An Timire - Earrach 2015

Page 4

4

Pádraig Standún

SAOTHAR SAMHRAIDH

Bhí náire an domhain orm i mo chéad seachtain mar ábhar sagairt i gColáiste Phádraig i Má Nuad leathchéad bliain ó shin mar nach raibh mé in ann fanacht i mo dhúiseacht i rith an chúrsa spioradálta lenar thosnaíomar. Bhí mé ag cuimhneamh ar dheisceabail Chríost i ngairdín Gethsemene agus an rud a dúirt sé leo: “Nach bhfuil sibh in ann uair an chloig amháin a dhéanamh liom.” Tuigim anois gur teas an tséipéil agus tuirse na hoibre a bhí déanta agam i rith an tsamhraidh ba chúis leis. Bhí mé i m’fhear oibre ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dTuar Mhic Éadaigh, Baile an Róba agus Cathair na Mart agus d’oibrigh mé ar £8 sa tseachtain (pá fir ag an am) go dtí an lá sula ndeachaigh mé chuig an gcoláiste. Bhí mé ag obair le m’athair agus tá áthas orm go raibh mar go bhfuair sé bás go hobann agus é i mbun oibre i gConga an bhliain dár gcionn. Mar a dhéanfadh mic léinn ag an am, thabharfainn m’aghaidh ar Shasana sna laethanta saoire ina dhiaidh sin le táillí agus airgead póca na bliana a shaothrú ar phiocóid agus ar shluasaid, “ag cartadh domhain agus ag caitheamh i

Timire Spring 2015.indd 4

bhfad siar,” mar a déarfaidís ag an am. Purgadóir a bheadh sa gcéad seachtain go dtí go mbeadh na lámha cruaite, ach ina dhiaidh sin bheadh mac feilméara ó Iarthar na hÉireann chomh maith le fear ar bith i mbun na hoibre sin. Más aon rud é, is é an iomarca a bheadh duine ag iarraidh a dhéanamh le cruthú go raibh muid in ann ag an obair. Is cuimhneach liom fós an lá a raibh thart ar leathchéad againn ag fáil faoi réir le cábla a tharraingt isteach i dtrinse i bPerry Barr i mBirmingham thart faoin am a shiúil fear ar an ngealach den chéad uair. Bhí mise ar mo mhíle dícheall go dtí gur chuir an fear ar mo chúl comhairle orm: “Grunt, but don’t pull,” a dúirt sé, “go dtí go mbíonn gach duine ag tarraingt in éindí.” Nuair a bhí a dhóthain béicigh déanta ag an té a bhí i gceannas, caitheadh an cábla isteach gan stró ar bith. Ba é an jab ba dheise a bhí agam na blianta sin ná gaineamh a chaitheamh isteach ó bhád canála leis an gclúdach rubair ar phíopa gáis a shábháil nuair a bheadh puiteach, clocha agus eile ag gabháil isteach os a chionn. Bhíodh obair sách crua ar feadh uair an chloig

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.