An Timire - Earrach 2015

Page 12

12

Éilís Ní Thiarnaigh SSL

B’AIT LEO BEAN?

“Comhuasal daoine ag an mbás” adeir an seanfhocal. D’fhéadfaimisne, Críostaithe, casadh a bhaint as an seanfhocal céanna agus a mhaíomh gur “comhuasal daoine ag an mBaisteadh”. Bhí a bhealach féin ag Naomh Pól leis an smaoineamh céanna a chur in iúl: “Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa”. (Gal.3:28-29) Tá méid áirithe fianaise ina chuid litreacha, ar an meas a bhí ag Pól ar mhná; mar shampla, tugann sé ‘comhoibrithe’ orthu agus cuireann a dtuairisc i roinnt dá litreacha. De réir a chéile chuaigh an Eaglais i bhfeidhm ar an gcultúr ina raibh sí ag scaipeadh a teagaisc, á uaisliú. Mar an gcéanna, ámh, chuaigh an cultúr – Giúdach, Gréagach, Rómhánach – i bhfeidhm ar an Eaglais a bhí ag iarraidh a bealach aimhréidh a dhéanamh i saol a bhí frith-bhaineann. Tá roinnt samplaí den dearcadh neamh-Chríostaí seo le feiceáil anseo agus ansiúd sa

Timire Spring 2015.indd 12

Nua-Thiomna ó scríbhneoirí sa ghlúin i ndiaidh Phóil. (Dála an scéil, d’fhógair an Pápa Eoin Pól II nach cóir na sleachta seo a léamh le linn na liotúirge, mar go bhfuil siad ‘sean-aimseartha’, is é sin, réamh-Chríostaí.) D’fhág an cúlú seo ó dhearcadh agus ó sheasamh Phóil, gur ról neamhoifigiúil ar fad a bhí ag mná san Eaglais go dtí beagnach ár linn féin. Mar shampla, ní go dtí ré an Phápa Pól VI a fógraíodh bean a bheith ina Dochtúir de chuid na hEaglaise – ar an ábhar nár ceadaíodh do bhean a bheith ag teagasc go hoifigiúil san Eaglais. Cinnte is go mall a mheileann muilte Dé! Cén chaoi, mar sin, ar féidir linn a bheith ag caint ar shaothar nó ar chomharchuid na mban i mbeatha na hEaglaise, gan trácht ar shaothar uathúil? Tugann Pól treoir arís dúinn. Sa chéad litir a scríobhann sé chuig Críostaithe sa Choraint, samhlaíonn sé an Eaglais mar chorp daonna a bhfuil a lán ball ann. Ní hí an fheidhm chéanna a bhíonn ag aon dá bhall, ach is riachtanach gach ball, le go mbeadh an corp in ann feidhmiú go sásúil. Is mar a chéile é ag an Eaglais, a dtugann Pól ‘Corp Chríost’ uirthi.

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.