Inniúlachtaí teanga múinteoirí sa lántumadh luath Eibhlín Mhic Aoidh, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste ACHOIMRE Nuair a dhéanann pobal cinneadh tumoideachas a chur ar bun ina cheantar, is le bunú naíscoile a thosaíonn an fhorbairt sin de ghnáth. Dúshlán amháin atá le sárú ná earcaíocht múinteoirí nó stiúrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí i gcúram leanaí nó san oideachas acu mar aon leis an líofacht le bheith mar eiseamláir den Ghaeilge ag páistí naíscoile. Déanfar scagadh sa pháipéar seo ar thaighde a rinneadh ar cháilíochtaí stiúrthóirí/múinteoirí in 30 naíscoil i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2014-15, ar an fhéinluacháil a rinneadh ar a gcuid Gaeilge sa suíomh oibre, agus ar a riachtanais forbartha gairmiúla. ABSTRACT When a community decides to set up an immersion model of education in their area, this usually begins with a Naíscoil. One challenge is the recruitment of staff who have the required childcare/education qualifications and who also have the necessary degree of fluency in Irish to act as linguistic models for the Naíscoil children. This paper reports on research which investigated the qualifications of leaders/teachers in 30 Naíscoileanna in the north of Ireland, their self-evaluation of their Irish in the work environment, and their continuing professional development needs.
Aithníonn an t-údar an t-ionchur a bhí ag RSM McClure Watters (Consulting) agus ag na cúntóirí taighde Aileen Nic Íomhair agus Laoise Nig Thuairisg sa saothar seo.
2
| Ar ais go Clár na nÁbhar |