An Timire - Earrach 2015

Page 36

36

Seán de Fréine

IM LEABHARLANN DOM

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 37 Sráid Líosain Íocht., BÁC 2, 2012. 606 lch; Praghas €15 Tuairim is bliain ó shin agus é ar intinn agam cúpla leabhar áirithe a cheannach, tháinig mé ar an tseod seo agus, ar ala na huaire, chinn mé ar í a chur le mo bheart. Go príomha, ba ar mhaithe le bheith in ann na sailm a léamh i bhfoirm áisiúil a dhéan me amhlaidh. Is díolaim chlasaiceach de fhilíocht dhiaga na sean-Eabhraise atá sna sailm – 150 ceann díobh san iomlán, a chantaí le ceol i bhfad siar, in aimsir na bhfear. Más cuid luachmhar iad de oidhreacht chreidimh agus chultúir na nGiúdach, is cuid shuntasach iad freisin den oidhreacht Chríostaí, agus go sainiúil den oidhreacht Ghaelach chomh maith. Cuirtear a gcumadh i leith Dháiví Rí a mhair timpeall an tséú haois roimh Chríost, cé go bhfuiltear in amhras anois an bhfuil siad uile chomh sean sin. Ach tá siad gan eisceacht sean go leor, agus thuill siad meas agus urraim faoi leith i measc na luath-Chríostaithe. Tugadh an t-ómós céanna dóibh in Éirinn.

Timire Spring 2015.indd 36

Is é An Cathach an leabhar is sine dár litríocht, agus scríobhadh é ag deireadh an tséú haois nó ag tús an tseachtú haois. Fágann an dáta sin go bhfuil sé ar an leabhar is sine san Eoraip, b’fhéidir, lasmuigh de litríocht na Róimhe agus na Gréige (agus den leagan den Bhíobla a dhéan Ulfilas, an t-easpag Áireach,nuair a d’aistrigh sé cuid de go Gotais – seanteanga Ghearmánach a d’imigh as faoi dheoidh sa Chrimé am éigin san seachtú céad déag). Tá An Cathach i dtaisce anois in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Séard atá ann, cuid de na sailm i Laidin na Vulgáide mar aon le tráchtaireachtaí gairide orthu. Cuirtear an cnuasach ar Cholmcille, ach fiú mura bhfuil sin fíór, is fíanaise é go raibh na Gaeil tugtha do na sailm ó thús ré na Críostaíochta. In Agallamh na Seanórach, áitíonn Pádraig ar Oisín, ‘A Oisín, is fada do shuan; Éirigh suas is éist an salm.’ I nGaeltacht na hAlban, áit a raibh an Eaglais Phreispitéireach in ann an litearthacht i nGàidhlig a chothú (murab ionann is dálaí in Éirinn), cothaíodh cultúr na léitheoireachta ins an Ghàidhlig, go háirithe i dtaca le léamh an Bhíobla. Cuid lárnach den

09/02/2015 13:56


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.