An dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas (2018)

Page 196

Tionchar an tumoideachais ar ghnóthachtáil daltaí sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i scoileanna lán-Ghaeilge le stádas DEIS Karen Ní Chlochasaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach Pádraig Ó Duibhir, Institiúid Oideachais DCU, Ollscoil Chathair Átha Cliath, Baile Átha Cliath Gerry Shiel, An Foras Taighde ar Oideachas, Ollscoil Chathair Átha Cliath, Baile Átha Cliath ACHOIMRE Tá níos mó páistí ná riamh ag fáil rochtain ar an tumoideachas in Éirinn, páistí ó chúlraí socheacnamaíocha ísle san áireamh. Is athrú ó bhonn é seo óir is le teaghlaigh mheánaicmeacha is mó a samhlaíodh scoileanna lán-Ghaeilge (SLG) sna luathbhlianta ina raibh tuismitheoirí meánaicmeacha go mór ina stiúrthóirí bunaidh. Tá trí ghaelscoil déag le stádas DEIS i bPoblacht na hÉireann, sé scoil DEIS Banda 1 agus seacht scoil DEIS Banda 2, atá roinnte de réir leibhéal míbhuntáiste na scoile. Sin thart ar 8% de SLG na tíre ina bhfuil níos mó ná 2,200 dalta ina iomlán ag freastal orthu. Cuirtear tacaíocht ar fáil sa phlean DEIS chun eispéireas agus torthaí oideachais na n-óg ó cheantair faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú. Agus páistí le stádas socheacnamaíoch íseal ag freastal ar SLG, ardaítear ceisteanna faoi oiriúnacht an tumoideachais do na páistí sin agus an ghnóthachtáil a dhéanann siad agus go háirithe maidir le daltaí le deacrachtaí foghlama / riachtanais speisialta oideachais agus na tacaíochtaí atá de dhíth orthu i gcomhthéacsanna socheacnamaíocha ísle. Léiríonn SLG DEIS scóir níos ísle go suntasach i léamh an Bhéarla agus sa mhatamaitic ná SLG go ginearálta, cé go léiríonn SLG go ginearálta scóir níos airde ná scoileanna go náisiúnta. Tá torthaí ísle na SLG DEIS ag teacht go mór le staidéir eile ina bhfiosraítear an tionchar a bhíonn ag stádas socheacnamaíoch ar ghnóthachtáil i samplaí náisiúnta. Tabharfar léargas sa pháipéar seo ar ghnóthachtáil daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus atá faoi thionchar ag an míbhuntáiste sóisialta. Cuirfear dearcthaí gairmiúla agus sonraí i láthair ó phríomhoidí, ó mhúinteoirí agus ó mhúinteoirí oideachais speisialta i leith na ndeacrachtaí is mó a aithnítear sa chóras. Cuimsítear go príomha deacrachtaí foghlama agus riachtanais speisialta oideachais sa suíomh tumoideachais faoi mhíbhuntáiste, lagshealbhú na chéad teanga, easpa tacaíochtaí d’fhorbairt na Gaeilge, agus easpa tacaíochta ón mbaile ar na dúshláin is mó atá aitheanta leis an tumoideachas sa chlár DEIS. ABSTRACT More children than ever have access to immersion education in Ireland, including children from low socio-economic backgrounds. This is a radical change as Irish-medium schools were often associated with middle-class families in the early years where schools were generally established by middle-class parents. There are thirteen Irish-medium DEIS schools (gaelscoileanna) in the Republic of Ireland, six Band 1 DEIS schools and seven Band 2 DEIS schools, according to the disadvantage level of the particular school. This equates to approximately 8% of Irish-medium schools which are attended by over 2,200 students. The DEIS plan provides support to improve educational experience and results among young people in disadvantaged areas. As children with low socio-economic status attend Irishmedium schools, questions are raised about the suitability of immersion education for those children and their achievements, and particularly in relation to students with learning difficulties / special educational needs and the supports they require in low socio-economic contexts. Irish-medium DEIS schools have significantly lower scores in English reading and mathematics than Irish-medium schools in general, although Irish-medium schools overall have higher scores than schools on a national basis. The low results of Irish-medium DEIS schools tie in with other studies which examine the impact of socio-economic status on achievement in national samples. This paper provides an insight into student achievement in Irish-medium schools who are impacted by social disadvantage. Professional perspectives and data are presented from principals, teachers and special education teachers in relation to the major difficulties identified in the system. The major challenges identified in immersion in the DEIS programme mainly include learning difficulties and special educational needs in the immersion education setting in disadvantaged areas, low acquisition levels in the first language, lack of supports for Irish-language development, and lack of support in the home.

178

| Ar ais go Clár na nÁbhar |


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2020 sa chóras bunscolaíochta: Deiseanna agus dúshláin

22min
pages 334-344

Trasteangú agus débhéascna i nGaeltacht na nDéise

42min
pages 308-323

Tumoideachas ar oileáin scoite amach ó chósta na hÉireann – Féinmheastóireacht nó féinchaomhnú?

25min
pages 324-333

An tOideachas Gàidhlig in Albain – Dúshláin don 21ú hAois

27min
pages 300-307

Gaelic-Medium Education in Scotland – Challenges for the 21st century

24min
pages 292-299

Conas a roghnaíonn tuismitheoirí réamhscolaíocht agus naíonraí Gaeilge dá bpáistí?

28min
pages 281-291

Na dúshláin a bhaineann leis an soláthar maidir le riachtanais speisialta oideachais i scoileanna lán-Ghaeilge

34min
pages 261-273

The challenges of SEN provision in Irish-medium schools

31min
pages 249-260

Cad chuige an tríú teanga, agus cén teanga?

19min
pages 274-280

Tionchar an ranga uathachais i ngaelscoileanna ar eispéireas na rannpháirtithe

40min
pages 236-248

An Luathlitearthacht i Rang na Naíonán Sinsearach i nGaelscoil DEIS Banda 2: idirghabháil agus dul chun cinn.

1hr
pages 207-235

Tionchar an Tumoideachais ar Ghnóthachtáil Daltaí sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i Scoileanna Lán-Ghaeilge le Stádas DEIS

34min
pages 196-206

Oilteacht teanga ag tús an iar-bhunoideachais: Céim ar chéim

34min
pages 183-195

Iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag aiseolas ceartaitheach ar chruinneas Gaeilge daltaí tumoideachais

35min
pages 158-171

Tionchar an teagaisc fhoirm-dhírithe ar shealbhú cruinn struchtúir na haidiachta sealbhaí i rang 1

19min
pages 172-182

Féidearthachtaí na foghlama féinriartha don chóras oideachais lán-Ghaeilge

24min
pages 143-150

Gnéithe d’idirtheanga na Gaeilge i measc déagóirí sa mheánscolaíocht lán-Ghaeilge agus cleachtas oideolaíoch a fhairsingeoidh a bhfeasacht ar noirm na Gaeilge: Cur leis an díospóireacht

24min
pages 151-157

An saibhriú teanga ón mbonn aníos le hacmhainní digiteacha

25min
pages 125-136

Ról na teicneolaíochta i sealbhú agus i bhforbairt an dara teanga ag leibhéal na meánscoile

17min
pages 137-142

Tuiscint múinteoirí faoi oiliúint ar an gceannaireacht i gcomhthéacsanna oideachais

38min
pages 113-124

Student teachers’ interpretation of leadership in educational contexts

33min
pages 101-112

Oideoirí múinteoirí tumoideachais ag giniúint an eolais thrasdisciplínigh: Claochlú na féiniúlachta agus na forbartha gairmiúla

26min
pages 84-91

Iniúchadh ar mheonta múinteoirí Gaeilge i leith ról agus fheidhm an Bhéarla ina seomraí ranga

26min
pages 65-75

Riachtanais, inniúlacht agus forbairt féiniúlachta oidí faoi oiliúint do theagasc i suíomhanna lán-Ghaeilge

26min
pages 76-83

An cheannaireacht agus féinmheastóireacht scoile sa tumoideachas

27min
pages 92-100

Comhtháthú ábhar agus teanga san iarbhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: Tuairimí agus taithí múinteoirí

17min
pages 56-64

Feasacht teanga an mhúinteora a dhíphacáil

34min
pages 44-55

Unpacking teacher language awareness

28min
pages 32-43

Inniúlachtaí teanga múinteoirí sa lántumadh luath

27min
pages 20-31
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.