An luathlitearthacht i rang na naíonán sinsearach i nGaelscoil DEIS banda 2: idirghabháil agus dul chun cinn Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ACHOIMRE Is ábhar beo díospóireachta í an Ghaeilge le tamall anuas go mór mór sna meáin, i measc taighdeoirí, lucht na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)1, agus na Roinne Oideachais agus Scileanna. Foilsíodh polasaí nua don oideachas Gaeltachta (2016),2 seoladh Curaclam Nua Comhtháite Teanga (2015)3 agus ardaítear ceist an tumoideachais arís i gcomhthéacs na ngaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta. Ní luaitear gaelscoileanna DEIS sa díospóireacht seo áfach. Go hidirnáisiúnta, tá béim mhór á cur ar sholáthar oiriúnach luath-idirghabhálacha coisctheacha rangbhunaithe agus ar sholáthar tacaíochta litearthachta seachas ar mhodhanna aistarraingthe na tacaíochta san oideachas. In Éirinn, is iomaí bunscoil a chuireann an clár luath-idirghabhála rangbhunaithe Béarla Literacy Lift-Off (LLO) i bhfeidhm chun caighdeáin litearthachta a ardú sa Bhéarla. I roinnt scoileanna, is dian-idirghabháil litearthachta chomhoibritheach é LLO atá dírithe ar na Naíonáin Mhóra / Rang a hAon. Taighde feidhmeach a bhí idir lámhaibh sa tráchtas seo inar fiosraíodh an tionchar a bhí ag clár luath-idirghabhála litearthachta rangbhunaithe ar nós LLO, ach a bhí aistrithe go Gaeilge agus curtha in oiriúint do chomhthéacs gaelscoile ag an taighdeoir, ar shealbhú na scileanna luathlitearthachta i Rang na Naíonán Mór. Tugtar Preabchlár na Litearthachta (‘Preabchlár’) ar an gclár seo. Cuireadh an taighde i bhfeidhm tré mhúnla an chomhartheagaisc agus sé ionad teagaisc: dhá ionad teagaisc ar an léitheoireacht (léamh ar théacs nua agus athléamh téacs); ionad teagaisc ar an scríbhneoireacht; ar an bhfeasacht fhóineolaíoch; ar fhocail ardmhinicíochta; agus ar an teanga ó bhéal. Léirigh na torthaí cainníochtúla gur tháinig forbairt shuntasach ar scileanna luathlitearthachta na ndaltaí go léir sa Ghaeilge. D’eascair téamaí spéisiúla ó thorthaí cáilíochtúla maidir le tionchar an Bhéarla, grúpáil, feasacht múinteoirí, oideolaíocht, agus forbairt na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Cruthaíodh leis na torthaí gur luath-idirghabháil rangbhunaithe inmholta é Preabchlár na Litearthachta mar chur chuige, mar is clár é a fhreastalaíonn ar an éagsúlacht foghlaimeoirí i Rang na Naíonán i ngaelscoil DEIS Banda 2 agus a fhorbraíonn scileanna na luathlitearthachta go héifeachtach.
ABSTRACT The Irish language has been a subject of huge debate lately in the media, among researchers, the National Council for Curriculum and Assessment, the Department of Education, the Policy on Gaeltacht Education (2016), the recentlylaunched Primary Language Curriculum (2015), and the question around ’immersion education’ raised in the context of all-Irish primary schools and Gaeltacht schools. Unfortunately, the all-Irish DEIS schools are often excluded from this debate. There is a huge emphasis internationally on the provision of suitable, preventable, class-based, early interventions and literacy support rather than withdrawal methods of support in education. In Ireland, many primary schools are implementing the class-based, early-intervention programme of Literacy Lift Off (LLO) to raise literacy standards in English. In some schools, LLO is a collaborative, intensive literacy intervention that is directed at Senior Infants and First Class. This dissertation was based on action research which investigated the impact of a class-based early-literacy intervention programme akin to LLO, but translated to Irish and adapted for all-Irish schools by the researcher, on the acquisition of early literacy skills in Senior Infants. This programme was called Preabchlár na Litearthachta. An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Cuireadh an CNCM ar bhonn reachtúil in 2001. Roimhe sin, eagraíocht neamhreachtúil ba ea í, ar feadh os cionn 20 bliain.
1
2
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Seoladh é i nDeireadh Fómhair 2016.
3
Curaclam Nua Teanga do bhunscoileanna faofa ag an Aire Oideachais & Scileanna, Jan O’Sullivan, 13 Samhain 2015.
189
| Ar ais go Clár na nÁbhar |