4 minute read

Saothar Samhraidh Pádraig Standún

Pádraig Standún SAOTHAR SAMHRAIDH

Bhí náire an domhain orm i mo chéad seachtain mar ábhar sagairt i gColáiste Phádraig i Má Nuad leathchéad bliain ó shin mar nach raibh mé in ann fanacht i mo dhúiseacht i rith an chúrsa spioradálta lenar thosnaíomar. Bhí mé ag cuimhneamh ar dheisceabail Chríost i ngairdín Gethsemene agus an rud a dúirt sé leo: “Nach bhfuil sibh in ann uair an chloig amháin a dhéanamh liom.”

Tuigim anois gur teas an tséipéil agus tuirse na hoibre a bhí déanta agam i rith an tsamhraidh ba chúis leis. Bhí mé i m’fh ear oibre ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dTuar Mhic Éadaigh, Baile an Róba agus Cathair na Mart agus d’oibrigh mé ar £8 sa tseachtain (pá fi r ag an am) go dtí an lá sula ndeachaigh mé chuig an gcoláiste. Bhí mé ag obair le m’athair agus tá áthas orm go raibh mar go bhfuair sé bás go hobann agus é i mbun oibre i gConga an bhliain dár gcionn.

Mar a dhéanfadh mic léinn ag an am, thabharfainn m’aghaidh ar Shasana sna laethanta saoire ina dhiaidh sin le táillí agus airgead póca na bliana a shaothrú ar phiocóid agus ar shluasaid, “ag cartadh domhain agus ag caitheamh i bhfad siar,” mar a déarfaidís ag an am. Purgadóir a bheadh sa gcéad seachtain go dtí go mbeadh na lámha cruaite, ach ina dhiaidh sin bheadh mac feilméara ó Iarthar na hÉireann chomh maith le fear ar bith i mbun na hoibre sin. Más aon rud é, is é an iomarca a bheadh duine ag iarraidh a dhéanamh le cruthú go raibh muid in ann ag an obair. Is cuimhneach liom fós an lá a raibh thart ar leathchéad againn ag fáil faoi réir le cábla a tharraingt isteach i dtrinse i bPerry Barr i mBirmingham thart faoin am a shiúil fear ar an ngealach den chéad uair. Bhí mise ar mo mhíle dícheall go dtí gur chuir an fear ar mo chúl comhairle orm: “Grunt, but don’t pull,” a dúirt sé, “go dtí go mbíonn gach duine ag tarraingt in éindí.” Nuair a bhí a dhóthain béicigh déanta ag an té a bhí i gceannas, caitheadh an cábla isteach gan stró ar bith.

Ba é an jab ba dheise a bhí agam na blianta sin ná gaineamh a chaitheamh isteach ó bhád canála leis an gclúdach rubair ar phíopa gáis a shábháil nuair a bheadh puiteach, clocha agus eile ag gabháil isteach os a chionn. Bhíodh obair sách crua ar feadh uair an chloig

An rud ba shó a thaitin lion faoi bhunaitheoir Chumann Shíomóin ná a oscailteacht.

Anton Wallich Cliff ord agus a bhean Marie Therese

nó dhó agus an bád á fh olmhú againn, ach bhíodh turas deas mall againn ansin ar an uisce, muid ag imeacht le hualach eile gainimh a fh áil. Bhí an bád a rabhamar ag obair inti ag ligean uisce isteach lá, leathbealach suas ar ár gcuid buataisí. Bhreathnaigh an maor, Bert, Sasanach a bhí i mBurma le linn an dara cogadh domhanda isteach orainn: “Just like the paddy fi elds, Pat,” ar sé, i mbun comhrá. Spréach fear as Contae an Chabháin: “B’fh éidir gur tú atá i gceannas anseo,” a dúirt sé, “ach níl tú ag gabháil ag caitheamh anuas ar na hÉireannaigh.” Thug sé cuntas cruinn don maor ar stair na hÉireann ó na Normanaigh anuas, ag tabhairt gach ainm níos measa ná a chéile ar mhuintir Shasana. Ní dóigh liom gur thuig Bert céard a bhí ráite as bealach aige, ach níor thagair sé do na paddy fi elds ní ba mhó.

Ní hiad mo laethanta i mbun sluasaide i Sasana is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, ach tamall a chaith mé le Cumann Shíomóin i Kentish Town i samhradh na bliana 1969. Ní raibh an Cumann sin i bhfad bunaithe ag an am, ainmnithe i ndiaidh Shíomón as Círéiné a chuidigh le hÍosa Críost a chrois a iompar. Sasanach darbh ainm Anton Wallich Cliff ord a chuir an comhluadar ar bun. Oifi geach príosúin a bhí ann roimhe sin a thug faoi deara go gcríochnódh go leor iarphríosúnach ar na sráideanna agus gur ghearr go mbídís ar ais sa phríosúin arís. Ní ghlacfaí leo in áit ar bith. Chinn sé eagraíocht a bhunú leis an fh adhb a réiteach. Nuair a shroich mise Kentish Town i samhradh corraitheach na bliana sin, shíl mé go raibh láthair na fíorChríostaíochta bainte amach agam. B’é an rud ba mhó a thaitin liom faoi bhunaitheoir Chumann Shíomóin ná a oscailteacht. Thar aon duine a casadh ariamh orm bhí sé saoraigeantach agus ag síorfh oghlaim ó dhaoine eile. Mura n-éireódh le scéim amháin, thriailfeadh sé rud eile, gan aon chaitheamh i ndiaidh an phlean nár oibrigh. Ag breathnú siar ar na blianta sin anois, feicim gur fh oghlaim mé go leor faoin saol agus faoin imirce le cur leis an diagacht a bhí le foghlaim i Mánuat ag an am.

Foclóirín: puiteach: pluda; corraitheach: a chorraíonn duine.

This article is from: