na mban do fh reastal ar an Aifreann agus do sheachadadh an chreidimh agus teagasc a bpaidreacha dá bpáistí.

Bíonn eispéireas roinnt éagsúil ar an saol ag mná, rud a fh ágann iad, b’fh éidir, níos tuisceanaí agus a chuidíonn leo freastal go seasta ar riachtanais a gcomharsan. Ba cheart cuimhneamh freisin ar shaothar an-tábhachtach na mban rialta san Eaglais in Éirinn ó dheireadh ré na bPéindlithe. Ba cheannródaithe iad i gcúrsaí oideachais, sláinte agus cúram na mbocht i bhfad sular ghlac an stát na cúraimí seo air féin.

Guímis, mar sin, in éineacht lenár bPápa Proinsias, i rith na míosa seo go dtabharfar an t-aitheantas is cuí do mhná a chuireann a ngrá do Chríost in iúl trí bheith ag saothrú leo go ciúin, dílis i ngort a Eaglaise.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA PROINSIAS DO MHÍ MÁRTA 2015 Go dtugtar aitheantas i gcónaí do rannpháirtíocht shainiúil na mban i mbeatha na hEaglaise

Foclóirín: : Is ait leo: is maith leo; uathúil: suaithinseach; seachadadh: seoladh ar aghaidh; comharchuid: ionchur.

This article is from: