Tionchar an ranga uathachais i ngaelscoileanna ar eispéireas na rannpháirtithe Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach Conchúr Ó Brolcháin, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
ACHOIMRE Is le deich mbliana anuas atá borradh tagtha ar an taighde i réimse an uathachais i gcomhthéacs an pháiste dhátheangaigh. Tá an méadú ar líon na ndaoine a bhfuil uathachas ag gabháil dóibh sa tsochaí le sonrú sa chóras lán-Ghaeilge freisin. Mar sin féin, tá ganntanas taighde ann ar réimse an uathachais sa chóras gaelscolaíochta. Tabharfar spléachadh sa pháipéar seo ar thionchar an ranga uathachais ar eispéireas na rannpháirtithe uilig, idir pháistí an ranga, mar aon lena gcuid tuismitheoirí agus múinteoirí. Tabharfar léargas ar thionchar mheon na ngairmithe ar na rannpháirtithe agus breathnófar ar thábhacht ról na scoile maidir le freastal ar pháistí an ranga uathachais. ABSTRACT There has been a substantial growth in research regarding bilingual children with autism in the last 10 years. The increase in the amount of children with ASD in gaelscoileanna is reflective of the rise in numbers in wider society. There is, however, a dearth of research in the area of ASD in gaelscoileanna. This paper will look at the effect of ASD classes on the experience of all participants, including students, parents and teachers. Both the effects of the attitudes of professionals and the importance of the role of the school who serve the children in ASD classes in gaelscoileanna will be examined.
218
| Ar ais go Clár na nÁbhar |